"Bainimid úsáid as fianáin lena chinntiú go bhfeabhsaítear d’eispéireas brabhsála. Tá gá le fianáin riachtanacha chun tacú le gnéithe bunriachtanacha de shuíomh gréasáin na Comhairle. Cuidíonn na fianáin roghnacha linn tuarascálacha staidrimh anaithnide, comhiomlánaithe a tháirgeadh chun freastal níos fearr ar do chuid riachtanas.
Le cead uaitse, úsáidfimid fianáin le sonraí comhlánaithe anaithnide a tháirgeadh maidir le brabhsáil agus iompraíocht na gcuairteoirí ar ár suíomh gréasáin. Úsáidfimid na sonraí sin chun feabhas a chur ar an eispéireas agat ar ár suíomh.
Phléigh an Chomhairle Gnóthaí Eachtracha fogha na Rúise faoin Úcráin. Cuireadh tús leis an bplé le tuairisc físchomhdhála ó Aire Gnóthaí Eachtracha na hÚcráine, Andrii Sybiha, a thug forléargas ar an staid ar an láthair, ar na tosaíochtaí is práinní atá ag an Úcráin, agus ar na forbairtí taidhleoireachta a rinneadh le déanaí.
Sa phlé a bhí ag na hairí AE27 ina dhiaidh sin, díríodh ar dtús ar ionsaithe ollmhóra na Rúise ar bhonneagar fuinnimh na hÚcráine agus ar an ngá atá le tacaíocht fuinnimh a chur ar fáil don Úcráin.
Ba choir chogaidh í ionsaí a dhéanamh ar bhonneagar sibhialtach, mar shampla bonneagar fuinnimh, ospidéil, scoileanna, foirgnimh árasán. Tá ag teip ar an Rúis an bua a fháil ar an láthair chatha, mar sin tá sí ag déanamh iarrachta an geimhreadh a úsáid mar uirlis troda. Is é an fuinneamh an líne thosaigh nua anois. Tá an tAontas ag tabhairt aghaidh ar an bpacáiste cabhrach geimhridh is mó riamh.
Kaja Kallas, Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála agus Uachtarán na Comhairle Gnóthaí Eachtracha
Phléigh an Chomhairle ansin conas an brú ar an Rúis a mhéadú, phléigh sí an cinneadh an Rúis a chur ar liosta na dtíortha atá i mbaol sciúradh airgid, agus an obair leanúnach ar an iasacht €90 billiún agus ar an 20ú pacáiste smachtbhannaí.
Phléigh na hairí an obair leanúnach atá á déanamh chun bailchríoch a chur ar rannchuidiú an Aontais leis na ráthaíochtaí slándála don Úcráin agus chun oiliúint mhíleata a leathnú chuig críoch na hÚcráine agus chun tacaíocht a thabhairt do thionscal cosanta na hÚcráine.
Chuir an tArdionadaí i bhfios go láidir go bhfuil an chuntasacht ríthábhachtach i gcónaí, agus dá bhrí sin, leithdháil an tAontas an chéad €10 milliún an tseachtain seo caite chun cabhrú le Binse Speisialta maidir le Coir an Fhogha faoin Úcráin a chur ar bun.
Ar deireadh, d’fhorchuir an Chomhairle bearta sriantacha lena ndírítear ar sheisear i bhfianaise ghníomhaíochtaí hibrideacha leanúnacha na Rúise, lena n-áirítear Ionramháil agus Cur Isteach Eachtrach ar Fhaisnéis (FIMI) i gcoinne an Aontais agus a Bhallstát agus a chomhpháirtithe.
Bhí seisiún tuairimíochta ag an gComhairle Gnóthaí Eachtracha maidir leis an staid sa Mheánoirthear, ag tosú leis an staid san Iaráin, i bhfianaise an chos ar bolg fhoréignigh a rinne réimeas na hIaráine le déanaí ar easaontú agus ar choinneáil threallach léirsitheoirí.
Ghlac an Chomhairle bearta sriantacha i gcoinne 15 dhuine agus sé eintiteas, a bhfuil baint acu le foréigean a úsáid, coinneáil threallach agus oirbhearta imeaglaithe i gcoinne shibhialtaigh na hIaráine. Ina theannta sin, ghlac an Chomhairle bearta sriantacha faoin gcóras smachtbhannaí a bhaineann le dróin agus diúracáin i bhfianaise thacaíocht na hIaráine do chogadh foghach na Rúise ar an Úcráin
San Iaráin, básaíodh lear mór daoine de dheasca na cniogbheartaíochta uafásaí ar agóideoirí. Tá smachtbhannaí forleathana i bhfeidhm ag an Aontas cheana féin. Chomhaontaigh na hairí Cór Gharda Réabhlóideach na hIaráine a ainmniú mar eagraíocht sceimhlitheoireachta. Sa chaoi sin, cuirfear ar comhchéim iad le Daesh, Hamas, Hezbollah agus Al-Qaeda. […] Ní mór gníomhú i gcoinne an chos ar bolg.
