Skip to content
  • An Chomhairle Gnóthaí Eacnamaíocha agus Airgeadais

An Chomhairle Gnóthaí Eacnamaíocha agus Airgeadais, 21 Meitheamh 2024

Na príomhthorthaí

Fogha na Rúise faoin Úcráin

Bhí seisiún tuairimíochta ag an gComhairle maidir le staid imeartha thionchar eacnamaíoch agus airgeadais fhogha na Rúise faoin Úcráin.

Cuireadh na hairí ar an eolas faoin staid eacnamaíoch agus bhuiséadach san Úcráin agus faoi chur chun feidhme na Saoráide don Úcráin. Is í an tSaoráid don Úcráin, lena mbaineann acmhainneacht €50 billiún, an phríomhbhealach faoi láthair chun maoiniú a chur ar fáil don Úcráin. Ghlac Serhiy Marchenko, Aire Airgeadais na hÚcráine, páirt sa phlé trí ghlao físe.

Phléigh na hairí freisin an cinneadh is déanaí ó G7 tuairim is $50 billiún a chur ar fáil ó 2025 ar aghaidh tríd an ioncam urghnách a eascraíonn as blocáil sócmhainní ceannasacha na Rúise a ghiaráil.

Thug na hairí dá n-aire gur gá an cinneadh sin a chur i ngníomh d’fhonn eisíocaíochtaí a cheadú roimh dheireadh na bliana. Thug an Uachtaránacht sainordú don Choiste Eacnamaíoch agus Airgeadais an obair ar an gcoincheap a chur chun cinn, agus í ag feitheamh ar thograí ón gCoimisiún.

<p>Vincent Van Peteghem, Leas-Phríomh-Aire agus Aire Airgeadais na Beilge</p>

Seasann an tAontas leis an Úcráin i gcónaí. Tá cinneadh tábhachtach déanta ag ceannairí G7 an t-ioncam a eascraíonn as blocáil sócmhainní na Rúise a úsáid chun tacú leis an Úcráin. Bhí an chéad phlé againn an 21 Meitheamh faoin gcaoi a gcuirfidh an tAontas an cúram tábhachtach sin i ngníomh. Ina dhiaidh sin, beidh plé eile ar leibhéal na gceannairí ag an gComhairle Eorpach an tseachtain seo chugainn agus bunaithe ar an gcéad treoir sin, déanfar an obair theicniúil go pras ina dhiaidh sin. Tá an tAontas tiomanta go hiomlán don phróiseas sin.

<p>Vincent Van Peteghem, Leas-Phríomh-Aire agus Aire Airgeadais na Beilge</p>

Vincent Van Peteghem, Leas-Phríomh-Aire agus Aire Airgeadais na Beilge

An Seimeastar Eorpach

Chuir an Coimisiún Pacáiste Earraigh Sheimeastar Eorpach 2024 faoi bhráid na Comhairle. Áirítear sa phacáiste moltaí tírshonracha, lena dtugtar treoir do na Ballstáit maidir lena mbeartais eacnamaíocha, shóisialta, fostaíochta, struchtúracha agus mhaicreacnamaíocha, agus measúnú ar mhíchothromaíochtaí maicreacnamaíocha na mBallstát.

Shainaithin an Coimisiún freisin na Ballstáit a raibh easnamh rialtais ghinearálta iomarcach acu in 2023. Thug na hairí dá n-aire gnéithe Phacáiste an Earraigh agus roinn siad a dtuairimí tosaigh; déanfar anailís níos mionsonraithe air ag Comhairle Ecofin i mí Iúil.

An tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta

Bhí seisiún tuairimíochta ag na hairí maidir le staid na himeartha i dtaobh chur chun feidhme na Saoráide Téarnaimh agus Athléimneachta (STA).

Ghlac an Chomhairle cinneadh cur chun feidhme lena bhformheastar an plean modhnaithe téarnaimh agus athléimneachta a chuir Éire isteach.

