Skip to content
  • An Chomhairle Talmhaíochta agus Iascaigh

An Chomhairle Talmhaíochta agus Iascaigh, 28-29 Meitheamh 2021

Na príomhthorthaí

Talmhaíocht

Athchóiriú an Chomhbheartais Talmhaíochta

Ba é an t-athchóiriú ar an gComhbheartas Talmhaíochta (CBT) an príomhábhar a bhí ar chlár oibre an chruinnithe a bhí ag an gComhairle an mhí seo. D’iarr Uachtaránacht na Portaingéile ar na hairí glacadh leis an gcomhaontú sealadach maidir leis na príomh-shaincheisteanna polaitiúla ar thángthas orthu le Parlaimint na hEorpa le linn caibidlíocht idirinstitiúideach ar an Déardaoin agus an Aoine.

Ag eascairt as an bplé ar chuid de na príomhphointí, bearta comhshaoil agus an ghné shóisialta de CBT san áireamh, ghlac na hairí leis an gcomhaontú sealadach ar thángthas air leis an bParlaimint maidir leis na trí rialachán atá sa phacáiste maidir le hathchóiriú an CBT. Déanfar tuilleadh oibre teicniúla anois chun bailchríoch a chur ar na téacsanna dlíthiúla agus, ina dhiaidh sin, iarrfar ar na Feisirí de Pharlaimint na hEorpa vótáil ar an bpacáiste athchóirithe. Cuirfear an t-athchóiriú i bhfeidhm ansin i ndlí an Aontais nuair a ghlacfaidh an Chomhairle é.

Maria do Céu Antunes, Aire Talmhaíochta na Portaingéile
Thángamar ar chomhaontú maidir leis an CBT is uaillmhianaí go dtí seo. Is margadh maith é sin d’fheirmeoirí agus don Eoraip, rud a neartóidh an córas agraibhia Eorpach, agus leis sin beidh sé níos inbhuanaithe agus níos cothroime do chách. Foráiltear leis an gcomhaontú do CBT nuachóirithe lena dtacófar leis an aistriú chuig feirmeoireacht atá níos glaise agus níos neamhdhíobhálaí don aeráid, lena méadófar an urraim do chearta sóisialta agus saothair, agus lena gcinnteofar go mbeidh feirmeoirí iomaíoch i gcónaí gan aon duine a fhágáil ar lár.
Maria do Céu Antunes, Aire Talmhaíochta na Portaingéile
Maria do Céu Antunes, Aire Talmhaíochta na Portaingéile

Staid an mhargaidh

Phléigh na hairí staid mhargadh na talmhaíochta ina mBallstáit faoi seach agus d’iarr siad ar an gCoimisiún freagairt a thabhairt ar ábhair imní ar bith. Ba dhíol sásaimh dóibh téarnamh láidir earnáil bia an Aontais tar éis athoscailt na seirbhísí bia de réir a chéile agus deireadh a chur leis na srianta ar ghluaiseacht daoine agus earraí a bhaineann leis an ngéarchéim COVID-19. Mar sin féin, thuairiscigh roinnt Ballstát saincheisteanna in earnálacha agus i réigiúin shonracha a raibh tionchar acu ar ioncam na dtáirgeoirí. Áirítear orthu sin Brexit, fiabhras Afracach na muc agus fliú na n-éan, costais arda beathaithe do bheostoc, agus an aimsir fhuar as séasúr go luath i mí Aibreáin.

Oibreáin rialaithe bhitheolaíoch

Chuir na hairí iarratas faoi bhráid an Choimisiúin chun staidéar a dhéanamh ar an staid san Aontas maidir le tabhairt isteach, meastóireacht, táirgeadh, margaíocht agus úsáid gníomhairí rialaithe bitheolaíocha. D’iarr siad ar an gCoimisiún freisin togra a chur ar aghaidh maidir le bearta a d’fhéadfaí a dhéanamh más gá i bhfianaise thoradh an staidéir.

Is foirm inbhuanaithe de rialú lotnaidí plandaí iad oibreáin rialaithe bhitheolaíoch agus is rogha eile iad ar úsáid táirgí ceimiceacha. Mar sin féin, tá difríochtaí suntasacha idir na Ballstáit faoi láthair ó thaobh an chur chuige atá acu maidir le measúnú, úsáid agus cur ar an margadh na n-oibreán rialaithe bitheolaíoch. Dá bhrí sin, le creat níos comhchuibhithe de chuid an Aontais, d’fhéadfaí cur le hinfhaighteacht na foirme sin de rialú lotnaidí agus d’fhéadfadh sé úsáid shábháilte na foirme a ráthú.

