Mar a chosnaíonn an tAontas mionaoisigh ar líne
Tá ag méadú ar ról tábhachtach an idirlín i saol leanaí agus déagóirí ar fud an Aontais. Tá an tAontas agus a Bhallstáit ag obair chun iad a chosaint ar na rioscaí a bhaineann leis an domhan ar líne.
Mar a chosnaíonn an tAontas mionaoisigh ar líne
Oibríonn an tAontas agus a Bhallstáit le chéile chun mionaoisigh a chosaint sa timpeallacht dhigiteach, i gcomhréir le luachanna agus prionsabail an Aontais.
Ar na tionscnaimh is déanaí, tá:
- rialacha chun mí-úsáid ghnéasach leanaí ar líne a chomhrac
- an gníomh um sheirbhísí digiteacha – a dhéanann ábhar díobhálach ar líne a chomhrac
- aip uile-Aontais um fhíorú aoise
- conclúidí maidir le timpeallacht dhigiteach níos sábháilte
Rialacha nua chun mí-úsáid ghnéasach leanaí ar líne a chomhrac
Tháinig ionadaithe Bhallstáit an Aontais ar chomhaontú maidir leis an seasamh ón gComhairle i ndáil le rialachán chun mí-úsáid ghnéasach leanaí ar líne a chosc agus a chomhrac. A luaithe a ghlacfar an dlí nua, beidh oibleagáidí ar chuideachtaí digiteacha cosc a chur ar scaipeadh ábhair mí-úsáide gnéasaí leanaí agus ar shirtheoireacht leanaí.
Bheadh ar sholáthraithe ar líne rochtain ar ábhar a bhaint agus a bhlocáil nó – i gcás innill chuardaigh – torthaí cuardaigh a dhíliostú. Bunaítear leis an rialachán freisin gníomhaireacht nua de chuid an Aontais, Lárionad an Aontais um Mí-úsáid Ghnéasach Leanaí, chun tacú leis na Ballstáit agus le soláthraithe ar líne an dlí a chur chun feidhme.
Chomhaontaigh an Chomhairle agus an Pharlaimint rialacha dlí choiriúil níos láidre freisin maidir le mí-úsáid ghnéasach leanaí agus teacht i dtír gnéasach ar leanaí. Mar shampla, faoi na rialacha nua, beidh sé inphionóis íoc as rochtain a fháil ar bheoshruthú na mí-úsáide gnéasaí leanaí. Ina theannta sin, measfar gur cion coiriúil é córais intleachta saorga a dhearadh nó a oiriúnú chun ábhar mí-úsáide gnéasaí leanaí a tháirgeadh, chomh maith le córais mar sin a dháileadh. Bhí gá leis an nuashonrú sin i bhfianaise theacht chun cinn méadaitheach an ábhair mí-úsáide domhainbhrionnúcháin nó an ábhair mí-úsáide a ghintear leis an intleacht shaorga.
GSD: ábhar díobhálach ar líne a chomhrac
Tá an gníomh um sheirbhísí digiteacha (GSD) glactha ag an Aontas freisin chun cur i gcoinne an ábhair dhíobhálaigh a scaiptear ar líne, ábhar a d’fhéadfadh dochar a dhéanamh d’fholláine agus d’fhorbairt mheabhrach agus mhothúchánach mionaoiseach.
Le GSD, ceanglaítear ar ardáin ar líne bearta a chur i bhfeidhm chun cosaint níos fearr a thabhairt d’úsáideoirí agus chun deireadh a chur le hábhar díobhálach, mar shampla an chibearbhulaíocht, an fhuathchaint nó táirgí neamhdhleathacha a dhíol.
Leis an athbhreithniú ar an treoir maidir le seirbhísí meán closamhairc, tabharfar aghaidh freisin ar shábháilteacht mionaoiseach ar líne. I mí na Bealtaine 2025, d’fhormheas an Chomhairle conclúidí ina leagtar amach an méid ar mian léi go ndíreodh an Coimisiún Eorpach air, lena n-áirítear roinn maidir le mionaoisigh a chosaint.
Cur chuige an Aontais maidir le fíorú aoise
Tá aip Eorpach um fhíorú aoise tugtha isteach ag an Aontas chun cabhrú le hardáin ar líne aois a n-úsáideoirí a fhíorú agus rochtain á fáil acu ar shuíomhanna atá srianta ó thaobh aoise de.
Caithfidh úsáideoirí an aip a íoslódáil, í a shuiteáil lena bpas nó lena gcárta aitheantais, agus í a úsáid chun cruthúnas a thabhairt ar a n-aois agus rochtain á fáil acu ar sheirbhísí ar líne. Dearadh an aip leis na caighdeáin phríobháideachta is airde ar domhan, rud a ligeann d'úsáideoirí a n-aois a chruthú go hanaithnid, gan aon fhaisnéis phearsanta eile a roinnt.
