Skip to content
  • 2023

    27 Meitheamh

    Moladh glactha ag an gComhairle chun aistriú rianúil chuig deimhnithe sláinte digiteacha EDS a chinntiú

    Ghlac an Chomhairle moladh chun aistriú rianúil chóras deimhniúcháin COVID-19 chuig líonra deimhniúcháin sláinte dhigitigh domhanda EDS a chinntiú.

    Leis an moladh seo, moltar do na Ballstáit a bheith rannpháirteach i líonra deimhniúcháin sláinte dhigitigh domhanda EDS, an líonra sin a leanúint agus páirt a ghlacadh ann. Go dtí go mbeidh na Ballstáit nasctha leis, agus le linn na tréimhse go dtí deireadh 2023, moltar dóibh fanacht nasctha le Tairseach an Aontais (bonneagar digiteach an Aontais atá ann cheana chun deimhnithe a fhíorú).

  • 2023

    5 Meitheamh

    Córas deimhnithe dhigitigh COVID-19 an Aontais in úsáid ag an Eagraíocht Dhomhanda Sláinte (EDS)

    Beidh córas deimhnithe dhigitigh COVID-19 an Aontais á úsáid ag an Eagraíocht Dhomhanda Sláinte (EDS) chun córas domhanda a bhunú lena gcabhrófar le saoránaigh ar fud an domhain a chosaint ar bhagairtí sláinte anois agus feasta, paindéimí san áireamh.

    Le líonra deimhniúcháin sláinte dhigitigh domhanda EDS comhtháthaítear an teicneolaíocht a forbraíodh i ndeimhnithe digiteacha COVID an Aontais.

  • 2023

    2 Bealtaine

    Díoghníomhachtú mód iomlán IPCR

    An 2 Bealtaine 2023, chinn Uachtaránacht na Sualainne socruithe comhtháite an Aontais maidir le freagairt pholaitiúil ar ghéarchéimeanna (IPCR) le haghaidh COVID-19, ina mód iomlán, a dhíghníomhachtú. Coinnítear IPCR le haghaidh COVID-19 sa mhód faireacháin agus leantar de bheith ag déileáil le hábhair a bhaineann le COVID-19 i gcoiste slándála sláinte an Aontais agus i Meitheal na Comhairle um an tSláinte Phoiblí.

  • 2023

    16 Feabhra

    Athbhreithniú ar bhearta a bhaineann le COVID-19 is infheidhme maidir le taistealaithe ón tSín

    D’athdhearbhaigh tíortha an Aontais a luachmhaire atá cur chuige comhordaithe réamhchúraim maidir le taisteal isteach san Aontas agus leanfaidh siad d’fhaireachán a dhéanamh ar an staid i ndáil le forbairtí COVID-19.

    I bhfianaise na bhforbairtí eipidéimeolaíocha a tharla le déanaí agus tuairim an choiste slándála sláinte á cur san áireamh, chomhaontaigh siad athbhreithniú a dhéanamh ar cheanglais áirithe do thaistealaithe ón tSín isteach san Aontas. Chomhaontaigh siad, go háirithe, deireadh a chur de réir a chéile leis an méid seo a leanas:

    • an ceanglas maidir le tástáil dhiúltach réamhimeachta COVID-19 (faoi dheireadh mhí Feabhra 2023)
    • tástáil randamach ar thaistealaithe atá ag teacht isteach (faoin 15 Márta 2023)
  • 2023

    4 Eanáir

    Staid COVID-19 sa tSín: An tAontas tagtha ar chomhaontú maidir le freagairt chomhordaithe

    Tháinig tíortha an Aontais ar chomhaontú maidir le cur chuige comhordaithe réamhchúraim mar fhreagairt ar na forbairtí is déanaí maidir le COVID-19 sa tSín, agus aird á tabhairt ar

    • an gá atá le sonraí leordhóthanacha iontaofa
    • Maolú na srianta taistil ag an tSín ón 8 Eanáir 2023
  • 2022

    13 Nollaig

    Moltaí nua glactha ag an gComhairle maidir le bearta taistil

    Ghlac an Chomhairle moltaí nuashonraithe maidir le taisteal chuig an Aontas agus maidir le saorghluaiseacht a éascú san Aontas le linn phaindéim COVID-19.

    Faoi na moltaí nua, níor cheart do na Ballstáit aon srianta a fhorchur ar thaisteal ar fhorais na sláinte poiblí. Mar sin féin, tá roinnt coimircí sna moltaí i gcás ina rachadh an staid eipidéimeolaíoch in olcas.

  • 2022

    13 Meitheamh

    Deimhniú digiteach COVID an Aontais: bailí go dtí Meitheamh 2023

    Tháinig an Chomhairle agus Parlaimint na hEorpa ar chomhaontú maidir le síneadh a chur leis an rialachán lena mbunaítear deimhniú digiteach COVID an Aontais. An 28 Meitheamh 2022, ghlac an Chomhairle an rialachán sin.

    Tá an rialachán atá ann faoi láthair le dul in éag an 30 Meitheamh 2022, agus a bhuí leis an síneadh, cuirfear síneadh bliana leis an deimhniú, go dtí an 30 Meitheamh 2023.

    Cinnteoidh sé sin gur féidir le taistealaithe leanúint dá ndeimhniú digiteach COVID de chuid an Aontais a úsáid le haghaidh taisteal laistigh den Aontas i dtíortha ina bhfuil na deimhnithe taistil sin fós ag teastáil. Mar sin féin, ní fhorchuirtear leis an rialachán úsáid na ndeimhnithe sin ar na Ballstáit.

  • 2022

    29 Márta

    Straitéis dlúthpháirtíochta an Aontais maidir le vacsaíní

    Dhá bhliain ó thús na paindéime agus aon bhliain amháin ó seoladh feachtais vacsaínithe san Aontas, phléigh na Ballstáit a straitéis soláthair agus deonaithe vacsaíní a thabhairt cothrom le dáta ar mhaithe le haghaidh a thabhairt ar na dúshláin nua maidir le vacsaíniú COVID-19.

    Tá feabhas ag teacht ar an staid eipidéimeolaíoch san Eoraip agus ar fud an domhain, agus is mó an soláthar vacsaíní ná an t-éileamh orthu anois:

    • sna Ballstáit
    • sna tíortha a fhaigheann deonuithe vacsaíní ón Aontas

    Tá comhroinnt vacsaíní le tíortha atá i ngátar fós ina príomhchuspóir de straitéis vacsaíní an Aontais, ach beidh gá lena cur chun feidhme a fhorbairt le go mbeidh sí níos éifeachtaí.

  • 2022

    25 Márta

    D’athbhreithnigh an Chomhairle Eorpach na hiarrachtaí comhordúcháin a rinneadh mar fhreagairt ar phaindéim COVID-19

    Le linn na Comhairle Eorpaí an 25 Márta, phléigh ceannairí an Aontais an comhaontú maidir le cosc, ullmhacht agus freagairt i ndáil le paindéimí atá le glacadh faoin Eagraíocht Dhomhanda Sláinte (EDS).

  • 2022

    3 Márta

    Cead tugtha ag an gComhairle tús a chur leis an gcaibidlíocht maidir le conradh idirnáisiúnta ar phaindéimí

    An 3 Márta 2022, ghlac an Chomhairle cinneadh lena n-údarófar tús a chur leis an gcaibidlíocht le haghaidh comhaontú idirnáisiúnta maidir le cosc, ullmhacht agus freagairt i ndáil le paindéimí.

    Tionólfaidh an comhlacht caibidlíochta idir-rialtasach, a bhfuil sé de chúram air an ionstraim idirnáisiúnta seo a dhréachtú agus a chaibidil, a chéad chruinniú eile faoin 1 Lúnasa 2022, chun an dul chun cinn a bheidh déanta ar dhréacht oibre a phlé. Cuirfidh sé tuarascáil ar dhul chun cinn ar fáil ansin don 76ú Comhthionól Domhanda Sláinte in 2023, agus é mar aidhm an ionstraim a ghlacadh faoi 2024.

  • 2022

    24 Feabhra

    Síneadh curtha ag an gComhairle leis na bearta don earnáil iarnróid

    I bhfianaise tionchar a bheith ag paindéim COVID-19 ar leibhéal an tráchta iarnróid i gcónaí, chuir an Chomhairle síneadh go dtí an 30 Meitheamh 2022 leis na bearta éigeandála a cuireadh i bhfeidhm i mí Dheireadh Fómhair 2020 chun tionchar na paindéime ar an earnáil sin a mhaolú.

    Leis na bearta sin, tugtar an deis do na Ballstáit faoiseamh ó mhuirir bhonneagair áirithe a chur ar fáil do chuideachtaí iarnróid, agus aisíoc tráthúil a chinntiú do sholáthraithe bonneagair ag an am céanna.

    De bhrí gur doiligh ráig COVID-19 a thuar, tá sé beartaithe freisin síneadh a chur go dtí an 31 Nollaig 2023 leis an gcumhacht a thugtar don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh ionas gur féidir leis an beart a shíneadh, más gá, ar feadh sé mhí, ar a mhéad, gach uair.

  • 2022

    22 Feabhra

    An moladh maidir le taisteal ó thríú tíortha tugtha cothrom le dáta ag an gComhairle

    An 22 Feabhra 2022, ghlac an Chomhairle moladh nuashonraithe maidir leis an srian sealadach ar thaisteal neamhriachtanach isteach san Aontas. Freagraíonn na leasuithe a tugadh isteach ar na nithe seo a leanas:

    • éabhlóid na paindéime
    • méadú ar ghlacadh an vacsaínithe agus ar riar na dteanndáileog
    • an t-aitheantas atá á thabhairt do líon méadaitheach deimhnithe arna n-eisiúint ag tríú tíortha mar dheimhnithe atá coibhéiseach le deimhniú digiteach COVID an Aontais

    De réir an mholta, ba cheart cead a bheith ag na catagóirí daoine seo a leanas taisteal isteach san Aontas faoi choinníollacha áirithe:

    • daoine atá vacsaínithe agus daoine atá téarnaithe
    • taistealaithe riachtanacha
    • taistealaithe neamhriachtanacha ó thíortha ar liosta an Aontais

    Beidh feidhm ag an moladh nua ón 1 Márta 2022.

    Deilbhíní ina dtaispeántar an chruinne, cás agus víreas.
    COVID-19: an taisteal ó thríú tíortha chuig an Aontas (go dtí an 13 Nollaig 2022) (Grafaic faisnéise)

    COVID-19: an taisteal ó thríú tíortha chuig an Aontas (go dtí an 13 Nollaig 2022) (Grafaic faisnéise)

  • 2022

    25 Eanáir

    Glacann an Chomhairle moladh nua maidir le bearta taistil COVID-19

    Ghlac an Chomhairle moladh nua maidir le cur chuige comhordaithe chun an tsaorghluaiseacht shábháilte a éascú le linn phaindéim COVID-19.

    Is freagairt é an moladh sin ar an méadú suntasach atá tagtha ar an ráta vacsaínithe agus ar leathadh amach tapa Dheimhniú Digiteach COVID an Aontais. Tagann sé in ionad an mholta a bhí ann roimhe seo (2020/1475).

    Faoin moladh nua, ba cheart bearta COVID-19 a chur i bhfeidhm agus stádas sláinte an duine seachas an staid eipidéimeolaíoch ar an leibhéal réigiúnach á chur san áireamh, cé is moite de limistéir ina bhfuil an víreas ag scaipeadh ar leibhéil an-ard (limistéir dhúdhearga). Ciallaíonn sé sin gur cheart gurbh é an príomhchinnteoir deimhniú digiteach COVID an Aontais a bheith ag an taistealaí.

    Deilbhíní ina dtaispeántar an domhan, cás agus bratach an Aontais.
    Cur chuige coiteann maidir le bearta taistil COVID-19 san Aontas (go dtí an 13 Nollaig 2022) (Grafaic faisnéise)

    Cur chuige coiteann maidir le bearta taistil COVID-19 san Aontas (go dtí an 13 Nollaig 2022) (Grafaic faisnéise)

  • 2022

    25 Eanáir

    D’athdhearbhaigh an Chomhairle gur mian leis an Aontas Eorpach dlús a chur lena thacaíocht do na tíortha sin is mó atá i ngátar, go háirithe san Afraic

    Le linn chruinniú na Comhairle Gnóthaí Ginearálta an 25 Eanáir 2022, d’athdhearbhaigh an Chomhairle gur mian leis an Aontas Eorpach dlús a chur lena thacaíocht do na tíortha sin is mó atá i ngátar, go háirithe san Afraic:

    • trí leanúint de thacaíocht Eorpach a thabhairt do COVAX
    • ar bhonn déthaobhach, i gcomhar le comhpháirtithe
  • 2022

    10 Eanáir

    Na Ballstáit tagtha ar chomhaontú chun deireadh a chur leis an gcoscán éigeandála chun go mbeidh aerthaisteal in athuair le tíortha i ndeisceart na hAfraice

    An 10 Eanáir 2022, tháinig na Ballstáit ar chomhaontú le linn cruinniú comhchéime maidir leis an bhfreagairt chomhtháite pholaitiúil ar ghéarchéimeanna (IPCR) chun deireadh a chur leis an gcoscán éigeandála chun go mbeidh aerthaisteal in athuair le tíortha i ndeisceart na hAfraice.

  • 2021

    26 Samhain

    Tíortha an Aontais tagtha ar chomhaontú maidir le srianta éigeandála sealadacha a chur i bhfeidhm ar an taisteal go léir isteach san Aontas ó réigiún Dheisceart na hAfraice

    An 26 Samhain 2021, tháinig tíortha an Aontais le chéile i gcruinniú comhchéime ardleibhéil éigeandála i ndáil le socruithe comhtháite an Aontais maidir le freagairt pholaitiúil ar ghéarchéimeanna chun freagairt an Aontais ar theacht chun cinn athraitheach nua COVID-19 i nDeisceart na hAfraice ar a dtugtar B.1.1.529 nó ʽOmicronʼ a chomhordú.

    Tar éis an phlé agus an ionchuir ó shaineolaithe an Lárionaid Eorpaigh um Ghalair a Chosc agus a Rialú (ECDC), d’aontaigh tíortha an Aontais an coscán éigeandála a chur i ngníomh i gcomhréir le forálacha an mholta ón gComhairle maidir leis na srianta sealadacha ar thaisteal neamhriachtanach isteach san Aontas (2020/912).

    Chomhaontaigh tíortha an Aontais srianta sealadacha a chur i bhfeidhm go práinneach ar an taisteal go léir isteach san Aontas ó thíortha an réigiúin sin: An Bhotsuáin, Eswatini, Leosóta, Mósaimbíc, an Namaib, an Afraic Theas agus an tSiombáib.

    Áirítear ar na srianta sealadacha sin eitiltí paisinéirí ó na tíortha atá i gceist a chur ar fionraí. Iarrtar ar na Ballstáit freisin a mholadh do shaoránaigh an Aontais gan taisteal chuig na tíortha sin.

    Coimeádfaidh tíortha an Aontais súil ghéar ar an gcás, agus leanfaidh siad dʼfhaireachán a dhéanamh air sna laethanta atá amach romhainn.

  • 2021

    21-22 Deireadh Fómhair

    Iarrann ceannairí an Aontais go ndéanfaí tuilleadh iarrachtaí chun aghaidh a thabhairt ar an drogall roimh vacsaíní agus chun an tsaorghluaiseacht a éascú

    Le linn chruinniú na Comhairle Eorpaí i mí Dheireadh Fómhair 2021, thug ceannairí an Aontais aghaidh ar roinnt de na príomhghnéithe den fhreagairt ar ghéarchéim COVID-19 agus d’iarr siad go ndéanfaí tuilleadh iarrachtaí, maidir leis an méid seo a leanas go háirithe:

    • dul i ngleic leis an drogall roimh vacsaíniú, lena n-áirítear trí aghaidh a thabhairt ar an mbréagaisnéis
    • an tsaorghluaiseacht laistigh den Aontas agus teacht isteach ann a éascú, agus dlús a chur leis an obair a dhéantar i gcomhar le tríú tíortha maidir le haitheantas frithpháirteach a thabhairt do dheimhnithe
    • an chaibidlíocht maidir le pacáiste reachtach an Aontais Sláinte a thabhairt chun críche
    • a chinntiú go mbainfí go gasta na bacainní atá ag cur isteach ar leathadh amach vacsaíní ar fud an domhain
    Léaráid de na vacsaíní
    Ó bhí Deireadh Fómhair 2021 ann, tá an vacsaín faighte ag triúr as ceathrar daoine fásta.
  • 2021

    5 Deireadh Fómhair

    Téarnamh: Plean náisiúnta téarnaimh Mhálta formheasta

    Ghlac an Chomhairle an cinneadh cur chun feidhme maidir le plean náisiúnta téarnaimh agus athléimneachta Mhálta a fhormheas.

    Fágann sin, más ea, go dtig le Málta cistí téarnaimh agus athléimneachta aon Aontais a úsáid chun borradh a chur faoina gheilleagar agus téarnamh ó iarmhairtí COVID-19. Beidh cead anois ag Málta comhaontú deontais a shíniú leis an gCoimisiún Eorpach agus réamh-mhaoiniú 13 % a fháil.

  • 2021

    8 Meán Fómhair

    Téarnamh: pleananna na Seicia agus na hÉireann formheasta

    Tá an tríú baisc de chinntí cur chun feidhme maidir le formheas pleananna náisiúnta téarnaimh agus athléimneachta glactha ag an gComhairle, rud a chuirfidh ar chumas dhá thír eile de chuid an Aontais – an tSeicia agus Éire – tús a chur le hathchóirithe a chur chun feidhme agus infheistíochtaí a dhéanamh.

    Beidh cead ag an tSeicia comhaontú deontais a shíniú leis an gCoimisiún agus réamh-mhaoiniú 13% a fháil. Níor iarr Éire go ndéanfaí tús-ualú ar aon chuid de na cistí a leithdháileadh uirthi.

  • 2021

    28 Iúil

    Cead chun cistí téarnaimh an Aontais Eorpaigh a úsáid tugtha do cheithre thír eile san Aontas

    Ghlac an Chomhairle an dara baisc de chinntí cur chun feidhme maidir le pleananna náisiúnta téarnaimh agus athléimneachta a fhormheas.

    Fuair ceithre thír eile san Aontas – an Chróit, an Chipir, an Liotuáin agus an tSlóivéin – cead chun cistí téarnaimh agus athléimneachta an Aontais a úsáid chun borradh a chur faoina ngeilleagair agus chun teacht slán as iarmhairt COVID-19.

    Trí chinntí cur chun feidhme ón gComhairle a ghlacadh maidir leis na pleananna a fhormheas, ceadaítear do na Ballstáit comhaontuithe deontais agus comhaontuithe iasachta a shíniú lena gceadófar réamh-mhaoiniú suas le 13%.

  • 2021

    13 Iúil

    Cead tugtha do na chéad chistí téarnaimh den Aontas do 12 thír den Aontas

    Ghlac airí eacnamaíocha agus airgeadais an Aontais an chéad bhaisc de chinntí cur chun feidhme ón gComhairle maidir le pleananna náisiúnta téarnaimh agus athléimneachta a fhormheas.

    Fuair 12 thír den Aontas – an Bheilg, an Danmhairg, an Fhrainc, an Ghearmáin, an Ghréig, an Iodáil, an Laitvia, Lucsamburg, an Ostair, an Phortaingéil, an tSlóvaic agus an Spáinn – cead cistí téarnaimh agus athléimneachta an Aontais a úsáid chun borradh a chur faoina ngeilleagair, agus chun teacht slán as iarmhairt COVID-19.

    Trí chinntí cur chun feidhme ón gComhairle a ghlacadh maidir leis na pleananna a fhormheas, ceadaítear do na Ballstáit comhaontuithe deontais agus comhaontuithe iasachta a shíniú lena gceadófar réamh-mhaoiniú suas le 13%.

