Skip to content
  • Comhairle an Aontais Eorpaigh
  • Preaseisiúint
  • 23 Bealtaine 2017 17:40

Oiriúnú d’athruithe teicneolaíochta, iomaíochas na hEorpa agus luachanna bunúsacha i seirbhisí closamhairc a chaomhnú

Tháinig an Chomhairle ar chur chuige ginearálta inniu maidir leis an togra le haghaidh treoir athbhreithnithe maidir le seirbhísí meán closamhairc (AVMS). Is é an aidhm atá ag an togra freagairt do na hathruithe teicneolaíochta agus margaidh atá tugtha leis aige ag an aistriú digiteach, agus nach bhfacthas a leithéid riamh roimhe seo, d’fhonn borradh a chur faoi iomaíochas thionscal closamhairc na hEorpa, agus, ag an am céanna, luachanna bunúsacha, amhail cosaint mionaoiseach, iolrachas na meán, éagsúlacht chultúrtha agus cosaint tomhaltóirí, a chaomhnú.

Leis an togra ón gCoimisiún, ailínítear tuilleadh na rialacha le haghaidh craoltóireacht teilifíse agus seirbhísí ar éileamh, agus cuirtear le raon feidhme na treorach le go gcumhdaítear ardáin roinnte físeán leis. Beidh ar na hardáin sin rialacha a chomhlíonadh maidir le mionaoisigh a chosaint agus na saoránaigh go léir a chosaint ar fhuathchaint agus ar fhoréigean.

Leis an togra seo, simplítear na rialacha lena rialaítear “prionsabal na tíre tionscnaimh” (rialacha a chiallaíonn nach mbíonn soláthraithe seirbhíse ach faoi réir na rialacha is infheidhme sa tír a bhfuil a gceanncheathrú acu inti). Leis an togra seo freisin, bunaítear oibleagáidí, ar doichte iad ná na hoibleagáidí a bhí ann roimhe seo, maidir le saothair Eorpacha a chur chun cinn i gcomhair seirbhísí ar éileamh.

Tar éis obair mhór a rinneadh sa Chomhairle le linn Uachtaránacht na Slóvaice agus uachtaránacht Mhálta, tháinig an Chomhairle ar chomhaontú inniu i dtaobh téacs comhréitigh a mhol Uachtaránacht Mhálta, bunaithe ar na heilimintí seo a leanas:

  • táthar tar éis cur le raon feidhme na treorach agus anois cumhdaíonn sé seirbhísí na meán sóisialta, agus is cuid bhunúsach de na seirbhísí sin é an t-inneachar closamhairc;
  • tá sruthlíniú déanta ar na rialacha maidir le dlínse agus treisiú déanta ar na nósanna imeachta comhair chun dul i ngleic leis na fadhbanna a bhaineann le seirbhísí trasteorann, mar shampla, fadhbanna a eascraíonn as soláthraithe a bheith bunaithe i dtír amháin agus dírithe ar phobal i dtír eile. Ina theannta sin, beidh sprioc dhá mhí le comhlíonadh ag na rialtóirí náisiúnta má fhaigheann siad iarraidh ó Bhallstát eile;
  • beidh feidhm ag cur chun cinn na saothar Eorpach freisin maidir le soláthraithe seirbhísí ar éileamh, trí cheanglas cuóta 30% ar a laghad de shaothair Eorpacha a bheith ina gcuid catalóg acu, agus mar go bhféadfaidh na Ballstáit ranníocaíocht airgeadais a éileamh ar sholáthraithe seirbhíse meán, lena n-airítear soláthraithe seirbhíse meán atá bunaithe i mBallstát eile, cé go mbeidh díolúintí ann do ghnólachtaí nuathionscanta agus d’fhiontair bheaga.

Rachaidh na rialacha maidir le teachtaireachtaí tráchtála closamhairc chun solúbthachta freisin. Tá forálacha freisin sa treoir i dtaobh neamhspleáchas na n-údarás rialála náisiúnta, trédhearcacht faoi úinéireacht na meán agus an gá atá le litearthacht sna meáin a fhorbairt.

Bhí an méid seo le rá ag an Aire Bonnici, “Táimid fíorbhródúil gur thángamar ar chomhaontú faoi sheirbhísí meán closamhairc. Tá an treoir seo casta agus tagann saincheisteanna fíoríogaire i gceist inti - an margadh inmheánach mar shampla, cearta agus saoirsí bunúsacha, éagsúlacht chultúrtha agus cosaint mionaoiseach.

Ach tá an-bhorradh faoin margadh agus faoin teicneolaíocht. Caithfimid a chinntiú go mbeidh na rialacha ábhartha cos ar cos leis na hathruithe sin. Is céim eile fós i dtreo chomhlánú an mhargaidh aonair dhigitigh, atá fíorthábhachtach ó thaobh rathúnas na hEorpa amach anseo, é an comhaontú ar thángthas inniu air sa Chomhairle.

Na chéad chéimeanna eile

Leis an gcomhaontú sa Chomhairle, réiteofar an bealach chun tús a chur leis an gcaibidlíocht le Parlaimint na hEorpa, le súil agus go bhféadfar an treoir a ghlacadh a luaithe is féidir.

Cúlra

Thíolaic an Coimisiún togra i mí na Bealtaine 2016, mar chuid den Straitéis maidir le Margadh Aonair Digiteach.

Tá an togra á scrúdú sa Chomhairle le dhá Uachtaránacht anuas agus thíolaic Uachtaránacht na Slóvaice tuarascáil ar dhul chun cinn i mí na Samhna 2016.

Vótáil an Coiste um Chultúr agus um Oideachas (CULT) ar a thuarascáil ar an 25 Aibreán 2017 agus, ar an 17 Bealtaine, ag seisiún iomlánach den Pharlaimint, tugadh sainordú do Coiste CULT tús a chur leis an gcaibidlíocht leis an gComhairle.

Féach ar leathanach na gcruinnithe

Teagmhálaithe preasa

Murab iriseoir thú, seol d'iarratas chuig an tseirbhís um fhaisnéis don phobal le do thoil.

An t-athbhreithniú deireanach: an 13 Eanáir 2024