Skip to content

Soghluaisteacht ghlan inbhuanaithe

Tá tábhacht mhór le dícharbónú na hearnála iompair chun spriocanna aeráide an Aontais a bhaint amach. Is é is aidhm do rialacha an Aontais an tsoghluaisteacht a dhéanamh níos inbhuanaithe agus an nascacht ar fud an Aontais a chinntiú ag an am céanna.

Spriocanna aeráide agus earnáil an iompair

Tacaíonn an tAontas le forbairt na gcóras iompair chun an margadh aonair a chothú agus chun an nascacht a mhéadú i measc réigiúin na hEorpa, agus an earnáil sin a bheith á dícharbónú ag an am céanna.

Faoi Chomhaontú Pháras, tá gealltanas tugtha ag tíortha an Aontais go mbeidh an tAontas aeráidneodrach faoi 2050. Chun an sprioc sin a bhaint amach, déanfaidh an tAontas laghdú 55 % ar a laghad ar a ghlanastaíochtaí gás ceaptha teasa ar fud an gheilleagair faoi 2030 i gcomparáid le leibhéil 1990, agus leanfaidh sé d’astaíochtaí a laghdú de réir a chéile go dtí 2050.

Chun gur féidir léi a cuid féin a dhéanamh, ní mór athrú ó bhonn teacht ar earnáil an iompair, athrú óna dteastóidh laghdú 90 % ar astaíochtaí gás ceaptha teasa (i gcomparáid le leibhéil 1990) faoi 2050.

Is as earnáil an iompair a thagann an ceathrú cuid d’astaíochtaí gás ceaptha teasa an Aontais

Cairt ar a léirítear astaíochtaí iompair an Aontais agus a miondealú de réir earnála.

Tá an dul chun cinn i ndáil le hastaíochtaí a laghdú tar éis a bheith níos moille in earnáil an iompair ná in earnálacha eacnamaíocha eile. Cé go bhfuil laghdú suntasach tagtha ar astaíochtaí in earnálacha eile, tá méadú tagtha ar astaíochtaí iompair le blianta beaga anuas. Tá sé ríthábhachtach iompar paisinéirí agus lastais a dhéanamh níos éifeachtúla agus níos neamhspleáiche ó bhreoslaí iontaise.

In 2021, ghlac an Chomhairle conclúidí maidir le straitéis an Choimisiúin um an tsoghluaisteacht inbhuanaithe agus chliste ina leagtar amach spriocanna chun an tsoghluaisteacht san Aontas a dhéanamh glas, cliste agus athléimneach.

Is éard atá sa phacáiste ‘Oiriúnach do 55’ ná tacar tionscnamh beartais agus dlíthe chun sprioc 2030 a bhaint amach, is é sin astaíochtaí a laghdú 55 % ar a laghad agus cuirtear san áireamh ann príomhthionscnaimh chun an t-iompar ar bóthar, an t-aeriompar agus an t-iompar muirí a dhícharbónú.

Seo a leanas cuid de na príomhthionscnaimh bheartais is déanaí de chuid an Aontais le haghaidh soghluaisteacht níos inbhuanaithe:

Bóithre

Gluaisteáin agus veaineanna: caighdeáin astaíochtaí CO2

Is ón iompar de bhóthar a thagann an sciar is airde d’astaíochtaí gás ceaptha teasa ón iompar i gcoitinne. Is iad na gluaisteáin is cúis le 12 % de na hastaíochtaí dé-ocsaíde carbóin san Aontas (CO2).

I mí an Mhárta 2023, ghlac an Chomhairle rialacha nua chun astaíochtaí CO2 ó ghluaisteáin agus veaineanna nua a laghdú a thuilleadh, le hathbhreithniú a rinneadh ar an rialachán ó 2019.

Leagtar síos spriocanna leis na rialacha athbhreithnithe chun astaíochtaí a laghdú de réir a chéile. Ó 2030 go 2034, ní mór laghdú 55 % a dhéanamh ar astaíochtaí i gcás gluaisteáin nua agus is laghdú 50 % a bheidh i gceist i gcás veaineanna nua i gcomparáid le spriocanna 2021.

Ó 2035 i leith, beidh ar na gluaisteáin agus na veaineanna nua ar fad a bheith ina bhfeithiclí saor ó astaíochtaí. 

