"Bainimid úsáid as fianáin lena chinntiú go bhfeabhsaítear d’eispéireas brabhsála. Tá gá le fianáin riachtanacha chun tacú le gnéithe bunriachtanacha de shuíomh gréasáin na Comhairle. Cuidíonn na fianáin roghnacha linn tuarascálacha staidrimh anaithnide, comhiomlánaithe a tháirgeadh chun freastal níos fearr ar do chuid riachtanas.
An treoir réime dramhaíola: an Chomhairle chun tús a chur leis an bplé maidir le hathbhreithniú na treorach
Ghlac an Chomhairle a seasamh (‘cur chuige ginearálta’) maidir leis an athbhreithniú spriocdhírithe ar an treoir réime dramhaíola, agus béim á leagan ar bhia agus ar dhramhaíl teicstíle.
Is é is aidhm don chur chuige ginearálta dramhaíl a chosc ó mhearfhaisean agus athúsáid a éascú. Leagtar síos ann freisin spriocanna uaillmhianacha chun cur amú bia a laghdú go suntasach faoi 2030. Ós rud é gurb iad na hearnálacha bia agus teicstíle an chéad earnáil is déine agus an ceathrú earnáil is déine faoi seach ó thaobh acmhainní de, is céim ríthábhachtach é an comhaontú a tharla an 17 Meitheamh 2024 i dtreo geilleagar Eorpach níos inbhuanaithe agus níos ciorclaí.
Alain Maron, Aire Rialtais Réigiún Príomhchathrach na Bruiséile, a bhfuil freagracht air maidir leis an athrú aeráide, an comhshaol, fuinneamh agus an daonlathas rannpháirtíochta
Earnáil an bhia
Níos lú cur amú bia faoi 2030
Leagtar síos sa treoir atá beartaithe spriocanna ceangailteacha maidir le cur amú bia a laghdú faoi 2030:
− 10% i bpróiseáil agus i monarú
− 30% per capita sa mhiondíol, i mbialanna, i seirbhísí bia agus i dteaghlaigh
Comhaontaíonn an cur chuige ginearálta leis na spriocanna mar a mhol an Coimisiún iad agus déantar foráil ann maidir leis an bhféidearthacht spriocanna a leagan síos le haghaidh bia inite faoin 31 Nollaig 2027, nuair a dhéanfaidh an Coimisiún athbhreithniú ar spriocanna 2030.
Bliain tagartha agus fachtóirí ceartúcháin
Déanfar na spriocanna laghdaithe bia a ríomh i gcomparáid leis an méid a gineadh in 2020, ós rud é gurbh í an chéad bhliain í ar bailíodh sonraí maidir le cur amú bia de réir modh comhchuibhithe. Ceadaítear do na Ballstáit bliain tagartha a úsáid roimh 2020, má bhí modhanna leordhóthanacha bailithe sonraí i bhfeidhm ar an leibhéal náisiúnta.
Leis an gcur chuige ginearálta, ceadaítear do na Ballstáit 2021, 2022 nó 2023 a úsáid freisin mar bhlianta tagartha, ós rud é go bhféadfadh sé nach mbeadh na sonraí do 2020 ionadaíoch i gcásanna áirithe mar gheall ar phaindéim COVID-19.
D’aontaigh na hairí freisin gur gá fachtóirí ceartúcháin a fhorbairt, chun luaineachtaí sa turasóireacht agus sna leibhéil táirgeachta i bpróiseáil agus monarú bia i ndáil leis an mbliain tagartha a chur san áireamh.
Earnáil na dteicstílí
Leis an treoir réime dramhaíola atá ann faoi láthair, atá i bhfeidhm ó 2008 i leith, cuirtear d’oibleagáid ar na Ballstáit bailiú ar leithligh teicstílí lena n-athúsáid, lena n-ullmhú le haghaidh athúsáide agus lena n-athchúrsáil a chinntiú faoin 1 Eanáir 2025. De réir an chur chuige ghinearálta, faoi dheireadh 2028, breithneoidh an Coimisiún spriocanna sonracha a leagan síos maidir le dramhaíl san earnáil teicstíle a chosc, a bhailiú, a ullmhú le haghaidh athúsáide agus a athchúrsáil.
