An trádáil idir an tAontas agus an Áise Láir
Is é leas geopholaitiúil an Aontais agus na hÁise Láir an comhar a threisiú agus tá tábhacht straitéiseach mhéadaithe ag baint lena gcaidreamh thar na blianta.
Maidir leis sin, is é an tAontas Eorpach:
- an dara comhpháirtí trádála is mó
- an t-infheisteoir coigríche is mó, agus
- an príomhdheontóir (cistí forbartha an Aontais mar aon le cabhair aonair ó na Ballstáit) ag an Áise Láir
Comhpháirtíocht an Aontais leis an Áise Láir
Le straitéis an Aontais maidir leis an Áise Láir, cruthaítear comhpháirtíocht neamheisiach níos láidre bunaithe ar thrí phríomhcholún.
Comhpháirtíocht ar mhaithe leis an athléimneacht
Cearta an duine agus an daonlathas, an tslándáil agus dúshláin chomhshaoil.
Comhpháirtíocht ar mhaithe leis an rathúnas
Tacú le héagsúlú eacnamaíoch agus le forbairt na hearnála príobháidí, trádáil idir-réigiúnach agus nascacht inbhuanaithe a chur chun cinn.
Ag obair níos fearr le chéile
An chomhpháirtíocht a fheabhsú, borradh a chur faoin idirphlé polaitiúil agus rannpháirtíocht na sochaí sibhialta a leathnú.
Leagtar amach i dtreochlár comhpháirteach 2023 idir an tAontas agus an Áise Láir cúig phríomhréimse comhair agus 79 bpointe gníomhaíochta, lena ndírítear ar idirphlé polaitiúil, naisc eacnamaíocha, comhar fuinnimh agus aeráide, dúshláin slándála agus naisc duine le duine.
Leithdháileadh os cionn €550 milliún ar chlár táscach ilbhliantúil réigiúnach an Aontais don Áise Láir 2021-2027.
Trádáil an Aontais in earraí agus seirbhísí leis an Áise Láir
B’ionann trádáil an Aontais leis an réigiún agus 22.6% de thrádáil eachtrach chomhcheangailte thíortha na hÁise Láir in 2023.
Trádáil chomhiomlán earraí agus seirbhísí in 2023
An chéad bharrachairt lena léirítear allmhairí an Aontais ón Áise Láir in 2023:
- Allmhairí earraí chuig an Aontas: €32.5 billiún
- Allmhairí seirbhísí chuig an Aontas: €2 bhilliún
An dara barrachairt lena léirítear onnmhairí an Aontais go dtí an Áise Láir in 2023:
- Onnmhairí earraí ón Aontas: €20.2 billiún
- Onnmhairí seirbhísí ón Aontas: €4.3 billiún
Allmhairí agus onnmhairí ag dul i méid
Tá fás suntasach tagtha ar an trádáil idir an tAontas agus an Áise Láir le 10 mbliana anuas.
Na hallmhairí is mó isteach san Aontas ón Áise Láir
Is iad seo a leanas go príomha onnmhairí na hÁise Láir chuig an Aontas:
Amhola
Gás
Miotail
Snáithín cadáis
Na honnmhairí is mó ón Aontas chuig an Áise Láir
Innealra agus fearais mheicniúla
Mótarfheithiclí
Innealra agus trealamh leictreach
Ceimiceáin agus táirgí gaolmhara
Infheistíochtaí an Aontais san Áise Láir
Is é an tAontas Eorpach an t-infheisteoir is mó san Áise Láir i gcónaí, agus os cionn 40% d’infheistíochtaí díreacha coigríche curtha ar fáil aige le 10 mbliana anuas (os cionn €100 billiún).
Ceithre phríomhréimse tosaíochta atá ann don Aontas agus don Áise Láir ó thaobh na hinfheistíochta: iompar, amhábhair chriticiúla, cúrsaí uisce, fuinnimh agus aeráide agus nascacht dhigiteach.
Na tíortha is mó a rinne infheistíocht san Áise Láir in 2022
Píchairt ina léirítear infheistíocht dhíreach choigríche san Áise Láir in 2022:
- an tAontas Eorpach: 42%
- na Stáit Aontaithe: 14.2%
- an Rúis: 6%
- an tSín: 3.7%
- Eile: 34.1%
An chomhpháirtíocht idir an tAontas agus an Áise Láir
Ó glacadh Straitéis an Aontais Eorpaigh don Áise Láir in 2019 agus an treochlár comhpháirteach chun an caidreamh idir an tAontas agus an Áise Láir a dhoimhniú in 2023, tá dlús curtha leis an gcomhar, rud a neartaigh an t-idirphlé polaitiúil, a thacaigh leis an bhforbairt inbhuanaithe agus a d’fheabhsaigh nascacht réigiúnach trí thionscnaimh ar nós 'Global Gateway’ agus an aistrithe ghlais.
Bíonn idirphlé polaitiúil ardleibhéil rialta ag an Aontas agus ag an Áise Láir, cruinnithe aireachta leis na hairí gnóthaí eachtracha agus le beirt cheannairí in Astana na Casacstáine san áireamh, in 2022 agus in Cholpon-Ata na Cirgeastáine in 2023. Tionóladh an chéad cruinniú mullaigh idir an tAontas agus an Áise Láir an 4 Aibreán 2025 in Samarkand na hÚisbéiceastáine.
An t-athbhreithniú deireanach: an 29 Deireadh Fómhair 2025