"Bainimid úsáid as fianáin lena chinntiú go bhfeabhsaítear d’eispéireas brabhsála. Tá gá le fianáin riachtanacha chun tacú le gnéithe bunriachtanacha de shuíomh gréasáin na Comhairle. Cuidíonn na fianáin roghnacha linn tuarascálacha staidrimh anaithnide, comhiomlánaithe a tháirgeadh chun freastal níos fearr ar do chuid riachtanas.
Le cead uaitse, úsáidfimid fianáin le sonraí comhlánaithe anaithnide a tháirgeadh maidir le brabhsáil agus iompraíocht na gcuairteoirí ar ár suíomh gréasáin. Úsáidfimid na sonraí sin chun feabhas a chur ar an eispéireas agat ar ár suíomh.
An Chomhairle Iompair, Teileachumarsáide agus Fuinnimh
An Chomhairle Iompair, Teileachumarsáide agus Fuinnimh (an Teileachumarsáid), 9 Meitheamh 2026
Na príomhthorthaí
Le 6 mhí anuas, tá an-dul chun cinn déanta againn maidir lenár dtosaíochtaí digiteacha, rud a neartaíonn nascacht, athléimneacht, iomaíochas agus ceannasacht theicneolaíoch na hEorpa. I mí na Bealtaine, d’éirigh linn an Gníomh um an Intleacht Shaorga agus Omnibus VII a chomhaontú, cosaint fheabhsaithe leanaí ar rioscaí IS a thabhairt isteach, agus bhaineamar amach cur chuige ginearálta maidir le tiachóga Eorpacha céannachta digití le haghaidh gnólachtaí, chomh maith le dul chun cinn a dhéanamh maidir leis an bpacáiste cibearshlándála agus an Gníomh um Líonraí Digiteacha, príomhcholúin faoin treochlár ‘Eoraip amháin, margadh amháin’. Cé go bhfuil obair mhór romhainn, léiríonn an méid atá bainte amach againn go dtí seo an méid is féidir a bhaint amach nuair a thagann na Ballstáit le chéile le huaillmhian chomhroinnte.
Nicodemos Damianou, Leas-Aire Taighde, Nuálaíochta agus Beartais Dhigitigh Phoblacht na Cipire
Tiachóga Eorpacha céannachta digití le haghaidh gnólachtaí
Ghlac na hairí seasamh ón gComhairle (cur chuige ginearálta) le haghaidh rialachán maidir le tiachóga Eorpacha céannachta digití le haghaidh gnólachtaí a bhunú, uirlis dhigiteach atá ceaptha idirghníomhaíochtaí gnó ar fud an Aontais a shimpliú agus a dhaingniú, idir cuideachtaí agus le riaracháin phoiblí araon.
Ag tógáil ar chreat eIDAS2, cuirfidh tiachóga Eorpacha céannachta digití le haghaidh gnólachtaí ar chumas cuideachtaí digitiú a dhéanamh ar go leor oibríochtaí a bhfuil próiseáil phearsanta ag teastáil ina leith faoi láthair. Trí réiteach comhchuibhithe Eorpach a chur ar fáil, cumasóidh tiachóga Eorpacha céannachta digití le haghaidh gnólachtaí cumarsáid shlán trasteorann agus malartú doiciméad slán trasteorann ar son gnólachtaí.
An Gníomh um Líonraí Digiteacha agus an pacáiste cibearshlándála
Chuir an Uachtaránacht dhá thuarascáil ar dhul chun cinn i láthair: ceann amháin i ndáil leis an togra le haghaidh Rialachán maidir le Líonraí Digiteacha agus ceann eile i ndáil leis an bpacáiste cibearshlándála, lena n-áirítear go háirithe an togra le haghaidh Rialachán maidir leis an Dara Gníomh um Chibearshlándáil. Baineann an dá thionscnamh leis an treochlár ‘Aon Eoraip amháin, Aon Mhargadh amháin’, arb é is aidhm dó fíormhargadh aonair gan uaim a dhéanamh as timpeallacht ghnó an Aontais.
Is é príomhchuspóir an ghnímh, tacú le bonneagar líonra dhigitigh atá láidir, tapa, slán agus ceannródaíoch a fhorbairt, chun borradh a chur faoi chlaochlú digiteach an Aontais. Is é is aidhm do na bearta atá molta gnó trasteorann a éascú agus gníomhaithe an mhargaidh a dhreasú ar mhaithe le nuálaíocht agus infheistíocht a dhéanamh san ardnascacht, iomaíochas agus athléimneacht a threisiú agus dul i dtreo margadh aonair níos comhtháite.
