- Comhairle an Aontais Eorpaigh
- Preaseisiúint
- 8 Nollaig 2016 10:20
Glacann an Chomhairle a seasamh faoin athchóiriú ar an reachtaíocht maidir le substaintí sícighníomhacha nua
Ar an 8 Nollaig, ghlac an Chomhairle a seasamh maidir le pacáiste lena ndéantar athchóiriú ar an reachtaíocht maidir le substaintí sícighníomhacha nua (SSN) chomh maith leis an malartú faisnéise, an córas réamhrabhaidh agus an nós imeachta faoi mheasúnú riosca a fheabhsú ar leibhéal an Aontais. Tá an Chomhairle ullamh anois chun tús a chur le caibidlíocht leis an bParlaimint chun teacht ar chomhaontú faoi athchóiriú.
Leis an bpacáiste sin beifear in ann freagairt níos éifeachtaí agus níos éifeachtúla de chuid an Aontais a thabhairt faoi na substaintí sícighníomhacha nua, atá le feiceáil ar mhargadh an Aontais ar luas nach bhfacthas riamh cheana agus a chuireann sláinte agus sábháilteacht an phobail i bpriacail. Go háirithe, déanfaidh sé sruthlíniú ar an nós imeachta a leantar ar leibhéal an Aontais chun measúnú a dhéanamh ar na héifeachtaí diúltacha a d’fhéadfadh a bheith ag na substaint sícighníomhaí nua agus cinneadh a dhéanamh maidir le toirmeasc féideartha. Ina theannta sin, foráiltear leis an bpacáiste laghdú ó 12 go 6 mhí ar an am a thugtar do na Ballstáit chun an cinneadh a chur chun feidhme maidir le cosc a chur ar shubstaintí sícighníomhacha nua.
Dúirt Lucia Žitňanská, Aire Dlí agus Cirt na Slóvaice: “Leis an bpacáiste nua seo, má aontaíonn an Pharlaimint leis, bheimis in ann an méid ama is gá chun measúnú a dhéanamh ar an toirmeasc Eorpach ar shubstaintí sícighníomhacha nua a laghdú faoi leath, geall leis de, agus b’fhéidir cinneadh a dhéanamh maidir leis i gcás go mbeidh siad ina mbagairt thromchúiseach don tsláinte phoiblí”.
Is éard atá sa phacáiste leasú a dhéanamh ar an rialachán lenar bunaíodh an Lárionad Faireacháin Eorpach um Dhrugaí agus um Andúil i nDrugaí (EMCDDA) i ndáil le malartú faisnéise, an córas réamhrabhaidh agus nós imeachta faoi mheasúnú riosca ar shubstaintí sícighníomhacha agus Treoir lena leasaítear an Cinneadh Réime ón gComhairle ó 2004 maidir leis an soláthar íosta maidir leis na heilimintí a chomhdhéanann gníomhartha coiriúla agus maidir le pionóis a mhéid a bhaineann le gáinneáil ar dhrugaí mídhleathacha.
Na chéad chéimeanna eile
Leis an gcur chuige ginearálta seo a ghlacadh maidir leis an bpacáiste, tá an Chomhairle ullamh anois chun tús a chur le caibidlíocht le Parlaimint na hEorpa d’fhonn teacht ar chomhaontú deiridh.
Cúlra
Ba ghá leasú a dhéanamh ar an reachtaíocht maidir leis an tsubstaint shícighníomhach mar gheall ar an bhfás tapa thar cuimse a tháinig ar shubstaintí sícighníomhacha nua, ar an leibhéal domhanda agus san Eoraip. In 2015, tuairiscíodh 98 substaint nua shícighníomhacha don chéad uair le córas réamhrabhaidh an Aontais (EWS), lenar tugadh líon na substaintí nua a ndearnadh faireachán orthu go níos mó ná 560 - agus ar braitheadh níos mó ná 400 (70 %) díobh sin le cúig bliana anuas amháin.
Leis an nós imeachta atá ann faoi láthair ar leibhéal an Aontais, a shainítear i gCinneadh 2005/387/CGB ón gComhairle, foráiltear leis go ndréachtóidh EMCDDA agus Europol tuarascálacha maidir le substaintí nua sícighníomhacha (SSN) arb ábhar mór imní iad. Má chruthaítear leis na tuarascálacha sin a bhaolaí agus atá na substaintí, is féidir leis an gCoimisiún Eorpach toirmeasc a mholadh ar leibhéal an Aontais. Is í an Chomhairle a chinnfidh an toirmeasc tar éis dul i gcomhairle leis an bParlaimint.
Teagmhálaithe preasa
-
Laura Bérard Press officer
- +32 471 33 09 49
- +32 2 281 57 95
Murab iriseoir thú, seol d'iarratas chuig an tseirbhís um fhaisnéis don phobal le do thoil.
An t-athbhreithniú deireanach: an 15 Eanáir 2024