  • 2021

    24-25 Meitheamh

    Ceannairí an Aontais fós san airdeall maidir le hathraithigh COVID-19

    Phléigh ceannairí an Aontais an feabhas atá tagtha ar an staid eipidéimeolaíoch san Eoraip, ba dhíol sásaimh dóibh an dul chun cinn maith atá déanta maidir le vacsaíniú, agus chuir siad i bhfios go láidir nach mór leanúint de na hiarrachtaí vacsaínithe agus a bheith san airdeall agus comhordaithe maidir le forbairtí ar nós teacht chun cinn agus leathadh na n-athraitheach ar ábhar imní iad.

    Ba dhíol sásaimh dóibh na comhaontuithe ar thángthas orthu faoi dheimhniú digiteach COVID an Aontais agus na moltaí ón gComhairle maidir le taisteal laistigh den Aontas agus taisteal neamhriachtanach isteach san Aontas.

    I bhfianaise na staide domhanda, d’athdhearbhaigh an Chomhairle Eorpach tiomantas an Aontais don dlúthpháirtíocht dhomhanda mar fhreagairt ar an bpaindéim. Chomhaontaigh ceannairí an Aontais an obair leanúnach a thabhairt chun cinn go pras chun cuidiú le dlús a chur le táirgeadh domhanda na vacsaíní COVID-19 agus le rochtain uilíoch orthu.

  • 2021

    24-25 Bealtaine

    100 milliún dáileog vacsaíne ar a laghad geallta ag ceannairí an Aontais a thabhairt roimh dheireadh 2021

    Phléigh ceannairí an Aontais rannchuidiú an Aontais leis an bhfreagairt dhomhanda ar phaindéim COVID-19 le linn an chruinnithe urghnách den Chomhairle Eorpach an 24-25 Bealtaine 2021. D’athdhearbhaigh Ballstáit an Aontais a dtacaíocht do na tíortha atá i ngátar agus tá rún daingean acu ar a laghad 100 milliún dáileog de vacsaíní COVID-19 a dheonú roimh dheireadh 2021.

    Phléigh ceannairí an Aontais freisin an feabhas atá tagtha ar an staid eipidéimeolaíoch atá san Eoraip faoi láthair, agus ba dhíol sásaimh dóibh an comhaontú maidir le deimhniú digiteach COVID an Aontais agus d’iarr siad go ndéanfaí athbhreithniú ar an moladh ón gComhairle maidir le taisteal laistigh den Aontas faoi lár mhí an Mheithimh.

  • 2021

    20 Bealtaine

    Comhaontú maidir le deimhniú digiteach COVID an Aontais

    Tháinig Uachtaránacht na Portaingéile ar chomhaontú polaitiúil le Parlaimint na hEorpa maidir le deimhniú digiteach COVID an Aontais.

    Is é is aidhm dó saorghluaiseacht shábháilte le linn phaindéim COVID-19 a éascú trí fhianaise a chur ar fáil go bhfuair duine vacsaín i gcoinne COVID-19, nó go bhfuair siad toradh diúltach tástála, nó go bhfuil siad téarnaithe ó COVID-19. Beidh an deimhniú, a bheidh in úsáid faoin 1 Iúil, ar fáil i bhformáid dhigiteach agus pháipéir, beidh cód QR ann agus eiseofar é saor in aisce. Ní réamhchoinníoll é maidir le cearta saorghluaiseachta a fheidhmiú agus ní doiciméad taistil é.

    D'fhormhuinigh ambasadóirí an Aontais an comhaontú an 21 Bealtaine 2021.

    Deimhniú digiteach COVID an Aontais ag cur cód QR i bhfeidhm ar fhón cliste
    Deimhniú digiteach COVID an Aontais (Grafaic faisnéise)

    Deimhniú digiteach COVID an Aontais (Grafaic faisnéise)

  • 2021

    20 Bealtaine

    Tacaíocht tugtha ag an Aontas do thús an phróisis faoi stiúir na hEagraíochta Domhanda Sláinte do Chonradh ar Phaindéimí

    Ghlac an Chomhairle cinneadh go dtacódh sí le seoladh na caibidlíochta do chonradh idirnáisiúnta maidir le comhrac paindéimí. Is é cuspóir an chinnidh ón gComhairle a chinntiú go mbeidh an tAontas rannpháirteach sa chaibidlíocht lena dtabharfar aghaidh ar ábhair a thagann faoi inniúlacht an Aontais, i bhfianaise aontachas féideartha an Aontais leis an gconradh.

    Tá an togra chun conradh ar phaindéimí a thabhairt i gcrích le plé ag an gComhthionól Domhanda Sláinte. Is i gcomhthéacs na n-iarrachtaí idirnáisiúnta atá ar bun an tslándáil sláinte dhomhanda a atreisiú a dhéanfaí an conradh sin a phlé, go háirithe na hiarrachtaí a bhaineann le hullmhacht agus freagairt d'éigeandálaí sláinte, i bhfianaise na gceachtanna a foghlaimíodh ón bpaindéim.

  • 2021

    14 Aibreán

    Sainordú maidir le Deimhniú Glas Digiteach comhaontaithe ag tíortha an Aontais

    Tháinig ambasadóirí an Aontais ar chomhaontú maidir le sainordú caibidlíochta le Parlaimint na hEorpa i ndáil leis an togra le haghaidh Deimhniú Glas Digiteach.

    Leis an deimhniú seo, éascófar saorghluaiseacht shábháilte le linn phaindéim COVID-19 trí fhianaise a chur ar fáil go bhfuil bhfuair duine vacsaín i gcoinne COVID-19, go bhfuair siad toradh diúltach tástála, nó go bhfuil siad téarnaithe ó COVID-19.

    Tá dhá thogra reachtacha i gcreat dlíthiúil an Deimhnithe Ghlais Dhigitigh. Baineann an chéad cheann le saoránaigh an Aontais agus le baill dá dteaghlaigh agus baineann an dara ceann le náisiúnaigh tríú tír atá ag fanacht go dleathach nó atá ina gcónaí go dleathach i gcríoch Ballstáit.

    De réir na dtograí sin, beifear in ann an deimhniú a úsáid i mBallstáit uile an Aontais. Tabharfar isteach é freisin san Íoslainn, i Lichtinstéin, san Iorua agus san Eilvéis. Beidh an Deimhniú Glas Digiteach oscailte freisin do thionscnaimh atá á bhforbairt ar fud an domhain.

    Meastar go nglacfaidh Parlaimint na hEorpa a seasamh ag an seisiún iomlánach a bheidh aici an 26-29 Aibreán; cuirfear tús leis an gcaibidlíocht chun an reachtaíocht a bhailchríochnú díreach ina dhiaidh sin. Is mian le tíortha an Aontais go mbeidh an creat réidh faoi shamhradh 2021.

  • 2021

    1 Aibreán

    Dáileoga breise vacsaíní á roinnt ag tíortha an Aontais leis na Ballstáit is mó atá i ngátar

    Tháinig ambasadóirí an Aontais ar chomhaontú maidir le togra ó Uachtaránacht na Portaingéile i ndáil le 10 milliún dáileog de vacsaín COVID-19 BioNTech-Pfizer a leithdháileadh sa dara ráithe de 2021. Faoin gcomhaontú sin, déanfar an méid seo a leanas i ndáil le 5 thír: Gheobhaidh an Bhulgáir, an Chróit, an Eastóin, an Laitvia agus an tSlóvaic sciar pro rata de 10 milliún dáileog agus 2.85 milliún dáileog sa bhreis mar ʽvacsaíní dlúthpháirtíochtaʼ.

  • 2021

    25 Márta

    Iarrachtaí níos déine maidir le leathadh vacsaíní iarrtha ag ceannairí an Aontais

    Tháinig ceannairí an Aontais le chéile trí fhíschomhdháil chun an staid reatha maidir le paindéim COVID-19 a phlé. Leag na ceannairí béim ar a riachtanaí atá sé dlús a chur le húdarú, táirgeadh, agus dáileadh vacsaíní, chomh maith le feachtais vacsaínithe.

    Ós rud é go bhfuil an staid eipidéimeolaíoch tromchúiseach go fóill, d’aontaigh ceannairí an Aontais go gcoinneofaí srianta i bhfeidhm faoi láthair, srianta ar thaisteal neamhriachtanach san áireamh.

    Agus súil á chaitheamh chun cinn acu, d'aontaigh siad gur cheart, mar sin féin, tús a chur le cur chuige comhchoiteann a ullmhú chun deireadh a chur de réir a chéile leis na srianta, chun a chinntiú go ndéanfar ár n-iarrachtaí a chomhordú nuair is féidir chun na bearta reatha a mhaolú. D’iarr siad go ndéanfaí an obair reachtach agus theicniúil ar dheimhnithe digiteacha idir-inoibritheacha COVID-19, bunaithe ar an togra ón gCoimisiún, a thabhairt ar aghaidh mar ábhar práinne.

    D’athdhearbhaigh na ceannairí freisin go bhfuil siad tiomanta tacú le dlúthpháirtíocht idirnáisiúnta agus leis na hiarrachtaí domhanda rochtain uilíoch ar vacsaíní COVID-19 a chur ar fáil. Chomh maith leis sin, d’aontaigh siad bunú shásra an Aontais um chomhroinnt vacsaíní a thabhairt chun cinn, chun COVAX a chomhlánú agus chun tacú leis agus vacsaíní á ndáileadh ar chomhpháirtithe ar fud an domhain.

    Phléigh ceannairí an Aontais leathadh na vacsaíní.
  • 2021

    11 Márta

    An ceathrú vacsaín i gcoinne COVID-19 údaraithe lena húsáid san Aontas

    Thug an tAontas údarú margaíochta coinníollach don vacsaín a d'fhorbair Janssen (Johnson & Johnson) i gcoinne COVID-19; seo í an ceathrú vacsaín COVID-19 atá údaraithe lena húsáid i dtíortha an Aontais. Tagann an t-údarú sin sna sála ar mholadh eolaíoch dearfach bunaithe ar mheasúnú críochnúil a rinne an Ghníomhaireacht Leigheasra Eorpach ar shábháilteacht, éifeachtacht agus cáilíocht na vacsaíne.

    Is í an vacsaín veicteora víreasaigh seo ó Janssen an chéad vacsaín i gcoinne COVID-19 a dháilfear in aon dáileog amháin.

  • 2021

    25 Feabhra

    Leag ceannairí an Aontais béim ar a phráinní atá sé dlús a chur le soláthar vacsaíní

    Phléigh ceannairí an Aontais staid reatha phaindéim COVID-19 agus ullmhacht le haghaidh bagairtí sláinte. Leag na ceannairí béim ar a riachtanaí atá sé dlús a chur le húdarú, táirgeadh, agus dáileadh vacsaíní, chomh maith le feachtais vacsaínithe.

    I bhfianaise na n-athraitheach nua, d'aontaigh ceannairí an Aontais go gcoinneofaí srianta ar thaisteal neamhriachtanach go ceann tamaill.

    D'iarr na ceannairí go leanfaí den obair ar chur chuige coiteann maidir le deimhnithe vacsaínithe. Fillfidh siad ar an ábhar sin arís.

    Thairis sin, d'iarr siad ar an gCoimisiún tuarascáil a thíolacadh faoi mhí an Mheithimh 2021 maidir leis na ceachtanna a foghlaimíodh go dtí seo ón bpaindéim, d'fhonn athléimneacht an Aontais i leith bagairtí sláinte a neartú.

    D'athdhearbhaigh na ceannairí a ndlúthpháirtíocht le tríú tíortha freisin agus phléigh siad bealaí chun comhar domhanda maidir leis an tsláinte a threisiú, rud atá ríthábhachtach chun aghaidh a thabhairt ar bhagairtí sláinte atá ann faoi láthair agus a bheidh ann amach anseo. Sa chomhthéacs sin, teastaíonn uathu an Eagraíocht Dhomhanda Sláinte a neartú agus oibriú i dtreo conradh idirnáisiúnta ar phaindéimí laistigh dá creat.

    Ceannairí an Aontais: is é ár bpríomhthosaíocht dlús a chur le táirgeadh vacsaíní agus feachtais vacsaínithe
  • 2021

    15 Feabhra

    Bearta iompair COVID-19: sliotáin agus ceadúnais formheasta ag an gComhairle

    Ghlac an Chomhairle dhá shraith rialacha sealadacha chun tacú leis an earnáil iompair; earnáil a bhfuil iarmhairt ollmhór ag an bpaindéim uirthi go fóill.

    Tabharfaidh an díolúine ó cheanglais úsáide sliotán na n-aerfort cosaint do na haerlínte. Anuas air sin, coiscfear an dochar don chomhshaol a thiocfadh as eitiltí folmha a rith ar mhaithe leis na sliotáin a choinneáil don chéad bhliain eile. Beidh na rialacha nua i bhfeidhm in am do shéasúr an tsamhraidh in 2021, agus tagann siad sna sála ar dhíolúine iomlán sliotán a bhí i bhfeidhm i samhradh 2020 agus i ngeimhreadh 2020-2021.

    Agus daoine in ann síneadh breise a chur le bailíocht ceadúnas tiomána, tástálacha ródacmhainneachta agus ceadúnas, deimhnithe agus údaruithe sonracha eile, cuideofar le hoibreoirí iompair agus le saoránaigh nach bhfuil in ann ceanglais riaracháin áirithe a chomhlíonadh mar gheall ar shrianta COVID-19. Glacadh an chéad sraith rialacha maidir le síntí ceadúnais i mí na Bealtaine 2020.

  • 2021

    11 Feabhra

    An tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta glactha ag an gComhairle

    An 11 Feabhra 2021, ghlac an Chomhairle an rialachán lena mbunaítear an tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta. Cuideoidh an tsaoráid dar luach €672.5 billiún, atá i gcroílár na hionstraime téarnaimh Next Generation EU, leis na Ballstáit aghaidh a thabhairt ar thionchar eacnamaíoch agus sóisialta phaindéim COVID-19.

    Tá an tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta ceaptha chun tacaíocht a chinntiú don aistriú glas agus don aistriú digiteach, rud a chuirfidh ar chumas gheilleagair na mBallstát a bheith níos inbhuanaithe agus níos athléimní.

    Chun tacaíocht a fháil ón tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta, iarrtar ar na Ballstáit pacáiste chomhtháite tionscadal, athchóirithe agus infheistíochtaí a leagan amach i sé réimse beartais:

    • an t-aistriú glas
    • an claochlú digiteach
    • fás agus fostaíocht atá cliste, inbhuanaithe agus cuimsitheach
    • comhtháthú sóisialta agus críochach
    • sláinte agus athléimneacht
    • beartais don chéad ghlúin eile, lena gcuirtear oideachas agus scileanna san áireamh

    Mar riail ghinearálta, tá go dtí an 30 Aibreán 2021 ag na Ballstáit chun a bpleananna náisiúnta téarnaimh agus athléimneachta a thíolacadh, ina leagtar amach a gcláir oibre maidir le hathchóiriú agus infheistíocht go dtí 2026. Táthar ag súil go dtiocfaidh an rialachán i bhfeidhm an 19 Feabhra 2021, tar éis a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

    An tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta
    An tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta (Grafaic faisnéise)

    An tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta (Grafaic faisnéise)

  • 2021

    3 Feabhra

    COVID-19 – bearta iompair: sainordú chun síneadh a chur le solúbthacht shealadach do cheadúnais formheasta ag Coreper

    Tháinig ambasadóirí na mBallstát ar chomhaontú maidir le sainordú caibidlíochta chun bearta sealadacha a athnuachan a chuideoidh le hoibreoirí iompair agus saoránaigh nach bhfuil in ann ceanglais riaracháin áirithe a chomhlíonadh mar gheall ar bhearta COVID-19 a glacadh sna Ballstáit. Leis an togra, cuirtear leis an bhféidearthacht síneadh sealadach a chur le bailíocht deimhnithe, ceadúnais agus údaruithe sonracha i réimse an iompair de bhóthar, d’iarnród agus d’uiscebhealaí intíre agus i réimse na slándála muirí. Tagann an togra sna sála ar rialacha comhchosúla a glacadh i mí na Bealtaine 2020.

    Leis an togra, cuirtear síneadh 10 mí le bailíocht deimhnithe, ceadúnas agus údaruithe le dátaí éaga idir an 1 Meán Fómhair 2020 agus an 30 Meitheamh 2021.

  • 2021

    2 Feabhra

    An moladh maidir le taisteal neamhriachtanach isteach san Aontas leasaithe ag an gComhairle

    A moladh maidir le srian sealadach ar thaisteal neamhriachtanach isteach san Aontas agus maidir le deireadh a chur leis an srian sin leasaithe ag an gComhairle.

    Leis na rialacha nua, tugtar isteach critéir bhreise chun na tíortha a chinneadh ar féidir na srianta ar thaisteal neamhriachtanach uathu a bhaint, mar shampla an ráta torthaí dearfacha ó thástálacha COVID-19 agus athraitheacha nua an víris ar ábhar imní iad a bheith sa tír. Ba cheart díolúine a thabhairt d'oibrithe iompair agus teorann i leith bearta taistil áirithe.

    Glacadh an moladh i gcéaduair an 30 Meitheamh 2020.

  • 2021

    1 Feabhra

    Moladh maidir le bearta taistil COVID-19 nuashonraithe ag an gComhairle

    Moladh nuashonraithe glactha ag an gComhairle maidir le cur chuige comhordaithe i leith bearta taistil COVID-19 laistigh den Aontas mar fhreagairt ar an bpaindéim. Is freagairt chomhordaithe iad na bearta nuashonraithe sin ar mhéadú na n-ionfhabhtuithe agus ar na rioscaí a bhaineann le hathraitheacha nua níos in-tarchurtha den víreas laistigh agus lasmuigh den Aontas.

    Faoin moladh nuashonraithe, cuirtear dath nua (dúdhearg) leis na dathanna atá ann cheana (glas, oráiste, dearg agus liath) sa léarscáil sheachtainiúil a fhoilsíonn an Lárionad Eorpach um Ghalair a Chosc agus a Rialú (ECDC).

  • 2021

    29 Eanáir

    An tríú vacsaín COVID-19 údaraithe ag an Aontas lena húsáid san Aontas

    Thug an tAontas údarú margaíochta coinníollach don vacsaín COVID-19 a d’fhorbair AstraZeneca, an tríú vacsaín COVID-19 a údaraíodh lena húsáid i dtíortha an Aontais. Tagann an t-údarú seo sna sála ar mholadh eolaíoch dearfach bunaithe ar mheasúnú críochnúil a rinne an Ghníomhaireacht Leigheasra Eorpach ar shábháilteacht, éifeachtacht agus cáilíocht na vacsaíne.

  • 2021

    28 Eanáir

    Deireadh a chur le srianta taistil: Liosta na dtríú tíortha athbhreithnithe ag an gComhairle

    Tar éis athbhreithniú a dhéanamh faoin moladh maidir le deireadh a chur de réir a chéile leis na srianta sealadacha ar thaisteal neamhriachtanach isteach san Aontas, rinne an Chomhairle liosta na dtríú tíortha ar cheart deireadh a chur leis na srianta taistil ina leith a nuashonrú arís. Mar a suitear sa mholadh ón gComhairle, leanfar d'athbhreithniú rialta a dhéanamh ar an liosta, agus, de réir mar a bheidh, de nuashonrú a dhéanamh air.

  • 2021

    27 Eanáir

    Díolúine sliotán nua COVID-19 chun cabhrú le haerlínte agus chun nach mbeidh scáil-eitiltí ann: sainordú glactha ag an gComhairle

    Chomhaontaigh ambasadóirí na mBallstát sainordú caibidlíochta le go mbeidh díolúine ag aerlínte ó cheanglais na n-aerfort maidir le húsáid sliotán do shamhradh 2021, agus tá bearta tosaigh á ndéanamh acu chun an earnáil a athsheoladh agus iomaíocht a spreagadh. Beidh solúbthacht sna rialacha nua chun oiriúnú do chásanna éagsúla agus chun gur féidir bearta a dhéanamh suas go dtí tréimhse clársceidealaithe shamhradh 2022.

    Faoi cheanglais ghinearálta an Aontais maidir le sliotáin aerfoirt, caithfidh na haerlínte 80%, ar a laghad, dá sliotáin éirí de thalamh agus tuirlingthe a úsáid más mian leo iad a bheith acu an bhliain dár gcionn. Leis an téacs ón gComhairle, beidh na haerlínte in ann 50 % dá sraitheanna sliotán a thabhairt ar ais ach beifear ag súil go n-úsáidfidh siad ar a laghad 50 % de na sliotáin a bheidh fós ar fáil.

