Athruithe séasúracha na gclog san Aontas
Cuireadh togra i láthair in 2018 chun deireadh a chur leis na hathruithe ama a dhéantar dhá uair sa bhliain san Aontas Eorpach. Go dtí go ndéanfar cinneadh críochnaitheach, cloífear leis an gcóras reatha.
Togra maidir le hathruithe séasúracha na gclog
Thíolaic an Coimisiún Eorpach an dréacht-treoir maidir le hathruithe séasúracha na gclog an 12 Meán Fómhair 2018. Is iad príomhghnéithe an togra:
- deireadh le hathruithe débhliantúla ama i ngach tír san Aontas
- córas fógartha, a úsáidfidh tír de chuid an Aontais, más mian léi a ham caighdeánach a athrú
Má ghlactar leis an treoir, cuirfear deireadh leis na hathruithe débhliantúla ama san Aontas, am coigilte sholas an lae, mar a thugtar air go minic.
Ní dhearnadh aon chinneadh críochnaitheach ar an ábhar seo go fóill, áfach, agus níor sainmhíníodh amlíne ar bith le haghaidh cinneadh mar sin. Tá an córas reatha fós i bhfeidhm agus is faoin gcóras sin a chuirtear síneadh uair an chloig leis an gclog, rud a chuireann le solas an lae sa samhradh.
Sa Chomhairle
Níor tháinig an Chomhairle ar chomhaontú maidir lena seasamh ar an togra go fóill. Chun seasamh na Comhairle a shocrú, ní mór tromlach cáilithe de na Ballstáit a bheith ann. Ar an gcuma chéanna, chaithfeadh tromlach cáilithe de na Ballstáit tacú leis an téacs deiridh a caibidlíodh le Parlaimint na hEorpa.
Ghlac Parlaimint na hEorpa a seasamh féin maidir leis an togra i mí an Mhárta 2019. Vótáil sí le deireadh a chur le ham coigilte sholas an lae in 2021.
Ní mór don Chomhairle agus do Pharlaimint na hEorpa teacht ar chomhaontú chun an reachtaíocht atá ag teastáil chun deireadh a chur leis na hathruithe séasúracha ama a chur i gcrích.
Reachtaíocht an Aontais maidir le hathruithe séasúracha na gclog
Nós is ea an t-am a athrú san earrach agus san fhómhar a bhí ann sular bunaíodh an tAontas. Is chun fuinneamh a shábháil le linn an Chéad Chogaidh Dhomhanda a tugadh isteach ar dtús é agus thug cuid mhaith tíortha isteach arís é sna 1970í.
Sa bhliain 1980 a rith an tAontas reachtaíocht den chéad uair maidir le socruithe ama samhraidh; treoir a bhí ansin lena ndearnadh na cleachtais a bhí ann cheana a chomhordú chun cabhrú le feidhmiú rianúil an mhargaidh aonair a chinntiú.
Tháinig an treoir reatha i bhfeidhm in 2001. Faoi fhorálacha na treorach sin, athraíonn gach Ballstát go dtí am samhraidh ar Dhomhnach deiridh an Mhárta agus filleann siad ar an am caighdeánach (‘am an gheimhridh’) ar Dhomhnach deiridh mhí Dheireadh Fómhair.
Am caighdeánach na mBallstát
Is faoi na Ballstáit féin a fhágfar an socrú maidir le pé amchrios is fearr leo féin a bheith ann. Tá trí amchrios chaighdeánacha san Aontas faoi láthair:
- Am Iarthar na hEorpa: Éire agus an Phortaingéil
- Am Lár na hEorpa: 17 mBallstát atá sa limistéar geografach sin
- Am Oirthear na hEorpa: an Bhulgáir, an Chipir, an Eastóin, an Fhionlainn, an Ghréig, an Laitvia, an Liotuáin agus an Rómáin
An t-athbhreithniú deireanach: an 27 Eanáir 2024