Conclúidí maidir le timpeallacht dhigiteach níos sábháilte
Sna conclúidí a formheasadh i mí an Mheithimh 2025, d’éiligh an Chomhairle bearta chun a chinntiú gur féidir le leanaí agus déagóirí uirlisí digiteacha a úsáid ar bhealach sábháilte sláintiúil, gan a meabhairshláinte a chur i mbaol.
Ar na bearta sin tá:
- dlúthchomhar leis na príomhpháirtithe leasmhara chun timpeallacht dhigiteach níos sábháilte a thógáil
- feasacht a mhúscailt faoi na rioscaí a bhaineann leis an timpeallacht dhigiteach agus faoi na tairbhí a bhaineann le huirlisí digiteacha a mhoilliú nó a thabhairt isteach de réir a chéile
- feachtais maidir le litearthacht meán cumarsáide agus litearthacht dhigiteach i measc leanaí agus déagóirí
- dearadh níos fearr ar tháirgí digiteacha chun sábháilteacht agus príobháideachas a chur chun cinn
- feabhas a chur ar shásraí tuairiscithe chun cuidiú le teacht i dtír gnéasach ar líne a chomhrac
A mbíonn á dhéanamh ag mionaoisigh ar an idirlíon
Tá an t-idirlíon anois ina chuid lárnach den saol laethúil do chách, go háirithe do dhaoine óga. De réir an Choimisiúin Eorpaigh, caitheann leanaí atá idir 9 mbliana agus 15 bliana d’aois 3 uair an chloig, ar an meán, in aghaidh an lae ag breathnú ar scáileáin agus ar na meáin shóisialta.
In 2024, bhain 98% de dhaoine idir 16 agus 17 mbliana d’aois san Aontas úsáid as an idirlíon go laethúil, i gcomparáid le 88% den daonra foriomlán. Ar na gníomhaíochtaí ar líne is mó a bhfuil tóir orthu do dhaoine idir 16 agus 17 mbliana d’aois, tá:
- teachtaireachtaí meandracha a sheoladh
- féachaint ar theilifís nó ar fhíseáin a sruthaítear ón idirlíon
- glao gutháin nó físghlao a dhéanamh
- páirt a ghlacadh i líonraí sóisialta
- féachaint ar ábhar físe ó sheirbhísí tráchtála nó comhroinnte
- éisteacht le ceol nó ceol a íoslódáil
Is iad na meáin shóisialta a bpríomhfhoinse eolais faoi na ceisteanna polaitiúla agus sóisialta a bhíonn acu
Léirítear i suirbhé ó Pharlaimint na hEorpa in 2024 gurb iad na meáin shóisialta an phríomhfhoinse eolais atá ag daoine idir 16 agus 18 mbliana d’aois maidir le ceisteanna polaitiúla agus sóisialta, agus go bhfuil an fhoinse sin chun tosaigh ar na meáin thraidisiúnta, mar shampla, an teilifís agus nuacht ar líne, san aoisghrúpa sin. Os a choinne sin, i gcás daoine idir 25 agus 30 bliain d'aois, is fearr leo an teilifís go fóill mar phríomhfhoinse eolais ná na meáin shóisialta nó nuacht ar líne.
Graf ina léirítear na príomhfhoinsí eolais faoi shaincheisteanna polaitiúla agus sóisialta do na haoisghrúpaí 16-18, 19-24 agus 25-30.
Na meáin shóisialta:
luaite ag 45% de dhaoine idir 16-18 mbliana d’aois agus 19-24 bliana d’aois, agus 39% de dhaoine 25-30 bliain d’aois.
Teilifís:
luaite ag 39% de dhaoine idir 16-18 mbliana d’aois, 38% de dhaoine idir 19-24 bliana d’aois agus 41% de dhaoine idir 25-30 bliain d’aois.
Ardáin preasa agus/nó nuachta ar líne:
luaite ag 21% de dhaoine idir 16-18 mbliana d’aois, 25% de dhaoine idir 19-24 bliana d’aois agus 30% de dhaoine idir 25-30 bliain d’aois.
Cairde, teaghlach agus comhghleacaithe:
luaite ag 29% de dhaoine idir 16-18 mbliana d’aois, 26% de dhaoine idir 19-24 bliana d’aois agus 33% de dhaoine idir 25-30 bliain d’aois.
Ardáin físe:
luaite ag 23% de dhaoine idir 16-18 mbliana d’aois, 24% de dhaoine idir 19-24 bliana d’aois agus 23% de dhaoine idir 25-30 bliain d’aois.