Sprioc chosanta a leagan síos do bheacha meala

Bhí malartú tuairimí ag na hairí maidir leis an ngá atá le Sprioc Cosanta Shonrach do bheacha meala a shocrú, bunaithe ar an treoir is déanaí ón Údarás Eorpach um Shábháilteacht Bia (EFSA) i ndáil leis an riosca a bhaineann le húsáid lotnaidicídí. Go háirithe, mheas siad an moladh ón gCoimisiún uasmhéid an laghdaithe a cheadaítear ar mhéideanna coilíneachta beach a shocrú ag 10%. Faoin sprioc cosanta shonrach atá beartaithe, bheadh ar na Ballstáit gníomhaíocht a dhéanamh dá léireofaí gur chaill coilíneachtaí na mbeach meala níos mó ná 10% dá méid de bharr úsáid lotnaidicídí. Mhol an Coimisiún freisin go mbeadh feidhm ag an sprioc cosanta shonrach chéanna maidir leis an Aontas ar fad. Ar an iomlán, chomhaontaigh na hairí nach mór sprioc cosanta shonrach, a bheadh uaillmhianach agus san Aontas ar fad, a leagan síos chun beacha meala a chosaint ó lotnaidicídí. Chuir siad i dtreis freisin go gcaithfidh na measúnuithe a bheith bunaithe ar thorthaí eolaíocha, chomh maith le bheith indéanta chun iad a chur chun feidhme.

Léaráid ina léirítear trucail ag iompar táirgí talmhaíochta
Beartas talmhaíochta an Aontais a bheidh níos cothroime, níos glaise agus níos feidhmíochtbhunaithe (Grafaic faisnéise)

Beartas talmhaíochta an Aontais a bheidh níos cothroime, níos glaise agus níos feidhmíochtbhunaithe (Grafaic faisnéise)

Iascach

An Rialachán maidir le Rialú ar Iascach

Ghlac an Chomhairle cur chuige ginearálta maidir leis an athbhreithniú ar an gcóras rialaithe iascaigh. Is é is aidhm don athbhreithniú sin, a mhol an Coimisiún Eorpach i mí na Bealtaine 2018, na rialacha maidir le faireachán a dhéanamh ar ghníomhaíochtaí iascaigh a nuachóiriú, iad a dhéanamh níos éifeachtúla agus níos éifeachtaí, agus a chinntiú go gcomhlíonann siad an Comhbheartas Iascaigh (CBI) agus beartais eile de chuid an Aontais. Is é an chéad athbhreithniú mór é ar chóras rialaithe iascaigh an Aontais ó 2009 i leith. Le glacadh chur chuige ginearálta na Comhairle, réitítear an bealach do chaibidlíocht idirinstitiúideach le Parlaimint na hEorpa.

Ricardo Serrão Santos, Aire Mara na Portaingéile
Ba phríomhthosaíocht d’Uachtaránacht na Portaingéile é seasamh ón gComhairle a bhunú i ndáil leis an rialachán maidir le rialú ar iascach, agus táimid an-sásta le toradh an phlé. Leis an gcur chuige ginearálta atá beartaithe cinnteofar gur féidir rialú iascaigh a nuachóiriú agus a shimpliú agus é a thabhairt i gcomhréir le beartas iascaireachta an Aontais.
Ricardo Serrão Santos, Aire Mara na Portaingéile
Ricardo Serrão Santos, Aire Mara na Portaingéile

An Comhbheartas Iascaigh (CBI): staid na himeartha agus deiseanna iascaireachta do 2022

Chuir an Coimisiún a theachtaireacht bhliantúil faoi bhráid na n-airí maidir leis an dul chun cinn atá déanta i ndáil le CBI agus maidir le deiseanna iascaireachta do 2022. Ba é an teachtaireacht sin agus an plé a tháinig aisti an chéad chéim de phróiseas comhairliúcháin idir na Ballstáit, comhairlí comhairleacha, geallsealbhóirí agus an pobal maidir le deiseanna iascaireachta do 2022, a bheidh ar siúl go dtí an 31 Lúnasa 2021.