  • 2021

    21 Eanáir

    Teastaíonn ó cheannairí an Aontais go gcuirfí dlús leis an vacsaíniú

    An 21 Eanáir 2021, bhí cruinniú físchomhdhála ag cinn stáit nó rialtais an Aontais chun plé a dhéanamh archomhordú na freagartha ar phaindéim COVID-19.

    Chuir na ceannairí in iúl gur mian leo dlús a chur leis an vacsaíniú agus chuir siad i bhfios nach mór do chuideachtaí na gealltanais seachadta a thug siad a urramú.

    Le linn na físchomhdhála, roinn siad dea-chleachtais agus mhalartaigh siad tuairimí freisin maidir le tástáil, vacsaíniú agus athraitheacha nua den víreas a bhrath.

  • 2021

    6 Eanáir

    An dara vacsaín shábháilte éifeachtach in aghaidh COVID-19 údaraithe

    Thug an tAontas údarú margaíochta coinníollach do vacsaín COVID-19 a d’fhorbair Moderna, an dara vacsaín COVID-19 a údaraíodh lena húsáid i dtíortha an Aontais. Tagann an t-údarú seo sna sála ar mholadh eolaíoch dearfach bunaithe ar mheasúnú críochnúil a rinne an Ghníomhaireacht Leigheasra Eorpach ar shábháilteacht, éifeachtacht agus cáilíocht na vacsaíne.

  • 2020

    18 Nollaig

    An Chomhairle agus an Pharlaimint tagtha ar chomhaontú sealadach faoin tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta

    Tháinig Uachtaránacht na Gearmáine ar an gComhairle agus idirbheartaithe Pharlaimint na hEorpa ar chomhaontú sealadach maidir leis an tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta. 

    Agus imchlúdach airgeadais €672.5 billiún ag baint léi, is í an tsaoráid seo croílár ionstraim théarnaimh Next Generation EU. Tacóidh sé le hinfheistíochtaí poiblí agus le hathchóirithe sna Ballstáit, rud a chuideoidh leo aghaidh a thabhairt ar thionchar eacnamaíoch agus sóisialta phaindéim COVID-19, chomh maith leis na dúshláin a bhaineann leis na haistrithe glasa agus digiteacha. Ba cheart 37% ar a laghad de leithdháileadh gach aon phlean a bheith ag tacú leis an aistriú glas, agus 20% ar a laghad ag tacú leis an gclaochlú digiteach.

    Cuirfear an comhaontú sealadach faoi bhráid na Comhairle agus na Parlaiminte anois lena fhormhuiniú.

  • 2020

    18 Nollaig

    Conclúidí ón gComhairle: na ceachtanna a foghlaimíodh ó COVID-19 i gcúrsaí sláinte

    D’fhormheas an Chomhairle conclúidí ina mbaintear leas as na ceachtanna a foghlaimíodh ón bpaindéim reatha agus lena gcumhdaítear ceithre réimse thábhachtacha:

    • feabhas a chur ar bhainistiú géarchéime an Aontais
    • soláthar táirgí íocshláinte a chinntiú
    • rochtain ar shonraí sláinte agus roinnt na sonraí sin a fheabhsú
    • ról an Aontais sa tsláinte dhomhanda a neartú
  • 2020

    17 Nollaig

    Buiséad fadtéarmach an Aontais glactha do 2021-2027

    Tar éis toiliú a fháil ó Pharlaimint na hEorpa an 16 Nollaig 2020, ghlac an Chomhairle an rialachán lena leagtar síos creat airgeadais ilbhliantúil (CAI) an Aontais do 2021-2027.

    Foráiltear leis an rialachán do bhuiséad fadtéarmach €1 074.3 billiún do AE27 i bpraghsanna 2018, lena n-áirítear comhtháthú an Chiste Eorpaigh Forbraíochta. In éineacht leis an €750 billiún ón ionstraim théarnaimh Next Generation EU, beidh an tAontas in ann €1.8 trilliún de chistiú, méid nár cuireadh ar fáil riamh roimhe seo, a chur ar fáil sna blianta atá le teacht chun tacú le téarnamh as paindéim COVID-19, agus le tosaíochtaí fadtéarmacha an Aontais i réimsí éagsúla beartais.

    Agus buiséad iomlán €5.1 billiún aige, soláthraítear leis an gclár nua atreisithe EU4Health bonn láidir do ghníomhaíocht sa limistéar sláinte bunaithe ar na ceachtanna a foghlaimíodh le linn phaindéim COVID-19.

    Leagtar amach sa ghrafaic faisnéise seo príomhréimsí caiteachas an Aontais don tréimhse 2021-2027.
    Creat airgeadais ilbhliantúil 2021‑2027 agus Next Generation EU (Grafaic faisnéise)

    Creat airgeadais ilbhliantúil 2021‑2027 agus Next Generation EU (Grafaic faisnéise)

  • 2020

    17 Nollaig

    Deireadh a chur le srianta taistil: Liosta na dtríú tíortha athbhreithnithe ag an gComhairle

    Tar éis athbhreithniú a dhéanamh faoin moladh maidir le deireadh a chur de réir a chéile leis na srianta sealadacha ar thaisteal neamhriachtanach isteach san Aontas, rinne an Chomhairle liosta na dtríú tíortha ar cheart deireadh a chur leis na srianta taistil ina leith a nuashonrú arís. Mar a bhunaítear sa mholadh ón gComhairle, leanfar d'athbhreithniú rialta a dhéanamh ar an liosta, agus, de réir mar a bheidh, de nuashonrú a dhéanamh air.

  • 2020

    15 Nollaig

    An Chomhairle ag iarraidh go neartófaí an athléimneacht agus go gcuirfí i gcoinne bagairtí hibrideacha, agus an bhréagaisnéis san áireamh

    Ghlac an Chomhairle conclúidí ina n-iarrtar go bhfeabhsófaí a thuilleadh na freagairtí atá á dtabhairt ar leibhéal an Aontais chun cur i gcoinne bagairtí hibrideacha, lena gcuirtear an bhréagaisnéis san áireamh, agus chun an athléimneacht a neartú. Thug an Chomhairle dá haire go gcruthaíonn teicneolaíochtaí nua agus géarchéimeanna nua, amhail an phaindéim seo, deiseanna do ghníomhaithe naimhdeacha a ngníomhaíochtaí trasnaíochta a mhéadú. Is dúshlán breise iad sin do na Ballstáit agus d’institiúidí an Aontais, sa mhullach ar an ngéarchéim féin.

    D'admhaigh an Chomhairle gur leochailí anois an tAontas agus a chuid Ballstát do bhagairtí hibrideacha de dheasca phaindéim COVID-19. Áirítear ar na bagairtí sin méadú ar leathadh na bréagaisnéise agus an trasnaíocht ionramhálach. Chun aghaidh a thabhairt ar na bagairtí sin, go háirithe ar chibirghníomhaíochtaí mailíseacha, ar an mbréagaisnéis agus ar bhagairtí ar an tslándáil eacnamaíoch, beidh gá le cur chuige cuimsitheach lena ngabhfaidh comhar agus comhordú dea-fheidhmiúil.

  • 2020

    10-11 Nollaig

    Seachadadh vacsaíní pléite ag ceannairí an Aontais

    Agus iad ag teacht le chéile sa Bhruiséil ag an gcruinniú mullaigh Eorpach, thug ceannairí an Aontais rabhadh faoi gan maidí a ligean le sruth sa chomhrac i gcoinne phaindéim COVID-19. “Ábhar imní i gcónaí í an staid san Eoraip cé go bhfuil toradh ag teacht anois ar na sáriarrachtaí atá déanta ag cách”, a dúirt siad agus d’iarr siad go ndéanfaí tuilleadh iarrachtaí mar an t-aon bhealach chun na chéad ráigeanna eile a chosc.

    Chomhaontaigh na ceannairí freisin an comhordú ar leibhéal an Aontais a neartú, go háirithe i gcás straitéisí tástála agus deireadh a chur de réir a chéile leis na srianta.

    Agus na chéad vacsaíní faoi réir phróiseas údaraithe an Aontais, leag na ceannairí béim ar an tábhacht a bhaineann le hullmhúcháin chun vacsaíní a imscaradh agus a dháileadh go tráthúil san Aontas.

    “Ba cheart féachaint ar vacsaíniú mar shochar poiblí,” a dúirt ceannairí an Aontais sna conclúidí, agus d’athdhearbhaigh siad go bhfuil siad tiomanta do rochtain chothrom ar vacsaíní atá sábháilte agus éifeachtach a chur ar fáil do thíortha ar fud an domhain, lena n-áirítear trí shaoráid COVAX.

    Léaráid: Comhordú an Aontais maidir le formheas agus imscaradh vacsaíní COVID-19.
    COVID-19: Comhordú an Aontais ar mhaithe le vacsaíniú sábháilte éifeachtach (Grafaic faisnéise)

    COVID-19: Comhordú an Aontais ar mhaithe le vacsaíniú sábháilte éifeachtach (Grafaic faisnéise)

  • 2020

    8 Nollaig

    Cúrsaí iompair: an t-eolas is déanaí maidir le foirmeacha aimsithe paisinéirí, le cearta aerphaisinéirí agus leis an ngéarchéim i leith athraithe ar chriúnna

    Le linn físchomhdháil neamhfhoirmiúil d’airí iompair an Aontais, thug an Coimisiún an t-eolas is deireanaí faoin ardán malartaithe d’fhoirmeacha aimsithe aerphaisinéirí, rud a chabhraíonn leis na Ballstáit measúnuithe riosca a dhéanamh ar dhaoine ag teacht isteach agus a chumasaíonn rianú teagmhála i gcomhthéacs phaindéim COVID-19 agus thathantaigh sé ar na Ballstáit páirt a ghlacadh sa treoirthionscadal atá á reáchtáil ag Gníomhaireacht Sábháilteachta Eitlíochta an Aontais Eorpaigh (EASA). Chuir an Coimisiún na hairí ar an eolas freisin faoin ngéarchéim i leith athraithe ar chriúnna in earnáil na loingseoireachta de dheasca phaindéim COVID-19.

    Chuir an uachtaránacht na hairí ar an eolas faoi staid na himeartha maidir leis an tionchar atá ag COVID-19 ar chearta aerphaisinéirí.

  • 2020

    7 Nollaig

    Cinneadh glactha ag an Aontas maidir le faoiseamh CBL ar vacsaíní agus feistí tástála COVID-19

    Chun rochtain ar vacsaíní agus feistí tástála COVID-19 a éascú, ghlac an tAontas rialacha nua ionas go mbeidh na Ballstáit in ann ospidéil agus cleachtóirí leighis a dhíolmhú ó CBL ar vacsaíní, feistí tástála agus seirbhísí dlúthgaolmhara. Ní bhaineann na bearta ach le vacsaíní COVID-19 atá údaraithe ag an gCoimisiún nó ag na Ballstáit agus le feistí tástála COVID-19 a chomhlíonann reachtaíocht infheidhme an Aontais. Beidh feidhm ag an riail go dtí an 31 Nollaig 2022.

  • 2020

    26 Samhain

    Dlúthchomhar idir an tAontas agus an Astráil maidir leis an bhfreagairt ar agus an téarnamh as paindéim COVID-19

    Ag cruinniú fíorúil de chuid na gceannairí, leag Charles Michel, Uachtarán na Comhairle Eorpaí, Ursula von der Leyen, Uachtarán an Choimisiúin Eorpaigh, agus Scott Morrison, Príomh-Aire na hAstráile, béim ar a dtiomantas oibriú le chéile chun paindéim COVID-19 a chomhrac, agus bearta éifeachtacha a ghlacadh chun an tsláinte a chosaint agus geilleagair níos nuálaí, níos inbhuanaithe, níos cuimsithí agus níos athléimní a thógáil.

    D’athdhearbhaigh na ceannairí go bhfuil rún daingean acu rochtain uilíoch, chothrom agus luath ar vacsaíní COVID-19, diagnóisic agus teiripic atá sábháilte, éifeachtach agus inacmhainne a chinntiú. Leag siad béim ar a thábhachtaí atá sé leanúint de thacaíocht idirnáisiúnta a thabhairt don Luasaire um Rochtain ar Uirlisí COVID-19 agus don tSaoráid COVAX atá aige. Chomhaontaigh siad freisin comhar déthaobhach taighde agus nuálaíochta a neartú agus sonraí taighde a roinnt chun an phaindéim a chomhrac.

    Ba dhíol sásaimh do na ceannairí torthaí chruinniú mullaigh G20 an 21 agus an 22 Samhain. Tá an tAontas agus an Astráil ag cur dlús leis an gcomhar maidir leis an téarnamh socheacnamaíoch i ndiaidh na paindéime agus tá Plean Gníomhaíochta G20 á chur chun feidhme acu. Ina theannta sin, leanfaidh siad de bheith ag obair le chéile chun an Eagraíocht Dhomhanda Sláinte agus an ullmhacht dhomhanda agus an fhreagairt ar éigeandálaí sláinte a neartú.

  • 2020

    21-22 Samhain

    Cruinniú Mullaigh G20: comhar iltaobhach ar fhreagairt COVID-19 geallta ag ceannairí G20

    Ag cruinniú mullaigh fíorúil a bhí á óstáil ag an Araib Shádach, phléigh ceannairí G20 conas paindéim COVID-19 atá ag dul ar aghaidh go fóill a ghleic le chéile, conas forbairt agus imscaradh vacsaíne a mhaoiniú agus leanúint de thacaíocht a thabhairt do shaoránaigh agus do ghnólachtaí atá ag streachailt chun dul i ngleic le hiarmhairtí na paindéime.

    Rinne Charles Michel, Uachtarán na Comhairle Eorpaí, agus Ursula von der Leyen, Uachtarán an Choimisiúin Eorpaigh, ionadaíocht thar ceann an Aontais ag an gcruinniú mullaigh. D’iarr siad ar G20 $4.5 billiún, a bhfuil géarghá leis, a chur ar fáil roimh dheireadh 2020 chun uirlisí COVID-19 a ollsoláthar agus a sheachadadh. Mhol an tUachtarán Michel freisin tionscnamh chun freagairt dhomhanda níos fearr a chinntiú do phaindéimí amach anseo.

    Charles Michel, Uachtarán na Comhairle Eorpaí
    D’fhéadfadh conradh idirnáisiúnta maidir le paindéimí a bheith ina chuidiú dúinn freagairt níos tapúla ar bhealach níos comhordaithe nuair a tharlaíonn paindéim. Ba cheart é a chaibidil in éineacht le heagraíochtaí agus gníomhaireachtaí uile na Náisiún Aontaithe, go háirithe an Eagraíocht Dhomhanda Sláinte. Ní mór don Eagraíocht Dhomhanda Sláinte leanúint de bheith ina bunchloch don chomhordú domhanda in aghaidh éigeandálaí sláinte.
    Charles Michel, Uachtarán na Comhairle Eorpaí
    Charles Michel, Uachtarán na Comhairle Eorpaí

    Chun na tíortha is leochailí a thacú lena bhfreagairt ar COVID-19, gheall ceannairí G20 cead a thabhairt do thíortha atá incháilithe faoi Thionscnamh G20 chun Seirbhísiú Fiachais a chur ar Fionraí (DSSI) íocaíochtaí déthaobhacha oifigiúla seirbhísithe fiachais a chur ar fionraí go dtí mí an Mheithimh 2021. Ina theannta sin, d’fhormhuinigh siad an “Creat Comhchoiteann um Chóireáil Fiachais lasmuigh de DSSI”, agus d’fhormhuinigh Club Pháras freisin é.

  • 2020

    19 Samhain

    Dlús curtha ag ceannairí an Aontais leis an gcomhordú maidir le haitheantas frithpháirteach a thabhairt do thástálacha agus maidir le himlonnú vacsaíní

    Ag an gcruinniú físchomhdhála a bhí ag ceannairí an Aontais, chomhaontaigh siad an comhordú a neartú a thuilleadh i gcoinne phaindéim COVID-19. Dhírigh siad a n-aird go sonrach ar aitheantas frithpháirteach a thabhairt do thástálacha, ar imlonnú vacsaíní agus ar chur chuige coiteann maidir le deireadh a chur le bearta sriantacha.

    Phléigh na ceannairí cé mar is féidir cur chuige coiteann de chuid an Aontais a fhorbairt chun mearthástálacha antaigine a úsáid, agus iad a bheith comhlántach le tástáil PCR. Leag na ceannairí béim ar an ngá atá le hobair a dhéanamh chun aitheantas frithpháirteach a thabhairt do thástálacha agus do thorthaí na dtástálacha sin. Pléadh freisin straitéisí náisiúnta tástála agus mhalartaigh siad dea-chleachtais.

    Anuas air sin, chomhaontaigh siad dlús a chur leis na hullmhúcháin do phleananna náisiúnta vacsaínithe chun a chinntiú go mbeidh vacsaíní ar fáil agus ar phraghas réasúnta do shaoránaigh uile an Aontais, a luaithe a údarófar iad.

    Maidir le deireadh a chur leis na bearta srianta, chuir cinn stáit nó rialtais an Aontais in iúl gur de réir a chéile agus go haischéimnitheach is ceart sin a dhéanamh ionas go seachnófar athmhúscailt an víris.

    Charles Michel, Uachtarán na Comhairle Eorpaí
    Tá slad agus sléacht déanta ag COVID-19. Féach ar na huimhreacha agus ar na staitisticí – teaghlaigh agus cairde atá i gceist. Ná ligimis sin i ndearmad go brách na breithe móire.
    Charles Michel, Uachtarán na Comhairle Eorpaí
    Charles Michel, Uachtarán na Comhairle Eorpaí

    Leanfaidh ceannairí an Aontais den obair maidir le comhordú COVID-19 ag an gcruinniú den Chomhairle Eorpach i mí na Nollag 2020.

  • 2020

    12 Samhain

    Tuarascáil ar an staid mar atá i ndáil le comhordú an Aontais Eorpaigh mar fhreagairt ar an bpaindéim foilsithe ag Uachtaránacht na Gearmáine

    Chun plé Cheannairí an Aontais i ndáil le freagairt an Aontais ar phaindéim COVID-19 a ullmhú don fhíschomhdháil a bheidh ar siúl an 19 Samhain 2020, d'fhoilsigh Uachtaránacht na Gearmáine tuarascáil an 12 Samhain 2020 maidir leis an staid mar atá i ndáil le comhordú an Aontais mar fhreagairt ar phaindéim COVID-19. Leagtar amach sa tuarascáil an obair leanúnach i réimsí éagsúla:

    • straitéisí tástála agus mearthástálacha antaigine a úsáid
    • aitheantas frithpháirteach ar thástálacha
    • rianú teagmhálaithe trasteorann
    • rialacháin choraintín
    • forbairt, monarú agus cur in úsáid vacsaíní COVID-19
  • 2020

    10 Samhain

    Comhaontú polaitiúil bainte amach sa chaibidlíocht maidir le buiséad fadtéarmach agus plean téarnaimh an Aontais

    Tháinig an Chomhairle ar chomhaontú polaitiúil le hidirbheartaithe Pharlaimint na hEorpa maidir leis an gcéad chreat airgeadais ilbhliantúil eile, buiséad fadtéarmach an Aontais. Leis an gcomhaontú, comhlánaítear an pacáiste airgeadais €1 824.3 billiún a chaibidligh ceannairí an Aontais i mí Iúil, lena gcomhcheanglaítear an chéad chreat airgeadais ilbhliantúil eile – €1 074.3 billiún – agus Next Generation EU, ionstraim théarnaimh shealadach €750 billiún (i bpraghsanna 2018).

    Maidir leis an bplean téarnaimh, foráiltear sa phacáiste a comhaontaíodh leis an bParlaimint go mbeidh baint níos mó ag an údarás buiséadach leis an maoirseacht ar ioncam faoi Next Generation EU.

    Cuirfear an comhaontú faoi bhráid na mBallstát lena fhormhuiniú mar aon leis na gnéithe eile den chéad chreat airgeadais ilbhliantúil eile agus den phacáiste téarnaimh.