Kaja Kallas, Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála agus Uachtarán na Comhairle Gnóthaí Eachtracha
Maidir leis an tSiria, bhí seisiún tuairimíochta ag Airí Gnóthaí Eachtracha an Aontais maidir leis na forbairtí is déanaí sa tír, lena n-áirítear an ráig foréigin is déanaí san Oirthuaisceart. Rinne na hairí athbhreithniú ar an obair a rinneadh ar leibhéal an Aontais maidir le láithreacht taidhleoireachta agus tacaíocht dhaonnúil ach dhírigh siad freisin ar na bagairtí ar chobhsaíocht na tíre. Ar an iomlán, chuir na hairí i bhfios go láidir go bhfuil aistriú polaitiúil cuimsitheach agus próiseas náisiúnta athmhuintearais ríthábhachtach ionas nach sleamhnódh an tSiria i dtreo na héagobhsaíochta an athuair.
Ina theannta sin, phléigh na hairí rannchuidiú an Aontais le cur chun feidhme an Phlean Chuimsithigh chun deireadh a chur le Coinbhleacht Gaza, tar éis an fhógra ó na Stáit Aontaithe an 14 Eanáir maidir le seoladh an dara céim den phlean, agus béim á leagan ar an tslándáil, ar an rialachas agus ar an atógáil.
Sa chomhthéacs sin, dhírigh na hairí ar rannpháirtíocht fheabhsaithe CBSC, lena n-áirítear trí shainorduithe coigeartaithe do mhisin shibhialtacha an Aontais, EUBAM Rafah agus EUPOL COPPS, chun oiliúint a chur ar phóilíní sibhialta na Palaistíne.
I ndeireadh na dála, ní mór slándáil Gaza a bheith i lámha na bPalaistíneach.
Kaja Kallas, Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála agus Uachtarán na Comhairle Gnóthaí Eachtracha
Maidir le rialachas, bhí seisiún tuairimíochta ag Airí Gnóthaí Eachtracha an Aontais maidir leis an ról a d’fhéadfadh a bheith ag an Aontas i ‘mBord na Síochána’, mar obair leantach ar an gcruinniú neamhfhoirmiúil a bhí ag comhaltaí na Comhairle Eorpaí an 22 Eanáir 2026. Chuir na hairí in iúl go bhfuil siad faoi réir le bheith ag obair i gcomhar leis na Stáit Aontaithe chun an Plean Síochána cuimsitheach do Gaza a chur chun feidhme, agus is cuid den phlean sin Bord Síochána a chuirfidh a mhisean mar riarachán idirthréimhseach i gcrích, i gcomhréir le Rún 2803 ó Chomhairle Slándála na Náisiún Aontaithe.
Phléigh an Chomhairle Gnóthaí Eachtracha freisin an staid dhaonnúil agus rochtain ar Gaza, lena n-áirítear saincheist na gclárúchán d’eagraíochtaí neamhrialtasacha, an staid sa Bhruach Thiar atá ag dul in olcas agus gníomhaíocht lonnaíochta agus foréigean ag dul i méid, chomh maith le tacaíocht an Aontais d’Údarás na Palaistíne agus dá chlár athchóirithe.
Bhí seisiún tuairimíochta ag an gComhairle Gnóthaí Eachtracha maidir leis an staid i Réigiún na Mór-Lochanna i bhfianaise an ghéaraithe a tháinig le déanaí ar an bhforéigean in oirthear Phoblacht Dhaonlathach an Chongó (PDC).
Mar obair leantach ar an bplé a rinneadh ag Comhairle Gnóthaí Eachtracha mhí na Nollag, phléigh airí an Aontais conas is féidir leis an Aontas tacú le hiarrachtaí síochána bunaithe ar Chomhaontuithe Washington agus ar Dhearbhú Doha, chomh maith le hiarrachtaí idirghabhála an Aontais Afracaigh. Dhírigh Airí Gnóthaí Eachtracha an Aontais freisin ar conas aghaidh a thabhairt ar staid dhaonnúil atá ag dul in olcas agus conas is féidir leis an Aontas dlús a chur leis an rannpháirtíocht taidhleoireachta ar an láthair agus tacú le hiarrachtaí cobhsaíochta réigiúnacha.
Bhí plé neamhfhoirmiúil ag an gComhairle i bhformáid shriantach maidir le hionchas straitéiseach an bheartais eachtraigh le haghaidh 2026 i bhfianaise na bhforbairtí polaitiúla atá ann faoi láthair.
Le linn lón oibre, bhí seisiún neamhfhoirmiúil tuairimíochta ag airí gnóthaí eachtracha an Aontais le Volker Türk, Ard-Choimisinéir na Náisiún Aontaithe um Chearta an Duine, inar pléadh cearta an duine i limistéir choinbhleachta agus ghéarchéime, agus béim á leagan ar an Úcráin, ar an Meánoirthear agus ar réigiún na Mór-Lochanna.
D’fhormheas an Chomhairle conclúidí i ndáil le tosaíochtaí an Aontais Eorpaigh freisin i bhfóraim de chuid na Náisiún Aontaithe maidir le cearta an duine in 2026.
Ghlac an Chomhairle smachtbhannaí breise i gcoinne seachtar atá freagrach as foréigean agus sáruithe ar chearta an duine sa tSúdáin.
Is iad údaráis rialtais na tíre óstaí a láimhseálfaidh creidiúnú na meán le haghaidh cruinnithe mullaigh idirnáisiúnta a reáchtáiltear lasmuigh den Aontas Eorpach.