"Bainimid úsáid as fianáin lena chinntiú go bhfeabhsaítear d’eispéireas brabhsála. Tá gá le fianáin riachtanacha chun tacú le gnéithe bunriachtanacha de shuíomh gréasáin na Comhairle. Cuidíonn na fianáin roghnacha linn tuarascálacha staidrimh anaithnide, comhiomlánaithe a tháirgeadh chun freastal níos fearr ar do chuid riachtanas.
Smuigleáil imirceach: Ról feabhsaithe Europol sa chomhrac i gcoinne smuigleáil imirceach
Tháinig ionadaithe Bhallstáit an Aontais (Coreper) ar chomhaontú maidir le sainordú caibidlíochta na Comhairle le haghaidh rialachán lena neartaítear ról Europol maidir le tacú leis na Ballstáit ina gcomhrac i gcoinne smuigleáil imirceach agus gáinneáil ar dhaoine.
Leis an dréachtrialachán, athraítear rialachán reatha Europol agus neartaítear sainordú Europol chun tacú ar bhealach níos gníomhaí leis na Ballstáit agus iad ag dul i ngleic leis na coireanna sin, agus tugtar isteach ceanglais mhéadaithe maidir le comhroinnt faisnéise chun comhar ar an leibhéal náisiúnta agus ar leibhéal an Aontais a fheabhsú. Is é Europol gníomhaireacht an Aontais a chuidíonn le comhlachtaí náisiúnta forfheidhmithe dlí an choireacht eagraithe agus an sceimhlitheoireacht a chomhrac.
Is gnó coireachta billiún euro í smuigleáil imirceach ar chostas na ndaoine is laige. Is mian linn stop a chur leis na smuigléirí agus is féidir le Europol ról tábhachtach a imirt ina leith sin.
Annelies Verlinden, Aire Gnóthaí Baile na Beilge
Príomheilimintí sheasamh na Comhairle
Beidh Europol in ann ról níos suntasaí a imirt maidir le tacú leis na Ballstáit trí shonraí bithmhéadracha a phróiseáil chun na caochspotaí a bhfuil coirpigh ag iarraidh leas a bhaint astu a dhúnadh trí cheilt a dhéanamh taobh thiar d’ilchéannachtaí bréagacha.
Chun an cleachtas reatha a rialáil, foráiltear anois go bhféadfaidh gníomhaireacht an Aontais, arna iarraidh sin do na Ballstáit, foireann Europol nó saineolaithe náisiúnta ar iasacht a imscaradh ar chríoch na mBallstát agus i dtríú tíortha chun tacaíocht anailíseach, oibríochtúil, theicniúil agus fhóiréinseach a chur ar fáil. D’fhéadfadh an tacaíocht oibríochtúil sin tarlú, mar shampla, i gcomhthéacs an bhainistithe teorainneacha.
Chun go mbeidh Europol in ann a ról a imirt maidir le smuigleáil imirceach a chomhrac agus comhroinnt faisnéise a mhéadú, d’fhéadfaí oifigigh idirchaidrimh inimirce forfheidhmithe dlí na mBallstát a nascadh le SIENA, ardán cumarsáide slán Europol d’údaráis forfheidhmithe dlí.
Chun comhar níos dlúithe agus malartú faisnéise níos fearr a áirithiú idir gníomhaireachtaí an Aontais um chomhrac na coireachta, iarrfar ar Frontex – gníomhaireacht teorann an Aontais – agus ar Eurojust – gníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um chomhar ceartais choiriúil – oifigigh idirchaidrimh a thabhairt ar iasacht go buan don Lárionad Eorpach in aghaidh Smuigleáil Imirceach (EMSC) de chuid Europol.
Neartóidh Europol freisin a thacaíocht don Ardán Eorpach Ildisciplíneach i gCoinne Bagairtí Coiriúla (EMPACT), príomhuirlis an Aontais chun an choireacht thromchúiseach agus eagraithe a chomhrac.
Chinn an Chomhairle freisin gur cheart go bhfaigheadh Europol acmhainní breise airgeadais agus daonna chun a chúraimí a chur i gcrích.
Na chéad chéimeanna eile
Le sainordú caibidlíochta an lae inniu, beidh an Chomhairle in ann dul i dteagmháil le Parlaimint na hEorpa chun teacht ar chomhaontú maidir le téacs dlíthiúil críochnaitheach, a luaithe a bheidh cinneadh déanta ag an bParlaimint maidir lena seasamh.
Cúlra
An 28 Samhain 2023, mhol an Coimisiún Eorpach pacáiste reachtach nua chun smuigleáil imirceach a chosc agus a chomhrac. Chomh maith leis an rialachán chun ról Europol a threisiú – ar tháinig na Ballstáit ar chomhaontú ina leith inniu – mhol an Coimisiún dlí ceartais choiriúil freisin chun smuigleáil imirceach a chosc agus a chomhrac.
Dar le Europol, baineann níos mó ná 90 % de na himircigh neamhrialta a shroicheann an tAontas úsáid as seirbhísí smuigléirí, agus measann na Náisiúin Aontaithe go ndéanann líonraí smuigleála brabús idir €4.7 billiún agus €6 bhilliún in aghaidh na bliana.