Skip to content
  • Comhairle an Aontais Eorpaigh
  • Preaseisiúint
  • 8 Lúnasa 2022 14:00

Lá Idirnáisiúnta na bPobal Dúchasach ar fud an Domhain, an 9 Lúnasa 2022: Dearbhú ón Ardionadaí thar ceann an Aontais Eorpaigh

Ar Lá Idirnáisiúnta na bPobal Dúchasach ar fud an Domhain, seasann an tAontas i ndlúthpháirtíocht leis na pobail dhúchasach ar fud an domhain, dá bhfuil breis agus 476 mhilliún ann — pobail na Sanach agus na Khoekhoe san Afraic Theas, na hAidhmearaigh i Raon Sléibhe na nAindéas, Māori na Nua-Shéalainne, Saami thuaisceart na hEorpa atá ina gcónaí in Sápmi nó Ionúiteach na Graonlainne, mar shampla.

Athdhearbhaímid go bhfuilimid diantiomanta cearta na bpobal dúchasach a urramú, a chosaint agus a chomhlíonadh mar a leagtar amach i nDearbhú na Náisiún Aontaithe maidir le Cearta na bPobal Dúchasach agus sa dlí idirnáisiúnta um chearta an duine. Tá pobail dhúchasacha ina gcónaí ar bheagnach an ceathrú cuid de dhromchla talún an domhain. Caomhnóirí agus cosantóirí criticiúla níos mó ná 80 % dár mbithéagsúlacht bhitheolaíoch is ea iad agus tá tuiscint dhomhain acu ar bhainistíocht talún inbhuanaithe. Ag an am céanna, tá siad ar na pobail is mó dá ndéanann tionchair thromchúiseacha an athraithe aeráide agus an díghrádaithe comhshaoil difear.

Is minic a bhíonn dlúthnasc idir féiniúlachtaí na bpobal dúchasach agus a dtailte agus a dteangacha. Is córais chasta chumarsáide iad teangacha dúchasacha a fhorbraítear thar na mílte bliain. Is díol sásaimh don Aontas Deacáid Idirnáisiúnta na dTeangacha Dúchasacha (2022-2032). Tá níos mó ná 4000 teanga dhúchasach i mbaol cionn is nach dteagasctar a lán acu ar scoil, ná nach n-úsáidtear iad sa saol poiblí.

Tá an tAontas tiomanta rannpháirtíocht na gceannairí dúchasacha agus chosantóirí dúchasacha chearta an duine i bpróisis forbartha agus i bpríomhfhóraim chinnteoireachta dhomhanda a chur chun cinn. Tá sé ríthábhachtach i gcónaí an prionsabal dul i gcomhairle le pobail dhúchasacha de mheon macánta a chur i bhfeidhm chun a saorthoiliú feasach roimh ré a fháil i dtaobh cinntí a dhéanann difear dóibh. Tá beart á dhéanamh ag an Aontas freisin le go mbeidh rialacha níos éifeachtaí ann maidir le hiompar freagrach gnó chun iompar corparáideach inbhuanaithe freagrach a chothú, lena n-áirítear ar thailte dúchasacha.

Tá staid chosantóirí chearta an duine ardaithe arís agus arís eile ag an Aontas. In 2021, maraíodh 358 gcosantóir chearta an duine ar a laghad. Ba chosantóirí cróga talún, comhshaoil nó ceart dúchasach iad beagnach 60 % acu, agus bhí níos mó ná an ceathrú cuid acu féin dúchasach. Is bás de bharraíocht é bás amháin acu. Leanfaidh an tAontas dá bheartais, dá idirphlé, dá ionstraimí maoiniúcháin agus de na huirlisí eile go léir a ghiaráil ar mhaithe le tacú le pobail dhúchasacha agus deireadh a chur leis an tsaoirse ó phionós.


Tá na tíortha is iarrthóirí an Tuirc, an Mhacadóin Thuaidh, Montainéagró, an tSeirbia, an Albáin1, an Úcráin agus Poblacht na Moldóive, tír a d’fhéadfadh a bheith ina hiarrthóir amach anseo, an Bhoisnia agus an Heirseagaivéin 1, na tíortha ar comhaltaí de Chomhlachas Saorthrádála na hEorpa agus den Limistéar Eorpach Eacnamaíoch iad, an Íoslainn, Lichtinstéin agus an Iorua, ag seasamh leis an dearbhú seo.

1An Mhacadóin Thuaidh, Montainéagró, an tSeirbia, an Albáin agus an Bhoisnia agus an Heirseagaivéin páirteach sa Phróiseas Cobhsaíochta agus Comhlachais i gcónaí.

Teagmhálaithe preasa

Murab iriseoir thú, seol d'iarratas chuig an tseirbhís um fhaisnéis don phobal le do thoil.

An t-athbhreithniú deireanach: an 31 Eanáir 2024