Skip to content
• An Chomhairle Ceartais agus Gnóthaí Baile

An Chomhairle Ceartais agus Gnóthaí Baile (Gnóthaí Baile), 14 Deireadh Fómhair 2025

Na príomhthorthaí

Gnóthaí baile

Beartas imirce an Aontais

Phléigh na hairí gnóthaí baile togra maidir le córas coiteann a bhunú chun náisiúnaigh tríú tír atá ag fanacht go neamhdhleathach san Aontas a fhilleadh ar a dtíortha féin. Áirítear sa reachtaíocht atá beartaithe, atá á scrúdú faoi láthair ar leibhéal na saineolaithe, roinnt gnéithe nua chun gur tapúla a bheidh an próiseas maidir le daoine atá ag filleadh, lena n-áirítear, i measc nithe eile, oibleagáidí ar dhaoine atá ag filleadh comhoibriú leis na húdaráis náisiúnta agus rialacha níos déine maidir leis na daoine sin atá ag filleadh ar bagairt slándála iad.

Chomhaontaigh na hairí go bhfuil nósanna imeachta níos éifeachtaí ar fud an Aontais ríthábhachtach chun dlús a chur leis an bhfilleadh agus chun cur le filleadh iarbhír na n-imirceach atá ag cur fúthu go neamhdhleathach san Aontas.

Phléigh na hairí go háirithe an t-aitheantas frithpháirteach éigeantach do chinntí um fhilleadh a eisíonn Ballstáit eile. Ciallaíonn aitheantas frithpháirteach go n-aithníonn agus go bhforfheidhmíonn na Ballstáit cinneadh um fhilleadh arna eisiúint ag Ballstát eile. Chuir roinnt Ballstát in iúl go láidir gur comhartha láidir a bheadh san aitheantas frithpháirteach nach féidir le himircigh atá ag cur fúthu i dtír go neamhdhleathach a gcónaí a aistriú go Ballstát eile d’fhonn teacht timpeall ar chinneadh um fhilleadh. Chuir Ballstáit eile in iúl go bhfuil gá le solúbthacht maidir le haitheantas frithpháirteach a chur i bhfeidhm, agus thug siad dá n-aire go bhféadfadh sé gur tapúla agus gur éifeachtaí a bheadh sé cinneadh náisiúnta um fhilleadh a eisiúint i gcásanna áirithe mar gheall ar shaincheisteanna dlíthiúla, praiticiúla agus oibríochtúla éagsúla.

Rasmus Stoklund, Aire Inimirce agus Lánpháirtíochta na Danmhairge

Ar fud an Aontais, níl ach sciar beag de na náisiúnaigh tríú tír atá ag fanacht go neamhdhleathach anseo ag filleadh faoi láthair. Creidim nár cheart glacadh leis seo ar chor ar bith. Ní hamháin go gcuireann sé slándáil an Aontais seo againne i mbaol, ach is amhlaidh a chuireann sé an comhtháthú sóisialta i mbaol, chomh maith le dochar a dhéanamh do sheasamh na n-institiúidí Eorpacha freisin. Is chuige sin a bhfuilimid ag obair ar rialacha nua chun go bhfillfidh níos mó daoine ar bhealach níos éifeachtaí.

Rasmus Stoklund, Aire Inimirce agus Lánpháirtíochta na Danmhairge

Rasmus Stoklund, Aire Inimirce agus Lánpháirtíochta na Danmhairge

Le linn an lóin oibre, phléigh na hairí gné sheachtrach na himirce agus leag siad béim ar dhaoine a bheith ag filleadh ar an tSiria – líon na Siriach a fhillfidh ar a dtír dhúchais go deonach ar eisíodh cinneadh um fhilleadh ina leith, chomh maith le líon na Siriach a bhfuil baol slándála ag baint leo agus coirpigh chiontaithe a fhillfear in aghaidh a dtola. Roinn na hairí an taithí atá acu trína dteagmhálacha le húdaráis na Siria maidir leis an imirce.

Cosaint shibhialta agus ullmhacht sláinte

Bhí díospóireacht ag na hairí maidir le dréachtreachtaíocht chun Sásra an Aontais um Chosaint Shibhialta (SACS) a athchóiriú agus chun tacaíocht an Aontais a chomhtháthú san Údarás um Ullmhacht agus Freagairt i dtaca le hÉigeandáil Sláinte. Leis an togra sin, lena gcumhdaítear tacaíocht airgeadais agus comhar ón Aontas le haghaidh cosaint shibhialta chomh maith le hullmhacht i gcomhair éigeandálaí sláinte, cuirtear €10.7 billiún i leataobh chun an rialachán sin a mhaoiniú faoin gcéad bhuiséad ilbhliantúil eile.

