Skip to content
  • An Chomhairle Eorpach
  • Preaseisiúint
  • 17 Márta 2016 21:30

Conclúidí ón gComhairle Eorpach maidir le Poist, Fás agus Iomaíochas agus maidir leis an Aeráid agus leis an bhFuinneamh

I. POIST, FÁS AGUS IOMAÍOCHA

1. Mar threoir don phlé sa Chomhairle maidir le Seimeastar Eorpach 2016, d'fhormhuinigh an Chomhairle Eorpach na réimsí tosaíochta beartais a leagtar amach sa Suirbhé Bliantúil Fáis: athsheoladh na hinfheistíochta, leanúint de na hathchóirithe struchtúracha chun ár ngeilleagair a nuachóiriú, agus beartais fhioscacha stuama a shaothrú. Beidh rian láidir na dtosaíochtaí sin le feiceáil ar na Cláir Náisiúnta um Athchóiriú agus ar na Cláir um Chobhsaíocht nó um Chóineasú ó na Ballstáit. Cabhróidh na beartais chun bonn inbhuanaithe a chur faoin téarnamh reatha agus fás agus fostaíocht a chothú. Tugann an Chomhairle Eorpach dá haire comhairliúchán an Choimisiúin maidir le saincheisteanna sóisialta agus leagann sí béim ar a thábhachtaí atá margaí saothair agus córais leasa a bheadh ag feidhmiú mar ba cheart

2. Ag an gcruinniú a bheidh aici i mí an Mheithimh, déanfaidh an Chomhairle Eorpach plé ar an dul chun cinn a bheidh déanta maidir leis an an aontas eacnamaíoch agus airgeadais a chomhlánú. Glacfaidh sí Clár, freisin, chun gach gné den Mhargadh Aonair a chur chun feidhme, lena n-áirítear straitéisí an Choimisiúin maidir leis an Margadh Aonair, maidir leis an Margadh Aonair Digiteach agus maidir le hAontas na Margaí Caipitil a fhíorú, d'fhonn leas iomlán a bhaint as an acmhainn fáis agus táirgiúlachta.

3. I bhfianaise staid achrannach earnáil chruach na hEorpa, i gcomhthéacs ró-acmhainn a bheith ann ar an leibhéal domhanda, iarrann an Chomhairle Eorpach ar an gComhairle scrúdú a dhéanamh go mear ar an Teachtaireacht ón gCoimisiún féachaint le gníomhú ar bhealach láidir i ndáil leis an dúshlán sin

4. Tugann an Chomhairle Eorpach cás na bhfeirmeoirí dá haire, go háirithe in earnálacha na déiríochta agus na muiceola, atá thíos go mór leis an titim sna praghsanna. Iarrann sí ar an gCoimisiún gníomhú go mear i ndáil leis an toradh a bhí ar an gcruinniú den Chomhairle (Talmhaíochta) a bhí ann ar an 14 Márta. Coinneoidh sí súil ghéar ar a dtarlóidh san earnáil sin ar mór a tábhacht don Eoraip

5. Tugann an Chomhairle Eorpach dá haire go bhfuil sé beartaithe ag an gCoimisiún Teachtaireacht a fhoilsiú maidir le plean gníomhaíochta i ndáil le CBL. Is díol sásaimh di go bhfuil sé beartaithe ag an gCoimisiún moltaí a dhéanamh i dtaca leis an tsolúbthacht a mhéadú do na Ballstáit i dtaca le rátaí laghdaithe CBL, lena mbeadh rogha ag na Ballstáit ráta nialasach CBL a úsáid i gcás táirgí sláintíochta

II. AN AERÁID AGUS FUINNEAMH

6. Is díol sásaimh don Chomhairle Eorpach gur thíolaic an Coimisiún an pacáiste maidir leis an tslándáil fuinnimh mar aon leis an Teachtaireacht "I ndiaidh Pháras". Tathantaíonn sí ar na reachtóirí leanúint leis an obair ar na tograí chun slándáil fuinnimh an Aontais a threisiú mar ábhar tosaíochta ar bhonn na gconclúidí a thíolaic sí roimhe seo agus ar bhonn na straitéisí ábhartha ar thacaigh an Chomhairle Eorpach leo. Mheabhraigh sí freisin a thábhachtaí atá margadh fuinnimh atá idirnasctha agus lánfheidhmiúil.  Ar bhonn na Teachtaireachta maidir leis an Aeráid, cuireann sí i dtreis go bhfuil an tAontas meáite ar astaíochtaí gáis cheaptha teasa a laghdú laistigh den Aontas agus cion na bhfuinneamh inathnuaite a mhéadú agus éifeachtúlacht fuinnimh a fheabhsú, mar a d'aontaigh an Chomhairle Eorpach i mí Dheireadh Fómhair 2014. Tá sé fós mar thosaíocht againn an reachtaíocht a chur in oiriúint chun an creat sin a chur chun feidhme. Iarrann an Chomhairle Eorpach ar an gCoimisiún na tograí ábhartha uile atá fágtha a thíolacadh go gasta chuige sin chun go gcuirfear an próiseas reachtach ar bun go sciobtha. Is díol sásaimh don Chomhairle Eorpach go síneofar Comhaontú Pháras i Nua-Eabhrac ar an 22 Aibreán agus cuireann sí i bhfáth gur gá don Aontas Eorpach agus dá chuid Ballstát a bheith in ann comhaontú Pháras a dhaingniú a luaithe is féidir agus in am go mbeidh siad ina bpáirtithe tráth a dtiocfaidh sé i bhfeidhm.

Féach ar leathanach na gcruinnithe

Teagmhálaithe preasa

Murab iriseoir thú, seol d'iarratas chuig an tseirbhís um fhaisnéis don phobal le do thoil.

An t-athbhreithniú deireanach: an 24 Eanáir 2025