Skip to content
  • Comhairle an Aontais Eorpaigh
  • Preaseisiúint
  • 28 Márta 2023 02:10

Bonneagar breoslaí malartacha: comhaontú sealadach le haghaidh tuilleadh stáisiún athluchtaithe agus athbhreoslaithe ar fud na hEorpa

Beidh tuilleadh stáisiún athluchtaithe agus athbhreoslaithe le haghaidh breoslaí ionadúla in úsáid sna blianta amach romhainn ar fud na hEorpa, rud a chuirfidh ar chumas na hearnála iompair a lorg carbóin a laghdú go suntasach tar éis an chomhaontaithe pholaitiúil sealadaigh idir an Chomhairle agus Parlaimint na hEorpa.

Andreas Carlson, Aire Bonneagair agus Tithíochta na Sualainne
Leis an gcomhaontú, cuirfear in iúl go soiléir do shaoránaigh agus do pháirtithe leasmhara eile go ndéanfar bonneagar athluchtaithe agus stáisiúin athbhreoslaithe le haghaidh breoslaí ionadúla, mar shampla hidrigin, a shuiteáil ar fud an Aontais. Ciallaíonn sé sin go mbeidh níos mó acmhainneacht athluchtaithe phoiblí ar fáil ar na sráideanna i gceantair uirbeacha agus feadh na mótarbhealaí chomh maith. Ní bheidh sé ina chúis imní ag saoránaigh a thuilleadh teacht ar stáisiúin luchtaithe agus athbhreoslaithe dá gcarr leictreach nó dá gcarr breosla-chille.
Andreas Carlson, Aire Bonneagair agus Tithíochta na Sualainne
Andreas Carlson, Aire Bonneagair agus Tithíochta na Sualainne

Príomhchuspóirí na reachtaíochta atá beartaithe

Tá trí chuspóir ag an rialachán maidir le bonneagar breoslaí ionadúla (AFIR) atá beartaithe:

  • a áirithiú go mbeidh gréasán leordhóthanach bonneagair ann chun feithiclí bóthair agus longa a athluchtúa athbhreoslú le breoslaí ionadúla
  • réitigh mhalartacha a chur ar fáil ionas nach gá do shoithí atá ar ancaire ná aerárthaí atá ina stad a n-innill a choinneáil ag rith
  • idir-inoibritheacht iomlán a bhaint amach ar fud an Aontais agus a chinntiú go mbeidh sé éasca an bonneagar a úsáid

Beidh ról tábhachtach ag an rialachán atá beartaithe chun dlús a chur le himscaradh an bhonneagair sin ionas nach gcuirfear bac ar ghlacadh feithiclí agus long astaíochtaí nialasacha agus astaíochtaí ísle, chun tús a chur le fáinne óir don earnáil iompair agus chun spriocanna an Dlí Aeráide Eorpaigh a bhaint amach.

Na príomhghnéithe a choinnítear sa togra ón gCoimisiún

Coinníonn an comhaontú sealadach gnéithe bunúsacha an togra ón gCoimisiún, i.e. na príomhpharaiméadair fhoriomlána a mbeidh fíorthionchar acu ar an aeráid, go háirithe:

  • maidir le feithiclí leictreacha éadroma a athluchtú, ceanglais maidir leis an toilleadh cumhachta iomlán atá le soláthar bunaithe ar mhéid an fhlít chláraithe agus ceanglais chumhdaigh an ghréasáin thras-Eorpaigh iompair (TEN-T) in 2025 agus 2030
  • maidir le feithiclí tromshaothair leictreacha a athluchtú agus athbhreoslú hidrigine, ceanglais i ndáil le cumhdach TEN-T in 2030, ag tosú in 2025 le haghaidh feithiclí tromshaothair leictreacha
  • maidir le leictreachas a sholáthar do longa cois cé i gcalafoirt, na ceanglais is infheidhme ó 2030

Na príomhleasuithe a rinneadh ar an togra ón gCoimisiún

Leasaítear roinnt gnéithe den togra ón gCoimisiún, áfach, i dtéacs an chomhaontaithe shealadaigh.