  • 2020

    3 Samhain

    Ráiteas maidir le forbairtí COVID-19 eisithe ag an nGrúpa Euro

    Bhí plé ag an nGrúpa Euro maidir leis an ionchas eacnamaíoch i bhfianaise an luasghéaraithe i scaipeadh víreas COVID-19 i bhfómhar 2020 agus ghlac sé ráiteas.

    Sa ráiteas sin, rinne na hairí a mhacnamh ar na bearta a glacadh go dtí sin, go háirithe cur chun feidhme na dtrí líontán slándála a comhaontaíodh i mí Aibreáin 2020 d’oibrithe, do ghnólachtaí agus do na Ballstáit. Dhearbhaigh siad freisin a dtiomantas leanúint de bheith ag obair le chéile ar an bplean téarnaimh, Next Generation EU.

  • 2020

    29 Deireadh Fómhair

    Chomhaontaigh ceannairí na hEorpa dlús a chur leis an iarracht chomhpháirteach COVID-19 a chomhrac agus an iarracht sin a mhéadú

    Tháinig ceannairí an Aontais le chéile trí fhíschomhdháil agus phléigh siad an gá atá ann an iarracht chomhpháirteach a neartú chun paindéim COVID-19 a chomhrac. Dhírigh siad ar bheartais tástála agus rianaithe agus ar vacsaíní.

    D’aontaigh na ceannairí go bhfuil an tástáil agus an rianú ríthábhachtach chun teorainn a chur le leathadh an víris agus go gcuideoidh an dá ghné sin leis an scéal a rialú ar bhealach níos fearr. Bhí malartú tuairimí acu maidir le conas cur chuige coiteann a chur chun cinn i ndáil le haitheantas frithpháirteach, imscaradh agus úsáid mearthástálacha. Oibreoidh siad ar bhonn an mholta ón gCoimisiún maidir le straitéisí tástála a tíolacadh an 28 Deireadh Fómhair 2020.

    Maidir le rianú, phléigh ceannairí an Aontais an tionscnamh maidir le hidir-inoibritheacht idir aipeanna a chuir an Coimisiún i láthair agus obair ar Fhoirm choiteann Aimsithe Paisinéirí, rud a d’éascódh an rianú freisin. Ina theannta sin, phléigh siad an fhéidearthacht fad na gcoraintíní a chomhchuibhiú.

    Maidir le vacsaíní, leag siad béim ar cheithre phríomhréimse chun comhar a fhorbairt:

    • dáileadh cóir ar na Ballstáit
    • critéir chun grúpaí tosaíochta a chinneadh
    • dúshláin lóistíochta agus scrogaill
    • cumarsáid maidir le vacsaíní
    A ndúirt an tUachtarán Charles Michel faoi thástáil agus rianú
  • 2020

    22 Deireadh Fómhair

    Deireadh a chur le srianta taistil: liosta na dtríú tíortha athbhreithnithe ag an gComhairle

    Ag eascairt as athbhreithniú a rinneadh faoin moladh maidir le deireadh a chur de réir a chéile leis na srianta sealadacha ar thaisteal neamhriachtanach isteach san Aontas, rinne an Chomhairle liosta na dtríú tíortha ar cheart deireadh a chur leis na srianta taistil ina leith a nuashonrú arís. Mar a bhunaítear sa mholadh ón gComhairle, leanfar d'athbhreithniú rialta a dhéanamh ar an liosta, agus, de réir mar a bheidh, de nuashonrú a dhéanamh air.

  • 2020

    21 Deireadh Fómhair

    Clár EU4Health: an Chomhairle tagtha ar chomhaontú maidir lena seasamh caibidlíochta

    Tháinig ambasadóirí na mBallstát chuig an Aontas ar chomhaontú d’aon toil maidir le seasamh na Comhairle i ndáil leis an gclár EU4Health (2021-2027). Is freagairt láidir é an clár seo ar phaindéim COVID-19, ach dírítear freisin ann ar ghníomhaíochtaí fadtéarmacha an Aontais i réimse na sláinte.

    Is cuid de thogra an Aontais do bhuiséad fadtéarmach  2021 - 2027 é an clár seo. Beidh an comhaontú ar tháinig an Chomhairle air ina bhonn don chaibidlíocht le Parlaimint na hEorpa.

  • 2020

    15-16 Deireadh Fómhair

    Ceannairí an Aontais tagtha ar chomhaontú leanúint le hiarrachtaí comhordúcháin an Aontais chun COVID-19 a chomhrac

    Mheas an Chomhairle Eorpach an staid eipidéimeolaíoch reatha, staid is siocair le himní mhór agus nach bhfacthas a leithéid cheana. Ba dhíol sásaimh do na ceannairí an dul chun cinn a rinneadh go dtí seo maidir le comhordú foriomlán ar leibhéal an Aontais i gcoinne COVID-19 agus chomhaontaigh siad go leanfaí leis an iarracht chomhordúcháin, go háirithe maidir leis an méid seo a leanas:

    • rialacháin choraintín
    • rianú teagmhála trasteorann
    • straitéisí tástála
    • measúnú comhpháirteach ar mhodhanna tástála
    • srian sealadach ar thaisteal neamhriachtanach isteach san Aontas

    Bhí tuilleadh plé ag ceannairí an Aontais faoi na chéad chéimeanna eile chun forbairt agus dáileadh vacsaíní COVID-19 a chinntiú san Aontas agus mhol siad go ndéanfaí comhar ar an leibhéal domhanda freisin.

    Charles Michel, Uachtarán na Comhairle Eorpaí
    Is staid nach bhfacthas a leithéid cheana é seo agus ní mór dúinn dlús a chur leis na hiarrachtaí comhordúcháin agus comhair idir na Ballstáit, go háirithe maidir le tástáil agus rianú, coraintín agus vacsaíní.
    Charles Michel, Uachtarán na Comhairle Eorpaí
    Charles Michel, Uachtarán na Comhairle Eorpaí
  • 2020

    13 Deireadh Fómhair

    Moladh glactha ag an gComhairle maidir le cur chuige comhordaithe i leith bearta a bhaineann leis an taisteal

    Ghlac an Chomhairle moladh lena mbunaítear critéir choiteanna agus creat coiteann don taisteal mar fhreagairt ar phaindéim COVID-19. Is é is aidhm don mholadh cabhrú leis na Ballstáit cinntí a dhéanamh de réir réigiúin bunaithe ar an staid eipidéimeolaíoch mar atá.

    Soláthróidh an Lárionad Eorpach um Ghalair a Chosc agus a Rialú (ECDC) léarscáil choiteann dhathchódaithe go seachtainiúil, agus í miondealaithe de réir réigiúin, le sonraí ó na Ballstáit maidir leis na critéir seo a leanas:

    • líon na gcásanna nua in aghaidh 100 000 duine le 14 lá anuas
    • líon na dtástálacha in aghaidh 100 000 duine a rinneadh le seachtain anuas (ráta tástála)
    • céatadán na dtástálacha deimhneacha a rinneadh le seachtain anuas (ráta deimhneachta tástála)

    Chomhaontaigh na Ballstáit freisin faisnéis shoiléir chuimsitheach thráthúil a chur ar fáil don phobal maidir le haon bhearta nó ceanglais nua, 24 uair an chloig ar a laghad sula dtiocfaidh na bearta sin i bhfeidhm.

    Léaráid: Cur chuige coiteann maidir le bearta taistil COVID-19.
    Cur chuige coiteann maidir le bearta taistil COVID-19 san Aontas (go dtí an 13 Meitheamh 2021) (Grafaic faisnéise)

    Cur chuige coiteann maidir le bearta taistil COVID-19 san Aontas (go dtí an 13 Meitheamh 2021) (Grafaic faisnéise)

  • 2020

    2 Deireadh Fómhair

    Bearta maidir le hiompar d'iarnród glactha ag an gComhairle

    Ghlac an Chomhairle bearta éigeandála chun cabhrú leis an earnáil iarnróid sa chruachás atá ann mar gheall ar phaindéim an choróinvíris. Leis na bearta sin, tugtar an deis do na Ballstáit faoiseamh ó mhuirir bhonneagair áirithe a chur ar fáil do chuideachtaí iarnróid, agus aisíoc tráthúil a áirithiú do sholáthraithe bonneagair ag an am céanna.

    Tá feidhm chúlghabhálach ag an maolú sealadach sin ó na rialacha atá ann cheana maidir le muirir a ghearradh ar bhonneagar iarnróid a úsáid ón 1 Márta 2020 go dtí an 31 Nollaig 2020, agus féadfar síneadh a chur leis más gá.

  • 2020

    1-2 Deireadh Fómhair

    Na saincheisteanna is déanaí maidir leis an gcaoi ar láimhseáladh paindéim COVID-19 pléite ag an gComhairle Eorpach

    Bhí plé cuimsitheach ag an gComhairle Eorpach maidir leis an gcaoi ar láimhseáladh paindéim COVID-19. D’iarr sí ar an gComhairle agus ar an gCoimisiún, dlús breise a chur leis an iarracht chomhordúcháin fhoriomlán agus leis an obair chun vacsaín a fhorbairt agus a dháileadh ar leibhéal an Aontais. Fillfidh an Chomhairle Eorpach ar an tsaincheist seo go tráthrialta.

  • 2020

    25 Meán Fómhair

    €87.4 billiún formheasta ag an gComhairle mar thacaíocht airgeadais do na Ballstáit faoi SURE

    D'fhormheas an Chomhairle €87.4 billiún de thacaíocht airgeadais do 16 Bhallstát i bhfoirm iasachtaí ón Aontas faoi SURE – ionstraim shealadach an Aontais chun rioscaí dífhostaíochta a mhaolú le linn ghéarchéim COVID-19.

    Leis an tacaíocht cabhrófar leis na Ballstáit caiteachas poiblí arna thabhú amhail ón 1 Feabhra 2020 a mhaoiniú, agus é mar thoradh ar scéimeanna oibre gearr-ama náisiúnta agus bearta comhchosúla a úsáid.

    Deonaítear tacaíocht airgeadais faoi SURE do na Ballstáit mar seo a leanas:

    • An Bheilg: €7.8 billiún
    • An Bhulgáir: €511 mhilliún
    • An Chróit: €1 bhilliún
    • An Chipir: €479 milliún
    • Poblacht na Seice: €2 bhilliún
    • An Ghréig: €2.7 billiún
    • An Iodáil: €27.4 billiún
    • An Laitvia: €193 mhilliún
    • An Liotuáin: €602 mhilliún
    • Málta: €244 mhilliún
    • An Pholainn: €11.2 billiún
    • An Phortaingéil: €5.9 billiún
    • An Rómáin: €4.1 billiún
    • An tSlóvaic: €631 mhilliún
    • An tSlóivéin: €1.1 billiún
    • An Spáinn: €21.3 billiún
  • 2020

    11 Meán Fómhair

    Méadú ar bhuiséad 2020 formheasta ag an gComhairle mar fhreagairt ar COVID-19

    Chomhaontaigh an Chomhairle €6.2 billiún a chur le buiséad 2020 an Aontais chun aghaidh a thabhairt ar thionchar ghéarchéim COVID-19.

    Leis an mbuiséad athbhreithnithe, méadaítear íocaíochtaí do na nithe seo a leanas:

    • vacsaín COVID-19 a fhorbairt agus a úsáid: úsáidfidh an Coimisiún Eorpach an t-airgead sin chun dáileoga vacsaíní a réamhordú (€1.09 billiún)
    • Tionscnaimh Infheistíochta mar Fhreagairt ar an gCoróinvíreas (CRII agus CRII+): airgead ó bhuiséad an Aontais a atreorú chun dul i ngleic le géarchéim COVID-19 (€5.1 billiún)
  • 2020

    9 Meán Fómhair

    Bearta iompair: seasamh maidir le maoluithe sealadacha chun tacú leis an earnáil iarnróid comhaontaithe ag an gComhairle

    Tháinig ambasadóirí na mBallstát ar chomhaontú maidir le sainordú i ndáil le togra chun deis a thabhairt do na Ballstáit cabhrú leis an earnáil iompair trí fhaoiseamh ó mhuirir bhonneagair áirithe a chur ar fáil do chuideachtaí iarnróid, agus aisíoc tráthúil a chinntiú do sholáthraithe bonneagair ag an am céanna. Ach na rialacha sealadacha breise sin glactha, cuideoidh siad le héifeachtaí tromchúiseacha phaindéim an choróinvíris ar an earnáil iarnróid a mhaolú.

  • 2020

    7 Lúnasa

    Deireadh a chur le srianta taistil: Liosta na dtríú tíortha athbhreithnithe ag an gComhairle

    Tar éis athbhreithniú a dhéanamh faoin moladh maidir le deireadh a chur de réir a chéile leis na srianta sealadacha ar thaisteal neamhriachtanach isteach san Aontas, rinne an Chomhairle liosta na dtíortha ar cheart deireadh a chur leis na srianta taistil ina leith a nuashonrú. Mar a shonraítear sa mholadh ón gComhairle, leanfar d'athbhreithniú rialta a dhéanamh ar an liosta, agus, de réir mar a bheidh, de nuashonrú a dhéanamh air.

  • 2020

    30 Iúil

    Srianta taistil: Liosta na dtíortha ar cheart do na Ballstáit deireadh a chur de réir a chéile leis na srianta taistil ina leith ag na teorainneacha seachtracha athbhreithnithe ag an gComhairle

    Tar éis athbhreithniú a dhéanamh faoin moladh maidir le deireadh a chur de réir a chéile leis na srianta sealadacha ar thaisteal neamhriachtanach isteach san Aontas, rinne an Chomhairle athbhreithniú ar liosta na dtíortha ar cheart deireadh a chur leis na srianta taistil ina leith. Na critéir a úsáidfear lena chinneadh cé na tríú tíortha ar cheart deireadh a chur leis an srian reatha taistil ina leith, cumhdaítear iontu go háirithe an staid eipidéimeolaíoch agus na bearta imshrianta, lena n-áirítear scaradh sóisialta, chomh maith le gnéithe eacnamaíocha agus sóisialta.

  • 2020

    17-21 Iúil

    Margadh maidir leis an bpacáiste téarnaimh agus le buiséad an Aontais do 2021-2027 comhaontaithe ag ceannairí an Aontais

    Ag teacht le chéile dóibh go pearsanta sa Bhruiséil, tháinig ceannairí an Aontais ar chomhaontú maidir le ciste téarnaimh €750 billiún chun cabhrú leis an Aontas dul i ngleic leis an ngéarchéim mar thoradh ar phaindéim COVID-19. Leithdháilfear €390 billiún ón bpacáiste ar na Ballstáit i bhfoirm deontas agus leithdháilfear €360 billiún in iasachtaí.

    I dteannta an chiste téarnaimh, tháinig siad ar chomhaontú freisin maidir le buiséad fadtéarmach an Aontais do 2021-2027, arbh fhiú €1074 bhilliún é.

    Ba é an chéad chruinniú mullaigh ag a raibh ceannairí an Aontais i láthair go pearsanta ó ráig na paindéime i leith.

    Charles Michel, Uachtarán na Comhairle Eorpaí
    Thángamar ar mhargadh maidir leis an bpacáiste téarnaimh agus le buiséad an Aontais. Bhí an chaibidlíocht fíordheacair, ar ndóigh, sa tréimhse fhíorchorrach seo i saol mhuintir na hEorpa. Ba mharatón a bhí i gceist, agus rinneadh gaisce sa deireadh thiar thall, a rachaidh chun tairbhe na 27 mBallstát, agus go háirithe, mhuintir na hEorpa. Is margadh maith é. Is margadh láidir é. Ach seachas aon ní eile, is é seo an margadh ceart don Eoraip, ag an bpointe áirithe ama seo.
    Charles Michel, Uachtarán na Comhairle Eorpaí
    Charles Michel, Uachtarán na Comhairle Eorpaí
  • 2020

    14 Iúil

    Vacsaín in aghaidh COVID-19: Bearta glactha ag an gComhairle chun forbairt ghasta a éascú

    Ghlac an Chomhairle rialachán arb é is aidhm dó dlús a chur le forbairt agus le húsáid vacsaíne in aghaidh COVID-19 san Aontas. Foráiltear leis an ngníomh do mhaolú sealadach ar fhorálacha áirithe de reachtaíocht an Aontais maidir le scaoileadh amach d’aon ghnó sa chomhshaol agus úsáid imshrianta orgánach géinmhodhnaithe (OGManna). Tá sé d’aidhm aige freisin simpliú a dhéanamh ar an nós imeachta maidir le húdarú margaíochta do tháirgí íocshláinte ina bhfuil OGManna nó atá comhdhéanta díobh atá ceaptha chun COVID-19 a chóireáil nó a chosc.

    Ní bheidh feidhm ag an rialachán ach amháin fad a bheidh COVID-19 fógartha a bheith ina phaindéim ag an Eagraíocht Dhomhanda Sláinte (EDS) nó fad a bheidh feidhm ag an ngníomh cur chun feidhme lena n-aithníonn an Coimisiún staid éigeandála sláinte poiblí i ngeall ar COVID-19.

  • 2020

    14 Iúil

    Bearta sealadacha glactha ag an gComhairle a bhaineann leis an Tionscnamh Eorpach ó na Saoránaigh

    Ghlac an Chomhairle rialachán lena gcuirtear síneadh le go leor spriocdhátaí a bhaineann leis an Tionscnamh Eorpach ó na Saoránaigh mar gheall ar phaindéim COVID-19. Leis na bearta sealadacha seo, a mbeidh feidhm acu go dtí deireadh 2022, tugtar níos mó ama d'eagraithe tionscnamh ráitis tacaíochta a bhailiú chun an tairseach is gá d'aon mhilliún síniú a fháil ó gach cearn den Aontas.

  • 2020

    10 Iúil

    A thogra nua le haghaidh bhuiséad fadtéarmach agus an phacáiste téarnaimh curtha i láthair ag an Uachtarán Charles Michel roimh chruinniú na Comhairle Eorpaí

    Chuir Uachtarán na Comhairle Eorpaí, Charles Michel, i láthair a thogra le haghaidh bhuiséad fadtéarmach agus an phacáiste téarnaimh, ar a dtugtar an bosca caibidlíochta. Beidh an togra seo mar bhonn do phlé na gceannairí ag cruinniú urghnách na Comhairle Eorpaí, an 17 – 18 Iúil 2020.

    Charles Michel, Uachtarán na Comhairle Eorpaí
    Coimrítear na spriocanna atá againn ó thaobh téarnaimh de i dtrí fhocal: cóineasú ar dtús, athléimneacht ansin agus claochlú. Go nithiúil, is ionann sin is a rá: an dochar a rinne COVID-19 a dheisiú, ár ngeilleagair a athchóiriú agus ár sochaithe a athmhúnlú.
    Charles Michel, Uachtarán na Comhairle Eorpaí
    Charles Michel, Uachtarán na Comhairle Eorpaí
    Léaráid: togra le haghaidh plean téarnaimh don Eoraip.
    Togra le haghaidh plean téarnaimh an Aontais – na príomhghnéithe (Grafaic faisnéise)

    Togra le haghaidh plean téarnaimh an Aontais – na príomhghnéithe (Grafaic faisnéise)

  • 2020

    30 Meitheamh

    An Chomhairle tagtha ar chomhaontú go maolófar na srianta taistil atá ar chónaitheoirí tríú tíortha áirithe

    Ghlac an Chomhairle moladh inniu maidir leis na srianta sealadacha ar thaisteal neamhriachtanach isteach san Aontas a mhaolú de réir a chéile. Ón 1 Iúil 2020 ar aghaidh, ba cheart do na Ballstáit tosú ar na srianta taistil ag na teorainneacha seachtracha a mhaolú i gcás chónaitheoirí na dtríú tíortha a liostaítear sa mholadh. Tá an liosta bunaithe ar na critéir agus ar na coinníollacha a leagtar amach sa mholadh. Déanfar an liosta seo a athbhreithniú agus, de réir mar a bheidh, a thabhairt cothrom le dáta gach coicís.