Phléigh na hairí, i measc nithe eile, na hathruithe a mholtar ar an sásra um chosaint shibhialta féin – cuir i gcás feabhas a chur ar na hacmhainneachtaí comhpháirteacha freagartha do thubaistí agus do ghéarchéimeanna – chomh maith leis an Mol um Comhordú Géarchéime atá beartaithe agus an comhar sibhialta-míleata ar leibhéal an Aontais a neartú.

Is é SACS an uirlis a úsáideann an tAontas chun comhordú a dhéanamh ar an bhfreagairt ar thubaistí nádúrtha agus ar thubaistí de dhéantús an duine. Nuair a bhuaileann tubaiste tír áirithe (pé acu tír san Eoraip nó tír eile), is féidir léi cúnamh éigeandála a iarraidh ar SACS.

Torsten Schack Pedersen, Aire Athléimneachta agus Ullmhachta na Danmhairge

Tá tubaistí agus géarchéimeanna ar chastacht agus ar scála nach bhfacthas a leithéid riamh roimhe seo, ag bagairt ar an Eoraip. Is príomhchúram é an ullmhacht agus an athléimneacht a fheabhsú ar an leibhéal náisiúnta agus ar leibhéal an Aontais araon.

Torsten Schack Pedersen, Aire Athléimneachta agus Ullmhachta na Danmhairge

Torsten Schack Pedersen, Aire Athléimneachta agus Ullmhachta na Danmhairge

Schengen

Mar is gnách ag cruinniú de na hairí gnóthaí baile, rinne an Chomhairle trácht ar staid fhoriomlán limistéar Schengen. Chuir an Coimisiún Baraiméadar Schengen i láthair – lena dtugtar aghaidh ar na príomhdhúshláin agus ar a bhfuil ag titim amach laistigh de limistéar Schengen.

Phléigh an Chomhairle a bhfuil i ndán don Ghníomhaireacht Eorpach um an nGarda Teorann agus Cósta, Frontex. Tá sé beartaithe ag an gCoimisiún Eorpach togra a thíolacadh lena ndéanfar athbhreithniú ar an rialachán maidir leis an nGarda Teorann agus Cósta Eorpach in 2026. Tugadh ionchur sa díospóireacht don athbhreithniú sin a fógraíodh. I gcás na mBallstát, is iad na riachtanais oibríochtúla an túsphointe a mhéid a bhaineann le hathbhreithniú a dhéanamh ar an reachtaíocht arb í is bunús le Frontex. Ba mhaith leo gurbh iad príomhfheidhmeanna na gníomhaireachta a bhaineann le teorainneacha seachtracha agus filleadh príomhábhar an athbhreithnithe a dhéanfar amach anseo. Chomh maith leis sin, is príomh-shaincheist é an comhar le tríú tíortha, mar shampla, a mhéid a bhaineann le filleadh.

Cuireadh an hairí ar an eolas faoi staid na himeartha maidir le forbairt bhonneagar TF an Aontais i réimse an bhainistithe teorainneacha agus an fhorfheidhmithe dlí. Cuireadh príomhghné den timpeallacht TF sin, an Córas Dul Isteach/Imeachta (EES), i bhfeidhm an 12 Deireadh Fómhair 2025. Leis an gcóras dul isteach/imeachta, cláraítear dul isteach, imeacht agus diúltú cead isteach náisiúnach tríú tír a thrasnaíonn teorainneacha seachtracha an Aontais le haghaidh fanacht ghearrthréimhseach.

Ag an gcruinniú a bhí ag an gComhairle, leag an Uachtaránacht béim ar a thábhachtaí atá sé an dá rud seo a leanas a chur ar fáil le linn 2026; Eurodac nua, ar bunachar sonraí méarlorg é lena gcláraítear iarrthóirí tearmainn, agus ETIAS, ar córas údaraithe taistil do thaistealaithe ó thíortha atá díolmhaithe ó cheanglas víosa. Fillfidh an Chomhairle ar leathadh amach na ngnéithe eile den ailtireacht choiteann TF teorann agus slándála, cuir i gcás Córas Faisnéise Víosaí nuashonraithe, tar éis 2026 ag cruinniú a bheidh ag an gComhairle amach anseo.