Aon ghnó eile

Treoir maidir le Pleanáil Spásúil Mhuirí

Fuair na hairí eolas ón gCoimisiún i ndáil le cur chun feidhme na Treorach maidir le Pleanáil Spásúil Mhuirí, a tháinig i bhfeidhm i mí Mheán Fómhair 2014. Tá feidhm ag an treoir maidir le 22 Bhallstát a bhfuil réigiúin chósta acu, agus ba é an 31 Márta 2021 an spriocdháta chun í a thrasuí sa dlí náisiúnta. Ghabh na hairí buíochas leis an gCoimisiún as an eolas a cuireadh ar fáil.

An Ciste Eorpach Muirí, Iascaigh agus Dobharshaothraithe (CEMID)

Fuair na hairí eolas ón gCoimisiún maidir le cleachtadh clársceidealaithe an Chiste Eorpaigh Muirí, Iascaigh agus Dobharshaothraithe (CEMID), a dhíríonn go háirithe ar bhreisluach na hinfheistíochta poiblí san iascach agus sa dobharshaothrú a uasmhéadú. Thug an Coimisiún dá aire go bhféadfadh ról cinntitheach a bheith ag an gciste chun tacú leis na hearnálacha iascaigh agus dobharshaothraithe Eorpacha, earnáil atá i lár tréimhse dhúshlánach mar thoradh ar tharraingt siar na Ríochta Aontaithe as an Aontas agus ar thionchar phaindéim COVID-19.

An staid san Atlantach Thoir Thuaidh

Fuair na hairí eolas ó thoscaireachtaí na Fraince, na hÉireann agus na Spáinne maidir leis an staid mar atá san Atlantach Thoir Thuaidh i ndáil le caidreamh iascaireachta le tríú tíortha sa réigiún. Phléigh siad go háirithe na hiarmhairtí a bhaineann le cinneadh na hIorua cuóta an Aontais don trosc i limistéar Svalbard a laghdú, agus phléigh siad freisin socrú aontaobhach na gcuótaí ón Íoslainn agus ó Oileáin Fharó do ronnach sa Mhuir Thuaidh.

Forbhianna ar mhargadh an Aontais

Chuir an Uachtaránacht tuarascáil i láthair maidir le staid na himeartha i leith na rialacha is infheidhme maidir le forbhianna a chur ar mhargadh an Aontais, agus chuir sí roinnt rogha ar aghaidh chun an staid atá faoi láthair a fheabhsú. Go háirithe, rinne sí tagairt don ghá atá ann sainmhíniú na bhforbhianna a thabhairt cothrom le dáta, na coinníollacha maidir le rochtain ar an margadh a chomhchuibhiú a thuilleadh, agus feasacht tomhaltóirí agus gairmithe a mhéadú maidir leis na rioscaí a bhaineann le hiontógáil mhíchuí nó iomarcach na dtáirgí sin. Tar éis an chur i láthair sin, bhí malartú tuairimí ag na Ballstáit, agus léirigh go leor acu go dtacaíonn siad le conclúidí na tuarascála.

Gníomhaíocht chomhpháirteach maidir le frithsheasmhacht fhrithmhiocróbach agus ionfhabhtuithe atá bainteach le cúram sláinte (JAMRAI)

Chuir an Coimisiún na hairí ar an eolas faoi staid na himeartha i ndáil leis an ngníomhaíocht chomhpháirteach Eorpach maidir le Frithsheasmhacht Fhrithmhiocróbach agus Ionfhabhtuithe lena mbaineann Cúram Sláinte (AE-JAMRAI) agus leag sé amach na chéad chéimeanna eile don ghníomhaíocht sin. Ag eascairt as an gcur i láthair sin, labhair roinnt airí chun a chur in iúl go dtacaíonn siad leis an togra ón gCoimisiún chun forálacha maidir le frithsheasmhacht fhrithmhiocróbach a chomhchuibhiú ar fud na mBallstát uile. Chríochnaigh an Uachtaránacht agus béim á leagan aici ar ghné dhomhanda na bagartha agus ar an ngá atá le gníomhaíocht a dhéanamh ar an leibhéal idirnáisiúnta.