Léaráidí de línte soláthair cumhachta, stáisiúin chumhachta gaoithe, traein, foirgneamh agus daoine.
Míniú ar phlean REPowerEU (Grafaic faisnéise)

Míniú ar phlean REPowerEU (Grafaic faisnéise)

CBL sa ré dhigiteach

Bhí seisiún tuairimíochta ag an gComhairle, agus rinne sí dul chun cinn i dtreo comhaontú maidir leis an gcáin bhreisluacha (CBL) sa phacáiste don ré dhigiteach, arb é is aidhm dó dul i ngleic le calaois CBL, tacú le gnólachtaí agus an digiteáil a chur chun cinn.

Cánachas

D’fhormheas an Chomhairle dréacht-tuarascáil chuig an gComhairle Eorpach maidir le saincheisteanna cánach. Thug an tuarascáil forléargas ar an dul chun cinn a rinneadh sa Chomhairle le linn thréimhse Uachtaránacht na Beilge (mí Eanáir go dtí mí an Mheithimh 2024), chomh maith le forléargas ar staid na himeartha i ndáil leis na míreanna is tábhachtaí atá faoi chaibidil i réimse an chánachais.

D’fhormheas an Chomhairle conclúidí maidir leis an dul chun cinn atá déanta ag an Meitheal um an gCód Iompair le linn Uachtaránacht na Beilge.

Creat-Choinbhinsiún na Náisiún Aontaithe maidir leis an gComhar Cánach Idirnáisiúnta

Faoi mhíreanna eile, chuir an Uachtaránacht na hairí ar an eolas faoin obair a rinneadh sa choiste ad hoc chun téarmaí tagartha a dhréachtú do Chreat-Choinbhinsiún na Náisiún Aontaithe maidir leis an gComhar Cánach Idirnáisiúnta.

Bhunaigh Comhthionól Ginearálta na Náisiún Aontaithe, faoi rún 78/230 an 22 Nollaig 2023, coiste ad hoc chun na téarmaí tagartha a dhréachtú do Chreat-Choinbhinsiún na Náisiún Aontaithe maidir leis an gComhar Cánach Idirnáisiúnta faoi mhí Lúnasa 2024.

An tAontas Custaim

Thug an Chomhairle dá haire nóta faisnéise ón Uachtaránacht maidir le staid na himeartha sa phlé i ndáil leis an athchóiriú ar an aontas custaim agus gníomhaíochtaí reachtacha agus neamhreachtacha eile i réimse aontas custaim an Aontais.

Leis an athchóiriú custaim, leagtar amach fís nua-aimseartha do chustaim an Aontais ionas go mbeidh údaráis chustaim an Aontais feistithe i gceart chun earraí neamhchomhlíontacha a stopadh, tuilleadh dleachtanna custaim a bhailiú agus chun rialuithe a dhéanamh gan ualach iomarcach a chur ar údaráis agus ar thrádálaithe.

Seirbhísí airgeadais

Chuir an Uachtaránacht staid na himeartha i láthair maidir leis na tograí reachtacha i réimse na seirbhísí airgeadais. Is mír í seo a luaitear arís agus arís eile ar chlár oibre Ecofin.

Méadú

D’fhormheas an Chomhairle freisin, gan aon phlé, seasaimh ghinearálta an Aontais, a bhfuil creataí caibidlíochta san áireamh orthu, don chaibidlíocht aontachais leis an Úcráin agus leis an Moldóiv.

Réitíonn sé sin an bealach do na chéad Chomhdhálacha Aontachais leis an dá thír is iarrthóirí sin an 25 Meitheamh 2024.

Comhaid na gcruinnithe

Doiciméid toraidh

Preaseisiúintí

Faisnéis phreasa

Teagmhálaithe preasa

Murab iriseoir thú, seol d'iarratas chuig an tseirbhís um fhaisnéis don phobal le do thoil.

Creidiúnú agus preasócáidí

Chun eolas ginearálta a fháil faoi chreidiúnú, téigh chuig an leathanach seo le do thoil.

Is iad údaráis rialtais na tíre óstaí a láimhseálfaidh creidiúnú na meán le haghaidh cruinnithe mullaigh idirnáisiúnta a reáchtáiltear lasmuigh den Aontas Eorpach.

Eolas ar thorthaí na hoibre sin le teacht

Cruinnithe eile: An Chomhairle Gnóthaí Eacnamaíocha agus Airgeadais

Féach tuilleadh cruinnithe

An t-athbhreithniú deireanach: an 9 Eanáir 2025