Bagairtí hibrideacha
Oibríonn an tAontas agus a Bhallstáit le chéile chun bagairtí agus feachtais hibrideacha a dhéanann difear don Eoraip agus dá saoránaigh a chosc, a chomhrac agus freagairt dóibh.
Cad is bagairtí hibrideacha ann?
Tá éagsúlacht sna sainmhínithe ar bhagairtí agus ar fheachtais hibrideacha, ós rud é gur gá dóibh a bheith solúbtha i gcónaí chun gur féidir freagairtí cuí a thabhairt ar chineál athraitheach na bagartha.
De ghnáth, is do ghníomhaíochtaí díobhálacha comhordaithe a phleanáiltear agus a dhéantar le hintinn mhailíseach a thagraíonn bagairtí hibrideacha. An bonn a bhaint de sprioc, mar shampla stát nó institiúid, trí mhodhanna éagsúla, ar minic a úsáidtear iad in éineacht is aidhm dóibh. D’fhéadfaí a áireamh ar na modhanna sin ionramháil faisnéise, cibirionsaithe, tionchar eacnamaíoch nó comhéigean, ainliú polaitiúil ceilte, taidhleoireacht chomhéigneach, nó bagairtí fórsa mhíleata.
Baineann gníomhaithe stáit agus neamhstáit úsáid as teaicticí hibrideacha atá ag dul i gcastacht agus i sofaisticiúlacht. Ní hamháin go mbaineann riosca slándála leo ach is bagairt ar an daonlathas iad – ag díriú ar chroíluachanna an daonlathais, ar an tsochaí a bhriseadh agus ar an mbonn a bhaint den chinnteoireacht pholaitiúil.
Ceaptar feachtais hibrideacha ar bhealach a fhágann gur deacair iad a bhrath agus a chosaint. Ceaptar iad chun fanacht faoi bhun na tairsí a d’fhéadfadh a bheith ina ghníomh cogaidh nó a d’fhéadfaí a mheas mar ghníomh cogaidh. Dá bhrí sin, is dúshlán casta atá ag síorathrú é bagairtí hibrideacha a chomhrac, dúshlán atá roimh an Aontas Eorpach, a Bhallstáit agus a chomhpháirtithe.
Freagairt chomhordaithe an Aontais ar bhagairtí hibrideacha
Cé gur ar Bhallstáit aonair an Aontais atá an phríomhfhreagracht cur i gcoinne bagairtí hibrideacha, déanann siad gníomhaíocht chomhordaithe freisin chun na bagairtí sin a chomhrac i dteannta a chéile.
An bosca uirlisí hibrideach
Tar éis ghlacadh an Chompáis Straitéisigh um shlándáil agus cosaint i mí an Mhárta 2022, bunaíodh bosca uirlisí hibrideach de chuid an Aontais. Is éard atá sa bhosca uirlisí na bearta coisctheacha, comhair, cothaithe cobhsaíochta, sriantacha agus tacaíochta mar a leagtar amach iad sna conclúidí ón gComhairle (a formheasadh an 21 Meitheamh 2022) maidir le creat le haghaidh freagairt chomhordaithe ón Aontas ar fheachtais hibrideacha.
Is é is cuspóir don bhosca uirlisí an méid seo a leanas a dhéanamh:
- cuidiú le feachtais hibrideacha chasta agus ilghnéitheacha a shainaithint
- freagairtí saincheaptha agus trasearnála a chomhordú
Ag gníomhú dó mar chreat uileghabhálach, tarraingíonn an bosca uirlisí hibrideach chuige sásraí agus ionstraimí freagartha ábhartha eile, mar shampla an bosca uirlisí um ionramháil agus cur isteach eachtrach ar fhaisnéis. Ina theannta sin, tá bosca uirlisí na cibearthaidhleoireachta forbartha ag an Aontas chun freagairt ar chibearbhagairtí agus ar chibearionsaithe.
An 16 Márta 2026, d’fhormheas an Chomhairle conclúidí maidir le hacmhainneacht an Aontais a chur chun cinn chun bagairtí hibrideacha a chomhrac, lena n-athdhearbhaítear tiomantas an Aontais na huirlisí ar fad atá ar fáil a úsáid chun feachtais hibrideacha atá dírithe ar an Aontas, ar a Bhallstáit agus ar a chomhpháirtithe a chosc, a dhíspreagadh agus chun freagairt orthu gan beann ar a dtionscnamh, a scála agus a ndéine.