Feirmeoireacht fionnaidh san Aontas

Chuir an Ostair agus an Ísiltír nóta faoi bhráid na n-airí a shínigh roinnt toscaireachtaí eile maidir le ceist na feirmeoireachta fionnaidh san Aontas Eorpach. D’iarr siad ar an gCoimisiún Eorpach gníomhaíocht iomchuí a dhéanamh chun deireadh a chur le feirmeoireacht fionnaidh san Eoraip, agus na cúiseanna atá acu leis an iarratas sin a leagan amach: leas ainmhithe, ceisteanna eiticiúla agus na rioscaí do shláinte an phobail. Labhair roinnt airí chun a dtacaíocht don togra sin a chur in iúl.

An 49ú comhdháil de stiúrthóirí gníomhaireachtaí íocaíochta an Aontais

Chuir an Uachtaránacht eolas ar fáil do na hairí maidir leis an 49ú Comhdháil ag Stiúrthóirí Ghníomhaireachtaí Íocaíochta an Aontais, a tionóladh ar líne an 9 Meitheamh 2021. D’fhreastail toscaireachtaí na mBallstát agus ionadaithe ón gCoimisiún Eorpach agus ó Chúirt Iniúchóirí na hEorpa ar an gcruinniú. Ar na hábhair a pléadh bhí athchóiriú CBT, iniúchadh agus dearbhú, treoirthionscadal FaST, coinbhleachtaí leasa agus bainistiú riosca.

Cuntais eacnamaíocha réigiúnacha na talmhaíochta agus staidreamh ar ionchur agus aschur talmhaíochta

Chuir an Uachtaránacht nuashonrú ar fáil do na hairí maidir le staid na himeartha i gcás phlé na Comhairle i ndáil leis na tograí ón gCoimisiún maidir le Cuntas Eacnamaíoch Réigiúnach na Talmhaíochta agus maidir le Staidreamh ar Ionchur agus Aschur Talmhaíochta, agus leag sí béim ar a úsáidí a bheadh na rialacháin sin ó thaobh faireachán agus meastóireacht a dhéanamh ar an gComhbheartas Talmhaíochta.

An ceathrú Comhdháil Aireachta Talmhaíochta den Aontas Afracach agus den Aontas Eorpach

Chuir an Coimisiún na hairí ar an eolas faoin toradh a bhí ar cheathrú comhdháil aireachta talmhaíochta an Aontais Afracaigh – an Aontais Eorpaigh, a tionóladh an 22 Meitheamh 2021. Tar éis idirghabhálacha ó roinnt Ballstát, ghabh an Uachtaránacht buíochas leis an gCoimisiún agus d’athdhearbhaigh sí a thábhachtaí atá sé an t-idirphlé polaitiúil maidir leis an talmhaíocht le comhpháirtithe i réigiún na hAfraice a chomhdhlúthú agus a neartú.

Tubaiste nádúrtha sa tSeicia le déanaí

Chuir toscaireacht na Seicia na hairí ar an eolas faoin tubaiste nádúrtha a tharla le déanaí sa tSeicia agus faoin damáiste tromchúiseach a rinneadh d’earnáil na talmhaíochta mar thoradh air sin. D’iarr sí ar an Aontas cúnamh airgeadais agus cúnamh eile a chur ar fáil chun aghaidh a thabhairt ar an gcás sin. Labhair roinnt mhaith Ballstát chun tacú leis an iarraidh ón tSeicia agus chun a ndlúthpháirtíocht a chur in iúl.

Comhaid na gcruinnithe

Doiciméid ullmhúcháin

Preaseisiúintí

Faisnéis phreasa

Teagmhálaithe preasa

Murab iriseoir thú, seol d'iarratas chuig an tseirbhís um fhaisnéis don phobal le do thoil.

Creidiúnú agus preasócáidí

Chun eolas ginearálta a fháil faoi chreidiúnú, téigh chuig an leathanach seo le do thoil.

Is iad údaráis rialtais na tíre óstaí a láimhseálfaidh creidiúnú na meán le haghaidh cruinnithe mullaigh idirnáisiúnta a reáchtáiltear lasmuigh den Aontas Eorpach.

Eolas ar thorthaí na hoibre sin le teacht

Cruinnithe eile: An Chomhairle Talmhaíochta agus Iascaigh

Féach tuilleadh cruinnithe

An t-athbhreithniú deireanach: an 13 Eanáir 2025