- Comhairle an Aontais Eorpaigh
- Preaseisiúint
- 26 Iúil 2024 14:00
An comhshocrú cobhsaíochta agus fáis: Nósanna imeachta maidir le heasnamh iomarcach seolta ag an gComhairle i gcoinne seacht mBallstát
Ghlac an Chomhairle cinntí lena mbunaítear go bhfuil easnaimh iomarcacha ann don Bheilg, don Fhrainc, don Iodáil, don Ungáir, do Mhálta, don Pholainn agus don tSlóvaic. Ina theannta sin, shuigh an Chomhairle nach bhfuil gníomhaíocht éifeachtach déanta ag an Rómáin, atá faoin nós imeachta um easnamh iomarcach ó 2020 i leith, chun a heasnamh a cheartú agus, dá bhrí sin, gur cheart go bhfanfadh an nós imeachta ar oscailt.
Is é is aidhm don nós imeachta um easnamh iomarcach atá bunaithe ar easnaimh a áirithiú go bhfillfidh na Ballstáit uile ar smacht i mbuiséid a rialtas nó go gcoinneoidh siad smacht iontu, agus go seachnófar easnaimh iomarcacha a bheith ann. I ndeireadh na dála, is é an sprioc fiachas rialtais íseal a choinneáil nó fiachas ard a laghdú go leibhéil inbhuanaithe.
Ní mór do na Ballstáit smacht buiséadach a chomhlíonadh ar bhonn na gcritéar agus na luachanna tagartha a leagtar amach i gConarthaí an Aontais: níor cheart go sáródh a n-easnamh 3% dá n-olltáirgeacht intíre (OTI) agus níor cheart go sáródh a bhfiachas 60% dá OTI. Ní mór do na Ballstáit uile luachanna tagartha sin na gConarthaí a urramú.
Má tharlaíonn easnamh iomarcach i mBallstát, is é is aidhm don nós imeachta um easnamh iomarcach a cheartú a spreagadh trí ghrinnscrúdú feabhsaithe a dhéanamh ar na Ballstáit agus trí mholtaí a thabhairt dóibh gníomhaíocht éifeachtach a dhéanamh chun an t-easnamh a cheartú.
Na chéad chéimeanna eile
I dtreo dheireadh na bliana, iarrfar ar an gComhairle moltaí atá dírithe ar na Ballstáit a ghlacadh, ar mholadh ón gCoimisiún, chun gníomhaíocht éifeachtach a dhéanamh chun a n-easnamh a cheartú laistigh de thréimhse áirithe ama. Féadfaidh conair bhuiséadach cheartaitheach, arna sloinneadh i dtéarmaí uimhriúla, agus spriocdháta a bheith sna moltaí.
Táthar ag súil go dtíolacfaidh an Coimisiún moltaí le haghaidh moltaí ón gComhairle thart ar mhí na Samhna, ag an am céanna a bheartaíonn sé pacáiste an Fhómhair maidir leis an Seimeastar Eorpach a thíolacadh.
I mbliana, ar bhonn eisceachtúil, déanfar uainiú na moltaí do na Ballstáit maidir le nós imeachta um easnamh iomarcach chun gníomhaíocht éifeachtach a dhéanamh a ailíniú le forálacha chreat rialachais eacnamaíoch athchóirithe an Aontais. Faoi na rialacha nua, atá i bhfeidhm ón 30 Aibreán, ullmhóidh na Ballstáit pleananna struchtúracha fioscacha meántéarmacha san fhómhar, ina leagfar amach a gconairí caiteachais agus a n-athchóirithe agus a n-infheistíochtaí tosaíochta sna 4-7 mbliana amach rompu.
Is é an cuspóir atá ann moltaí na Comhairle faoi na nósanna imeachta um easnamh iomarcach a ailíniú leo siúd faoi na pleananna fioscacha struchtúrtha meántéarmacha.
