Timeline - Excessive deficit procedure
-
2026
10 IúilTús curtha ag an gComhairle leis an nós imeachta um easnamh iomarcach don Bhulgáir
An 10 Iúil 2026, d’iarr an Chomhairle nós imeachta um easnamh iomarcach i gcoinne na Bulgáire, i bhfianaise easnamh rialtais réamh-mheasta na tíre dar méid 4.1% de OTI in 2026.
Sa mholadh uaithi, sonraíonn an Chomhairle gur cheart don Bhulgáir, dá bhrí sin, gníomhaíocht éifeachtach a dhéanamh agus na bearta is gá a thíolacadh faoin 15 Deireadh Fómhair 2026 chun a heasnamh a laghdú.
-
2026
12 MeitheamhClabhsúr curtha ag an gComhairle ar an nós imeachta um easnamh iomarcach a bhaineann le Málta
Chinn an Chomhairle deireadh a chur leis an nós imeachta um easnamh iomarcach a bhaineann le Málta.
Tá údar le cinneadh na Comhairle an nós imeachta um easnamh iomarcach do Mhálta - a osclaíodh den chéad uair in 2024 - a dhúnadh nó a aisghairm ós rud é gur éirigh leis an tír a easnamh rialtais ghinearálta a laghdú go marthanach go dtí faoi bhun 3% de OTI.
Faoi láthair, tá naoi mBallstát eile faoi réir nós imeachta um easnamh iomarcach: an Ostair, an Bheilg, an Fhionlainn, an Fhrainc, an Iodáil, an Ungáir, an Pholainn, an tSlóvaic agus an Rómáin.
-
2026
20 EanáirTús curtha ag an gComhairle leis an nós imeachta um easnamh iomarcach don Fhionlainn
D’oscail an Chomhairle nós imeachta um easnamh iomarcach don Fhionlainn. Tá údar leis an gcinneadh i bhfianaise easnamh buiséid 4.4 % na Fionlainne in 2024 agus an easnaimh buiséid 4.3 % atá beartaithe in 2025.
Sa mholadh uaithi, sonraíonn an Chomhairle gur cheart don Fhionlainn, gníomhaíocht éifeachtach a dhéanamh agus na bearta is gá a thíolacadh chun a heasnamh a laghdú faoin 30 Aibreán 2026.
-
2025
8 IúilTús curtha ag an gComhairle le nós imeachta nua um easnamh iomarcach don Ostair agus athbhreithniú déanta aici ar an gconair cheartaitheach don Rómáin
Chuir an Chomhairle tús le nós imeachta nua um easnamh iomarcach don Ostair agus rinne sí athbhreithniú ar chonair ghlanchaiteachais na Rómáine ós rud é nach ndearnadh gníomhaíocht éifeachtach faoina nós imeachta um easnamh iomarcach, ar cuireadh tús leis ar dtús in 2020.
Tá údar le cinneadh na Comhairle tús a chur le nós imeachta um easnamh iomarcach i gcoinne na hOstaire i bhfianaise easnamh 4.7% i mbuiséad na hOstaire in 2024.
Leanann an moladh athbhreithnithe ón gComhairle don Rómáin faoin nós imeachta um easnamh iomarcach atá ar siúl faoi láthair an cinneadh ón gComhairle an 20 Meitheamh 2025 lena mbunaítear nach ndearna an Rómáin gníomhaíocht éifeachtach mar fhreagairt ar mholtaí a rinne an Chomhairle roimhe seo faoin nós imeachta um easnamh iomarcach.
-
2025
20 MeitheamhDul chun cinn atá déanta ag an mBeilg agus ag an Rómáin faoin nós imeachta um easnamh iomarcach
D’fhormheas an Chomhairle cinneadh lena ndearbhaítear nach ndearna an Rómáin gníomhaíocht éifeachtach mar fhreagairt ar na moltaí ón gComhairle i mí Eanáir 2025. D'ardaigh glanchaiteachas na Rómáine i bhfad níos tapúla ná mar a moladh, rud is cúis le heasnamh rialtais atá ard i gcónaí agus a laghdaíonn an dóchúlacht go gceartófar easnamh iomarcach na Rómáine go tráthúil faoi 2030.