  • 2020

    25 Meitheamh

    Freagairt ar COVID-19 in earnáil fuinnimh an Aontais: conclúidí glactha ag an gComhairle

    Ghlac an Chomhairle conclúidí maidir leis an bhfreagairt ar phaindéim COVID-19 in earnáil fuinnimh an Aontais. Thar aon ní eile, chuir an Chomhairle in iúl gur mór aici foireann earnáil an fhuinnimh agus a n-iarrachtaí dícheallacha agus éifeachtacha chun feidhmiú leanúnach chóras fuinnimh na hEorpa a chinntiú le linn phaindéim COVID-19.

    Chuir an Chomhaire chun suntais ról ríthábhachtach earnáil an fhuinnimh i dtéarnamh eacnamaíoch an Aontais agus thug sí dá haire nach mór do gheilleagar na hEorpa a bheith níos glaise, níos ciorclaí agus níos digití ach a bheith fós iomaíoch ar fud an domhain.

    Anuas air sin d'admhaigh an Chomhairle an gá atá le tionscnaimh chun tacú le plean téarnaimh láidir, i dtreo córas fuinnimh atá inacmhainne, sábháilte, iomaíoch, slán agus inbhuanaithe.

  • 2020

    24 Meitheamh

    Méadú ar an tacaíocht d’fheirmeoirí an Aontais atá buailte le géarchéim COVID-19

    An 24 Meitheamh 2020, ghlac an Chomhairle rialachán lena gceadaítear do na Ballstáit, mar bheart eisceachtúil, suas le EUR 7 000 a íoc le feirmeoirí agus suas le EUR 50 000 a íoc le fiontair bheaga agus mheánmhéide (FBManna) atá i mbun próiseáil, margaíocht nó forbairt táirgí talmhaíochta nó cadáis, cé is moite de tháirgí iascaigh.

    Leis sin, táthar ag féachaint le húsáid a bhaint as cistí atá ar fáil faoi na cláir forbartha tuaithe reatha chun tacú leis na feirmeoirí agus na FBManna is measa atá buailte ag géarchéim COVID-19 agus chun aghaidh a thabhairt ar na fadhbanna leachtachta agus sreabhadh airgid a d'eascair as dúnadh siopaí, margaí agus bialanna.

    Leagtar amach sa ghrafaic faisnéise an tacaíocht a thugann an tAontas d’earnálacha na talmhaíochta agus an iascaigh le linn na géarchéime COVID-19.
    COVID-19: Tacaíocht an Aontais do thalmhaíocht agus iascach (Grafaic faisnéise)

    COVID-19: Tacaíocht an Aontais do thalmhaíocht agus iascach (Grafaic faisnéise)

  • 2020

    19 Meitheamh

    Buiséad fadtéarmach an Aontais pléite ag ceannairí an Aontais mar aon le plean téarnaimh chun éalú as an ngéarchéim

    Físchomhdháil ag ceannairí an Aontais ag ar phléigh siad buiséad 2021-2027 an Aontais agus ciste téarnaimh mar fhreagairt ar ghéarchéim COVID-19. Dúirt Uachtarán Michel na Comhairle Eorpaí go bhfuil sé ar intinn aige go mbeadh cruinniú mullaigh fisiciúil ann i lár mhí Iúil ina ndíreofar ar mholtaí nithiúla.

  • 2020

    17 Meitheamh

    Conclúidí ón gComhairle: Géarchéim COVID-19 a chomhrac san oideachas agus san oiliúint

    Ghlac an Chomhairle conclúidí ina n-aithnítear na dúshláin dar siocair paindéim COVID-19 sna córais oideachais agus oiliúna. Iarrtar sna conclúidí ar na Ballstáit féachaint ar na féidearthachtaí atá ann don nuálaíocht agus do luasú an chlaochlaithe dhigitigh, mar aon le féidearthachtaí i ndáil le scileanna agus inniúlachtaí digiteacha múinteoirí agus oiliúnóirí a fhorbairt a thuilleadh.

    Thairis sin, aithnítear sna conclúidí nach mór cuimsiú agus comhdheiseanna a áirithiú mar aon leis an rochtain do chách ar oideachas agus oiliúint ardcháilíochta.

  • 2020

    12 Meitheamh

    Clár EU4Health atreisithe nua pléite ag na hairí sláinte

    Bhí an chéad mhalartú tuairimí ag airí sláinte an Aontais maidir leis an togra ón gCoimisiún Eorpach le haghaidh rialachán lena mbunaítear an ceathrú clár sláinte (clár EU4Health) don tréimhse 2021-2027.

    Ba dhíol sásaimh i gcoitinne do na hairí an clár nua EU4Health agus na cuspóirí a luaitear ann. Tá sé mar aidhm leis an gclár cur go mór leis an téarnamh tar éis COVID-19, ag díriú ar athléimneacht na gcóras sláinte a neartú agus an nuálaíocht a chur chun cinn in earnáil na sláinte.

    Meastar go mbeidh buiséad an chláir nua thart ar 25 huaire níos mó ná an clár sláinte reatha (ar fiú timpeall €450 milliún é don tréimhse 2014-2020).

    EU4Health, córas sláinte an Aontais a neartú
  • 2020

    9 Meitheamh

    Conclúidí ón gComhairle: todhchaí dhigiteach na hEorpa a mhúnlú

    Ghlac an Chomhairle conclúidí ina dtugtar aghaidh ar réimse leathan saincheisteanna a bhaineann le straitéis dhigiteach an Aontais. Leagtar béim sa téacs ar thionchar an chlaochlaithe dhigitigh ar ghleic na paindéime, agus ar an ról ríthábhachtach atá aige i dtéarnamh iar-COVID-19.

    Tá aird dírithe ag paindéim COVID-19 agus ag na hiarmhairtí atá aici ar ár saol agus ar ár ngeilleagair, ar an tábhacht a bhaineann leis an digitiú ar fud réimsí uile an gheilleagair agus na sochaí san Aontas. Chuidigh teicneolaíochtaí nua linn fanacht nasctha, ag obair ón mbaile, agus cianfhoghlaim ár bpáistí a éascú. Bhí ról lárnach acu i dtaca lenár ngnólachtaí agus ár seirbhísí poiblí a choimeád ar bun. Oleg Butković, Aire Gnóthaí Mara, Iompair agus Bonneagair na Cróite, agus Uachtarán na Comhairle
  • 2020

    9 Meitheamh

    An bealach a bhféadfaí margaí saothair a dhéanamh níos athléimní le linn na céime téarnaimh pléite ag na hairí fostaíochta agus gnóthaí sóisialta

    Dhírigh airí fostaíochta agus gnóthaí sóisialta an Aontais ar an téarnamh agus bhí malartú tuairimí acu maidir leis an mbealach a bhféadfaí beartais fostaíochta agus shóisialta náisiúnta a stóinsiú agus na margaí saothair a dhéanamh níos athléimní d’fhonn iarmhairtí phaindéim COVID-19 a shárú. Phléigh siad an méid a leanas go háirithe:

    • socruithe solúbtha oibre, amhail cianobair, uaireanta oibre solúbtha agus teicneolaíochtaí nuálacha TFC
    • uas-sciliú/athsciliú mar dheis chun freagairt ar na hathruithe i gcúrsaí oibre de dheasca COVID-19, agus freisin i bhfianaise na n-aistrithe digiteacha agus glasa leanúnacha
    • an chaoi ar tugadh aghaidh ar chosaint agus ar chur chun cinn an chomhionannais inscne, go háirithe i ndáil le grúpaí leochaileacha i gcomhthéacs phaindéim COVID -19
  • 2020

    9 Meitheamh

    Impleachtaí phaindéim COVID-19 don bheartas trádála pléite ag airí trádála an Aontais

    Thug na hairí trádála aghaidh ar an tionchar diúltach a d'imir paindéim COVID-19 ar an trádáil dhomhanda agus ar ról na slabhraí soláthair domhanda ó thaobh an téarnaimh de. Sa chomhthéacs sin, táthar ag súil go ndéanfaidh an Coimisiún Eorpach athbhreithniú ar bheartas trádála an Aontais faoi dheireadh 2020, chun a chinntiú go mbeidh an beartas trádála ina chabhair don téarnamh i ndiaidh COVID-19.

  • 2020

    8 Meitheamh

    Freagairt dhomhanda Team Europe ar COVID-19: beagnach €36 bhilliún slógtha

    Is é beagnach €36 bhilliún an méid atá slógtha ag pacáiste Team Europe faoin am seo, lena n-áirítear ranníocaíochtaí ón gCoimisiún Eorpach, ó Bhallstáit an Aontais, ón mBanc Eorpach Infheistíochta agus ón mBanc Eorpach Athfhoirgníochta agus Forbartha.

    Úsáidfear na hacmhainní sin chun tacaíocht a chur ar fáil do thíortha comhpháirtíochta an Aontais chun aghaidh a thabhairt ar an bpaindéim, ag díriú go sonrach ar na nithe seo a leanas:

    • córais sláinte a threisiú
    • téarnamh socheacnamaíoch a éascú
    • sreabhadh na n-earraí a chinntiú
    • infheistíocht a dhéanamh i dtaighde maidir le cóireálacha agus vacsaíní
  • 2020

    5 Meitheamh

    Rialuithe teorann inmheánaí agus an tsaorghluaiseacht daoine i gcomhthéacs COVID-19 pléite ag na hairí gnóthaí baile

    De réir mar atá feabhas ag teacht ar an staid fhoriomlán sláinte, tá na Ballstáit uile i mbun rialuithe teorann a bhaint de réir a chéile agus an tsaorghluaiseacht daoine a athbhunú go hiomlán, rud a raibh teorainn curtha leis mar gheall ar an bpaindéim. Le linn na físchomhdhála, chomhaontaigh na hairí atá freagrach as gnóthaí baile an méid seo a leanas:

    • go gcuirfeadh formhór na mBallstát deireadh le rialuithe teorann faoin 15 Meitheamh 2020, agus é beartaithe go ndéanfadh roinnt eile acu amhlaidh as sin go deireadh na míosa
    • gur bunaithe ar chritéir oibiachtúla shláinte, iad neamh-idirdhealaitheach agus comhréireach, a bheidh aon srianta eile dá gcoinneofar ar bun
    • go leanfar de dhlúthchomhordú a dhéanamh faoi stiúir an Choimisiúin Eorpaigh
    • go mbeadh ann cur chuige aontaithe maidir le deireadh a chur de réir a chéile leis na srianta ar an taisteal neamhriachtanach chuig an Aontas, rud nach dtarlóidh, meastar, roimh an 1 Iúil 2020
  • 2020

    5 Meitheamh

    Tosaíochtaí digiteacha don téarnamh iar-COVID-19 pléite ag airí an Aontais

    Ag an dara físchomhdháil neamhfhoirmiúil a bhí acu, bhí díospóireacht bheartais ag airí teileachumarsáide an Aontais maidir le tosaíochtaí digiteacha an Aontais sa ré iar-COVID-19.

    San idirphlé sin, iarradh ar na hairí machnamh a dhéanamh ar an méid a leanas:

    • na príomhcheachtanna a foghlaimíodh san earnáil dhigiteach ó ghéarchéim COVID-19
    • conas iomaíochas agus ceannasacht dhigiteach an Aontais a chinntiú ar fud an domhain
    • conas tús áite a thabhairt d’infheistíocht sa nascacht, i dteicneolaíochtaí sonraí agus digiteacha, amhail an intleacht shaorga, agus conas is féidir na hinfheistíochtaí sin a mhéadú
  • 2020

    4 Meitheamh

    Téarnamh glas cliste don earnáil iompair

    Ag an tríú físchomhdháil neamhfhoirmiúil a bhí acu, phléigh airí iompair an Aontais téarnamh inbhuanaithe digiteach na hearnála iompair tar éis ráig COVID-19.

    San idirphlé sin, iarradh ar na hairí machnamh a dhéanamh ar an méid a leanas:

    • na tionscnaimh agus infheistíochtaí is práinní do théarnamh glas agus cliste agus lenar féidir an earnáil a dhéanamh níos athléimní
    • na huirlisí is fearr sa ghearrthéarma, samheántéarma agus san fhadtéarma chun na cuspóirí sin a bhaint amach

    D’athdhearbhaigh na hairí a thábhachtaí atá cur chuige comhordaithe chun dul i ngleic leis an ráig, chun an straitéis scoir a chur i bhfeidhm agus chun an téarnamh a áirithiú.

  • 2020

    2 Meitheamh

    Plé déanta ag na hairí spóirt ar an gcaoi le gníomhaíochtaí spóirt a atosú go sábháilte

    Bhí malartú tuairimí ag na hairí faoi na chéad chéimeanna eile d'aghaidh a thabhairt ar thionchar phaindéim COVID-19 ar earnáil an spóirt. Phléigh siad conas cur le téarnamh na hearnála agus an athléimneacht a chothú i bhfianaise a mbeidh ann d'fhorbairtí dothuartha amach anseo. D’aontaigh na hairí gur cheart na gníomhaíochtaí spóirt uile a chur ar bun arís faoi dhálaí sábháilte agus leag siad béim ar thábhacht eacnamaíoch agus shóisialta earnáil an spóirt.

  • 2020

    29 Bealtaine

    Ministers discuss the role of space in the EU recovery

    Ministers exchanged views on how to enhance the economic, environmental and social benefits of space applications. They discussed the contribution of space data, services and technologies to the sustainable development of the EU, and the recovery from the COVID-19 crisis.

  • 2020

    29 Bealtaine

    Aird na n-airí tarraingthe maidir leis na ceachtanna atá le foghlaim ó ghéarchéim COVID-19 don taighde agus nuálaíocht amach anseo

    Bhí malartú tuairimí ag na hairí maidir leis an ról ba cheart a bheith ag an taighde agus an nuálaíocht maidir lenár sochaithe a bheith níos athléimní i gcoinne géarchéime amhail an ceann arb é paindéim COVID-19 ba chúis leis.

    Maidir leis na ceachtanna a foghlaimíodh ó ghéarchéim COVID-19, leag na hairí béim, tríd is tríd, ar an ngá atá le comhordú feabhsaithe ar ghníomhaíochtaí taighde, agus le comhroinnt sonraí agus eolais.

  • 2020

    27 Bealtaine

    An Chomhairle Eorpach le plé a dhéanamh ar an togra ón gCoimisiún faoin CAI agus faoin gciste téarnaimh ar an 19 Meitheamh

    Ar an 27 Bealtaine 2020, d’eisigh an Coimisiún Eorpach a thogra le haghaidh ciste téarnaimh agus buiséad fadtéarmach an Aontais, is é sin, an creat airgeadais ilbhliantúil (CAI) don tréimhse 2021-2027.

    D’eisigh Uachtarán na Comhairle Eorpaí ráiteas ina léirítear go rachadh sé i gcomhairle leis na Ballstáit roimh an gcéad Chomhairle Eorpach eile a bheidh ar siúl ar an 19 Meitheamh. Ag an am céanna, dhéanfadh an Chomhairle anailís agus measúnú ar an togra.

    Ar an 23 Aibreán 2020, chinn an Chomhairle Eorpach obair a dhéanamh chun ciste téarnaimh a bhunú chun freagairt ar ghéarchéim COVID-19. Chuir sí de chúram ar an gCoimisiún Eorpach togra a chur i dtoll a chéile mar ábhar práinne, lena soiléireofaí an nasc idir an ciste agus buiséad fadtéarmach an Aontais.

  • 2020

    26 Bealtaine

    Fáilte curtha ag an Uachtarán Centeno roimh chomhaontú BEI maidir le líontán sábhála do ghnólachtaí

    Chuir Uachtarán an Ghrúpa Euro, Mário Centeno, fáilte roimh an gcomhaontú ó Bhord Stiúrthóirí an Bhainc Eorpaigh Infheistíochta (BEI) faoin gciste ráthaíochta uile-Eorpach nua chun tacú le gnólachtaí atá ag tabhairt aghaidh ar iarmhairtí eacnamaíocha phaindéim COVID-19.

    Tá ciste nua BEI ar cheann de na trí líontán sábhála, ar fiú €540 billiún iad, do phoist agus d'oibrithe, do ghnólachtaí agus do na Ballstáit, atá i dtuarascáil an Ghrúpa Euro a comhaontaíodh ar an 9 Aibreán 2020. D'fhormhuinigh ceannairí an Aontais an tuarascáil ar an 23 Aibreán, agus d'iarr siad go mbeadh an pacáiste i bhfeidhm faoin 1 Meitheamh 2020.

    Ghlac an Chomhairle an rialachán maidir leis an líontán sábhála d'oibrithe, SURE (Tacaíocht chun Rioscaí Dífhostaíochta a mhaolú i gCás Éigeandála) ar an 19 Bealtaine 2020.

    D'fhormheas Bord Gobharnóirí an tSásra Cobhsaíochta Eorpaigh (SCE) an líontán sábháilteachta do na Ballstáit, an Tacaíocht don Ghéarchéim Phaindéime ón SCE, ar an 15 Bealtaine 2020.

    Fáilte curtha ag an Uachtarán Centeno roimh an gcomhaontú ó bhord stiúrthóirí na Comhairle Nuálaíochta Eorpaí.
  • 2020

    25 Bealtaine

    Bearta faoisimh glactha ag an gComhairle maidir le heitlíocht agus le hiarnróid

    Ghlac an Chomhairle leasú sealadach ar na rialacha maidir le haersheirbhísí chun tacú le haerlínte agus le haerfoirt i ngeall ar an laghdú géar atá tagtha ar an aerthrácht mar thoradh ar phaindéim an choróinvíris. Ghlac an Chomhairle freisin síneadh a chur le spriocdháta thrasuí na dtreoracha maidir le sábháilteacht agus idir-inoibritheacht iarnróid sa cheathrú pacáiste iarnróid chun solúbthacht agus deimhneacht dhlíthiúil a thabhairt don tionscal iarnróid agus do na húdaráis sna cúinsí atá ann i láthair na huaire. Is mar chuid den phacáiste éigeandála iompair a thíolaic an Coimisiún ar an 29 Aibreán 2020 atá an dá ghníomh dlí sin.

  • 2020

    20 Bealtaine

    Bearta téarnaimh d'earnáil turasóireachta an Aontais pléite ag na hairí

    Bhí malartú tuairimí ag na hairí maidir leis an mbealach is fearr chun na moltaí ón gCoimisiún Eorpach a chur chun feidhme ionas gur féidir dul i mbun taistil arís ar bhealach sábháilte agus borradh a chur arís faoi thurasóireacht na hEorpa in 2020. Is é is aidhm don phacáiste cabhrú leis na Ballstáit srianta taistil a bhaint de réir a chéile agus ligean do ghnólachtaí turasóireachta athoscailt, ach na réamhchúraimí sláinte uile is gá a bheith i bhfeidhm.

    Chuir na hairí in iúl gur thacaigh siad go láidir le prionsabail áirithe lenar cheart an téarnamh sin a rialú, mar shampla:

    • dlúthchomhar ar leibhéal an Aontais
    • cur chuige céimseach, céim ar chéim
    • cinntí atá bunaithe ar shonraí fónta eipidéimeolaíocha
    • neamh-idirdhealú
  • 2020

    20 Bealtaine

    Pacáiste cúnaimh €3 bhilliún glactha ag an gComhairle do chomhpháirtithe comharsanachta

    Ghlac an Chomhairle pacáiste €3 bhilliún i gcúnamh airgeadais do 10 gcomhpháirtithe comharsanachta de chuid an mhéadaithe. Cuirfear cistí ar fáil i bhfoirm iasachtaí a mbeidh téarmaí fíorfhabhracha ag baint leo chun cuidiú leo déileáil le hiarmhairtí eacnamaíocha phaindéim COVID-19, agus is mar seo a leanas a leithdháilfear iad:

    • An Albáin: €180 milliún
    • An Bhoisnia agus an Heirseagaivéin: €250 milliún
    • An tSeoirsia: €150 milliún
    • An Iordáin: €200 milliún
    • An Chosaiv*: €100 milliún
    • An Mholdóiv: €100 milliún
    • Montainéagró: €60 milliún
    • Poblacht na Macadóine Thuaidh: €160 milliún
    • An Túinéis: €600 milliún
    • An Úcráin: €1.2 billiún

    *Ní dochar an t-ainmniú seo do sheasaimh ar stádas, agus tá sé ag teacht le Rún 1244/1999 ó Chomhairle Slándála na Náisiún Aontaithe agus le tuairim na Cúirte Breithiúnais Idirnáisiúnta maidir le dearbhú neamhspleáchais na Cosaive.