Trucailí agus busanna: caighdeáin astaíochtaí CO2

Ghlac an Chomhairle rialacha nua chun caighdeáin astaíochtaí d’fheithiclí tromshaothair a neartú i mí na Bealtaine 2024. Nuashonraítear leis an rialachán rialacha 2019 chun cabhrú leis an Aontas a chuid uaillmhianta a bhaint amach agus an t-athrú aeráide á chomhrac aige.

Féachann an rialachán le hastaíochtaíCO2a laghdú in earnáil an iompair ar bóthar i gcomhréir le spriocanna aeráide an Aontais trí na spriocanna laghdaithe astaíochtaí a ardú le haghaidh 2030 (-45%) agus spriocanna nua a thabhairt isteach le haghaidh 2035 (-65%) agus le haghaidh 2040 (-90%).

Leathnaíonn na rialacha raon feidhme an rialacháin roimhe seo ionas go mbeidh beagnach gach feithicil nua tromshaothair lena mbaineann astaíochtaí deimhnithe CO₂ — trucailí beaga, busanna uirbeacha, cóistí agus leantóirí san áireamh — faoi réir spriocanna maidir le hastaíochtaí a laghdú.

Faoi na rialacha nua, bheadh ar gach bus uirbeach nua a bheith ina fheithicil saor ó astaíochtaí faoi 2035. Beidh busanna agus cóistí cianaistir faoi réir na spriocanna foriomlána i gcónaí.

Tháinig an Chomhairle ar chomhaontú (cur chuige ginearálta) maidir leis an togra i mí Dheireadh Fómhair 2023. I mí Eanáir 2024, tháinig an Chomhairle agus idirbheartaithe Pharlaimint na hEorpa ar chomhaontú polaitiúil sealadach maidir leis na rialacha. Ghlac an Chomhairle iad i mí na Bealtaine 2024.

Euro 7

Sa bhreis ar na caighdeáin astaíochtaí a leagan síos le haghaidh feithiclí, ghlac an tAontas rialacha chun na truailleáin aeir ón iompar ar bóthar a laghdú.

Leagann an rialachán ar a dtugtar Euro 7 rialacha síos maidir le hastaíochtaí ar rialacha iad a chuireann leis na teorainneacha CO2 thuas agus a chumhdaíonn gnéithe truailliúcháin eile freisin. Ina measc sin tá truailliú ó scríobchaitheamh bonn, coscáin agus cadhnraí.

Cumhdaíonn na rialacha sin gluaisteáin, veaineanna agus feithiclí tromshaothair in aon ghníomh dlí amháin.

Ghlac an Chomhairle cur chuige ginearálta maidir leis an rialachán i mí Mheán Fómhair 2023. I mí na Nollag 2023, tháinig an Chomhairle agus Parlaimint na hEorpa ar chomhaontú sealadach maidir leis an togra. Ghlac an Chomhairle rialachán nua i mí Aibreáin 2024.

Muirir ar bhóithre

Leagtar síos rialacha i reachtaíocht an Aontais maidir le muirir a ghearradh ar fheithiclí tromshaothair as bonneagar bóthair áirithe a úsáid sna Ballstáit.

I mí na Samhna 2021, thug an Chomhairle cead athbhreithniú a dhéanamh ar na rialacha sin, dá ngairtear an cnuasainm 'an Treoir Eoraifínéid'. Tá sé d’aidhm ag an dlí athbhreithnithe iompar níos glaise agus níos éifeachtúla a chur chun cinn, agus áirítear ann scéim nua chun aghaidh a thabhairt ar astaíochtaí CO2 chun lorg carbóin na hearnála a laghdú i gcomhréir leis an gComhaontú Glas don Eoraip agus le Comhaontú Pháras.

Tháinig an treoir i bhfeidhm i mí an Mhárta 2022.

An tIarnród

Is é an t-iompar ar iarnród, arna chumhachtú don chuid is mó ag an leictreachas, an modh iompair is inbhuanaithe atá ann. De réir sonraí ón nGníomhaireacht Eorpach Chomhshaoil, in 2018 ní thagann ach 0.4 % d’astaíochtaí iomlána gás ceaptha teasa an Aontais ón earnáil iarnróid.