Tá sásraí bainistithe géarchéime an Aontais ar fáil don Aontas freisin, lena n-áirítear socruithe comhtháite na Comhairle maidir le freagairt pholaitiúil ar ghéarchéimeanna (IPCR) chun tacú le gníomhaíocht chomhordaithe mar fhreagairt ar ghéarchéimeanna móra casta, agus chun faisnéis a mhalartú, e.g. maidir le cur isteach ar thoghcháin an Aontais in 2024.
- Conclúidí glactha ag an gComhairle maidir le hacmhainneacht an Aontais a chur chun cinn chun bagairtí hibrideacha a chomhrac (preaseisiúint, an 16 Márta 2026)
- Conclúidí ón gComhairle maidir le creat le haghaidh freagairt chomhordaithe ón Aontas ar fheachtais hibrideacha (preaseisiúint, an 21 Meitheamh 2022)
- Compás Straitéiseach um shlándáil agus cosaint
- Smachtbhannaí i gcoinne cibirionsaithe
- An fhreagairt chomhtháite pholaitiúil ar ghéarchéimeanna (IPCR)
Foirne freagartha hibrideacha
I mí na Bealtaine 2024, d’fhormheas an Chomhairle an creat treorach chun foirne mearfhreagartha hibrideacha an Aontais a bhunú go praiticiúil.
Tá foirne mearfhreagartha hibrideacha ar cheann de na hionstraimí i mbosca uirlisí hibrideach an Aontais chun tacú le Ballstáit an Aontais, le tíortha comhpháirtíochta, agus le misin agus oibríochtaí CBSC agus bagairtí hibrideacha á gcomhrac acu.
Tuilleadh eolais faoi chreat an Aontais maidir le bagairtí hibrideacha a chomhrac:
- creat comhpháirteach 2016 maidir le bagairtí hibrideacha a chomhrac (Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh)
- Teachtaireacht chomhpháirteach 2018 maidir le hathléimneacht a mhéadú agus cumais a threisiú chun aghaidh a thabhairt ar bhagairtí hibrideacha (Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh)
- Tuarascálacha bliantúla ar dhul chun cinn maidir le bagairtí hibrideacha a chomhrac (an Coimisiún Eorpach)
An bhréagaisnéis a chomhrac
Is minic a úsáideann gníomhaithe bagartha feachtais bhréagaisnéise agus, ar bhonn níos ginearálta, ionramháil agus cur isteach eachtrach ar fhaisnéis mar chuid d’fheachtas hibrideach níos leithne, nó ina n-aonar. Tá sásraí éagsúla ar fáil don Aontas chun ionramháil agus cur isteach eachtrach ar fhaisnéis a chomhrac.
An 21 Bealtaine 2024, roimh thoghcháin Pharlaimint na hEorpa, d’fhormheas an Chomhairle conclúidí maidir le próisis toghcháin a chosaint ar chur isteach eachtrach. Sna conclúidí, iarradh ar institiúidí an Aontais agus ar na Ballstáit dlús a chur leis an ngníomhaíocht chun faireachán a dhéanamh ar iarrachtaí gníomhaithe eachtracha cur isteach ar phróiseas daonlathach an Aontais, agus úsáid a bhaint as sásraí, líonraí agus uirlisí uile an Aontais chun sláine na dtoghchán a chosaint, gan bac a chur ar dhíospóireacht dhaonlathach oscailte.