    Pacáiste cúnaimh ón Aontas do chomhpháirtithe comharsanachta
    Pacáiste cúnaimh ón Aontas do chomhpháirtithe comharsanachta
  • 2020

    20 Bealtaine

    Iompar: Solúbthacht shealadach do cheadúnais agus do sheirbhísí calafoirt glactha ag an gComhairle

    Ghlac an Chomhairle bearta sealadacha lenar féidir tréimhse bhailíochta deimhnithe agus ceadúnas áirithe in iompar de bhóthar, d’iarnród agus ar uisce a fhadú, agus lena maolaítear na rialacha maidir le muirir a ghearradh ar longa as úsáid a bhaint as bonneagair chalafoirt. Is é is aidhm do na bearta sin cuidiú le cuideachtaí agus le húdaráis déileáil leis na himthosca urghnácha a d'eascair as géarchéim COVID-19.

  • 2020

    19 Bealtaine

    Tionchar COVID-19 ar dhaoine óga pléite ag na hairí óige

    Bhí a gcéad fhíschomhdháil ag airí óige an Aontais chun plé a dhéanamh ar thionchar COVID-19 ar dhaoine óga agus ar iarmhairtí COVID-19 ar earnáil na hóige, ag díriú ar fhostaíocht, ar shoghluaisteacht, ar mheabhairshláinte agus ar fholláine na hóige, etc. Anuas air sin, bhí malartú tuairimí acu maidir leis na bearta a glacadh go dtí seo chun cuidiú le daoine óga teacht as an ngéarchéim, conas leas a bhaint as teacht aniar agus dlúthpháirtíocht daoine óga i gcomhthéacs na straitéise téarnaimh agus conas dul i dteagmháil le daoine óga agus le heagraíochtaí óige chun ullmhú do ghéarchéim phaindéime a d’fhéadfadh a bheith ann amach anseo.

  • 2020

    19 Bealtaine

    Tacaíocht d’earnáil an chlosamhairc, an chultúir agus na cruthaitheachta i gcomhthéacs théarnamh eacnamaíoch an Aontais pléite ag na hairí cultúir

    Tháinig airí cultúir an Aontais le chéile, trí fhíschomhdháil, chun tuairimí a mhalartú maidir leis an tionchar atá ag COVID-19 ar earnálacha an chultúir agus na cruthaitheacha. Bhí an plé sin dírithe ar an gciall a ceannaíodh ó thús na paindéime. Dhírigh na hairí freisin ar chur chuige a d’fhéadfaí a úsáid chun cláir agus gníomhaíochtaí cultúrtha a atosú i gcomhthéacs na srianta a bhaint de réir a chéile.

  • 2020

    19 Bealtaine

    Scéim shealadach glactha ag an Aontas Eorpach chun tacú le hoibrithe

    Mar chuid dá phacáiste tacaíochta éigeandála chun dul i ngleic le tionchar eacnamaíoch ghéarchéim COVID-19, tá ionstraim shealadach bunaithe ag an Aontas chun cabhrú le hoibrithe a bpoist a choinneáil le linn na géarchéime.

    Beidh na Ballstáit in ann iasachtaí suas le €100 billiún a iarraidh faoi théarmaí fabhracha chun cuidiú leis an méadú tobann géar ar chaiteachas poiblí náisiúnta a mhaoiniú mar fhreagairt ar an ngéarchéim i réimsí sonracha.

    Tiomsóidh an Coimisiún Eorpach cistí ar na margaí caipitil idirnáisiúnta thar ceann an Aontais. Cinnteofar go dtacófar le hiasachtaí SURE ó bhuiséad an Aontais agus ó na ráthaíochtaí atá curtha ar fáil ag na Ballstáit bunaithe ar sciar coibhneasta gach Ballstáit in Ollioncam Náisiúnta an Aontais. €25 bhilliún a bheidh i méid iomlán na ráthaíochtaí. Is le cinneadh a ghlacfaidh an Chomhairle ar thogra ón gCoimisiún a dheonófar an cúnamh airgeadais.

    Cuirfear na hiasachtaí ar fáil tar éis do na Ballstáit go léir na ráthaíochtaí is gá a chur ar fáil. Beidh feidhm leis an ionstraim go dtí an 31 Nollaig 2022.

    Tá SURE (tacaíocht chun rioscaí dífhostaíochta a mhaolú i gcás éigeandála), ar fiú €540 billiún é, ar cheann de na trí líontán sábhála do phoist agus d'oibrithe, do ghnólachtaí agus do na Ballstáit, a chomhaontaigh an Grúpa Euro agus a d'fhormhuinigh ceannairí an Aontais.

    Grafaic faisnéise: Freagairt éigeandála ar phaindéim COVID-19: a bhfuil déanta ag an Aontas.
    Freagairt éigeandála an Aontais ar ráig COVID-19 (Grafaic faisnéise)

    Freagairt éigeandála an Aontais ar ráig COVID-19 (Grafaic faisnéise)

  • 2020

    18 Bealtaine

    Bealaí cur chuige náisiúnta i leith athoscailt na scoileanna agus i leith leanúint den tsoghluaisteacht foghlama pléite ag na hairí oideachais

    Tháinig na hairí oideachais le chéile, trí fhíschomhdháil, chun tionchar ráig COVID-19 ar an oideachas agus ar an oiliúint ar fud an Aontais a phlé, go háirithe agus deireadh á chur de réir a chéile le bearta imshrianta. Roinn siad eolas faoi na cineálacha cur chuige náisiúnta maidir leis na nithe seo a leanas:

    • institiúidí oideachais agus oiliúna a athoscailt (lena n-áirítear bearta sláinteachais, sláintíochta agus eagrúcháin)
    • scrúduithe deiridh agus glacadh le mic léinn san ardoideachas a eagrú
    • clárú mac léinn agus dálaí chun staidéar a atosú sa chéad bhliain acadúil eile
    • leanúint den tsoghluaisteacht foghlama ar fud an Aontais
  • 2020

    15 Bealtaine

    Beagnach 600 000 saoránach de chuid an Aontais a bhí sáinnithe thar lear tugtha abhaile ag an Aontas

    Tháinig Ballstáit an Aontais le chéile chun tacaíocht chonsalach a chur ar fáil agus chun saoránaigh an Aontais a thabhairt abhaile as tríú tíortha. Faoi lár mhí Bealtaine 2020, shroich an iarracht aisdúichithe, a comhordaíodh le tacaíocht ón Aontas, 625 000 Eorpach thar lear, agus tugadh beagnach 600 000 saoránach de chuid an Aontais abhaile.

    Charles Michel, Uachtarán na Comhairle Eorpaí
    Ba mhaith liom tréaslú leis an Tascfhórsa agus lena bhaill as an gcúram sin a chomhlíonadh ar bhealach thar a bheith éifeachtúil gairmiúil. A bhuí leis an tuiscint shoiléir a bhí agaibh ar an misean a bhí le cur i gcrích agus a bhuí leis an bpleanáil ghrinn agus leis na hiarrachtaí gan stad gan staonadh a rinne sibh i gcúinsí eisceachtúla oibre, bhí níos mó ná 580 000 saoránach de chuid an Aontais in ann filleadh go sábháilte ar a mbaile san Eoraip
    Charles Michel, Uachtarán na Comhairle Eorpaí
    Charles Michel, Uachtarán na Comhairle Eorpaí
  • 2020

    15 Bealtaine

    Tosaíochtaí maidir le téarnamh an Aontais pléite ag an nGrúpa Euro

    Tháinig an Grúpa Euro le chéile trí fhíschomhdháil chun plé a dhéanamh ar phleananna maidir le geilleagar an Aontais a athsheoladh. Rinne na hairí athbhreithniú freisin ar an dul chun cinn a rinneadh maidir leis na líontáin sábhála eacnamaíocha a cuireadh i bhfeidhm chun dul i ngleic le hiarmhairtí COVID-19.

    Uachtarán an Ghrúpa Euro, Mário Centeno
    Tá na cinntí polaitiúla ceannródaíocha a rinneadh sa Ghrúpa Euro mí ó shin á n-iompú isteach ina ndlí níos sciobtha ná riamh. Tá dul chun cinn maith déanta againn ar na trí líontán sábhála: tá an tacaíocht don ghéarchéim phaindéime de chuid an tSásra Cobhsaíochta Eorpach i bhfeidhm ón lá inniu, agus tá an Chomhairle tagtha ar chomhaontú maidir leis an tacaíocht chun rioscaí dífhostaíochta a mhaolú i gcás éigeandála; tá an bealach réitithe againn chun teacht ar chomhaontú maidir le ciste ráthaíochta an Bhainc Eorpaigh Infheistíochta do ghnólachtaí.
    Uachtarán an Ghrúpa Euro, Mário Centeno
    Uachtarán an Ghrúpa Euro, Mário Centeno
  • 2020

    15 Bealtaine

    Phléigh na hairí gnóthaí eachtracha tionchar COVID-19 ar an staid i gComharsanacht an Deiscirt agus sa Mheánoirthear

    Bhí plé ag na hairí gnóthaí eachtracha faoi Chomharsanacht an Deiscirt agus faoin staid sa Mheánoirthear i gcoitinne, i bhfianaise phaindéim COVID-19. Ós amhlaidh atá, chuir na hairí in iúl gur cúis imní dóibh drochiarmhairtí socheacnamaíocha na paindéime, agus chomhaontaigh siad gur deis í an ghéarchéim atá ann faoi láthair chun machnamh a dhéanamh ar chaidreamh an Aontais leis an réigiún sa mheántéarma agus san fhadtéarma.

  • 2020

    15 Bealtaine

    An Chomhairle tagtha ar chomhaontú polaitiúil faoi líontán sábhála do phoist agus d’oibrithe

    Ar an 15 Bealtaine 2020, tháinig ambasadóirí an Aontais ar chomhaontú polaitiúil faoi SURE, ionstraim shealadach chun cabhrú le hoibrithe a bpost a choinneáil le linn na géarchéime. Táthar ag súil go nglacfar go foirmiúil é faoin 19 Bealtaine.

    Beidh na Ballstáit in ann iasachtaí suas le €100 billiún a iarraidh faoi théarmaí fabhracha chun cuidiú le méadú tobann géar ar chaiteachas poiblí náisiúnta a mhaoiniú mar fhreagairt ar an ngéarchéim i réimsí sonracha.

    Tá SURE, ar fiú €540 billiún é, ar cheann de na trí líontán sábhála do phoist agus d'oibrithe, do ghnólachtaí agus do na Ballstáit, a chomhaontaigh an Grúpa Euro agus a d'fhormhuinigh ceannairí an Aontais.

  • 2020

    13 Bealtaine

    Bearta reatha agus na bearta a bheidh ann amach anseo chun tionchar COVID-19 a theorannú pléite ag airí talmhaíochta agus iascaigh an Aontais

    Bhí an dara físchomhdháil ag Uachtaránacht na Cróite le hairí talmhaíochta agus iascaigh an Aontais Eorpaigh chun breithniú a dhéanamh ar na bearta a bhaineann le COVID-19 a glacadh go dtí seo chun tionchar diúltach na paindéime ar na hearnálacha sin a chomhrac.

    Shainaithin na hairí réimsí breise ina bhfuil gá le tacaíocht. D’iarr roinnt mhaith airí freisin go mbeadh buiséad láidir ann don Chomhbheartas Talmhaíochta tar éis 2020.

    Leagtar amach sa ghrafaic faisnéise an tacaíocht a thugann an tAontas d’earnálacha na talmhaíochta agus an iascaigh le linn na géarchéime COVID-19.
    COVID-19: Tacaíocht an Aontais do thalmhaíocht agus iascach (Grafaic faisnéise)

    COVID-19: Tacaíocht an Aontais do thalmhaíocht agus iascach (Grafaic faisnéise)

  • 2020

    12 Bealtaine

    Impleachtaí slándála agus cosanta phaindéim COVID-19 pléite ag airí an Aontais

    Dhírigh na hairí cosanta ar an ról ríthábhachtach a bhí ag na fórsaí armtha ag tacú le gníomhaithe sibhialtacha agus ag cur tacaíocht trasteorann ar fáil. Ina theannta sin, chuir siad i dtreis nach mór ullmhacht agus athléimneacht a neartú don am atá le teacht trí chleachtaí a dhéanamh, obair ar an gcibearshlándáil a neartú agus bagairtí hibrideacha a chomhrac, lena n-áirítear iarrachtaí a fheabhsú chun an bhréagaisnéis a chomhrac.

  • 2020

    12 Bealtaine

    Tábhacht na rochtana ar chógais le linn phaindéim COVID-19 curtha i dtreis ag na hairí sláinte

    Bhí físchomhdháil ag airí sláinte an Aontais chun plé a dhéanamh ar an rochtain ar chógais ar fud an Aontais i gcomhthéacs phaindéim COVID-19. Ina theannta sin, bhí deis ag na hairí le linn na díospóireachta a mbarúil a thabhairt i dtaca le straitéis chógaisíochta don Eoraip a chruthú.

  • 2020

    8 Bealtaine

    An Grúpa Euro tagtha ar chomhaontú faoi thacaíocht airgeadais éigeandála do thíortha an limistéir euro

    Tháinig na hairí airgeadais ar chomhaontú faoi ghnéithe agus téarmaí caighdeánaithe thíortha an limistéir euro chun rochtain a fháil ar Thacaíocht don Ghéarchéim Phaindéime ón Sásra Cobhsaíochta Eorpach (SCE). Is féidir leis na Ballstáit suas le 2 % dá OTI a fháil ar iasacht le híoc as costais, idir dhíreach agus neamhdhíreach, a bhaineann le cúram sláinte, leigheas agus cosc de bharr phaindéim COVID-19.

  • 2020

    8 Bealtaine

    a seasaimh maidir le bearta faoisimh i leith iompair comhaontaithe ag an gComhairle

    Tá an tAontas ag obair ar shraith beart práinneach chun cabhrú le cuideachtaí agus le húdaráis sna hearnálacha eitlíochta, iarnróid, bóithre agus loingseoireachta le go mbeidh siad ábalta tionchar ghéarchéim an choróinvíris a sheasamh.

    Chomhaontaigh ambasadóirí Bhallstáit an Aontais seasamh na Comhairle maidir le ceithre thogra reachtacha atá ceaptha solúbthacht a chur ar fáil, an t-ualach riaracháin a laghdú agus costais airgeadais a laghdú do ghnólachtaí iompair i gcomhthéacs ghéarchéim COVID-19.

  • 2020

    6 Bealtaine

    Athdhearbhaíonn an cruinniú mullaigh idir an tAontas Eorpach agus na Balcáin Thiar tiomantas an Aontais don chomhar sa chomhrac i gcoinne COVID-19

    Ag Cruinniú Mullaigh Shágraib idir an tAontas Eorpach agus na Balcáin tugadh le chéile na cinn stáit nó rialtais ó Bhallstáit an Aontais agus na ceannairí ó na sé chomhpháirtí sna Balcáin Thiar: an Albáin, an Bhoisnia agus an Heirseagaivéin, an tSeirbia, Montainéagró, Poblacht na Macadóine Thuaidh agus an Chosaiv*. Ghlac siad Dearbhú Shágraib, lena n-áirítear tiomantas athnuaite maidir le comhar chun paindéim COVID-19 a chomhrac le chéile, lena ndírítear ar thrí réimse:

    • cúnamh airgeadais le pacáiste ar fiú os cionn €3.3 billiún é chun leas chomhpháirtithe na mBalcán Thiar chun tacú leis an earnáil sláinte, leis an téarnamh sóisialta agus eacnamaíoch, agus chun cúnamh a chur ar fáil tríd an mBanc Eorpach Infheistíochta, chomh maith le cúnamh miocrairgeadais
    • comhar agus comhordú i bhfoirm soláthair chomhpháirtigh agus sreabhadh trádála neamhshrianta trealaimh phearsanta chosanta
    • aghaidh a thabhairt ar an mbréagaisnéis agus ar ghníomhaíochtaí hibrideacha eile

    * Ní dochar an t-ainmniú seo do sheasaimh maidir le stádas, agus tá sé ag teacht le Rún UNSC 1244/1999 agus le Tuairim CBI maidir le dearbhú neamhspleáchais na Cosaive.

    Freagairt an Aontais ar phaindéim an choróinvíris sna Balcáin Thiar: breis is €3.3 billiún curtha ar fáil ag an Aontas chun tacú leis na Balcáin Thiar déileáil le paindéim COVID-19.
    COVID-19: os cionn €3.3 billiún de thacaíocht do na Balcáin Thiar (Grafaic faisnéise)

    COVID-19: os cionn €3.3 billiún de thacaíocht do na Balcáin Thiar (Grafaic faisnéise)

  • 2020

    5 Bealtaine

    Pléann na hairí teileachumarsáide impleachtaí na géarchéime COVID-19 don earnáil

    Tháinig airí teileachumarsáide an Aontais le chéile trí fhíschomhdháil den chéad uair le linn na géarchéime seo chun an méid seo a leanas a phlé:

    • úsáid aipeanna rianaithe chun dul i ngleic leis an bpaindéim
    • ról na hearnála digití sa téarnamh iar-COVID-19, lena n-áirítear bearta le hinfheistíocht a spreagadh chun bonneagair dhigitigh nua fíor-ardacmhainneachta a chur ar fáil
  • 2020

    5 Bealtaine

    Bearta chun tacú le plean téarnaimh an Aontais pléite ag na h-airí fostaíochta agus gnóthaí sóisialta

    Tháinig airí an Aontais atá freagrach as an bhfostaíocht agus as gnóthaí sóisialta le chéile trí fhíschomhdháil chun an méid a leanas a phlé:

    • tionchar na ndúshlán déimeagrafach i bhfianaise ráig COVID-19 agus conas cabhrú leis na réigiúin sin san Aontas is mó atá thíos mar thoradh ar mheath ar an daonra
    • bearta maidir le margadh an tsaothair agus maidir leis an mbeartas sóisialta ar leibhéal an Aontais agus ar an leibhéal náisiúnta mar chuid de na hiarrachtaí le haghaidh téarnamh eacnamaíoch
  • 2020

    5 Bealtaine

    Pacáiste cúnaimh €3 bhilliún ceadaithe ag an gComhairle chun tacú le tíortha comharsanachta

    Ghlac an Chomhairle pacáiste €3 bhilliún i gcúnamh airgeadais do 10 gcomhpháirtithe comharsanachta de chuid an mhéadaithe. Cuirfear cistí ar fáil i bhfoirm iasachtaí a mbeidh téarmaí fíorfhabhracha ag baint leo chun cuidiú leo déileáil le hiarmhairtí eacnamaíocha phaindéim COVID-19, agus is mar seo a leanas a leithdháilfear iad:

    • An Albáin: €180 milliún
    • An Bhoisnia agus an Heirseagaivéin: €250 milliún
    • An tSeoirsia: €150 milliún
    • An Iordáin: €200 milliún
    • An Chosaiv*: €100 milliún
    • An Mholdóiv: €100 milliún
    • Montainéagró: €60 milliún
    • Poblacht na Macadóine Thuaidh: €160 milliún
    • An Túinéis: €600 milliún
    • An Úcráin: €1.2 billiún

    *Ní dochar an t-ainmniú seo do sheasaimh ar stádas, agus tá sé ag teacht le Rún 1244/1999 ó Chomhairle Slándála na Náisiún Aontaithe agus le tuairim na Cúirte Breithiúnais Idirnáisiúnta maidir le dearbhú neamhspleáchais na Cosaive.

  • 2020

    29 Aibreán

    A mbeidh de dhúshláin ag gabháil feasta le maolú na srianta pléite ag na hairí iompair

    Thionóil airí iompair an Aontais an dara físchomhdháil neamhfhoirmiúil maidir le himpleachtaí phaindéim COVID-19 don iompar. Phléigh siad na bearta a glacadh go dtí seo i gcoinne na paindéime agus chomhaontaigh siad nár mhór cur chuige comhordaithe AE a bheith i gceist leis an straitéis scoir. Ba dhíol sásaimh do na hairí an pacáiste nua de bhearta breise ón gCoimisiún Eorpach chun tionchar na géarchéime ar earnáil an iompair a mhaolú.