Freagracht leathnaithe táirgeora
Leis an togra le haghaidh athbhreithniú ar an treoir réime dramhaíola, déantar foráil maidir le scéimeanna comhchuibhithe freagrachta leathnaithe táirgeora (EPR) lena gceanglófaí ar bhrandaí faisin agus ar tháirgeoirí teicstíle táillí a íoc chun cuidiú le costais bailithe agus cóireála na dramhaíola teicstíle a mhaoiniú. Cuirfear na scéimeanna sin ar bun suas le 30 mí tar éis theacht i bhfeidhm na treorach seo agus chomhaontaigh na hairí micrifhiontair a áireamh ina raon feidhme.
Beidh leibhéal na dtáillí sin bunaithe ar chiorclaíocht agus ar fheidhmíocht chomhshaoil táirgí teicstíle (ar a dtugtar éiceamhodhnú). Ós rud é gurb é dramhaíl a chosc an rogha is fearr, leagtar amach sa chur chuige ginearálta gur féidir leis na Ballstáit táillí níos airde a éileamh ar chuideachtaí a leanann cleachtais thionsclaíocha agus tráchtála ‘mearfhaisin’.
Tá forálacha sonracha sa chur chuige ginearálta freisin do na Ballstáit ina bhfuil sciar níos airde de tháirgí teicstíle a mheastar a bheith oiriúnach lena n-athúsáid ar an margadh. Is féidir leis na Ballstáit sin a iarraidh ar oibreoirí athúsáide tráchtála táille (níos ísle) a íoc agus na táirgí sin á gcur ar fáil ar a margadh acu den chéad uair.
Eintitis an gheilleagair shóisialta
Aithnítear sa chur chuige ginearálta an ról lárnach atá ag eintitis an gheilleagair shóisialta (carthanais, fiontair shóisialta agus fondúireachtaí ina measc) sna córais bailithe teicstílí atá ann cheana. Ligeann sé dóibh a gcuid pointí bailithe ar leithligh féin a choinneáil ar bun agus a oibriú. De réir an tseasaimh ón gComhairle, is féidir leis na Ballstáit iad a dhíolmhú ó cheanglais tuairiscithe áirithe chun ualach riaracháin díréireach a sheachaint.
Na chéad chéimeanna eile
Leis an gcur chuige ginearálta ón gComhairle ar thángthas air, cuirtear ar chumas na huachtaránachta rothlaí tús a chur le cainteanna le Parlaimint na hEorpa maidir leis an téacs deiridh, a bheidh ar siúl faoin timthriall reachtach nua. Ghlac Parlaimint na hEorpa a seasamh i mí an Mhárta 2024.
Cúlra
Gintear os cionn 58 milliún tona dramhaíola bia (i.e. 131 kg in aghaidh an chónaitheora) san Aontas gach bliain, rud a léiríonn caillteanas measta €132 bhilliún. Ina theannta sin, is é an cur amú bia is cúis le thart ar 16% de na hastaíochtaí gás ceaptha teasa iomlána ó chóras bia an Aontais.
Ina theannta sin, gineann an tAontas 12.6 milliún tona de dhramhaíl teicstíle in aghaidh na bliana. Is iad éadaí agus coisbheart amháin is cúis le 5.2 milliún tona dramhaíola, arb ionann é agus 12 kg dramhaíola in aghaidh an duine gach bliain. Faoi láthair, ní bhailítear ach 22% den dramhaíl sin ar leithligh lena hathúsáid nó lena hathchúrsáil, agus is minic a dhéantar an chuid eile a loscadh nó a chur i líonadh talún.
An 5 Iúil 2023, thíolaic an Coimisiún Eorpach togra chun athbhreithniú a dhéanamh ar an treoir réime dramhaíola, lena ndírítear go sonrach ar earnálacha an bhia agus na dteicstílí. Is é aidhm fhoriomlán an togra laghdú a dhéanamh ar na tionchair chomhshaoil agus aeráide a bhaineann le giniúint agus bainistiú dramhaíola teicstíle agus bia.