"Bainimid úsáid as fianáin lena chinntiú go bhfeabhsaítear d’eispéireas brabhsála. Tá gá le fianáin riachtanacha chun tacú le gnéithe bunriachtanacha de shuíomh gréasáin na Comhairle. Cuidíonn na fianáin roghnacha linn tuarascálacha staidrimh anaithnide, comhiomlánaithe a tháirgeadh chun freastal níos fearr ar do chuid riachtanas.
Astaíochtaí eitlíochta: Rannpháirtíocht i gcéim shaorálach CORSIA ó 2021 dearbhaithe ag an Aontas agus rogha níos uaillmhianaí déanta aige chun a cheanglais fritháirithe a ríomh
Glacfaidh an tAontas páirt sa Scéim Fritháirithe agus Laghdaithe Carbóin don Eitlíocht Idirnáisiúnta (CORSIA) ó thús a chéime saorálaí ón 1 Eanáir 2021. Ghlac an Chomhairle cinneadh lena ndéantar daingniú ar sheasamh seo an Aontais nach mór do na Ballstáit fógra a thabhairt don Eagraíocht Eitlíochta Sibhialta Idirnáisiúnta (ICAO) ina leith faoin 30 Meitheamh 2020.
Ina theannta sin, le cinneadh an lae inniu, leagtar síos seasamh an Aontais maidir leis an modh atá le húsáid chun ceanglais fritháirithe ar oibreoirí aerárthaí a ríomh le linn chéim phíolótach CORSIA 2021-2023. De réir sheasamh an Aontais, ba cheart na ríomhanna a bheith bunaithe ar na hastaíochtaí le linn na mblianta sin (2021, 2022 agus 2023). Is éard is dócha go mbeidh ceanglais fritháirithe níos airde ann de dheasca na rogha sin agus gur fearr an rogha í don chomhshaol dá bhrí sin ná an rogha eile atá ar fáil, is é sin, na ríomhanna a bhunú ar na hastaíochtaí do 2020. Arís eile, ní mór do chomhaltaí de ICAO fógra faoin rogha a dhéantar a thabhairt faoi dheireadh mhí an Mheithimh 2020.
Le cinneadh an lae inniu, dearbhaítear tacaíocht sheasmhach an Aontais do CORSIA, scéim dhomhanda chun srian a chur le hastaíochtaí eitlíochta agus chun dul i ngleic leis an athrú aeráide. Ní féidir leis an Eoraip léi féin uaillmhian chomhshaoil an Chomhaontaithe Ghlais a bhaint amach. Leanfaidh an tAontas de cheannaireacht a thabhairt in ICAO chun dul i ngleic leis an dúshlán domhanda seo toisc nach gcuireann teorainneacha náisiúnta aon srian ar thiománaithe an athraithe aeráide.
Oleg Butković, Aire Gnóthaí Mara, Iompair agus Bonneagair na Cróite, agus Uachtarán na Comhairle
Ghlac an Chomhairle an cinneadh tríd an nós imeachta i scríbhinn.
CORSIA - cúlra
Tháinig ICAO ar chomhaontú maidir le CORSIA in 2016 d’fhonn astaíochtaí gás ceaptha teasa ó eitlíocht idirnáisiúnta a theorannú ar leibhéil 2020. Comhlánaítear leis tacar beart níos leithne , lena n-áirítear feabhsuithe ar theicneolaíocht aerárthaí, feabhsuithe oibríochtúla agus breoslaí eitlíochta inbhuanaithe.
Tá tús curtha le hoibleagáidí CORSIA cheana féin. Ón 1 Eanáir 2019, tá feidhm ag na ceanglais faireacháin, tuairiscithe agus fíoraithe (MRV) a bhaineann le hastaíochtaí CO2 ó eitiltí idirnáisiúnta. Cuireadh na hoibleagáidí sin chun feidhme i ndlí an Aontais trí bhíthin reachtaíocht thánaisteach.
Beidh feidhm ag ceanglais fritháirithe CORSIA ón 1 Eanáir 2021. Is céimeanna saorálacha iad céim phíolótach CORSIA (2021-2023) agus céad chéim CORSIA (2024-2026).
Le linn na gcéimeanna saorálacha seo, féadfaidh ballstáit ICAO, a chinnfidh a bheith rannpháirteach in CORSIA, páirt a ghlacadh sa scéim ó thús bliain ar leith Ba cheart dóibh fógra a thabhairt do ICAO maidir lena gcinneadh páirt a ghlacadh in ICAO faoin 30 Meitheamh sa bhliain roimhe sin.