  • 2020

    28 Aibreán

    A thiomantas tacú le tíortha comhpháirtíochta athnuaite ag an Aontas ag cruinniú AE-G5 na Saiheile

    Ag deireadh fhíschomhdháil AE-G5 na Saiheile, d’athdhearbhaigh an tUachtarán Michel tiomantas an Aontais cabhrú le tíortha agus le pobail ar fud an domhain dul i ngleic le géarchéim COVID-19, i gcomhréir leis an Dearbhú Comhpháirteach ó chomhaltaí na Comhairle Eorpaí ar an 26 Márta 2020.

  • 2020

    28 Aibreán

    An staid mar atá mar aon leis an mbealach chun cinn ó thaobh deireadh a chur leis na bearta imshrianta pléite ag na hairí gnóthaí baile

    Bhí físchomhdháil ag airí an Aontais atá freagrach as gnóthaí baile chun staid na himeartha a phlé, mar aon leis an mbealach chun tosaigh ó thaobh freagairt ar COVID-19 i réimse na ngnóthaí baile. Phléigh siad an méid seo a leanas freisin:

    • cúrsaí tráchta a fheabhsú ag teorainneacha inmheánacha chun feidhmiú an mhargaidh inmheánaigh agus saorshreabhadh earraí a chinntiú
    • rialuithe ag teorainneacha inmheánacha a mhaolú nó deireadh a chur leo ar bhealach comhordaithe
    • obair i gcomhar chun an méadú ar an gcibearchoireacht a chomhrac, go háirithe maidir le díol earraí góchumtha agus scaipeadh na bréagnuachta
    • an ról atá ag aipeanna rianaithe teagmhála i leathadh an víris a rialú
  • 2020

    28 Aibreán

    Airí fuinnimh ar chomhaontú maidir le ról lárnach don earnáil fuinnimh i bplean téarnaimh an Aontais

    Tháinig airí an Aontais atá freagrach as cúrsaí fuinnimh le chéile trí fhíschomhdháil chun measúnú a dhéanamh ar na bearta a glacadh cheana chun ullmhacht san earnáil a atreisiú agus chun slándáil an tsoláthair a chinntiú. Phléigh siad freisin an rannchuidiú a d'fhéadfadh earnáil an fhuinnimh a dhéanamh maidir le téarnamh inbhuanaithe ón bpaindéim.

    D'aithin na hairí go bhfuil córas fuinnimh na hEorpa seasmhach agus nach bhfuil aon bhaol ann faoi láthair go gcuirfear isteach ar chórais soláthair fuinnimh, go háirithe dóibh siúd is mó atá i ngátar.

  • 2020

    27 Aibreán

    Iarmhairtí ráig COVID-19 ar earnáil na turasóireachta pléite ag na hairí turasóireachta

    Mhalartaigh na hairí turasóireachta eolas le chéile i dtaca leis na bearta faoisimh a glacadh go nuige seo ar an leibhéal náisiúnta chun tacú le hearnáil na turasóireachta – earnáil atá ar cheann díobh siúd is measa agus is mó atá buailte ag ráig COVID-19. Ina theannta sin, phléigh siad gníomhaíochtaí a d'fhéadfaí a dhéanamh amach anseo ar an leibhéal náisiúnta agus ar leibhéal an Aontais chun an earnáil a athshlánú go pras.

  • 2020

    23 Aibreán

    Ceannairí an Aontais chun tabhairt faoi obair a dhéanamh ar chiste téarnaimh

    D’fhormhuinigh ceannairí an Aontais, a tháinig le chéile le físchomhdháil, an pacáiste a chomhaontaigh an Grúpa Euro. Trí líontán sábhála d'oibrithe, do ghnólachtaí agus do Bhallstáit, ar fiú €540 billiún iad atá i gceist.

    Ina theannta sin, chuir na ceannairí de chúram ar an gCoimisiún togra le haghaidh ciste téarnaimh a cheapadh go beo. “Beidh méid leordhóthanach sa chiste seo, agus é spriocdhírithe ar na hearnálacha agus na limistéir gheografacha den Eoraip is mó atá buailte ,” a dúirt an tUachtarán Michel.

    Ba dhíol sásaimh do na cinn stáit nó rialtais an Treochlár Eorpach i dtreo bearta imshrianta COVID-19 a bhaint, a thíolaic an tUachtarán Michel agus an tUachtarán von der Leyen ar an 15 Aibreán.

    Ba dhíol sásaimh dóibh freisin an Treochlár Comhpháirteach don Téarnamh, ina sainítear ceithre phríomhréimse gníomhaíochta: an margadh aonair, iarrachtaí ollmhóra infheistíochta, gníomhaíocht dhomhanda an Aontais agus rialachas níos fearr. Leagtar amach ann freisin roinnt prionsabal tábhachtach, amhail an dlúthpháirtíocht, an comhtháthú agus an cóineasú.

  • 2020

    22 Aibreán

    Bearta glactha ag an gComhairle chun go bhféadfar úsáid sholúbtha a bhaint as cistí struchtúracha i ngéarchéim COVID-19

    Ghlac an Chomhairle pacáiste de bhearta chun níos mó solúbthachta a chinntiú maidir le húsáid chistí struchtúracha ionas go mbeidh na Ballstáit in ann freagairt go tapa agus go héifeachtach d'iarmhairtí eacnamaíocha agus sóisialta na ráige COVID-19. A bhuí leis an Tionscnamh Infheistíochta Breise mar Fhreagairt ar an gCoróinvíreas Plus, mar a thugtar air, beifear in ann an méid seo a leanas a dhéanamh:

    • beidh na Ballstáit in ann airgead a aistriú idir cistí éagsúla chun freastal ar a gcuid riachtanas
    • beifear in ann acmhainní a atreorú chuig na réigiúin is mó atá buailte, a bhuí le deireadh sealadach na gcoinníollacha ar a bhfuil na réigiúin i dteideal cistiú a fháil
    • beidh na Ballstáit in ann tacaíocht airgeadais suas le 100 % a iarraidh ó bhuiséad an Aontais don tréimhse idir an1 Iúil 2020 agus an 30 Meitheamh 2021 do chláir atá ag déileáil le tionchar na paindéime

    Seo é an dara gníomh reachtach taobh istigh de mhí ina leasaítear na rialacha maidir le húsáid chistí struchtúracha an Aontais mar fhreagairt ar an ngéarchéim.

  • 2020

    22 Aibreán

    Rialacha glactha ag an gComhairle chun cabhrú le hiascairí an Aontais

    Ghlac an Chomhairle rialacha nua a bhfuil sé mar aidhm leo an tionchar atá ag ráig COVID-19 ar earnáil an iascaigh agus an dobharshaothraithe a mhaolú. Leasófar, leis na rialacha nua sin, an rialachán maidir leis an gCiste Eorpach Muirí agus Iascaigh (CEMI) agus an rialachán maidir le comheagrú na margaí (CEM) laistigh den scéim cistiúcháin atá ann faoi láthair do 2014-2020.

    Ar chuid de na bearta a glacadh faoin rialachán leasaitheach, tá:

    • tacaíocht i ndáil le scor nó laghdú sealadach de ghníomhaíochtaí iascaireachta agus dobharshaothraithe
    • solúbthacht chun leas a bhaint as na cistí buiséadacha
    • tacaíocht i ndáil le táirgí iascaigh agus dobharshaothraithe a stóráil
  • 2020

    21 Aibreán

    Plé déanta ag na hairí spóirt ar an gcaoi le tacú le hearnáil an spóirt le linn phaindéim COVID-19

    Phléigh airí spóirt an Aontais conas tacú le hearnáil an spóirt, lúthchleasaithe agus cónaidhmeanna ar fud na hEorpa chun na dúshláin chasta atá ag eascairt as paindéim COVID-19 a shárú.

  • 2020

    16 Aibreán

    Plé déanta ag na hairí gnóthaí eacnamaíocha agus airgeadais ar chur chun feidhme na mbeart éigeandála

    Phléigh airí gnóthaí eacnamaíocha agus airgeadais an Aontais cur chun feidhme gasta na mbeart a comhaontaíodh chun dul i ngleic le tionchar socheacnamaíoch COVID-19. Gheall Uachtaránacht na Cróite go rachaidís ar aghaidh go gasta leis an gcaibidlíocht faoin togra ón gCoimisiún le haghaidh ionstraim shealadach chun rioscaí dífhostaíochta a mhaolú i gcás éigeandála (SURE).

    D'fhormhuinigh na hairí ráiteas chun tacú le cur i bhfeidhm solúbtha rialacha an Aontais in earnáil na baincéireachta, agus chun iarraidh ar na bainc staonadh ó dháileadh na ndíbhinní. Tháinig siad ar chomhaontú freisin faoi cheanglais faisnéise a shimpliú do thimthriall na bliana seo den Seimeastar Eorpach.

  • 2020

    16 Aibreán

    Plé déanta ag na hairí trádála maidir le tionchar COVID-19 ar an trádáil dhomhanda agus ar shlabhraí soláthair

    Bhí malartú tuairimí ag airí an Aontais atá freagrach as saincheisteanna trádála maidir le tionchar COVID-19 ar chaidreamh trádála agus ar shlabhraí luacha agus soláthair domhanda. Ina theannta sin, phléigh na hAirí an méid a leanas:

    • togra ón gCoimisiún Eorpach maidir le beart nua údaraithe onnmhairiúcháin i gcás trealamh cosanta pearsanta (TCP) áirithe
    • treoirlínte an Choimisiúin Eorpaigh maidir le scagadh ar Infheistíocht Dhíreach Choigríche (IDC)
  • 2020

    15 Aibreán

    Plé déanta ag na hairí sláinte ar chomhstraitéis scoir

    Thionóil airí sláinte an Aontais físchomhdháil chun an staid reatha agus na bearta a glacadh go dtí seo mar fhreagairt ar scaipeadh COVID-19 san Aontas a mheas. Bhí malartú tuairimí acu freisin faoi chomhstraitéis scoir chun na bearta srianta a mhaolú.

  • 2020

    15 Aibreán

    Treochlár Eorpach chun deireadh a chur de réir a chéile le bearta imshrianta COVID-19 á thíolacadh ag an Uachtarán Michel agus ag an Uachtarán von der Leyen

    Thíolaic an tUachtarán Michel agus an tUachtarán von der Leyen treochlár Eorpach chun bearta imshrianta COVID-19 a bhaint agus leag siad béim ar a riachtanaí atá sé tús a chur le plé straitéiseach maidir leis an bplean téarnaimh ag físchomhdháil na gceannairí ar an 23 Aibreán.

  • 2020

    14 Aibreán

    Plé déanta ag na hairí oideachais ar an mbealach is fearr chun tacaíocht a thabhairt d’fhoghlaimeoirí, do mhúinteoirí, do scoileanna agus do theaghlaigh

    Thionóil na hairí oideachais físchomhdháil faoin tionchar atá ag paindéim COVID-19 ar an oideachas. Dhírigh siad, go háirithe, ar na dúshláin agus ar na deiseanna a bhaineann leis an bhfoghlaim ar líne, ar conas measúnú, scrúduithe agus clárú a chinntiú, agus ar na bearta a dhéanfar amach anseo chun scoileanna agus institiúidí oiliúna a athoscailt go sábháilte de réir a chéile.

  • 2020

    14 Aibreán

    Cúnamh airgeadais d'iascairí an Aontais formheasta ag an gComhairle

    Chomhaontaigh ambasadóirí an Aontais an seasamh ón gComhairle maidir le togra lena leasófar an rialachán maidir leis an gCiste Eorpach Muirí agus Iascaigh (CEMID) agus an rialachán maidir le comheagrú na margaí (CEM).

    Tugtar isteach roinnt beart leis an togra chun tacaíocht airgeadais a chur ar fáil d’iascairí agus d’fheirmeoirí dobharshaothraithe an Aontais chun cabhrú leo na dúshláin eacnamaíocha arb í ráig COVID-19 is cúis leo a shárú.

  • 2020

    14 Aibreán

    € 3.1 billiún breise curtha ar fáil ag an Aontas chun dul i ngleic le géarchéim COVID-19

    Ghlac an Chomhairle dhá thogra, de réir an nós imeachta i scríbhinn, lena leasaítear buiséad an Aontais do 2020 d'fhonn € 3.1 billiún breise a chur ar fáil chun freagairt ar ghéarchéim COVID-19.

    Úsáidfear an t-airgead breise seo chun:

    • soláthairtí leighis, ar nós trealamh cosanta agus aerálaithe, a cheannach agus a dháileadh
    • táirgeadh na bhfearas tástála a mhéadú
    • ospidéil mhachaire a thógáil
    • othair a aistriú lena gcóireáil i mBallstáit eile
    • cabhrú chun saoránaigh an Aontais atá sáinnithe thar lear a thabhairt abhaile
  • 2020

    9 Aibreán

    Pacáiste tacaíochta €500 billiún molta ag an nGrúpa Euro

    Tháinig an Grúpa Euro le chéile trí fhíschomhdháil chun pacáiste de bhearta freagartha a ullmhú le cur faoi bhráid cheannairí an Aontais.

    Trí bheart slándála, a chuirfear i bhfearas láithreach bonn, d'oibrithe, do ghnólachtaí agus do na Ballstáit a mholtar sa tuarascáil. Ina theannta sin, ullmhaíonn sí an bealach do chiste téarnaimh chun an geilleagar a athsheoladh agus chun dlúthpháirtíocht an Aontais a áirithiú leis na Ballstáit sin is mó atá thíos le COVID-19.

    Uachtarán an Ghrúpa Euro, Mário Centeno
    Thángamar ar chomhaontú faoi thrí bheart slándála agus faoi phlean téarnaimh, chun a áirithiú go bhfásfaimid le chéile, agus ní óna chéile, a luaithe a bheidh an víreas seo curtha dínn againn. Cuireann na tograí seo lenár bhfóntacht airgeadais comhchoiteann agus lenár ndlúthpháirtíocht Eorpach.
    Uachtarán an Ghrúpa Euro, Mário Centeno
    Uachtarán an Ghrúpa Euro, Mário Centeno
  • 2020

    8 Aibreán

    Na hairí forbartha tagtha ar chomhaontú faoi phacáiste freagartha domhanda ar fiú € 20 billiún é a sheoladh

    Cheadaigh airí forbartha an Aontais pacáiste tacaíochta do thíortha comhpháirtíochta sa chomhrac i gcoinne phaindéim COVID-19 agus i gcoinne na n-iarmhairtí a bhaineann léi. Tiocfaidh an tacaíocht fhoriomlán airgeadais ar fiú breis agus € 20 billiún é ó na hacmhainní atá ann cheana don ghníomhaíocht sheachtrach.

  • 2020

    8 Aibreán

    Cead tugtha ag an gComhairle úsáid bhreise a bhaint as acmhainní comhtháthúcháin

    Chomhaontaigh an Chomhairle a seasamh maidir leis an dara pacáiste beart, an Tionscnamh Infheistíochta Breise mar Fhreagairt ar an gCoróinvíreas, chun níos mó airgid a chur ar fáil ó chistí struchtúracha an Aontais d’oibríochtaí a bhaineann le géarchéimeanna.

    Cuirtear solúbthacht bhreise ar fáil leis an togra maidir le húsáid na gcistí struchtúracha. Beidh na Ballstáit in ann airgead a aistriú idir cistí chun freagairt go tapa ar iarmhairtí eacnamaíocha agus sóisialta ráig COVID-19.

  • 2020

    7 Aibreán

    An tAontas gona Bhallstáit le dlús a chur le comhordú na n-iarrachtaí taighde

    Tháinig airí taighde agus nuálaíochta an Aontais le chéile trí fhíschomhdháil chun freagairt chomhordaithe ar ghéarchéim COVID-19 a phlé.

    Dhírigh siad ar na nithe seo a leanas:

    • maoiniú na dtionscadal Eorpach taighde agus nuálaíochta
    • comhroinnt sonraí agus bonneagair eolaíoch idir lárionaid taighde agus nuálaíochta
  • 2020

    6 Aibreán

    An tacaíocht atáthar a thabhairt don fhreagairt ar ghéarchéim COVID-19 agus na himpleachtaí a bheidh ann d’oibríochtaí míleata pléite ag na hairí cosanta

    Ag teacht le chéile dóibh le físchomhdháil, dhírigh airí cosanta an Aontais ar an gcúnamh atá á chur ar fáil ag lucht míleata le linn na géarchéime COVID-19, agus ar a bhfuil ag tarlú maidir le misin agus oibríochtaí míleata agus sibhialtacha an Aontais i dtríú tíortha. Léirigh siad samplaí dá chéile de na hiarrachtaí atá ar bun ag fórsaí armtha na mBallstát chun dul i ngleic leis an bpaindéim trí iompar agus tacaíocht lóistíochta a chur ar fáil, ospidéil a thógáil laistigh d'achar fíorghearr, a bhfoireann leighis a imscaradh, agus trí thacú leis na póilíní agus le seirbhísí náisiúnta eile.

  • 2020

    6 Aibreán

    Bearta i réimse an cheartais á bplé ag na hairí dlí agus cirt

    Bhí físchomhdháil ag airí an Aontais atá freagrach as saincheisteanna ceartais chun faisnéis a mhalartú faoi na bearta a thug na Ballstáit isteach i réimse an cheartais mar fhreagairt ar phaindéim COVID-19. Chomhaontaigh siad gur cheart go mbeadh aon bhearta urghnácha a dhéantar i gcomhréir le bunluachanna an Aontais.

  • 2020

    3 Aibreán

    An fhreagairt idirnáisiúnta ar COVID-19 pléite ag na hairí gnóthaí eachtracha

    I bhfíschomhdháil a raibh Ardionadaí an Aontais, Josep Borrell, ina chathaoirleach uirthi, dhírigh airí gnóthaí eachtracha an Aontais Eorpaigh ar an bhfreagairt idirnáisiúnta ar phaindéim COVID-19 agus ar shaoránaigh an Aontais a aisdúichiú. Tháinig siad ar chomhaontú maidir leis an tábhacht a bhaineann le cúnamh a thabhairt do thríú tíortha agus leis an mbréagaisnéis a chomhrac.

  • 2020

    30 Márta

    Bearta glactha ag an Aontas chun cistí comhtháthaithe a scaoileadh láithreach bonn

    Ghlac an tAontas reachtaíocht chun cistiú a scaoileadh go tapa ó bhuiséad an Aontais chun dul i ngleic le géarchéim COVID-19.

    Leis an reachtaíocht sin, leasaítear rialacha na gcistí struchtúracha agus infheistíochta chun freastal ar níos mó solúbthachta agus ar scaoileadh €37 mbilliún le haghaidh an Tionscnaimh Infheistíochta mar Fhreagairt ar an gCoróinvíreas.

    Leasaigh an tAontas freisin raon feidhme Chiste Dlúthpháirtíochta an Aontais chun éigeandálaí sláinte phoiblí a áireamh de bhreis ar thubaistí nádúrtha.

  • 2020

    30 Márta

    Tarscaoileadh sliotán glactha ag an Aontas Eorpach chun cabhrú le haerlínte

    Chuir an tAontas na ceanglais maidir le sliotáin aerfoirt ar fionraí. Is ceanglais iad a chuireann oibleagáid ar na haerlínte 80% ar a laghad dá sliotáin éirí de thalamh agus tuirlingthe a úsáid más mian leo iad a choinneáil an bhliain dár gcionn. Ceapadh an tarscaoileadh sliotán chun cabhrú le haeriompróirí déileáil leis an titim ollmhór san aerthrácht mar thoradh ar ráig COVID-19.

    Beidh feidhm ag an tarscaoileadh ón 1 Márta go dtí an 24 Deireadh Fómhair 2020. Beidh feidhm chúlghabhálach aige freisin ón 23 Eanáir go dtí an 29 Feabhra 2020 maidir le heitiltí idir an tAontas agus an tSín nó idir an tAontas agus Hong Cong. Is é an 23 Eanáir 2020 an dáta tosaigh – an dáta ar dhún údaráis na Síne an chéad aerfort.

