"Bainimid úsáid as fianáin lena chinntiú go bhfeabhsaítear d’eispéireas brabhsála. Tá gá le fianáin riachtanacha chun tacú le gnéithe bunriachtanacha de shuíomh gréasáin na Comhairle. Cuidíonn na fianáin roghnacha linn tuarascálacha staidrimh anaithnide, comhiomlánaithe a tháirgeadh chun freastal níos fearr ar do chuid riachtanas.
Le cead uaitse, úsáidfimid fianáin le sonraí comhlánaithe anaithnide a tháirgeadh maidir le brabhsáil agus iompraíocht na gcuairteoirí ar ár suíomh gréasáin. Úsáidfimid na sonraí sin chun feabhas a chur ar an eispéireas agat ar ár suíomh.
An Chomhairle Ceartais agus Gnóthaí Baile (Gnóthaí Baile), 13 Meitheamh 2025
Na príomhthorthaí
Gnóthaí baile
Cosaint shealadach do dhídeanaithe ón Úcráin
Tháinig an Chomhairle ar chomhaontú polaitiúil chun síneadh bliana, go dtí mí an Mhárta 2027, a chur leis an gcosaint shealadach atá á tabhairt do dhaoine easáitithe ón Úcráin. Glacfar an cinneadh go críochnaitheach sna seachtainí atá amach romhainn.
Leanann an Rúis de sceimhle a chur ar shibhialtaigh na hÚcráine le haer-ionsaithe neamh-idirdhealaitheacha, agus tá an tAontas meáite leanúint dá dhlúthpháirtíocht a léiriú le muintir na hÚcráine. Leanfaimid de chosaint a thabhairt do na milliúin dídeanaithe ón Úcráin go ceann bliana eile. Chuir Uachtaránacht na Polainne tús freisin le plé maidir le straitéis chun deireadh a chur de réir a chéile leis an gcosaint shealadach nuair a bhainfear síocháin chóir amach. Go luath amach anseo, oibreoimid i dtreo réitigh choiteanna uile-Aontais sa réimse sin, lena n-áirítear daoine a bheith ag filleadh ar an Úcráin.
Tomasz Siemoniak, Aire Gnóthaí Baile agus Riaracháin na Polainne
Chuir an tAontas an sásra cosanta sealadaí do dhídeanaithe ón Úcráin i ngníomh i mí an Mhárta 2022. Tá an sásra sin bunaithe ar dhlí de chuid an Aontais a glacadh in 2021, agus tugadh isteach é chun déileáil leis na cúinsí eisceachtúla a bhainfeadh le mórphlódú isteach san Aontas. Cuireadh síneadh trí huaire cheana féin leis an gcosaint shealadach do dhaoine a easáitíodh ón Úcráin agus bhí sí le dul in éag i mí an Mhárta 2026.
Phléigh na hairí freisin moladh ón gComhairle chun aistriú comhordaithe a ullmhú ag deireadh na cosanta sealadaí. Tabharfar aghaidh sa mholadh ar ábhair ar nós aistriú chuig stádais chónaithe eile, chun an bealach a réiteach le go mbeidh daoine in ann filleadh ar an Úcráin de réir a chéile agus tuilleadh faisnéise a chur ar fáil maidir leis na roghanna atá ar fáil.
Bonneagar teicneolaíochta faisnéise (TF) le haghaidh bainistiú teorainneacha agus fhorfheidhmiú an dlí
Cuireadh na hairí ar an eolas faoi staid na himeartha maidir le forbairt bonneagar TF an Aontais i réimse an bhainistithe teorainneacha agus an fhorfheidhmithe dlí.
Chuir an Uachtaránacht na hairí ar an eolas faoin gcaoi a seasann cúrsaí leis an gCóras Dul Isteach/Imeachta (EES), agus béim ar leith á leagan ar a chur i bhfeidhm de réir a chéile. Ar an 19 Bealtaine, chomhaontaigh an Chomhairle agus Parlaimint na hEorpa cead a thabhairt do na Ballstáit tús forásach a chur le feidhmiú an chórais dul isteach/imeachta. De réir an treochláir a d’fhormhuinigh an Chomhairle i mí an Mhárta 2025, cuirfear tús forásach leis an gcóras dul isteach/ imeachta i mí Dheireadh Fómhair 2025.
Leis an gcóras dul isteach/imeachta, clárófar dul isteach, imeacht agus diúltú cead isteach náisiúnach tríú tír, a thrasnaíonn teorainneacha seachtracha an Aontais le haghaidh fanacht gearrthréimhseach. Leis an gcóras nua, glacfar grianghraf d’íomhá den aghaidh agus tógfar méarloirg uathu siúd a thrasnaíonn an teorainn den chéad uair agus déanfaidh siad an fhaisnéis sin a thaifeadadh i gcomhad digiteach.
40 bliain tar éis comhaontú Schengen a shíniú an 14 Meitheamh 1985, d’fhormheas na hairí dearbhú i ndáil le Schengen. Leis an dearbhú, déanann an Chomhairle athnuachan ar a tiomantas do limistéar Schengen agus leagann sí béim ar a thábhachtaí atá Schengen don chomhar Eorpach agus don lánpháirtiú Eorpach.
