"Bainimid úsáid as fianáin lena chinntiú go bhfeabhsaítear d’eispéireas brabhsála. Tá gá le fianáin riachtanacha chun tacú le gnéithe bunriachtanacha de shuíomh gréasáin na Comhairle. Cuidíonn na fianáin roghnacha linn tuarascálacha staidrimh anaithnide, comhiomlánaithe a tháirgeadh chun freastal níos fearr ar do chuid riachtanas.
Le cead uaitse, úsáidfimid fianáin le sonraí comhlánaithe anaithnide a tháirgeadh maidir le brabhsáil agus iompraíocht na gcuairteoirí ar ár suíomh gréasáin. Úsáidfimid na sonraí sin chun feabhas a chur ar an eispéireas agat ar ár suíomh.
Phléigh na hairí comhshaoil an dul chun cinn atá déanta i ndáil leis an leasú ar an rialachán maidir le caighdeáin astaíochtaí CO₂ do ghluaisteáin agus veaineanna, an dúlra mar shócmhainn eacnamaíoch agus an bealach chun cinn i ndáil leis an straitéis maidir le hathléimneacht i réimse an uisce agus rialachán REACH.
Tá dul chun cinn nithiúil déanta ag Uachtaránacht na Cipire agus ‘Eoraip uathrialach, oscailte don domhan’ mar mhana againn, ar chlár oibre aeráide agus comhshaoil an Aontais, trína mbaintear cothromaíocht amach idir an uaillmhian agus an t‑iomaíochas, agus trína dtreisítear acmhainneacht an Aontais freagairt éifeachtach a thabhairt ar dhúshláin chomhshaoil agus a cheannaireacht dhomhanda i bpróisis thábhachtacha idirnáisiúnta á neartú ag an am céanna. Is colúin chomhlántacha iad geilleagar faoi bhláth, maoirseacht chomhshaoil agus aeráidneodracht, atá fíor-riachtanach chun go mbeidh rath ar mhuintir uile na hEorpa sa todhchaí.
Maria Panayiotou, Aire Talmhaíochta, Forbartha Tuaithe agus Comhshaoil Phoblacht na Cipire
Caighdeáin astaíochtaí CO₂ do ghluaisteáin agus veaineanna
Phléigh na hairí an togra le haghaidh rialachán lena leasaítear na rialacha maidir le caighdeáin feidhmíochta astaíochtaí CO2 do ghluaisteáin agus veaineanna nua. Bhreathnaigh an Chomhairle ar an dul chun cinn a rinneadh i ndáil leis an gcaibidlíocht laistigh den Chomhairle le linn Uachtaránacht na Cipire, lena n-áirítear an dea‑dhul chun cinn i ndáil leis na forálacha maidir le lipéadú feithiclí. Cuirfidh na forálacha sin de cheangal ar na dáileoirí faisnéis a thabhairt do thomhaltóirí, go háirithe maidir le hastaíochtaí CO2, tomhaltas breosla agus leictreachais agus an raon leictreach.
Dhírigh na hairí a n‑ionchur ar na príomh-shaincheisteanna atá fós gan réiteach sa togra: na spriocanna laghdaithe astaíochtaí a bheartaítear do 2030 agus 2035 agus an tsolúbthacht nua a thugtar isteach do mhonaróirí chun cabhrú leis an earnáil gluaisteán dul i ngleic leis an aistriú glan, inter alia, sárchreidmheasanna le haghaidh feithiclí beaga leictreacha atá ‘déanta san Aontas’, creidmheasanna le haghaidh cruach ‘ísealcharbóin’ atá ‘déanta san Aontas’ agus creidmheasanna breosla, lena n-áirítear, ar bhonn níos leithne, ról na mbreoslaí in-athnuaite.