In 2021, ghlac an Chomhairle conclúidí maidir leis an iarnród mar chuid den straitéis chun an tsoghluaisteacht a dhéanamh níos inbhuanaithe agus níos cliste san Aontas. Chuir airí an Aontais i dtreis gur gá an t-iompar ar iarnród a fhorbairt a thuilleadh do phaisinéirí agus d'earraí araon san Aontas.

Mar chuid den phacáiste maidir le hiompar lastais a ghlasú, thíolaic an Coimisiún a thogra maidir le toilleadh bonneagair iarnróid a úsáid an 11 Iúil 2023. Cuirtear san áireamh sa tionscnamh seo bearta dírithe ar thoilleadh na n-iarnród a bhainistiú agus a chomhordú ar bhealach níos fearr agus ar an gcaoi sin é a mhéadú trí chéile. Chomhaontaigh an Chomhairle a seasamh caibidlíochta maidir leis an togra i mí an Mheithimh 2024.

Cearta paisinéirí iarnróid

In 2021, rinne an tAontas athbhreithniú ar a rialacha maidir le paisinéirí iarnróid chun cosaint níos fearr a thabhairt do chearta paisinéirí, go háirithe daoine faoi mhíchumas nó faoi mhíchumas luaineachta. Tugtar tacaíocht don tsoghluaisteacht ghlan leis na forálacha, trína dhéanamh níos éasca do thaistealaithe an rothar a iompar leo ar an traein.

Leis na rialacha athbhreithnithe, ceanglaítear ar ghnóthais iarnróid spásanna rothar a chur ar fáil agus paisinéirí a chur ar an eolas faoin spás atá ar fáil. Faoin riail ghinearálta, ní mór ceithre spás, ar a laghad, a bheith ar fáil do rothair ar gach traein san Eoraip.

Tháinig na rialacha nua i bhfeidhm i mí an Mheithimh 2021.

An Eitlíocht

ReFuelEU aviation: breoslaí inbhuanaithe eitlíochta

Tá breoslaí inbhuanaithe eitlíochta (bithbhreoslaí, breoslaí sintéiseacha eitlíochta agus breoslaí eitlíochta carbóin athchúrsáilte) ar cheann de na príomhuirlisí gearrthéarmacha agus meántéarmacha lenar féidir astaíochtaí aerárthaí a laghdú go suntasach. Mar sin féin, is beag forbairt atáthar a dhéanamh ar na breoslaí inbhuanaithe eitlíochta de dheasca leibhéal íseal soláthair agus praghsanna a bhíonn i bhfad níos airde ná praghsanna na mbreoslaí iontaise. Mar thoradh air seo, is sciar an-bheag na breoslaí sin - 0.05 % - den ídiú breosla iomlán in earnáil na heitlíochta.

Is é is aidhm don rialachán REfuelEU aviation laistigh den phacáiste ‘Oiriúnach do 55’ lorg comhshaoil na heitlíochta a laghdú agus cabhrú leis an Aontas a chuid spriocanna aeráide a bhaint amach, trí bheith ag cur le glacadh le breoslaí inbhuanaithe eitlíochta, agus cothrom na Féinne d’earnáil aeriompair atá inbhuanaithe á chinntiú ag an am céanna. Faoi na rialacha nua, beidh ar sholáthróirí breosla aerárthaigh sciar na mbreoslaí inbhuanaithe a mhéadú chomh hard le 70 % faoi 2050.

Ag eascairt as an gcomhaontú sealadach le Parlaimint na hEorpa i mí Aibreáin 2023, ghlac an Chomhairle an rialachán i mí Dheireadh Fómhair 2023.

Cuirtear i láthair sa ghrafaic faisnéise spriocanna agus tairbhí rialacháin ReFuelEU aviation agus FuelEU maritime atá beartaithe, arb é is aidhm dóibh glacadh breoslaí níos inbhuanaithe a mhéadú sa dá earnáil iompair.
Oiriúnach do 55: glacadh breoslaí níos glaise a mhéadú sna hearnálacha eitlíochta agus muirí (Grafaic faisnéise)

Oiriúnach do 55: glacadh breoslaí níos glaise a mhéadú sna hearnálacha eitlíochta agus muirí (Grafaic faisnéise)

Inbhuanaitheacht na heitlíochta idirnáisiúnta

Tá tíortha uile an Aontais ina gcomhaltaí den Eagraíocht Eitlíochta Sibhialta Idirnáisiúnta (ICAO). Tá siad ag obair, in éineacht leis na comhaltaí eile, chun feidhmíocht chomhshaoil na heitlíochta a fheabhsú.