Cúlra
Bunaithe ar shonraí tuairiscithe agus deimhnithe don bhliain 2023, bhí easnamh ginearálta rialtais a sháraigh luach tagartha an Chonartha in 2023 sna Ballstáit uile atá faoi réir nós imeachta um easnamh iomarcach feasta:
- an Iodáil (-7,4%)
- an Ungáir (-6,7%)
- An Rómáin (-6,6%)
- an Fhrainc (-5,5%)
- An Pholainn (-5,1%)
- Málta (-4,9%)
- An tSlóvaic (-4,9%)
- An Bheilg (-4,4%)
Tar éis sosa ceithre bliana ar ghníomhachtú an chlásail éalaithe ghinearálta idir 2020 agus 2023 i ndiaidh phaindéim COVID-19, d’ullmhaigh an Coimisiún tuarascáil, an 19 Meitheamh, faoi Airteagal 126(3) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (CFAE). Sainaithníodh sa tuarascáil 12 Bhallstát a raibh easnamh rialtais acu a sháraigh luach tagartha an Chonartha de 3% nó a bhí i mbaol luach tagartha an Chonartha a shárú in 2023.
Moladh sa tuarascáil go n-osclófaí nós imeachta um easnamh iomarcach bunaithe ar easnaimh do sheacht mBallstát. Thug an Coiste Eacnamaíoch agus Airgeadais a thuairim uaidh laistigh den choicís ina dhiaidh sin.
An 8 Iúil 2024, mhol an Coimisiún don Chomhairle na cinntí lena mbunaítear go bhfuil easnaimh iomarcacha i 7 mBallstát agus cinneadh ina luaitear nach bhfuil gníomhaíocht éifeachtach déanta ag an Rómáin, atá faoin nós imeachta um easnamh iomarcach ó 2019, chun an staid a cheartú.
Bhí seisiún tuairimíochta maidir leis na tograí ag an gComhairle ag an gcruinniú a bhí aici an 16 Iúil 2024. Chinn Coiste na mBuanionadaithe an 24 Iúil nós imeachta i scríbhinn a sheoladh chun na cinntí a ghlacadh go foirmiúil, agus glacadh go rathúil ó shin é. Seoladh na nósanna imeachta um easnamh iomarcach go foirmiúil leis an nglacadh sin.
- Cinneadh ón gComhairle maidir le heasnamh iomarcach a bheith ann sa Bheilg
- Cinneadh ón gComhairle maidir le heasnamh iomarcach a bheith ann sa Fhrainc
- Cinneadh ón gComhairle maidir le heasnamh iomarcach a bheith ann san Ungáir
-
Níl an acmhainn seo ar fáil faoi láthair ach amháin sa teanga (sna teangacha) seo a leanas:
- Cinneadh ón gComhairle maidir le heasnamh iomarcach a bheith ann i Málta
- Cinneadh ón gComhairle maidir le heasnamh iomarcach a bheith ann sa Pholainn
- Cinneadh ón gComhairle maidir le heasnamh iomarcach a bheith ann sa tSlóvaic
-
Níl an acmhainn seo ar fáil faoi láthair ach amháin sa teanga (sna teangacha) seo a leanas:
-
Níl an acmhainn seo ar fáil faoi láthair ach amháin sa teanga (sna teangacha) seo a leanas:
- An nós imeachta um easnamh iomarcach (eolas cúlra)
- Cur síos ar an Seimeastar Eorpach (eolas cúlra)
- Creat rialachais eacnamaíoch (eolas cúlra)
European Semester 2024: next steps in fiscal surveillance (Grafaic faisnéise)
Teagmhálaithe preasa
-
Patrick McCullough Press officer
- +32 471 33 38 46
- +32 2 281 91 19
Murab iriseoir thú, seol d'iarratas chuig an tseirbhís um fhaisnéis don phobal le do thoil.
An t-athbhreithniú deireanach: an 20 Feabhra 2025