Thacaigh na hairí, tríd is tríd, leis an dul chun cinn a rinneadh maidir leis an nGníomh um Líonraí Digiteacha agus thug siad le fios go dtacaíonn siad freisin le cuspóirí uileghabhálacha an ghnímh maidir leis an Margadh Aonair a neartú, borradh a chur faoin iomaíochas, an nascacht a fheabhsú, agus athléimneacht agus slándáil an bhonneagair dhigitigh a fheabhsú. Glactar leis gur bonn láidir é an togra le haghaidh tuilleadh oibre agus chun an plé a chur chun cinn i dtreo cur chuige ginearálta. Ag an am céanna, tá soiléiriú agus mionchoigeartú breise ag teastáil i roinnt de na réimsí. Leag na hairí béim ar an tábhacht a bhaineann leis na nithe seo - an deimhneacht dhlíthiúil a chinntiú, nósanna imeachta rialála a shimpliú, agus na himthosca náisiúnta éagsúla agus dálaí margaidh éagsúla á gcur san áireamh, go háirithe san aistriú ó líonraí copair go líonraí snáithíní.
Leagadh béim freisin ar a thábhachtaí atá sé inniúlachtaí náisiúnta a urramú, go háirithe maidir le speictream raidió a bhainistiú agus ábhair a bhaineann leis an tslándáil náisiúnta, agus cur chun feidhme praiticiúil comhréireach na mbeart atá beartaithe á gcinntiú ag an am céanna. Tuigtear nár mhór tuilleadh a dhéanamh ar shaincheisteanna eile, cuirim i gcás, nós imeachta an phas aonair.
Is é is aidhm don togra maidir leis an bpacáiste cibearshlándála rannchuidiú le roinnt príomhthosaíochtaí polaitiúla, lena n-áirítear uathriail straitéiseach an Aontais (go háirithe na forálacha maidir le slabhra soláthair TFC), athléimneacht (trí Ghníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um Chibearshlándáil a neartú) agus an clár oibre simpliúcháin (simpliú na scéimeanna deimhniúcháin agus roinnt d’fhorálacha den Dara Treoir NIS).
Thacaigh na hairí, tríd is tríd, leis an togra maidir leis an Dara Gníomh um Chibearshlándáil agus thug siad le fios go dtacaíonn siad freisin le cuspóirí foriomlána an ghnímh, go háirithe ról Ghníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um Chibearshlándáil (ENISA) a neartú maidir le tacú leis an gcomhar oibríochtúil idir na Ballstáit agus an creat Eorpach um dheimhniú cibearshlándála a chuíchóiriú. Mar sin féin, léiríodh sa phlé a rinneadh nár mhór tuilleadh oibre a dhéanamh agus soiléiriú breise a fháil maidir le freagrachtaí oibríochtúla leathnaithe ENISA.
Tríd is tríd, tacaítear leis na bearta chun éifeachtacht agus éifeachtúlacht an chreata deimhniúcháin a fheabhsú, agus leagtar béim freisin ar a thábhachtaí atá sé rannpháirtíocht láidir náisiúnta a choinneáil ar bun le linn an phróisis deimhniúcháin. Tríd is tríd, tacaítear leis freisin gur ar bhonn deonach a dhéantar an deimhniú, cé gur cúis imní ag cuid de na Ballstáit iad amlínte áirithe atá beartaithe.
Léirigh an plé a rinneadh ar chreat an tslabhra soláthair TFC nár mhór soiléireacht níos fearr a dhéanamh maidir leis an modheolaíocht agus na nósanna imeachta chun príomhshócmhainní TFC agus soláthróirí ardriosca a shainaithint, agus maidir le raon feidhme agus tionchar féideartha na mbeart atá molta. Leag na hairí béim freisin ar ról na mBallstát agus a leibhéal iomchuí rannpháirtíochta siúd a chinntiú i gcur chun feidhme agus i rialachas an chreata.
Agus Doreen Bogdan-Martin, Ardrúnaí ITU i láthair, phléigh na hairí ‘an comhar idir an tAontas agus an tAontas Idirnáisiúnta Teileachumarsáide a neartú ar mhaithe le claochlú digiteach cuimsitheach, slán agus inbhuanaithe’, mar aon leis an gcomhar idir an tAontas agus Aontas Idirnáisiúnta Teileachumarsáide (ITU) na Náisiún Aontaithe..
Ag comhdháil lánchumhachtach ITU atá ar na bacáin, saineofar beartais agus gníomhaíochtaí ITU do na 4 bliana amach romhainn. Anuas air sin, toghfar ceannaireacht shinsearach na heagraíochta mar aon le comhaltaí de chomhlachtaí éagsúla ITU. I gcúinsí geopholaitiúla an lae inniu, tá sé níos tábhachtaí ná riamh comhar an Aontais i gcúrsaí ITU agus comhar leis an ITU féin a threisiú.
Sa phlé a rinneadh, leag na Ballstáit béim ar a thábhachtaí atá sé an comhar idir an tAontas agus ITU a neartú, agus d’iarr siad go comhsheasmhach go mbeadh seasamh aontaithe ag an Eoraip sa phlé idirnáisiúnta.. Thug roinnt de na hairí le fios gur fearr é tionchar taidhleoireachta an Aontais, go háirithe sa chomhthéacs geopholaitiúil reatha, nuair a labhraítear d’aon ghuth.