- Bréagaisnéis agus an athléimneacht dhaonlathach
- Athléimneacht dhaonlathach: conclúidí formheasta ag an gComhairle maidir le próisis toghcháin a chosaint ar chur isteach eachtrach (preaseisiúint, an 21 Bealtaine 2024)
- Cur i gcoinne ionramháil agus cur isteach eachtrach ar fhaisnéis (an tSeirbhís Eorpach Gníomhaíochta Seachtraí)
- EUvsDisinfo
Athléimneacht an bhonneagair chriticiúil
Ó 2022 i leith, tá dlús curtha ag an Aontas lena iarrachtaí bonneagar criticiúil a chosaint. An 8 Nollaig 2022, ghlac an Chomhairle reachtaíocht nua chun a chinntiú go raibh earnálacha criticiúla mar shampla fuinneamh, uisce, iompar agus sláinte in ann ionsaithe hibrideacha a chosc, cosaint ina gcoinne, freagairt dóibh, déileáil leo agus téarnamh uathu, i measc nithe eile (an treoir maidir le hathléimneacht eintiteas criticiúil). Is é is aidhm do na rialacha leochaileachtaí a laghdú agus athléimneacht na n-eintiteas criticiúil a neartú.
Ina theannta sin, i mí na Nollag 2022, ag eascairt as na gníomhartha sabaitéireachta i gcoinne phíblíne Nord Stream, ghlac an Chomhairle moladh maidir le hathléimneacht an bhonneagair chriticiúil.
Leis an moladh seo, cuireadh dlús faoi chumas an Aontais a bhonneagar criticiúil a chosaint agus cumhdaítear leis trí réimse tosaíochta: an ullmhacht, an fhreagairt agus an comhar idirnáisiúnta.
I mí an Mheithimh 2024, ghlac an Chomhairle moladh maidir le treoirphlean chun freagairt ar shuaitheadh ar an mbonneagar criticiúil, a bhfuil ábharthacht shuntasach trasteorann ag baint leis, a chomhordú ar leibhéal an Aontais. Leis an moladh, cuireadh i bhfeidhm treoirphlean de chuid an Aontais maidir le bonneagar criticiúil arb é is aidhm dó feasacht staide chomhroinnte ar thionscnamh agus ar iarmhairtí teagmhais a chur chun cinn, comhordú cumarsáide poiblí a éascú agus freagairt éifeachtach a chinntiú.
- Athléimneacht an Aontais: treoir glactha ag an gComhairle chun athléimneacht na-eintiteas criticiúil a neartú (preaseisiúint, an 8 Nollaig 2022)
- Moladh ón gComhairle an 8 Nollaig 2022 maidir le cur chuige comhordaithe ar fud an Aontais chun athléimneacht an bhonneagair chriticiúil a neartú (Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh)
- Bonneagar criticiúil: treoirphlean chun saoránaigh an Aontais agus an margadh inmheánach a chosaint (preaseisiúint, an 25 Meitheamh 2024)
Slándáil na gcóras gréasáin agus faisnéise
An 28 Samhain 2022, ghlac an Chomhairle an treoir maidir le bearta le haghaidh ardleibhéal cibearshlándála coiteann ar fud an Aontais. Leis na rialacha nua, cuirtear tuilleadh feabhais ar athléimneacht agus ar acmhainneachtaí freagartha ar theagmhais na hearnála poiblí agus na hearnála príobháidí araon agus an Aontais ina iomláine, lena n-áirítear maidir le hionsaithe hibrideacha.
Tháinig an treoir nua, ar a dtugtar ‘NIS2’, in ionad na rialacha a bhí ann roimhe seo maidir le slándáil na gcóras gréasáin agus faisnéise (an Treoir NIS).
Oibriú le comhpháirtithe chun bagairtí hibrideacha a chomhrac
Tá sé ríthábhachtach oibriú i gcomhar le comhpháirtithe agus eagraíochtaí an Aontais chun bagairtí hibrideacha a chomhrac.
An comhar idir an tAontas agus ECAT
Tá an chomhpháirtíocht straitéiseach idir an tAontas agus ECAT ríthábhachtach chun an tslándáil agus an chobhsaíocht a chothabháil sa limistéar Eora-Atlantach. Áirítear an méid seo a leanas ar thionscnaimh AE-ECAT sa réimse a bhaineann le bagairtí hibrideacha a chomhrac:
- comhthograí le haghaidh comhair a bhaineann le bagairtí hibrideacha
- idirphlé struchtúrtha maidir leis an athléimneacht a gcuirfear tús leis in 2022
Déanann an tAontas agus ECAT freachnaimh chomhpháirteacha freisin i réimse an bhainistithe géarchéime, ar a dtugtar freachnaimh chomhthreomhara agus chomhordaithe. Bhí sé d’aidhm ag freachnamh 2024 cumas an Aontais freagairt do ghéarchéimeanna hibrideacha a d’fhéadfadh a bheith ann a neartú, laistigh agus lasmuigh den Aontas araon.