Raidió:
luaite ag 13% de dhaoine idir 16-18 mbliana d’aois, 14% de dhaoine idir 19-24 bliana d’aois agus 19% de dhaoine idir 25-30 bliain d’aois.
Nuachtáin nó irisí clóite:
luaite ag 10% de dhaoine idir 16-18 mbliana d’aois, 12% de dhaoine idir 19-24 bliana d’aois agus 13% de dhaoine idir 25-30 bliain d’aois.
Na rioscaí a bhíonn roimh leanaí agus déagóirí sa timpeallacht dhigiteach
De réir Eurostat, tháinig 45% de dhaoine idir 16 agus 19 mbliana d’aois san Aontas ar theachtaireachtaí naimhdeacha nó táireacha ar líne in 2023. Sa bhliain sin amháin, tuairiscíodh mí-úsáid ghnéasach leanaí 1.3 milliún uair san Aontas, lena n-áirítear níos mó ná 3.4 milliún íomhá agus físeán, de réir an Choimisiúin Eorpaigh.
Is iomaí buntáiste a chuireann an t-idirlíon ar fáil do leanaí agus do dhéagóirí, cuir i gcás rochtain ar eolas agus ar acmhainní oideachais, siamsaíocht agus an fhéidearthacht fanacht i dteagmháil le daoine eile. Mar sin féin, fágtar gan chosaint iad freisin ar rioscaí suntasacha a bhféadfadh iarmhairtí tromchúiseacha a bheith acu ar a bhfolláine mheabhrach agus mhothúchánach, mar shampla an mhí-úsáid chibearghnéasach, an chibearbhulaíocht nó neamhchosaint ar ábhar míchuí.
Mí-úsáid chibearghnéasach
Mealltóireacht mionaoiseach ar mhaithe le teacht i dtír gnéasach, agus ábhar teacht i dtír ghnéasaigh ar leanaí a chruthú, a chomhroinnt nó a shealbhú.
Cibearbhulaíocht
Bagairtí nó eolas bréagach a scaipeadh chun eagla, náire nó fearg a chur ar dhuine.
Ábhar díobhálach
Fuathchaint, bréagnuacht nó féindochar a chur chun cinn.
Ábhar atá mí-oiriúnach ó thaobh aoise de
Pornagrafaíocht, cearrbhachas nó ábhar a bhaineann le halcól.
Dearadh andúile nó ionramhála
Gnéithe cosúil leis an scrolláil gan teorainn, an uathsheinnt agus fógraí 'cailleadh amach', atá deartha chun mionaoisigh a choinneáil gafa.
Cleachtais tráchtála dhíobhálacha
Fógraí míthreoracha, córais ‘íoc le buachan’, boscaí éadála (earraí fíorúla i gcluichí is féidir le himreoirí a cheannach le fíorairgead).
D’fhéadfadh tionchar tubaisteach a bheith ag an gcibearbhulaíocht agus ag an mí-úsáid chibearghnéasach ar leanaí agus ar dhéagóirí, ar nós tráma, imní, dúlagair, agus easpa féinmheasa. Dírítear go háirithe ar chailíní, go minic a luaithe a thosaíonn siad ag baint úsáid as teicneolaíochtaí digiteacha agus as na meáin shóisialta.
Má thagann daoine óga ar bhréagnuacht nó ar ábhar atá mí-oiriúnach ó thaobh aoise de, mar shampla pornagrafaíocht nó cearrbhachas, is féidir an dearcadh atá acu ar an domhan agus an tuiscint atá acu ar iompar sláintiúil agus ar chaidrimh shláintiúla a chur as a riocht, rud a chothaíonn eagla agus mearbhall.
Mar gheall ar ghnéithe dearaidh andúile nó ionramhála, mar shampla an scrolláil gan teorainn nó an uathsheinnt, bíonn sé níos deacra ag leanaí agus ag déagóirí nósanna digiteacha sláintiúla a fhorbairt, rud a d’fhéadfadh cur isteach ar a bhfeidhmíocht acadúil agus ar a n-idirghníomhaíochtaí sóisialta.
Ar deireadh, d’fhéadfadh andúil a bheith mar thoradh ar chleachtais tráchtála dhíobhálacha, ar nós fógraí míthreoracha nó córais ‘íoc le buachan’, agus d’fhéadfaidís drochnósanna caiteachais a spreagadh.
Féach tuilleadh
GSD: ábhar díobhálach ar líne a chomhrac
An Gníomh um an Intleacht Shaorga
Mí-úsáid ghnéasach leanaí a chosc
An t-athbhreithniú deireanach: an 4 Lúnasa 2026