Cuireadh an togra maidir le hathbhreithniú a dhéanamh ar na caighdeáin fheidhmíochta maidir le hastaíochtaí CO2 do ghluaisteáin agus veaineanna nua i láthair mar chuid den phacáiste mótarfheithiclí lena n-áirítear freisin togra maidir le feithiclí corparáideacha glana agus tograí chun an reachtaíocht maidir le mótarfheithiclí a shimpliú (omnibus maidir le gluaisteáin).
An straitéis maidir le hathléimneacht i réimse an uisce: bliain níos deireanaí
Rinne an Chomhairle a marana ar an dul chun cinn atá déanta maidir leis an straitéis athléimneachta i réimse an uisce, a ghlac an Coimisiún an 4 Meitheamh 2025. Is é is aidhm don straitéis aghaidh a thabhairt ar líon méadaitheach na ndúshlán a bhaineann le ganntanas uisce, triomach agus tuilte ar fud na hEorpa, dúshláin atá ag éirí níos measa mar gheall ar an athrú aeráide. In 2022, bhí an triomach ba mheasa le 500 bliain anuas san Eoraip, agus bhí tionchar aige ar níos mó ná 40 % den mhór-roinn.
Luaigh na hairí comhshaoil na dúshláin a bhí rompu agus na ceachtanna a foghlaimíodh le bliain anuas, go háirithe maidir le héifeachtúlacht uisce a chur chun cinn. Ag féachaint chun cinn, phléigh siad freisin réitigh dhigiteacha d’earnáil an uisce agus bealaí chun níos mó infheistíocht phríobháideach a mhealladh agus úsáid níos fearr a bhaint as ionstraimí nuálacha maoiniúcháin.
Phléigh na hairí na rioscaí a bhaineann le cailliúint na bithéagsúlachta do ghnólachtaí, don iomaíochas agus don gheilleagar agus conas iad a bhainistiú. Ní hamháin gur géarchéim í cailliúint na bithéagsúlachta i gcás na n-éiceachóras, ach is bagairt dhíreach í freisin ar rathúnas eacnamaíoch, ar iomaíochas agus ar athléimneacht. Beidh ar ghnólachtaí aird a thabhairt ar theorainneacha an dúlra seachas an dúlra a bheith thíos leis de bharr an ratha a bheidh ar na gnólachtaí sin, chun a chinntiú go mbeidh acmhainní, slabhraí soláthair agus bonneagar ar fáil.
Go nithiúil, scrúdaigh an Chomhairle bealaí chun leas a bhaint as acmhainneacht na seirbhísí éiceachórais agus chun an t-aistriú chuig geilleagar dúlra-dearfach a dhreasú, lena n-áirítear cistiú intuartha intomhaiste agus creidmheasanna dúlra a úsáid mar luach saothair ar mhaoirseacht a dhéanamh ar an dúlra.
Beartas ceimiceán an Aontas: reachtaíocht REACH sa todhchaí
Bhí seisiún tuairimíochta ag na hairí maidir le Rialachán REACH sa todhchaí. Cumhdaítear leis an dlí sin clárú, meastóireacht, údarú agus srianadh ceimiceán, lena gcinntítear ardleibhéal cosanta do shláinte an duine agus don chomhshaol.
Díríodh sa phlé ar bhealaí chun aghaidh a thabhairt ar an mbearna chomhlíontachta agus chun forfheidhmiú a neartú, go háirithe maidir le substaintí ceimiceacha a allmhairítear ó thríú tíortha agus díolacháin ar líne. In éagmais athbhreithniú iomlán ar an rialachán, phléigh na hairí bealaí inar féidir na rialacha atá ann cheana a nuachóiriú agus a shimpliú agus soiléireacht agus cinnteacht a thabhairt d’oibreoirí agus d’údaráis, lena n-áirítear trí reachtaíocht thánaisteach.
COP31: an chaibidlíocht idirnáisiúnta ar an aeráid
Roimh COP31 agus sula mbeidh an Uachtaránacht ag Éirinn, rinne Uachtaránacht na Cipire a marana ar na gníomhaíochtaí a rinneadh chun seasamh caibidlíochta an Aontais a neartú i gcruinnithe idirnáisiúnta maidir leis an aeráid.