D’fhonn éifeachtaí díobhálacha na heitlíochta sibhialta idirnáisiúnta ar an aeráid a íoslaghdú agus d’fhonn fás inbhuanaithe na heitlíochta idirnáisiúnta a chur chun cinn, tá ICAO ag obair ar roinnt beart. Ar na bearta sin, tá:

  • feabhas a chur ar theicneolaíocht aerárthaí
  • feabhsuithe oibríochtúla
  • breoslaí eitlíochta inbhuanaithe
  • CORSIA (an scéim fritháirithe agus laghdaithe carbóin don eitlíocht idirnáisiúnta)

I mí an Mheithimh 2020, dhearbhaigh an tAontas go raibh sé rannpháirteach in CORSIA ó thús na céime deonaí an 1 Eanáir 2021. Ina theannta sin, ghlac an Chomhairle cinneadh i mí na Nollag 2022 chun a ligean do na Ballstáit cuid d’oibleagáidí CORSIA a chomhlíonadh.

I mí Iúil 2021, i gcomhthéacs an phacáiste ‘Oiriúnach do 55’, thíolaic an Coimisiún a thogra maidir le hathbhreithniú a dhéanamh ar chóras AE i ndáil le trádáil astaíochtaí (CTA), a bhaineann leis an eitlíocht, agus é d’aidhm aige rannchuidiú na hearnála le beartas aeráide an Aontais a mhéadú agus CORSIA a chur chun feidhme san Aontas. Ghlac an Chomhairle na rialacha nua i mí Aibreáin 2023.

Aerspás Eorpach Aonair

Faoin Aerspás Eorpach Aonair, tá institiúidí an Aontais ag obair ar rialacha agus cuspóirí coiteanna a fhorbairt chun aerspás na hEorpa a bhainistiú. Ba cheart go gcuideodh an bainistiú éifeachtúil aerthráchta le hastaíochtaí ón earnáil a laghdú, chomh maith le hacmhainneacht leordhóthanach agus gnóthachain chostéifeachtúlachta a chinntiú.

Tá togra leasaithe curtha ar aghaidh ag an gCoimisiún chun an rialachán atá ann cheana a athrú an 22 Meán Fómhair 2020. I mí an Mheithimh 2021, chomhaontaigh an Chomhairle cur chuige ginearálta maidir leis an athchóiriú ar an Aerspás Eorpach Aonair.

I mí Márta 2024, tháinig an Chomhairle agus Parlaimint na hEorpa ar chomhaontú sealadach maidir leis an athchóiriú, nach mór don dá institiúid a fhormheas. Ghlac an Chomhairle a seasamh ar an gcéad léamh maidir leis an athchóiriú i mí Mheán Fómhair 2024.

An t-iompar muirí

FuelEU maritime: breoslaí dícharbónaithe

Mar chuid den phacáiste‘Oiriúnach do 55’, cuirfidh an tionscnamh FuelEU maritime úsáid breoslaí in-athnuaite agus ísealcharbóin chun cinn san iompar muirí.

An sprioc atá ann déine astaíochtaí gás ceaptha teasa an fhuinnimh a úsáidtear ar bord loinge a laghdú suas le 80 % faoi 2050, trí úsáid breoslaí níos inbhuanaithe a chur chun cinn sna longa sin a úsáideann calafoirt an Aontais, agus, ag an am céanna, a chinntiú go mbeidh an trácht muirí in ann oibriú go rianúil agus saobhadh sa mhargadh inmheánach a sheachaint.

Ghlac an Chomhairle na rialacha nua i mí Iúil 2023.

Oibríonn an tAontas i gcomhthéacs na hEagraíochta Muirí Idirnáisiúnta (IMO) freisin chun astaíochtaí gás ceaptha teasa ó longa a laghdú. Glacadh straitéis athbhreithnithe IMO chun astaíochtaí a laghdú i mí Iúil 2023, d’fhonn astaíochtaí glan-nialasacha a bhaint amach thart ar 2050. Tá bearta á bplé chun an straitéis athbhreithnithe IMO sin a chur chun feidhme.