An tslándáil inmheánach

Roinn an Uachtaránacht an t-eolas is déanaí maidir leis an obair a rinneadh i gcomhlachtaí ullmhúcháin na Comhairle chun cur chun feidhme an treochláir maidir le rochtain dhleathach éifeachtach ar shonraí le haghaidh fhorfheidhmiú an dlí a phlé, a chomhordú agus faireachán a dhéanamh orthu. Thíolaic an Coimisiún an treochlár sin i mí an Mheithimh 2025.

Sa chomhthéacs sin, thug an Coimisiún eolas ar staid na himeartha i ndáil le treochlár teicneolaíochta maidir le criptiú a ullmhú, ar treochlár é a mheastar a thabharfar chun críche in 2026. Is é is cuspóir don treochlár teicneolaíochta seo réitigh theicneolaíocha a shainaithint agus a mheasúnú, réitigh theicneolaíochta lenar féidir le húdaráis forfheidhmithe dlí rochtain dhleathach a fháil ar shonraí criptithe i gcásanna coiriúla, agus an chibearshlándáil agus cearta bunúsacha á gcosaint go hiomlán ag an am céanna.

Peter Hummelgaard, Aire Dlí agus Cirt na Danmhairge

Ní mór na huirlisí is gá a bheith ag na húdaráis forfheidhmithe dlí, cuir i gcás rochtain leordhóthanach ar shonraí chun an choireacht a chomhrac agus a ionchúiseamh go héifeachtach. Baineann sé sin le cionta ar líne agus le coireacht thromchúiseach atá beartaithe a dhéanann coirpigh eagraithe a úsáideann teicneolaíocht nua-aimseartha agus bonneagar digiteach. Ní mór dúinn a chinntiú go ndúnfar na lúba ar lár atá ann cheana.

Peter Hummelgaard, Aire Dlí agus Cirt na Danmhairge

Peter Hummelgaard, Aire Dlí agus Cirt na Danmhairge

Ag bricfeasta oibre, phléigh na hairí na dúshláin fhadtéarmacha a d’fhéadfadh a bheith ag baint leis an staid sa Mheánoirthear, go háirithe Gaza, i gcás shlándáil inmheánach an Aontais.

Gnó eile

Mar a tharla le linn chruinniú na n-airí ceartais, chuir an Coimisiún Eorpach a chéad tuarascálacha bliantúla i láthair darb ábhar an dul chun cinn maidir le simpliú, cur chun feidhme agus forfheidhmiú.

Thug an Uachtaránacht agus an Coimisiún Eorpach an t-eolas is déanaí chomh maith maidir le staid na himeartha i ndáil le cur chun feidhme an Chomhshocraithe maidir le hImirce agus Tearmann. Chuir siad in iúl freisin na tograí agus an próiseas atá ar na bacáin lena mbunófar an chéad chomhthiomsú dlúthpháirtíochta bhliantúil roimh dheireadh na bliana (is é an sásra nua é as a dtiocfaidh comhroinnt freagrachta níos cothroime i réimse an tearmainn).

Chuir an tSeicia faisnéis ar fáil maidir le Comhdháil Aireachta Fhóram Salzburg a bhí ar siúl in Valtice i mí Mheán Fómhair 2025.

I bhfianaise na sáruithe a rinne dróin ar aerspás na hEorpa le déanaí, rud ar dócha a rinneadh chun críche spiaireachta agus sabaitéireachta ar bhonneagar criticiúil, luaigh an Ghearmáin na dúshláin a bhaineann leis sin ar an leibhéal náisiúnta agus ar an leibhéal Eorpach.

Comhaid na gcruinnithe

Doiciméid toraidh

Faisnéis phreasa

Teagmhálaithe preasa

Murab iriseoir thú, seol d'iarratas chuig an tseirbhís um fhaisnéis don phobal le do thoil.

Creidiúnú agus preasócáidí

Chun eolas ginearálta a fháil faoi chreidiúnú, téigh chuig an leathanach seo le do thoil.

Is iad údaráis rialtais na tíre óstaí a láimhseálfaidh creidiúnú na meán le haghaidh cruinnithe mullaigh idirnáisiúnta a reáchtáiltear lasmuigh den Aontas Eorpach.

Eolas ar thorthaí na hoibre sin le teacht

Cruinnithe eile: An Chomhairle Ceartais agus Gnóthaí Baile

Féach tuilleadh cruinnithe

An t-athbhreithniú deireanach: an 31 Deireadh Fómhair 2025