  • 2020

    26 Márta

    An tríú físchomhdháil ar COVID-19 ag comhaltaí na Comhairle Eorpaí

    Ag teacht le chéile dóibh trí fhíschomhdháil, bhreathnaigh comhaltaí na Comhairle Eorpaí ar fhreagairt an Aontais ar phaindéim COVID-19 go dtí seo. Maidir leis an bhfreagairt ar dhrochiarmhairtí eacnamaíocha na paindéime, d’iarr siad ar an nGrúpa Euro tograí a chur i láthair faoi cheann coicíse.

  • 2020

    26 Márta

    Físchomhdháil urghnách de cheannairí G20 ar phaindéim COVID-19

    D’fhreastail an tUachtarán Michel agus an tUachtarán von der Leyen ar an bhfíschomhdháil urghnách de G20 chun an fhreagairt dhomhanda ar phaindéim COVID-19 a phlé.

  • 2020

    25 Márta

    Cé mar is féidir dul i ngleic le tionchar diúltach COVID-19 pléite ag na hairí talmhaíochta agus iascaigh

    Thionóil na hairí sin de chuid an Aontais a bhfuil freagracht orthu as cúrsaí talmhaíochta agus iascaigh físchomhdháil, á hóstáil ag Uachtaránacht na Cróite, chun faisnéis a roinnt idir na Ballstáit agus institiúidí an Aontais. Phléigh siad freisin bearta chun tacú le hearnálacha na talmhaíochta agus an iascaigh agus chun suaitheadh sa táirgeadh agus sa soláthar a chosc.

  • 2020

    24 Márta

    Déanann an Grúpa Euro measúnú ar an bhfreagairt ar COVID-19

    Thug an Grúpa Euro dá aire na bearta go léir a glacadh ar an leibhéal náisiúnta agus ar leibhéal an Aontais chun dul i ngleic le COVID-19. Phléigh na hairí freisin tuilleadh freagairtí beartais atá á scrúdú ag institiúidí an Aontais, lena n-áirítear úsáid a bhaint as an Sásra Cobhsaíochta Eorpach (SCE).

    Mário Centeno, Uachtarán an Ghrúpa Euro
    Tá bearta cinntitheacha á nglacadh ag rialtais agus ag institiúidí san Aontas Eorpach. [...] tá méadú soiléir tagtha ar ár bhfreagairt fhioscach. In aon seachtain amháin, tá méid iomlán na mbeart fioscach ar an leibhéal náisiúnta tar éis dúbailt agus meastar gurb ionann é agus 2 % de OTI faoin dtráth seo. Cuireadh go mór le scéimeanna tacaíochta leachtachta do ghnólachtaí agus d’oibrithe ó 10% go níos mó ná 13 % deOTI.
    Mário Centeno, Uachtarán an Ghrúpa Euro
    Mário Centeno, Uachtarán an Ghrúpa Euro
  • 2020

    23 Márta

    Airí airgeadais tagtha ar chomhaontú maidir le rialacha fioscacha an Aontais a mhaolú i bhfianaise COVID-19

    Chinn airí eacnamaíochta agus airgeadais an Aontais a oiread solúbthachta is féidir a chur i bhfeidhm maidir le creat fioscach an Aontais. Is é is aidhm leis an mbeart a chinntiú go mbeidh na Ballstáit in ann gach beart is gá a dhéanamh chun tacú le córais sláinte agus cosanta sibhialta agus leis an ngeilleagar.

  • 2020

    23 Márta

    Pléann na hairí gnóthaí eachtracha an fhreagairt idirnáisiúnta ar COVID-19 agus aisdúichiú shaoránaigh an Aontais

    Bhí malartú tuairimí ag na hairí maidir leis an bhfreagairt idirnáisiúnta ar phaindéim COVID-2019, agus leagadh béim faoi leith ar aisdúichiú shaoránaigh an Aontais atá sáinnithe thar lear.

    Chomh maith leis sin, phléigh na hairí an bealach le dlús a chur leis an gcomhar idirnáisiúnta agus leis an dlúthpháirtíocht chun tacú leis na tíortha is leochailí. Cháin siad an iarracht míchlú a tharraingt ar an Aontas Eorpach, trí bhréagaisnéis agus trí stiogmatú shaoránaigh an Aontais agus iad thar lear, sa mhéid a bhaineann le ráig COVID-19.

  • 2020

    20 Márta

    A seasamh comhaontaithe ag an gComhairle maidir leis na ceanglais a bhaineann le sliotáin a chur ar fionraí chun cabhrú le haerlínte

    A seasamh comhaontaithe ag an gComhairle maidir le togra chun cabhrú le haeriompróirí déileáil leis an laghdú mór atá tagtha ar an éileamh mar gheall ar ráig COVID-19 agus na bearta chun srian a choinneáil uirthi.

    Cuirfidh an tarscaoileadh na ceanglais maidir le sliotáin aerfoirt ar fionraí go sealadach, ar ceanglais iad a chuireann oibleagáid ar na haerlínte 80%, ar a laghad, dá sliotáin éirí de thalamh agus tuirlingthe a úsáid más uathu iad a bheith acu an bhliain dár gcionn.

  • 2020

    21 Nollaig

    An chéad vacsaín COVID-19 údaraithe le húsáid san Aontas

    Thug an tAontas údarú margaíochta coinníollach do vacsaín COVID-19 a d’fhorbair BioNTech agus Pfizer, rud a fhágann gurb í an chéad vacsaín COVID-19 a údaraíodh san Aontas. Tagann an t-údarú seo sna sála ar mholadh eolaíoch dearfach bunaithe ar mheasúnú críochnúil a rinne an Ghníomhaireacht Leigheasra Eorpach ar shábháilteacht, éifeachtacht agus cáilíocht na vacsaíne.

  • 2020

    19 Márta

    Plé déanta ag airí an Aontais faoi iarmhairtí sóisialta agus fostaíochta COVID-19

    Phléigh airí an Aontais na dúshláin fostaíochta agus shóisialta atá os comhair an Aontais agus an domhain, mar thoradh ar ráig COVID-19. Bhí malartú tuairimí acu agus roinn siad an taithí a bhí acu maidir le módúlachtaí na géarchéime a shárú. Chuir na hairí a seasaimh agus a bpleananna i láthair maidir le cistí an Aontais a ath-leithdháileadh do thionscnaimh nua, agus aird á tabhairt ar an togra ón gCoimisiún maidir leis an Tionscnamh Infheistíochta um Fhreagairt ar an gCoróinvíreas.

  • 2020

    18 Márta

    Cead tugtha ag an gComhairle tacaíocht a fháil ó bhuiséad an Aontais

    Tháinig an Chomhairle ar chomhaontú faoina seasamh maidir le tograí reachtacha lena saorfar cistí ó bhuiséad an Aontais do 2020 chun dul i ngleic le héifeachtaí ráig COVID-19. I bhfianaise phráinn na staide, formheasadh an dá thogra gan aon leasú.

    Tacóidh na bearta nua le FBManna agus cuirfear leis an infheistíocht i dtáirgí agus seirbhísí atá riachtanach chun freagairt na seirbhísí sláinte ar an ngéarchéim a neartú.

  • 2020

    18 Márta

    Ballstáit an Aontais ag obair as lámh a chéile chun an trácht tosaíochta a choinneáil ag bogadh

    Chomhaontaigh airí iompair an Aontais, in éineacht leis an gCoimisiún Eorpach, oibriú go dlúth le chéile chun gur lú is féidir a chuirfear isteach ar thrácht, go háirithe i gcás an lastais shár-riachtanaigh. D'aontaigh siad gur gá cur chuige comhordaithe a bheith ann maidir leis an mbealach is fearr chun leanúnachas eacnamaíoch a áirithiú, sláinte agus sábháilteacht oibrithe iompair agus a saorghluaiseacht thar theorainneacha a chosaint, agus díriú ag an am céanna ar ráig COVID-19 a shrianadh.

  • 2020

    17 Márta

    An dara físchomhdháil ar COVID-19 tionólta ag comhaltaí na Comhairle Eorpaí

    Rinne comhaltaí na Comhairle Eorpaí plé leantach, trí fhíschomhdháil, ar ghníomhaíochtaí an Aontais mar fhreagairt ar ráig COVID-19, agus iad ag díriú go háirithe ar na nithe seo a leanas:

    • teorainn a chur le leathadh an víris
    • soláthar trealaimh leighis a chinntiú, go háirithe maidir le maisc agus análaitheoirí
    • taighde a chur chun cinn, taighde vacsaíne san áireamh
    • dul i ngleic leis na hiarmhairtí socheacnamaíocha
    • cabhrú le saoránaigh den Aontas atá sáinnithe i dtríú tíortha

    Chomhaontaigh na ceannairí na teorainneacha seachtracha a neartú trí shrianadh comhordaithe sealadach a chur i bhfeidhm ar thaisteal neamh-bhunriachtanach chuig an Aontas ar feadh tréimhse 30 lá.

    Charles Michel, Uachtarán na Comhairle Eorpaí
    D'athdhearbhaíomar gur gá oibriú as láimh a chéile agus gach ní is gá a dhéanamh chun dul i ngleic leis an ngéarchéim agus le hiarmhairtí na géarchéime sin. Tugtar tús áite do shláinte ár saoránach.
    Charles Michel, Uachtarán na Comhairle Eorpaí
    Charles Michel, Uachtarán na Comhairle Eorpaí
  • 2020

    16 Márta

    Freagairt uaillmhianach chomhordaithe beartais leagtha amach ag an nGrúpa Euro

    Thug an Grúpa Euro dá aire an staid eacnamaíoch agus ghlac siad ráiteas faoin bhfreagairt ar ráig COVID-19 sa mhéid a bhaineann leis an mbeartas eacnamaíoch.

    Mário Centeno, Uachtarán an Ghrúpa Euro
    Cosnóimid ár saoránaigh agus ár n-airgeadra, cibé rud a tharlóidh agus le gach acmhainn dá bhfuil againn. Níl teorainn lenár dtiomantas tacaíocht a chur ar fáil in am seo an ghátair.
    Mário Centeno, Uachtarán an Ghrúpa Euro
    Mário Centeno, Uachtarán an Ghrúpa Euro
  • 2020

    16 Márta

    Ceannairí G7 ag comhordú chun tabhairt faoin ngéarchéim domhanda

    Thionóil ceannairí G7 físchomhdháil chun an fhreagairt dhomhanda ar ráig COVID-19 a chomhordú. Gheall siad go n-oibreoidís le chéile chun an méid seo a leanas a dhéanamh:

    • comhordú a dhéanamh ar bhearta riachtanacha sláinte poiblí chun daoine atá i mbaol COVID-19 a chosaint
    • muinín agus fás a thabhairt ar ais, chomh maith le poist a chosaint
    • tacú le trádáil agus infheistíocht dhomhanda
    • comhar eolaíochta, taighde agus teicneolaíochta a spreagadh
    An t-éilliú a shrianadh, a mhéid is féidir, an chloch is mó ar an bpaidrín ionas go mbeidh córais chúraim sláinte na mBallstát in ann ullmhú don mhéid atá le teacht sna laethanta agus sna seachtainí atá amach romhainn. Charles Michel, Uachtarán na Comhairle Eorpaí

    Tar éis fhíschomhdháil cheannairí G7, d'iarr an tUachtarán Michel agus an tUachtarán von der Leyen go gcuirfí srian ar aon taisteal neamhriachtanach chuig an Aontas.

  • 2020

    12 Márta

    Pléann na hairí oideachais impleachtaí COVID-19 ar an oideachas agus ar an oiliúint

    Rinne airí oideachais an Aontais measúnú ar an staid reatha agus chomhaontaigh siad gur tosaíocht é sábháilteacht na ndaltaí scoile, na mac léinn agus na foirne. Mhalartaigh siad faisnéis maidir leis na bearta a glacadh i ngach Ballstát ó thaobh na sábháilteachta agus ó thaobh a áirithiú go leanfar den fhoghlaim.

  • 2020

    10 Márta

    Glao comhdhála tionólta ag Uachtarán na Comhairle Eorpaí le comhaltaí na Comhairle Eorpaí

    Thionóil Uachtarán na Comhairle Eorpaí glao comhdhála le comhaltaí eile na Comhairle Eorpaí chun comhordú a dhéanamh ar iarrachtaí an Aontais freagairt ar ráig COVID-19. Ghlac Uachtarán an Choimisiúin, Ursula von der Leyen, Uachtarán an Bhainc Ceannais Eorpaigh, Christine Lagarde, Uachtarán an Ghrúpa Euro, Mario Centeno, agus an tArdionadaí Josep Borrell páirt sa phlé freisin.

    Le linn an chruinnithe, shainaithin na ceannairí ceithre thosaíocht:

    • teorainn a chur le leathadh an víris
    • soláthar trealamh leighisa chinntiú
    • taighde a chur chun cinn, taighde vacsaíne san áireamh
    • dul i ngleic leis na hiarmhairtí socheacnamaíocha
    Charles Michel, Uachtarán na Comhairle Eorpaí
    Chomhaontaigh na Ballstáit gurb í sláinte ár saoránach an chéad tosaíocht, agus gur cheart gach beart a bheith bunaithe ar chomhairle eolaíochta agus ar chomhairle leighis. Ní mór na bearta a bheith comhréireach ionas nach mbeidh iarmhairtí iomarcacha acu ar ár sochaithe ina n-iomláine.
    Charles Michel, Uachtarán na Comhairle Eorpaí
    Charles Michel, Uachtarán na Comhairle Eorpaí
  • 2020

    4 Márta

    Tionchar COVID-19 ar an ngeilleagar pléite ag an nGrúpa Euro

    Bhí glao comhdhála ag an nGrúpa Euro in éineacht le baill nach bhfuil sa limistéar euro chun an cor is déanaí agus an tionchar a bheadh ag ráig COVID-19 ar mhargaí airgeadais agus ar an ngeilleagar i gcoitinne a mheas.

    D'athdhearbhaigh na hairí a dtiomantas chun freagairtí a chomhordú agus go bhfuil siad réidh na huirlisí iomchuí beartais uile a úsáid chun fás láidir, inbhuanaithe a bhaint amach.

    Déanfar gach iarracht agus is gá chun an galar a choinneáil faoi smacht, seirbhísí sláinte agus córais cosanta sibhialta a chur ar fáil chun tacú leis na daoine sna ceantair is mó atá buailte agus chun ár ngeilleagair a chosaint i gcoinne damáiste breise. Mário Centeno, Uachtarán an Ghrúpa Euro, 4 Márta 2020
  • 2020

    6 Márta

    An dara cruinniú urghnách de chuid na n-airí sláinte ag an gComhairle chun an cor is déanaí a phlé

    Bhí malartú tuairimí ag airí an Aontais maidir leis an mbealach is fearr chun freagairt chomhordaithe a thabhairt ar an ráig COVID-19 atá san Aontas faoi láthair, ráig atá tagtha chun cinn go gasta.

    D'aontaigh na hairí go bhfuil sé tábhachtach an méid seo a leanas a dhéanamh d'fhonn an ráig COVID-19 a chomhrac:

    • feasacht a mhéadú a thuilleadh maidir le COVID-19
    • cosaint na ndaoine atá i mbaol a neartú
    • bearta srianta a bhunú, comhairle fhianaisebhunaithe maidir le taisteal chuig agus ó réimsí riosca ina measc
    Is í cosaint na sláinte poiblí an tosaíocht is mó atá againn. Bhí freagairt an Aontais ar an ráig agus an comhar idir na páirtithe uile an-mhaith, ach tá athrú tagtha ar chúrsaí. Léiríodh sa díospóireacht a bhí againn go bhfuil na Ballstáit réidh chun a bhfreagairt a oiriúnú, chun a gcomhar a neartú agus chun tabhairt faoi na bearta iomchuí chun díriú ar chosc agus ar chóireáil araon. Vili Beroš, Aire Sláinte na Cróite
  • 2020

    2 Márta

    Mód gníomhachtaithe iomláin IPCR curtha i bhfearas ag uachtaránacht na Comhairle

    Agus cúrsaí ag dul in olcas agus i bhfianaise na hearnálacha éagsúla atá buailte (an tsláinte, na consalacha, an chosaint shibhialta, an geilleagar), chuir an uachtaránacht mód iomlán shásra IPCR i bhfearas.

    Agus an mód gníomhachtaithe iomlán i bhfearas is féidir cruinnithe comhchéime a tionól le rannpháirtíocht na bpáirtithe seo a leanas:

    • na Ballstáit lena mbaineann
    • an Coimisiún Eorpach
    • an tSeirbhís Eorpach Gníomhaíochta Seachtraí
    • oifig Uachtarán na Comhairle Eorpaí
    • gníomhaireachtaí agus saineolaithe ábhartha an Aontais
  • 2020

    27 Feabhra

    Airí iomaíochais ag féachaint ar thionchar COVID-19 ar thionscal an Aontais

    Roinn an Coimisiún Eorpach leis an gComhairle a chéad mheasúnú ar an tionchar a d’fhéadfadh a bheith ag ráig COVID-19 ar thionscal an Aontais. Tharraing an Coimisiún aird na mBallstát ar a thábhachtaí atá sé eolas criticiúil a roinnt agus aon bhearta a dhéantar ar leibhéal an Aontais a chomhordú.

  • 2020

    21 Feabhra

    Méadú ar líon na gcásanna de COVID-19 san Aontas

    Cláraíodh méadú suntasach ar líon na gcásanna de COVID-19 i dtuaisceart na hIodáile. Ag an am céanna, thuairiscigh roinnt mhaith Ballstáit eile de chuid an Aontais cásanna de dhaoine a raibh an galar orthu.

  • 2020

    13 Feabhra

    Conclúidí glactha ag an gComhairle Sláinte Urghnách maidir le COVID-19

    Conclúidí glactha ag airí sláinte an Aontais maidir le COVID-19 lena n-iarrtar ar an gCoimisiún Eorpach an méid seo a leanas a dhéanamh:

    • leanúint de chomhordú a dhéanamh ar mheasúnú riosca agus treoir a thabhairt maidir le comhairle taistil
    • an ullmhacht a mhéadú má ghéaraíonn an ráig go dtí an chéad chéim eile
    • na sásraí cistiúcháin atá ann cheana a chur i ngníomh chun tacú le hullmhacht na mBallstát
    • an tacaíocht don Choiste Slándála Sláinte a neartú
  • 2020

    7 Feabhra

    Físchomhdháil ardleibhéil neamhfhoirmiúil ag airí sláinte an Aontais

    D’eagraigh Uachtaránacht na Cróite físchomhdháil ardleibhéil neamhfhoirmiúil. Rinne na Ballstáit, ionadaithe ón gCoimisiún Eorpach agus ionadaithe ón Lárionad Eorpach um Ghalair a Chosc agus a Rialú (ECDC) athbhreithniú ar staid na himeartha maidir le ráig an choróinvíris.

  • 2020

    28 Eanáir

    IPCR curtha i bhfearas ag uachtaránacht na Comhairle sa mhód comhroinnte faisnéise

    Chinn Uachtaránacht na Cróite sásra comhtháite an Aontais i leith freagairt pholaitiúil ar ghéarchéim (IPCR) a chur i bhfearas sa mhód comhroinnte faisnéise.

    Is é IPCR creat an Aontais chun géarchéimeanna trasearnálacha a chomhordú. Trí bhíthin an tsásra sin, déanann uachtaránacht na Comhairle freagairt pholaitiúil a chomhordú i gcás géarchéime ar an leibhéal is airde.

    Déantar tuarascálacha rialta maidir le feasacht agus anailís ar an suíomh ón gCoimisiún agus ón tSeirbhís Eorpach Gníomhaíochta Seachtraí a chur ar fáil agus a roinnt leis na Ballstáit trí ardán gréasáin faoi leith.

  • 2019

    Nollaig

    Tuairiscíodh ráig den choróinvíreas nua in Wuhan na Síne

    Cláraíodh ráig den choróinvíreas nua i mbardas Wuhan na Síne, agus scaip sé go gasta go réigiúin eile sa tSín agus ar domhan. Ina dhiaidh sin, rinne an Eagraíocht Dhomhanda Sláinte coróinvíreas nua a aithint go hoifigiúil mar SARS-CoV-2 agus tugadh COVID-19 ar an ngalar.

An t-athbhreithniú deireanach: an 27 Meitheamh 2023