Skip to content
  • Comhairle an Aontais Eorpaigh
  • Preaseisiúint
  • 22 Bealtaine 2017 11:00

Rochtain phoiblí ar dhoiciméid na Comhairle: Tuarascáil 2016

Liostaítear corradh le 350 000 doiciméad ar chlár na Comhairle, agus is doiciméid phoiblí iad níos mó ná 70% acu agus is féidir iad a íoslódáil saor in aisce. Tá sé sin ar cheann de na príomhphointí sa tuarascáil ón gComhairle don bhliain 2016 maidir le rochtain ar dhoiciméid, a d’fhormheas an Chomhairle ar an 22 Bealtaine 2017.

Le linn 2016, cuireadh 22 671 doiciméad leis an gclár, ar doiciméid phoiblí iad 71%, nó 16 181 doiciméad, acu. Breathnaíodh ar chlár poiblí na Comhairle thart ar 380 000 uair agus mheall sé 9 % den trácht ar láithreán gréasáin na Comhairle.

Is féidir le duine ar bith rochtain a iarraidh ar dhoiciméad ar chlár na Comhairle nach doiciméad poiblí cheana féin. Má dhiúltaítear rochtain i dtús báire, is féidir iarratas daingniúcháin a dhéanamh. In 2016, fuair an Chomhairle 2 342 iarraidh thosaigh ar rochtain ar dhoiciméid agus 24 iarratas daingniúcháin, rud a d'fhág gur ghá 10 232 dhoiciméad a anailísiú. Tugadh rochtain iomlán ar 7 307 ndoiciméad (7 273 acu sin ag an gcéim tosaigh) agus rochtain pháirteach ar 556 dhoiciméad (501 ag an gcéim thosaigh). I gcás na ndoiciméad ar iarradh rochtain orthu, cuireadh corradh le 76% acu ar fáil go hiomlán, agus cuireadh níos mó ná 82% acu ar fáil go hiomlán nó go páirteach.

Out of the 10232 documents requested, 2458 were refused and 7774 released

Diúltaíodh rochtain ar roinnt doiciméad ar bhonn cúiseanna dlisteanacha a leagtar amach i rialachán an Aontais maidir le rochtain ar dhoiciméid. Áirítear orthu sin go sonrach an gá le próiseas cinnteoireachta na Comhairle agus leas an phobail a chosaint maidir leis an gcaidreamh idirnáisiúnta agus an tslándáil phoiblí.

Féach ar leathanach na gcruinnithe

Teagmhálaithe preasa

Murab iriseoir thú, seol d'iarratas chuig an tseirbhís um fhaisnéis don phobal le do thoil.

An t-athbhreithniú deireanach: an 14 Eanáir 2024