Aontaíodh, tríd is tríd, nár mhór an deighilt dhigiteach a dhúnadh agus nascacht fhóinteach a chinntiú do chách. Tuigeadh gur príomh-chomhpháirtí é an tAontas ag ITU maidir le tionscnaimh a chur chun cinn darb aidhm an cuimsiú digiteach a leathnú. Leag roinnt de na Ballstáit béim freisin ar a thábhachtaí atá sé lorg comhshaoil na hearnála digití a laghdú agus an comhar maidir leis an athléimneacht dhigiteach a neartú.
Sainaithníodh, arís agus arís eile, an intleacht shaorga mar aon leis na deiseanna agus na rioscaí a ghabhann léi mar theicneolaíocht chlaochlaitheach, rud a éilíonn comhar idirnáisiúnta feabhsaithe. Leag go leor de na hairí béim ar a thábhachtaí atá cur chuige duinelárnach maidir le forbairt, rialachas agus caighdeánú na hintleachta saorga.
Measadh go raibh sé ríthábhachtach croí-shainordú caighdeánaithe ITU a chaomhnú, agus thug roinnt de na hairí le fios gur cheart caighdeáin idirnáisiúnta a bheith bunaithe ar chearta an duine agus ar chur chuige duinelárnach. Leagadh béim freisin ar an luach a bhaineann le samhail rialachais dhigitigh il-gheallsealbhóra.
Ceannasacht theicneolaíoch riaracháin phoiblí na hEorpa
Bhí seisiún tuairimíochta ag na hairí maidir le ceannasacht theicneolaíoch riaracháin phoiblí na hEorpa i gcomhthéacs uathriail straitéiseach an Aontais agus maidir leis an aidhm spleáchais iomarcacha i réimsí criticiúla a laghdú.
Mhol na hairí an pacáiste um cheannasacht theicneolaíoch a d’fhoilsigh an Coimisiún Eorpach le déanaí. Bhíothas, a bheag nó a mhór, den bharúil go gcaithfí spleáchais straitéiseacha ar fud an tslabhra luacha dhigitigh a laghdú agus oscailteacht, nuálaíocht agus iomaíocht chóir á gcaomhnú ag an am céanna chun an cheannasacht dhigiteach a neartú.
Luaigh na hairí go raibh tábhachtach mhór le seirbhísí digiteacha poiblí atá athléimneach, iontaofa agus inrochtana a chinntiú mar aon leis an gcumas comhoibriú le comhpháirtithe tríú tíortha á choinneáil ag an am céanna faoi choinníollacha soiléire.
Thug roinnt dóibh le fios gur den riachtanas í an cheannasacht dhigiteach, mar spreagadh féideartha don iomaíochas, agus leagadh béim ar chumas an Aontais ardteicneolaíochtaí agus bonneagar digiteach slán a fhorbairt agus a chur in úsáid a threisiú.
Sa phlé a rinneadh, leag na hairí béim ar an ngá atá le cur chuige rioscabhunaithe maidir le spleáchais chriticiúla, idir-inoibritheacht, caighdeáin oscailte, agus iniomparthacht chun gaibhniú díoltóirí a chosc agus leanúnachas seirbhísí poiblí a chinntiú. Leagadh béim ar an soláthar poiblí mar phríomhluamhán chun éileamh ar réitigh cheannasacha, shlána agus idir-inoibritheacha a spreagadh, mar aon le húsáid mhéadaithe a bhaint as comhar foinse oscailte agus trasteorann maidir le bonneagar digiteach comhroinnte. Tugadh aird ar leith ar shonraí íogaire a chosaint, ar rialú ar chórais chriticiúla a chinntiú, agus ar riaracháin phoiblí a chumasú chun réitigh dhigiteacha a thuiscint, iniúchadh a dhéanamh orthu agus, nuair ba ghá, rud éigin eile a chur ina n-áit.
Aon ghnó eile
Faoi ‘aon ghnó eile’, chuir an Uachtaránacht na Ballstáit ar an eolas faoi thograí reachtacha reatha, mar shampla omnibus digiteach agus an Ciste Eorpach um Iomaíochas. Chuir sí na Ballstáit ar an eolas freisin faoi na hiarrachtaí atá ar bun maidir le mionaoisigh a chosaint agus iad ar líne.
Faisnéis ón gCoimisiún maidir leis an Straitéis Dhigiteach Idirnáisiúnta don Aontas Eorpach - breithniú tar éis bliana
Faisnéis ó Lucsamburg maidir le torthaí chruinniú aireachta D9+
Cur i láthair chlár oibre Uachtaránacht na hÉireann (inteachta)
Is iad údaráis rialtais na tíre óstaí a láimhseálfaidh creidiúnú na meán le haghaidh cruinnithe mullaigh idirnáisiúnta a reáchtáiltear lasmuigh den Aontas Eorpach.