Skip to content

An cur amú bia

Cuireann an cur amú bia brú nach bhfuil gá leis ar na hacmhainní nádúrtha agus bíonn tionchar aici ar an tslándáil bhia. Is é is aidhm do rialacha an Aontais caillteanas bia agus an cur amú bia a chosc agus a laghdú.

Tionchar a bhíonn ag an gcur amú bia

Dúshlán domhanda is ea an cur amú bia agus an caillteanas bia (is éard is caillteanas bia ann nuair a chailltear bia sula sroicheann sé tomhaltóirí). De réir Eagraíocht Bhia agus Talmhaíochta na Náisiún Aontaithe, cailltear nó cuirtear amú thart ar aon trian den bhia uile a tháirgtear ar fud an domhain ag pointe éigin sa slabhra soláthair bia.

Cailltear nó cuirtear amú os cionn 59 milliún tona bia san Aontas gach bliain - 132kg in aghaidh an duine.

An áit a chailltear bia agus a chuirtear bia amú

Is ó theaghlaigh a thagann breis agus leath den chur amú bia san Aontas. Dhá oiread níos mó ná an cur amú bia a ghintear le linn an táirgthe nó na próiseála. Léirítear sa ghraf an méid cur amú bia in aghaidh na hearnála bunaithe ar 132 kg dramhaíola per capita.

Leagan téacs

Píchairt ina léirítear an áit ina ngintear an cur amú bia, bunaithe ar 132kg san iomlán per capita:

  • 72kg: teaghlaigh
  • 25kg: próiseáil
  • 15kg: bialanna agus seirbhísí
  • 11kg: miondíol agus dáileadh
  • 10kg: táirgeadh

Foinse: Eurostat 2024, sonraí ó 2022

Bíonn tionchar mór ag neamhéifeachtúlachtaí sa slabhra soláthair bia agus sa tomhaltas ar an gcomhshaol, ar an ngeilleagar agus ar an tsochaí.

Príomhthionchair an chur amú bia

Duilleog bheag ghlas agus duilleog mhór bhán ar fhéar.

An Comhshaol

Is é an cur amú bia is cúis le 16% d’astaíochtaí gás ceaptha teasa chóras bia iomlán an Aontais.

Carn bonn atá clúdaithe go páirteach le comhartha euro; Saigheada atá dírithe suas agus síos ar bharr an chairn.

An Geilleagar

suas le €132 bhilliún gach bliain mar gheall ar an gcur amú bia.

Pláta a bhfuil forc agus scian ar na taobhanna.

An tSochaí

níl sé d’acmhainn ag beagnach 33 mhilliún duine san Aontas béile iomlán a cheannach gach re lá, agus ag an am céanna, bíonn na tonaí bia á gcur amú.

An chaoi a dtéann an tAontas i ngleic leis an gcur amú bia

Tá an tAontas agus a thíortha tiomanta do sprioc forbartha inbhuanaithe na Náisiún Aontaithe, is é sin, an cur amú bia domhanda per capita a laghdú faoina leath ar leibhéal miondíola agus tomhaltóirí agus an caillteanas bia feadh na slabhraí táirgthe agus soláthair a laghdú faoi 2030.

Chun dlús a chur leis an ngníomhaíocht i dtreo na sprice sin, tá bearta sonracha tugtha isteach ag an Aontas chun teorainn a chur leis an gcaillteanas bia agus leis an gcur amú bia.

Le treoir réime dramhaíola an Aontais, leagtar síos ord tosaíochta le haghaidh gníomhaíochtaí arb é is aidhm dóibh caillteanas agus dramhaíl a laghdú. Is é an cosc an chéad bheart ba cheart do na Ballstáit a fhorfheidhmiú. Sa chás nach féidir an cosc sin a chur i bhfeidhm, déanann na tíortha bearta chun bia a athúsáid, a athchúrsáil nó a úsáid chun críocha eile.

Ord tosaíochta chun an caillteanas agus an cur amú a laghdú

1. COSC: caillteanas agus cur amú bia a sheachaint i dtosach báire

2. ATHÚSÁID: athúsáid do thomhaltas an duine trí athdháileadh agus bainc bhia, nó úsáid mar bheatha ainmhithe

3. ATHCHÚRSÁIL: seachtháirgí a aisghabháil agus cothaithigh a athúsáid le haghaidh múirín a dhéanamh agus le haghaidh úsáidí eile mar sin

4. AISGHABHÁIL: loscadh le haisghabháil fuinnimh

Pirimid aisiompaithe, ón mbarr anuas: 1. Lámh 2. Croí úill a bhfuil saigheada ciorclacha mórthimpeall air 3. comhartha athchúrsála 4. tine

An treoir réime dramhaíola lena gceanglaítear ar na Ballstáit an méid seo a leanas a dhéanamh:

  • an méid bia a cailleadh le linn an táirgthe agus an dáilte a laghdú
  • an cur amú bia a dhéanann teaghlaigh a laghdú
  • deonú bia a spreagadh
  • faireachán agus measúnú a dhéanamh ar chur chun feidhme bhearta coiscthe an Aontais maidir le cur amú bia

I measc na mbeart eile a bhfuil sé d’aidhm acu an caillteanas agus an cur amú bia a laghdú tá athrú cuspóra a dhéanamh ar bharrachas táirgí bia, mar shampla mar bheatha ainmhithe nó mar mhúirín.

Spriocanna um laghdúchán cur amú bia

I mí Iúil 2023, thíolaic an Coimisiún Eorpach togra le haghaidh athbhreithniú ar threoir réime dramhaíola an Aontais. Cuirtear san áireamh leis an athbhreithniú sin spriocanna nua atá ceangailteach ó thaobh dlí maidir le cur amú bia a laghdú do 2030.

I mí an Mheithimh 2024, tháinig an Chomhairle ar chomhaontú maidir lena seasamh caibidlíochta le Parlaimint na hEorpa i ndáil leis na spriocanna atá beartaithe.

Thángthas ar chomhaontú sealadach idir na comhreachtóirí i mí Feabhra 2025. Áirítear ann na spriocanna seo a leanas chun cur amú bia a laghdú.

An t-athbhreithniú deireanach: an 19 Feabhra 2025