- An comhar idir an tAontas agus ECAT
- Rún Comhtháite an Aontais 2024: freachnamh leathan freagartha ar ghéarchéimeanna tugtha i gcrích ag an Aontas (preaseisiúint, an 25 Deireadh Fómhair 2024)
Tacaíocht do thíortha comhpháirtíochta chun bagairtí hibrideacha a chomhrac
Tá an tAontas tiomanta do thacaíocht a thabhairt dá thíortha comhpháirtíochta maidir le bagairtí hibrideacha a chomhrac. Is sampla den scoth den chomhar sin é Misean Comhpháirtíochta an Aontais Eorpaigh i bPoblacht na Moldóive (EUPM Moldova).
Seoladh an misean i mí na Bealtaine 2023 chun cuidiú le struchtúir bainistithe géarchéime na Moldóive a neartú agus chun cuidiú lena hathléimneacht i leith bagairtí hibrideacha agus a cibearshlándáil a fheabhsú.
Gníomhaíochtaí hibrideacha na Rúise agus na Bealarúise i gcoinne an Aontais
An Rúis
Cáineann an tAontas go láidir gníomhaíochtaí hibrideacha leanúnacha na Rúise lena n-áirítear sabaitéireacht, cur isteach ar bhonneagar criticiúil, cibirionsaithe, ionramháil agus cur isteach ar fhaisnéis (FIMI) agus iarrachtaí an bonn a bhaint den daonlathas agus den phróiseas toghcháin.
Léiríonn na gníomhaíochtaí mailíseacha sin iompraíocht mheargánta mhífhreagrach na Rúise agus an neamhaird a thugann sí ar an ord idirnáisiúnta riailbhunaithe agus ar an dlí idirnáisiúnta. Is cuid iad d’fheachtais hibrideacha níos leithne, comhordaithe agus seanbhunaithe arb é is aidhm dóibh slándáil, athléimneacht agus fondúireachtaí daonlathacha an Aontais, a Bhallstát agus a chomhpháirtithe a chur i mbaol agus an bonn a bhaint díobh.
Leanfaidh an tAontas agus a Bhallstáit de leas a bhaint as raon iomlán na n-uirlisí atá ar fáil (lena n-áirítear smachtbhannaí) chun iompar mailíseach mar sin a chosaint, a chosc, a dhíspreagadh agus chun freagairt air.
Gníomhaíochtaí hibrideacha na Rúise: smachtbhannaí an Aontais
An Bhealarúis
Cáineann an tAontas na hionsaithe hibrideacha treisithe atá á ndéanamh ag an mBealarúis ar an Aontas agus ar a Bhallstáit, lena n-áirítear ionstraimiú imirceach agus sáruithe ar aerspás an Aontais
Tá rioscaí tromchúiseacha slándála agus sábháilteachta ag baint le sáruithe aerspáis, go príomha don eitlíocht shibhialta agus is é is aidhm dóibh Ballstát de chuid an Aontais a dhíchobhsú agus saoránaigh na hEorpa a imeaglú trí bhagairtí díreacha ar an eitlíocht shibhialta. Iarrann an tAontas ar réimeas na Bealarúise deireadh a chur láithreach leis na gníomhaíochtaí sin uile.
Forchuireadh smachtbhannaí ar réimeas na Bealarúise, agus tá an tAontas réidh chun bearta iomchuí breise a dhéanamh má leanann na gníomhaíochtaí sin ar aghaidh. Ní ghlacfaidh an tAontas le haon fheachtais hibrideacha atá dírithe ar an Aontas nó ar aon cheann dá Bhallstáit.
Gníomhaíochtaí hibrideacha na Bealarúise: smachtbhannaí an Aontais
Féach freisin
Ullmhacht cosanta na hEorpa
Cosaint an Aontais i bhfigiúirí
Smachtbhannaí an Aontais i gcoinne na Rúise: ceisteanna agus freagraí
An t-athbhreithniú deireanach: an 16 Márta 2026