  • i bhfianaise dhinimic shonrach na bhfeithiclí tromshaothair leictreacha agus ós rud é nach bhfuil an margadh sin chomh forbartha céanna leis an margadh d’fheithiclí éadroma, tá sé beartaithe tús a chur le próiseas céimnitheach maidir le bonneagar a chur in úsáid in 2025, arb é is aidhm dó bóithre uile TEN-T a chumhdach faoi 2030
  • chun éifeachtúlacht na n-infheistíochtaí in athbhreoslú hidrigine a uasmhéadú agus chun oiriúnú d’fhorbairtí teicneolaíocha, dírítear sna ceanglais ar bhonneagar athbhreoslaithe hidrigine gásaí a chur in úsáid agus aird ar leith á tabhairt ar nóid uirbeacha agus ar mhoil ilmhódacha
  • chun a chinntiú go mbeidh na ceanglais athluchtaithe leictrigh comhoiriúnach leis an raon leathan imthosca ar an talamh agus go mbeidh infheistíochtaí comhréireach leis na riachtanais, rinneadh cumhacht iomlán na gcomhthiomsuithe athluchtaithe leictrigh a oiriúnú agus is féidir an t-achar uasta idir comhthiomsuithe athluchtaithe do chodanna bóthair a bhfuil trácht an-íseal acu a mhéadú
  • chun go mbeidh bonneagar athluchtaithe leictrigh agus athbhreoslaithe hidrigine éasca le húsáid, tá roghanna éagsúla íocaíochta agus taispeána praghsanna ar fáil, agus infheistíocht dhíréireach á seachaint ag an am céanna, go háirithe sa bhonneagar atá ann cheana
  • maidir le soláthar cumhachta ar tír i gcalafoirt mhuirí, tá na forálacha i gcomhréir go hiomlán leis an togra 'FuelEU Maritime' a comhaontaíodh le déanaí
  • sa téacs, sonraítear oibleagáidí gach páirtithe leasmhara lena mbaineann, déantar foráil maidir le rianú ar dhul chun cinn, cinntítear go gcuirtear úsáideoirí ar an eolas go cuí agus cuirtear caighdeáin choiteanna agus sonraíochtaí teicniúla ar fáil don tionscal
  • i bhfianaise forbairtí suntasacha teicneolaíocha agus margaidh a bhfuiltear ag súil leo a dhéanfaidh difear d’fheithiclí tromshaothair, áirítear i dtéacs an chomhaontaithe shealadaigh clásal maidir le hathbhreithniú sonrach sa ghearrthéarma, cé go ndéanfar athbhreithniú ar an rialachán iomlán sa mheántéarma freisin

Na chéad chéimeanna eile

Tá an comhaontú polaitiúil sealadach le formheas go foirmiúil anois ag an dá chomhreachtóir. Ó thaobh na Comhairle de, tá sé ar intinn ag Uachtaránacht na Sualainne an téacs a chur faoi bhráid ionadaithe na mBallstát (Coreper) a luaithe is féidir d’fhonn go nglacfar go foirmiúil é ag cruinniú a bheidh ag an gComhairle amach anseo.

Eolas cúlra

Is cuid den phacáiste ‘Oiriúnach do 55’ é an Rialachán maidir le bonneagar breoslaí ionadúla (AFIR). Is é is aidhm don phacáiste seo, a thíolaic an Coimisiún Eorpach an 14 Iúil 2021, a chur ar chumas an Aontais na glanastaíochtaí gás ceaptha teasa a laghdú 55% ar a laghad faoi 2030 le hais leibhéil 1990 agus an aeráidneodracht a bhaint amach faoi 2050.

An 2 Meitheamh 2022, tháinig an Chomhairle Iompair ar chur chuige ginearálta maidir leis an togra.

Beidh téacs an chomhaontaithe shealadaigh ar fáil amach anseo.

Teagmhálaithe preasa

Murab iriseoir thú, seol d'iarratas chuig an tseirbhís um fhaisnéis don phobal le do thoil.

An t-athbhreithniú deireanach: an 16 Eanáir 2025