Freastalaíonn uachtaránacht na Comhairle agus Ballstáit eile de chuid an Aontais ar chruinnithe IMO agus cuireann siad go gníomhach le bearta comhshaoil agus bearta eile a fhorbairt. Is comhaltaí den eagraíocht iad Ballstáit uile an Aontais.

Farraigí níos glaine

Chun loingseoireacht níos glaine a chinntiú san Aontas, tá an Chomhairle ag obair ar shraith dlíthe, ar a dtugtar an ‘pacáiste sábháilteachta muirí’. Áirítear sa tacar bearta maidir leis an méid seo a leanas:

  • Rialú Stát an chalafoirt
  • truailliú ó longa
  • ceanglais an Bhratstáit a chomhlíonadh
  • imscrúdú timpistí
  • lena ndéantar athbhreithniú ar shainordú na Gníomhaireachta Eorpaí um Shábháilteacht Mhuirí (EMSA)

Is é an sprioc atá ann rialacha an Aontais maidir le sábháilteacht mhuirí a nuachóiriú agus truailliú uisce ó longa a laghdú.

An t-iompar ilmhódach

Gréasán tras-Eorpach iompair (TEN-T)

Cruthaíodh an gréasán tras-Eorpach iompair (TEN-T), a seoladh in 1996, chun critéir a bhunú do thionscadail trasteorann lena mbainfear an nascacht thras-Eorpach amach.

Tá na treoirlínte TEN-T atá ann faoi láthair, a théann siar go dtí 2013, faoi réir athchóiriú uaillmhianach ó bhí Nollaig 2021 ann.

I mí na Nollag 2023, tháinig Uachtaránacht na Comhairle agus idirbheartaithe Pharlaimint na hEorpa ar chomhaontú sealadach maidir leis an rialachán athbhreithnithe i ndáil le treoirlínte an Aontais chun gréasán TEN-T a fhorbairt. Ghlac an Chomhairle an rialachán i mí an Mheithimh 2024.

Is é is aidhm don reachtaíocht nua gréasán iompair iontaofa, leanúnach agus ardcháilíochta a thógáil lena chinnteofar nascacht inbhuanaithe ar fud na hEorpa gan briseadh fisiciúil, scrogaill tráchta ná naisc in easnamh. Déanfar an gréasán a fhorbairt nó a uasghrádú céim ar chéim agus leagfar síos spriocdhátaí soiléire leis an rialachán nua chun gréasán TEN-T 3 chiseal a chur i gcrích:

  • an croíghréasán curtha i gcrích faoi 2030
  • an croíghréasán nua-bhreisithe curtha i gcrích faoi 2040
  • an gréasán cuimsitheach curtha i gcrích faoi 2050

Bonneagar breoslaí ionadúla

Is é is aidhm don rialachán maidir le bonneagar breoslaí malartacha a chinntiú go n-imscartar ar bhonn uile-Aontais agus in áit a bhfuil rochtain phoiblí air, bonneagar le haghaidh athluchtú leictreach agus athbhreoslú breoslaí malartacha in earnálacha an iompair de bhóthar, na heitlíochta agus an uisce-iompair.

Leagann na rialacha síos spriocanna maidir le stáisiúin luchtúcháin agus athbhreoslúcháin a imscaradh. Cuirtear san áireamh leis sin a chinntiú go bhfuil stáisiúin luchtúcháin ann gach 60 ciliméadar ar a laghad ar na príomhbhóithre.

Ghlac an Chomhairle an rialachán i mí Iúil 2023.

Sa ghrafaic faisnéise, tá sonraí agus figiúirí faoin Rialachán maidir le bonneagar breoslaí malartacha lena gcinntítear go mbeidh go leor stáisiún athbhreoslaithe agus athluchtaithe le haghaidh breoslaí malartacha ar fud an Aontais faoi 2030.
Oiriúnach do 55: i dtreo iompair níos inbhuanaithe (Grafaic faisnéise)

Oiriúnach do 55: i dtreo iompair níos inbhuanaithe (Grafaic faisnéise)

Córais chliste iompair

Ghlac an Chomhairle creat nua maidir le córais chliste iompair a chur in úsáid, d’fhonn dlús a chur leis an aistriú digiteach agus le soghluaisteacht níos cliste san Aontas. Is cuid iad na rialacha nua de straitéis soghluaisteachta inbhuanaithe cliste an Choimisiúin.

