An chaoi a ndéanann an tAontas an choireacht chomhshaoil a chomhrac
Tá coireacht chomhshaoil ar cheann de na gníomhaíochtaí eagraithe coiriúla is mó brabús ar domhan agus bíonn tionchar mór aici ní hamháin ar an gcomhshaol ach ar shláinte an duine freisin. Tá sé an-bhrabúsach ach is deacair é a bhrath, a ionchúiseamh agus pionós a ghearradh as. Fágann na tosca sin go bhfuil sé an-tarraingteach do ghrúpaí coiriúla eagraithe.
Tá beart déanta ag an Aontas chun líonraí coiriúla a bhfuil baint acu le gach cineál coireachta comhshaoil a chomhrac, lena n-áirítear trí rialacha a thabhairt isteach maidir le bainistiú dramhaíola agus maidir le trádáil i bhfiadhúlra agus i bplandaí. Tá obair á déanamh ag an Aontas freisin chun na rialacha atá ann cheana maidir le cosaint an chomhshaoil a neartú tríd an dlí coiriúil.
Oibríonn údaráis um fhorfheidhmiú an dlí agus údaráis chustaim ar fud Bhallstáit an Aontais i gcomhar le hinstitiúidí, gníomhaireachtaí agus comhlachtaí an Aontais, chomh maith le tíortha agus eagraíochtaí comhpháirtíochta, chun an cineál sin coireachta a chomhrac trí imscrúduithe, urghabhálacha agus oibríochtaí póilíneachta eile.
Sa ghrafaic faisnéise seo, gheobhaidh tú eolas faoin gcoireacht chomhshaoil agus faoi thorthaí na n-iarrachtaí atá á ndéanamh ag an Aontas i gcoinne na coireachta comhshaoil faoin Ardán Eorpach Ildisciplíneach i gCoinne Bagairtí Coiriúla, tionscnamh suaitheanta an Aontais sa chomhrac i gcoinne na coireachta idirnáisiúnta eagraithe tromchúisí.
Comhrac an Aontais i gcoinne na coireachta comhshaoil
An choireacht chomhshaoil:
- Is é an 3ú gníomhaíocht choiriúil is mó ar domhan tar éis gáinneáil ar dhrugaí agus góchumadh
- fásann sí ag ráta idir 5% agus 7% in aghaidh na bliana
- cailltear $110-281 bhilliún dá deasca gach bliain
Cad í an choireacht chomhshaoil?
- dramhaíl a bhailiú, a iompar, a aisghabháil nó a dhiúscairt go míchuí
- astú nó sileadh neamhdhleathach substaintí san atmaisféar, san uisce nó san ithir
- marú, scriosadh nó sealbhú nó trádáil ainmnithe fiáine nó speiceas plandaí faoi chosaint
- trádáil neamhdhleathach substaintí a ídíonn an t-ózón
Cad iad iarmhairtí na coireachta comhshaoil?
- leibhéil mhéadaithe truaillithe
- díghrádú fiadhúlra
- laghdú ar an mbithéagsúlacht
- suaitheadh na cothromaíochta éiceolaíche
- rioscaí do shláinte an duine
Bealaí don gháinneáil ar dhramhaíl, adhmad agus fhiadhúlra
- éin: ón Áise agus ó Mheiriceá Laidineach chuig an Eoraip (an tAontas mar cheann scríbe)
- reiptílí: ón Áise, ón Afraic agus ó Mheiriceá Laidineach chuig an Eoraip (an tAontas mar cheann scríbe)
- adharca srónbheannach: ón Afraic chuig an Áise tríd an Eoraip (an tAontas mar idirthuras)
- eabhar: ón Afraic chuig an Áise tríd an Eoraip (an tAontas mar idirthuras)
- eascanna: ón Eoraip chuig an Áise (an tAontas mar áit tionscnaimh)
- adhmad: ón Áise chuig an Eoraip (an tAontas mar cheann scríbe deiridh)
- dramhaíl: ón Eoraip chuig an Áise agus an Afraic (an tAontas mar áit tionscnaimh)
Torthaí oibríochtaí póilíneachta an Aontais 2018-2021
Urghabhálacha
167 452 tona dramhaíola — Meastar go bhfuil 15-30% de loingsithe dramhaíola neamhdhleathach,
1 174 tona dramhthrealaimh leictrigh agus leictreonaigh — I dtona amháin d’fhóin chliste bíonn 100 uair an oiread óir a bhíonn i dtona amháin de mhian óir. Déantar dramhthrealamh leictreach agus leictreonach ón Eoraip a athchúrsáil de láimh, rud a scaoileann tocsainí láidre.
32 007 m3 adhmad — Lománaíocht neamhdhleathach atá i gceist le 15-30% den trádáil dhomhanda adhmaid. Úsáidtear adhmad le haghaidh tógála agus táirgí adhmaid.
355 reiptíl dar luach €800 000 — Tá na mílte speiceas reiptíle ar fud an domhain i mbaol ón ngáinneáil. Úsáidtear iad den chuid is mó i dtionscal an faisin nó mar pheataí.
4.6 tona eascann gloine — Déantar 350 milliún eascann gloine Eorpacha, ar fiú €3 bhilliún iad san iomlán, a gháinneáil ón Aontas gach bliain. Díoltar mar bhia iad san Áise den chuid is mó.
639 n-earraí eabhair — Cuireann an phóitseáil eilifintí le baol a ndíothaithe. Faightear eabhar ón Afraic den chuid is mó agus déantar é a gháinneáil tríd an Eoraip chun na hÁise.
€8.3 milliún luach iomlán na n-urghabhálacha.
Gabhálacha:
829 nduine
Tuilleadh eolais:
- Comhrac an Aontais i gcoinne na coireachta (eolas cúlra)
- A sainordú caibidlíochta comhaontaithe ag an gComhairle i ndáil leis an treoir maidir leis an gcoireacht chomhshaoil (preaseisiúint, an 9 Nollaig 2022)
- Torthaí ar chomhrac an Aontais i gcoinne na coireachta comhshaoil in 2020 (grafaic faisnéise)
- Torthaí ar chomhrac an Aontais i gcoinne na coireachta comhshaoil in 2019 (grafaic faisnéise)
- Torthaí ar chomhrac an Aontais i gcoinne na coireachta, 2018-2021 (grafaic faisnéise)
- An choireacht chomhshaoil (Europol)
- An choireacht chomhshaoil (an Coimisiún Eorpach)