Bhí seisiún tuairimíochta ag na hairí freisin maidir leis na tosaíochtaí do limistéar Schengen don chéad 12 mhí eile. Is iad seo a leanas na réimsí tosaíochta agus na gníomhaíochtaí oibríochtúla a d’fhormhuinigh an Chomhairle don tréimhse 2025-2026:
dlús a chur le digiteáil na nósanna imeachta agus na gcóras, agus ullmhacht na gcóras mórscála TF a fheabhsú
athléimneacht na dteorainneacha seachtracha agus éifeachtacht na bhfillteacha a neartú
an tslándáil inmheánach a mhéadú, agus féachaint le saorghluaiseacht a bhaint amach i limistéar gan rialuithe ag teorainneacha inmheánacha san am céanna
Maidir leis an imirce, le linn a lóin oibre, dhírigh na hairí ar cheist na bhfillteacha, go háirithe ar chomhar a mhéadú maidir le hathligean isteach le tíortha nach bhfuil san Aontas. Trí leas a bhaint as a bheartas víosaí, bhí an tAontas in ann feabhas a chur ar an gcomhar maidir le hathligean isteach le roinnt tíortha tionscnaimh.
Thug an Coimisiún cur síos ar staid na himeartha i ndáil le cur chun feidhme an Chomhchórais Eorpaigh Tearmainn (CET). I mbliana, déanfaidh an Coimisiún measúnú foirmiúil den chéad uair ar staid na himirce sna Ballstáit. Cuirfidh sé sin tús le próiseas na mBallstát ranníocaíochtaí dlúthpháirtíochta a ghealladh.
Agus gné sheachtrach na himirce á plé acu, phléigh na hairí freisin an staid sa Libia agus a hiarmhairtí sin do shreabha imirce chun na hEorpa.
Bhí seisiún tuairimíochta ag an gComhairle maidir leis an straitéis Eorpach um an tslándáil inmheánach, ar bhonn na teachtaireachta ón gCoimisiún a seoladh an 1 Aibreán i mbliana. Tríd is tríd, ba dhíol sásaimh do na Ballstáit an straitéis sin mar rannchuidiú tábhachtach chun slándáil inmheánach an Aontais a neartú. Thacaigh siad leis an bhfís leathan a chuir an Coimisiún i láthair — teaglaim den tslándáil agus den ullmhacht — agus tháinig siad ar chomhaontú maidir lena thábhachtaí atá sé borradh a chur faoin gcomhar le tíortha nach tíortha den Aontas iad.
Phléigh na hairí freisin ceist na rochtana ar shonraí ar mhaithe le forfheidhmiú an dlí — gné thábhachtach den straitéis um an tslándáil inmheánach — agus go háirithe bearta nithiúla gearrthéarmacha a d’fhéadfaí a chur chun feidhme chun rochtain ar shonraí a éascú agus chun tacú le comhrac na coireachta. D’iarr go leor Ballstát ar an gCoimisiún an treochlár a bhí fógartha aige maidir le rochtain ar shonraí a chur i láthair go práinneach. Meastar go leagfar amach sa treochlár sin bearta dlíthiúla agus praiticiúla chun rochtain dhleathach agus éifeachtach ar shonraí a áirithiú.
Pléigh na hairí freisin an tionchar atá ag an timpeallacht reatha gheopholaitiúil ar shlándáil inmheánach an Aontais, agus béim ar leith ar an Úcráin, ar an Moldóiv agus ar an tSiria. Ghlac Leas-Phríomh-Aire na hÚcráine — Aire Aontachta Náisiúnta na hÚcráine agus Aire Gnóthaí Baile na Moldóive páirt sa phlé sin.
Ina theannta sin, d’fhormheas an Chomhairle freisin conclúidí maidir leis an gcéad timthriall eile den Ardán Eorpach Ildisciplíneach i gCoinne Bagairtí Coiriúla (2026-2029). Is éard atá san Ardán Eorpach Ildisciplíneach i gCoinne Bagairtí Coiriúla ná uirlis de chuid an Aontais, atá faoi stiúir na mBallstát, a úsáidtear le comhar oibríochtúil ildisciplíneach agus ilghníomhaireachtaí a chothú chun an choireacht thromchúiseach eagraithe a chomhrac. Tugtar le chéile ann údaráis phóilíneachta, chustaim agus bhreithiúnacha ó Bhallstáit éagsúla agus ar leibhéal an Aontais, chomh maith le gníomhaithe ó lasmuigh den Aontas agus ón earnáil phríobháideach. Tá tosaíochtaí an Ardáin bunaithe ar mheasúnú an Aontais ar bhagairt na coireachta tromchúisí eagraithe, arna ullmhú ag Europol.
Faoi ‘gnó eile’, chuir an Uachtaránacht na toscaireachtaí ar an eolas faoi ghníomhaíochtaí a rinne sí i gcomhrac na gáinneála ar dhrugaí agus na coireachta eagraithe agus faoi chruinniú ardleibhéil faoi shásra comhordúcháin agus comhair CELAC-AE maidir le drugaí. Is fóram réigiúnach é CELAC de stáit Mheiriceá Laidinigh agus Mhuir Chairib.
Chuir an Uachtaránacht na toscairí ar an eolas freisin faoin gcruinniú aireachta idir na Stáit Aontaithe agus an tAontas maidir le ceartas agus gnóthaí baile a bhí ar siúl i Vársá an 2 agus an 3 Meitheamh.
Chuir an tSlóivéin na toscaireachtaí ar an eolas faoin 13ú cruinniú aireachta faoi Phróiseas Brdo, inar díríodh ar an bhfrithsceimhlitheoireacht agus ar an gcomhrac i gcoinne na gáinneála ar dhaoine in oirdheisceart na hEorpa. Ar deireadh, chuir Uachtaránacht inteachta na Danmhairge a clár oibre i láthair.
Is iad údaráis rialtais na tíre óstaí a láimhseálfaidh creidiúnú na meán le haghaidh cruinnithe mullaigh idirnáisiúnta a reáchtáiltear lasmuigh den Aontas Eorpach.