Áirítear ar na gníomhaíochtaí sin, ó thaobh an Aontais de, an chéad fhís ilbhliantúil a fhorbairt i dtaca le COP, tús a chur leis an bplé tosaigh maidir le tosaíochtaí COP31, comhordú agus taidhleoireacht aeráide a neartú, agus feabhas a chur ar chomhar trasearnála agus ar chomhroinnt faisnéise, agus iarracht á déanamh cur chuige an Aontais a chur in oiriúint do na réaltachtaí geopholaitiúla atá ag athrú.
D’athdhearbhaigh na Ballstáit a thábhachtaí atá sé aontacht an Aontais Eorpaigh a chaomhnú agus a chinntiú go dtabharfaí freagairt chomhordaithe chun sláine an phróisis agus leasanna an Aontais ina iomláine a chosaint.
Comhaontuithe idirnáisiúnta agus ról na Comhairle (eolas cúlra)
Athléimneacht i leith an athraithe aeráide san Eoraip: lón neamhfhoirmiúil
Le linn an lóin, bhí plé neamhfhoirmiúil ag na hairí maidir leis an dul chun cinn agus na dúshláin a bhaineann le hathléimneacht i leith na haeráide san Eoraip.
Chuir an Uachtaránacht agus an Coimisiún na hairí ar an eolas faoin 15ú comhdháil de na páirtithe sa Choinbhinsiún maidir le caomhnú na speiceas imirceach ainmhithe fiáine a tionóladh sa Bhrasaíl i mí an Mhárta 2026.
Chuir an Coimisiún eolas ar fáil maidir leis an 17ú comhdháil de na páirtithe i gCoinbhinsiún na Náisiún Aontaithe chun an gaineamhlú a chomhrac (UNCCD COP 17).
Chuir an Ostair, an Iodáil, Lucsamburg agus an Spáinn i láthair an t‑ionchas agus na torthaí tar éis rialachán LIFE a bheith i bhfeidhm le 34 bliana anuas.
Leag Poblacht na Seice, an Bhulgáir, an Iodáil, Laitvia, an Pholainn, an Rómáin, an tSlóvaic agus an tSlóivéin béim ar na dúshláin a bhain leis an Rialachán maidir le pacáistíocht agus dramhaíl a chur chun feidhme.
D’iarr an Ghearmáin, an Danmhairg, an Fhrainc, an Ísiltír agus an tSlóivéin cur chuige comhordaithe ar leibhéal an Aontais chun dul i ngleic leis an bhfaisean ríghasta.
Chuir an Iodáil, an Bhulgáir agus Poblacht na Seice na hairí ar an eolas faoi lascthrealamh ardvoltais agus faoin ngníomhaíocht is gá le haghaidh eangach leictreachais cumhachta Eorpach a bheidh láidir agus slán.
D’ardaigh an Ísiltír cur chun feidhme an Athbhreithnithe Dhomhanda agus chuir sí i láthair na torthaí ón gcéad chomhdháil maidir leis an aistriú ó bhreoslaí iontaise mar aon leis an obair leantach a rinneadh dá barr.
Thuairiscigh an Chróit ar chruinniú MED9 na n‑airí comhshaoil (Šibenik, an Chróit, an 18‑19 Bealtaine 2026), ag leagan béime ar athléimneacht an tsoláthair uisce agus ar chosaint na timpeallachta muirí.
Thug an Bheilg, Lucsamburg agus an Ísiltír eolas do na hairí faoi pháipéar leathoifigiúil Benelux maidir leis an ngníomh um an ngeilleagar ciorclach atá ar na bacáin.
Is iad údaráis rialtais na tíre óstaí a láimhseálfaidh creidiúnú na meán le haghaidh cruinnithe mullaigh idirnáisiúnta a reáchtáiltear lasmuigh den Aontas Eorpach.