Le córais chliste iompair mar shampla pleanálaithe turais, eCall agus gluaisteáin uathoibrithe, tá athrú ollmhór tagtha ar an mbealach a mbogann daoine timpeall, rud a fhágann go sábháiltear am, laghdaítear astaíochtaí agus brú tráchta, agus déantar pleanáil turais a shimpliú.

Tá sé d’aidhm ag treoir athbhreithnithe ITS, a ghlac an Chomhairle i mí Dheireadh Fómhair 2023, dlús a chur le hinfhaighteacht agus feabhas a chur ar idir-inoibritheacht na sonraí digiteacha a chuireann seirbhísí ar fáil, mar shampla pleanálaithe turas ilmhódach agus seirbhísí loingseoireachta. Ligfidh sé sin d’fheithiclí agus do bhonneagar bóthair cumarsáid a dhéanamh lena chéile, mar shampla chun rabhadh a thabhairt faoi eachtraí gan choinne, mar shampla tranglaim tráchta.

An t-iompar lastais a ghlasú

Is as an lastas a thagann 30 % de na hastaíochtaí CO2 in earnáil an iompair agus meastar go rachaidh méideanna lastais i méid.

Is é is aidhm don phacáiste maidir le hiompar lastais a ghlasú, a thíolaic an Coimisiún i mí Iúil 2023, feidhmíocht an iompair lastais a fheabhsú tríd an méid seo a leanas a dhéanamh:

  • bearta a thabhairt isteach chun an éifeachtúlacht agus an inbhuanaitheacht fhoriomlán a mhéadú
  • roghanna iompair níos inbhuanaithe a chur chun cinn, an t-iompar ar iarnród agus ar uiscebhealaí intíre, cuir i gcás

Ghlac an Chomhairle seasamh i mí na Nollag 2023 i ndáil le rialachán maidir le cuntasaíocht a dhéanamh ar astaíochtaí gás ceaptha teasa seirbhísí iompair. Is é is aidhm don togra feabhas a chur ar ríomh agus ar fhaisnéis maidir le hastaíochtaí gás ceaptha teasa na seirbhísí iompair ionas gur féidir le custaiméirí na roghanna iompair is inbhuanaithe a roghnú. Thug an Chomhairle dá haire tuarascáil ar dhul chun cinn i ndáil le togra ón gCoimisiún maidir leis na meáchain údaraithe uasta agus toisí údaraithe uasta d’fheithiclí tromshaothair, a tíolacadh freisin mar chuid lárnach den phacáiste ‘iompar lasta a ghlasú’.

Mar chuid den phacáiste, tháinig an Chomhairle ar chomhaontú i mí an Mheithimh 2024 maidir lena seasamh caibidlíochta (‘cur chuige ginearálta’) i ndáil le rialachán maidir toilleadh bonneagair iarnróid a úsáid sa limistéar Eorpach aonair iarnróid. Is é is aidhm don dlí infhaighteacht bonneagair a mhéadú trí phróisis phleanála agus leithdháilte níos fearr, chomh maith le comhordú trasteorann feabhsaithe agus meastar go gcuirfidh sé go mór le bainistiú níos éifeachtúla ar thoilleadh agus ar thrácht an bhonneagair iarnróid.

Cistiú

An tSaoráid um Chónascadh na hEorpa 2021‑2027

Tá cur chun cinn na hinbhuanaitheachta ar cheann de phríomhspriocanna na Saoráide um Chónascadh na hEorpa (SCE). Mar phríomhshásra cistiúcháin d’infheistíochtaí i gcórais iompair an Aontais, cabhróidh SCE le dícharbónú na hearnála soghluaisteachta agus le sprioc na haeráidneodrachta faoi 2050 a bhaint amach. Tá feidhm chúlghabhálach ag an rialachán ón 1 Eanáir 2021.

Gheobhaidh an earnáil iompair formhór an chistiúcháin (thart ar €25 bhilliún as €33 bhilliún), agus den mhéid sin is don iarnród a thiomnófar an sciar is mó.