"Bainimid úsáid as fianáin lena chinntiú go bhfeabhsaítear d’eispéireas brabhsála. Tá gá le fianáin riachtanacha chun tacú le gnéithe bunriachtanacha de shuíomh gréasáin na Comhairle. Cuidíonn na fianáin roghnacha linn tuarascálacha staidrimh anaithnide, comhiomlánaithe a tháirgeadh chun freastal níos fearr ar do chuid riachtanas.
Le cead uaitse, úsáidfimid fianáin le sonraí comhlánaithe anaithnide a tháirgeadh maidir le brabhsáil agus iompraíocht na gcuairteoirí ar ár suíomh gréasáin. Úsáidfimid na sonraí sin chun feabhas a chur ar an eispéireas agat ar ár suíomh.
An Chomhairle Gnóthaí Eacnamaíocha agus Airgeadais
An Chomhairle Gnóthaí Eacnamaíocha agus Airgeadais, 16 Iúil 2024
Na príomhthorthaí
Clár Oibre na hUachtaránachta
Chuir Uachtaránacht na hUngáire a tosaíochtaí agus a clár oibre i láthair i réimse na ngnóthaí eacnamaíocha agus airgeadais, go háirithe i réimsí an bheartais eacnamaíoch, an bhuiséid bhliantúil, na seirbhísí airgeadais, an chánachais, na saincheisteanna custaim.
Is é príomhthosaíocht Uachtaránacht na hUngáire iomaíochas gheilleagar na hEorpa a fheabhsú. Díreoimid ár n-iarrachtaí ar réimsí ina bhfuil fíor-bhreisluach ag gníomhaíocht an Aontais agus inar féidir linn cur go héifeachtach le cobhsaíocht mhaicreacnamaíoch agus le rathúnas i dtimpeallacht atá éiginnte ó thaobh na geopholaitíochta de. In ainneoin spás fioscach teoranta a bheith againn, ní mór dúinn teacht ar na bealaí is fearr chun na cuspóirí sin a bhaint amach ar mhaithe le folláine fhadtéarmach shaoránaigh an Aontais.
Rinne na hairí a marana ar chur chun feidhme na Saoráide Téarnaimh agus Athléimneachta.
Ghlac an Chomhairle cinneadh cur chun feidhme lena bhformheasfar plean modhnaithe téarnaimh agus athléimneachta na Gearmáine, lena n-áirítear caibidil nua REPowerEU. Cuideoidh sé sin le dlús a chur le haistriú na Gearmáine i dtreo fuinneamh glan trí sciar na bhfoinsí in-athnuaite i meascán fuinnimh na Gearmáine a mhéadú.
D’fhormheas an Chomhairle freisin pleananna nuashonraithe a thíolaic an Ghréig, an Chipir, an Pholainn agus an Fhionlainn.
Thug an Chomhairle aird ar staid na himeartha maidir leis na hiarmhairtí eacnamaíocha agus airgeadais atá ag fogha na Rúise faoin Úcráin.
Cuireadh na hairí ar an eolas faoin staid eacnamaíoch agus bhuiséadach san Úcráin, lena n-áirítear cur chun feidhme Shaoráid na hÚcráine agus staid an dul chun cinn atá déanta maidir le cur chun feidhme chomhaontú G7 i ndáil le hiasacht bhreise 50 billiún dollar SAM don Úcráin a bheidh le seirbhísiú agus le haisíoc le sreafaí ioncaim urghnácha amach anseo a eascraíonn as bac gluaiseachta a chur ar shócmhainní ceannasacha na Rúise.
Ag dul ar aghaidh leis an obair ar an Seimeastar Eorpach, d'fhormheas an Chomhairle moltaí tír-shonracha maidir le beartais eacnamaíocha, shóisialta, fostaíochta, struchtúracha agus bhuiséadacha gach Ballstáit.
D’fhormheas an Chomhairle freisin na conclúidí maidir le grinn-athbhreithnithe 2024 faoin nós imeachta um míchothromaíochtaí maicreacnamaíocha.
An comhshocrú cobhsaíochta agus fáis: Nósanna imeachta um easnamh iomarcach
Thíolaic an Coimisiún a thograí le haghaidh cinntí ón gComhairle maidir le nós imeachta um easnamh iomarcach a oscailt do sheacht mBallstát: an Bheilg; an Fhrainc, an Iodáil, Málta, an Pholainn, an tSlóivéin. Bhí seisiún tuairimíochta ag na hairí ina dhiaidh sin.
Phléigh an Chomhairle freisin moladh ón gCoimisiún le haghaidh cinneadh ón gComhairle maidir leis an Rómáin, atá faoi réir nós imeachta um easnamh iomarcach ó 2020 i leith agus nach bhfuil gníomhaíocht éifeachtach déanta aici chun an staid sin a leigheas.
Iarrfar ar an gComhairle na cinntí a ghlacadh faoi dheireadh mhí Iúil 2024.
Tuarascálacha maidir le cóineasú i ndáil leis an airgeadra aonair
Chuir an Coimisiún Eorpach agus an Banc Ceannais Eorpach tuarascálacha maidir le cóineasú i láthair agus déanfaidh na hairí tuairimí a mhalartú ina dhiaidh sin. Scrúdaítear sna tuarascálacha um chóineasú an gcomhlíonann na Ballstáit atá lasmuigh den limistéar euro na coinníollacha is gá chun an t-airgeadra aonair a ghlacadh.
Thug an Chomhairle dá haire nach gcomhlíonann aon cheann de na Ballstáit a bhaineann tairbhe as maolú na critéir chun dul isteach sa limistéar euro.
Cumhdaítear na sé Bhallstát seo a leanas a bhfuil maolú acu i dTuarascálacha 2024 maidir le Cóineasú a tíolacadh i mí an Mheithimh 2024: An Bhulgáir, an tSeicia, an Ungáir, an Pholainn, an Rómáin agus an tSualainn. Tá socruithe maidir le rogha gan a bheith páirteach caibidlithe ag an Danmhairg agus, dá bhrí sin, ní bheidh sí faoi réir measúnú cóineasaithe go dtí go n-iarrfaidh sí é.
Chuir an Uachtaránacht staid na himeartha i láthair maidir leis na tograí reachtacha i réimse na seirbhísí airgeadais. Is mír í sin a luaitear arís agus arís eile ar chlár oibre na Comhairle.
Creat-Choinbhinsiún na Náisiún Aontaithe maidir le Comhar Cánach
D'fhormheas an Chomhairle seasamh an Aontais Eorpaigh agus a Bhallstát don dara seisiún substainteach den choiste ad hoc chun téarmaí tagartha a dhréachtú do Chreat-Choinbhinsiún na Náisiún Aontaithe maidir le comhar idirnáisiúnta cánach.
Beidh an dara seisiún substainteach den choiste ad hoc ar siúl ón 29 Iúil go dtí an 16 Lúnasa 2024.
Is iad údaráis rialtais na tíre óstaí a láimhseálfaidh creidiúnú na meán le haghaidh cruinnithe mullaigh idirnáisiúnta a reáchtáiltear lasmuigh den Aontas Eorpach.