- Comhairle an Aontais Eorpaigh
- Preaseisiúint
- 15 Iúil 2019 10:30
Allmhairí de mhairteoil atá saor ó hormóin: Comhaontú AE-SAM daingnithe
Is gearr go síneoidh an tAontas Eorpach agus Stáit Aontaithe Mheiriceá comhaontú lena n-athbhreithneofar feidhmiú comhaontaithe atá ann cheana lena n-áirítear taraif-chuóta uathrialach (TRQ) i gcás allmhairí mairteola ardcháilíochta isteach san Aontas. Réiteach a bheidh ansin ar dhíospóid atá ann le fada san Eagraíocht Dhomhanda Trádála (EDT) faoin tsaincheist seo.
Ghlac an Chomhairle cinneadh inniu maidir le comhaontú idir an tAontas agus na Stáit Aontaithe a shíniú chun sciar den taraif-chuóta uathrialach i gcás allmhairí mairteola ardcháilíochta, dá dtagraítear sa mheabhrán tuisceana, a leithdháileadh ar SAM, a mhéid a bhaineann le hallmhairiú mairteola ó ainmhithe nár cóireáladh le hormóin fás-spreagthacha áirithe agus le dleachtanna méadaithe arna gcur i bhfeidhm ag na Stáit Aontaithe ar tháirgí áirithe ón Aontas, a tugadh i gcrích in 2009 agus a athbhreithníodh in 2014.
Síneofar an comhaontú sa Bhruiséil a thúisce is féidir.
Foráladh sa mheabhrán tuisceana in 2009 do réiteach eatramhach ar dhíospóid a bhí ann le fada in EDT faoi allmhairí de mhairteoil ó ainmhithe a cóireáladh le hormóin fás-spreagthacha áirithe. Faoin gcomhaontú, d'oscail an tAontas cuóta 45,000 tonna de mhairteoil nár cóireáladh le hormóin do sholáthróirí cáilitheacha. Faoi rialacha EDT, níor mhór an cuóta a chur ar fáil do sholáthróirí neamh-SAM freisin.
A bhuí leis an gcomhaontú nua, ní athrófar an cuóta atá ann cheana ach déanfar 35,000 tonna den taraif-chuóta uathrialach iomlán de 45,000 tonna a imfhálú do na Stáit Aontaithe agus tabharfar isteach é thar thréimhse 7 mbliana. Mar atá anois, ní chumhdófar le TRQ ach táirgí a chomhlíonann ardchaighdeáin an Aontais maidir le sábháilteacht bia agus sláinte. Tá an chéim sin ríthábhachtach chun réiteach a fháil ar an díospóid atá ann le fada idir an tAontas agus na Stáit Aontaithe maidir le bearta a chuir an tAontas i bhfeidhm in 1989 ar allmhairí ó SAM d'fheoil ina raibh hormóin fás-spreagthacha shaorga mairteola. Cuirtear i dtreis leis freisin tiomantas an Aontais do chlár oibre trasatlantach dearfach.
Ar an 19 Deireadh Fómhair 2018, d'údaraigh an Chomhairle don Choimisiún an chaibidlíocht a thosú idir an tAontas agus SAM maidir le hoibríocht TRQ, lena n-áirítear maidir le leithdháileadh TRQ de réir tíre.
Tugadh an chaibidlíocht le SAM i gcrích ar an 27 Feabhra 2019 agus, i bhfianaise an chomhaontaithe sin agus i gcomhréir leis na rialacha EDT is infheidhme lorg agus fuair an Coimisiún comhaontú na dtíortha eile ar soláthróirí suntasacha iad.
Teagmhálaithe preasa
-
Maria Daniela Lenzu Press officer
- +32 470 88 04 02
- +32 2 281 21 46
- @daniela_lenzu
Murab iriseoir thú, seol d'iarratas chuig an tseirbhís um fhaisnéis don phobal le do thoil.
An t-athbhreithniú deireanach: an 15 Eanáir 2024