Ghlac na hairí moladh athbhreithnithe freisin don Bheilg deireadh lena heasnamh iomarcach faoi 2029.
-
2025
18 FeabhraMoladh glactha ag an gComhairle i leith na hUngáire atá faoin nós imeachta um easnamh iomarcach
An 18 Feabhra 2025, mhol an Chomhairle gur cheart don Ungáir deireadh a chur le staid an easnaimh iomarcaigh faoi 2026.
Ba cheart don Ungáir a chinntiú nach mó ráta fáis ainmniúil an ghlanchaiteachais ná 4.3% in 2025 ná 4.0% in 2026. Tá sin i gcomhréir le cuspóirí na hUngáire, a chuirtear in iúl ina plean fioscach-struchtúrach meántéarmach.
-
2025
12 EanáirMoltaí glactha ag an gComhairle do thíortha atá faoi réir an nós imeachta um easnamh iomarcach
An 21 Eanáir 2025, ghlac an Chomhairle moltaí do na seacht mBallstát a leanas atá faoi réir an nós imeachta um easnamh iomarcach: an Bheilg, an Fhrainc, an Iodáil, Málta, an Pholainn, an Rómáin agus an tSlóvaic.
Tá conair bhuiséadach cheartaitheach, léirithe i dtéarmaí uimhriúla, agus spriocdháta do gach Ballstát sna moltaí.
Mhol an Chomhairle an méid seo a leanas:
- ba cheart go gcuirfeadh an Bheilg deireadh le staid an easnaimh iomarcaigh faoi 2027
- ba cheart go gcuirfeadh an Fhrainc deireadh le staid an easnaimh iomarcaigh faoi 2029
- ba cheart go gcuirfeadh an Iodáil deireadh le staid an easnaimh iomarcaigh faoi 2026
- ba cheart go gcuirfeadh Málta deireadh le staid an easnaimh iomarcaigh faoi 2027
- ba cheart go gcuirfeadh an Pholainn deireadh le staid an easnaimh iomarcaigh faoi 2028
- ba cheart go gcuirfeadh an Rómáin deireadh le staid an easnaimh iomarcaigh faoi 2030
- ba cheart go gcuirfeadh tSlóvaic deireadh le staid an easnaimh iomarcaigh faoi 2027
-
2024
26 IúilNósanna imeachta maidir le heasnamh iomarcach seolta ag an gComhairle i gcoinne seacht mBallstát
Ghlac an Chomhairle cinntí lena mbunaítear go bhfuil easnaimh iomarcacha ann don Bheilg, don Fhrainc, don Ungáir, don Iodáil, do Mhálta, don Pholainn agus don tSlóvaic.
Shuigh sí freisin go bhfanfaidh an nós imeachta um easnamh iomarcach don Rómáin ar oscailt, ós rud é go bhfuil an tír faoin nós imeachta um easnamh iomarcach ó 2020 i leith agus nach bhfuil gníomhaíocht éifeachtach déanta aici chun a heasnamh a cheartú.
Iarrfar ar an gComhairle moltaí a ghlacadh a bheidh dírithe ar na Ballstáit chun gníomhaíocht éifeachtach a dhéanamh chun a n-easnamh a cheartú laistigh de thréimhse áirithe ama.
-
2024
16 IúilThe Council exchanged views on the opening of new excessive deficit procedures
The Commission presented its proposals for Council decisions on the opening of an excessive deficit procedure for seven member states: Belgium, France, Italy, Hungary, Malta, Poland and Slovakia. This was followed by an exchange of views by ministers.
The Council also discussed a Commission recommendation for a Council decision on Romania, which is under an excessive deficit procedure since 2020 and has not taken effective action to remedy this situation.
The Council will be invited to adopt the decisions by the end of July 2024.
-
2024
19 MeitheamhTuarascáil maidir leis na Ballstáit a raibh easnamh iomarcach acu in 2023
Chuir an Coimisiún Pacáiste Earraigh Sheimeastar Eorpach 2024 faoi bhráid na Comhairle.
Shainaithin an Coimisiún freisin na Ballstáit a raibh easnamh rialtais ghinearálta iomarcach acu in 2023.
An t-athbhreithniú deireanach: an 10 Iúil 2026