Skip to content
  • An Chomhairle Iomaíochais

Físchomhdháil na n-airí taighde, 27 Samhain 2020

Na príomhthorthaí

Malartú tuairimí ar na spriocanna nua infheistíochta le haghaidh taighde agus nuálaíochta (T&F) a mhol an Coimisiún Eorpach ina theachtaireacht “A new ERA for Research and Innovation” [LET nua don Taighde agus don Nuálaíocht]

Bhí malartú tuairimí neamhfhoirmiúil (trí fhíschomhdháil) ag na hairí ar na spriocanna neamhfhoirmiúla le haghaidh taighde agus forbartha (T&F) mar a mhol an Coimisiún ina theachtaireacht “A new ERA for Research and Innovation” [LET nua don Taighde agus don Nuálaíocht] an 30 Meán Fómhair 2020.

Anja Karliczek, Aire Cónaidhme Oideachais agus Taighde na Gearmáine
Tá an taighde agus an nuálaíocht ríthábhachtach chun tacú le hiomaíochas agus athléimneacht ár ngeilleagar agus chun aistriú glas digiteach na hEorpaa éascú. Táimse ag obair lena chinntiú go mbeidh an tAontas Eorpach um Thaighde agus Nuálaíocht ar thús cadhnaíochta a mhéid a bhaineann le hiomaíochas idirnáisiúnta ar mhaithe le teicneolaíochtaí a thiocfaidh i gceist amach anseo. Chuige sin, ní mór treisiú leis an infheistíocht a dhéantar i gcúrsaí taighde agus forbartha, agus athchóirithe a dhéanamh ar bhonn leanúnach sna córais náisiúnta taighde agus nuálaíochta. Tá idir chainníocht agus cháilíocht ag teastáil a mhéid a bhaineann leis na hinfheistíochtaí poiblí agus príobháideacha i gcúrsaí taighde agus forbartha chun ár n-iomaíochas inbhuanaithe fásbhunaithe agus mianach saoil a chinntiú feasta.
Anja Karliczek, Aire Cónaidhme Oideachais agus Taighde na Gearmáine
Anja Karliczek, Aire Cónaidhme Oideachais agus Taighde na Gearmáine

Bhí na hairí den tuairim, tríd is tríd, go bhfuil T&F ríthábhachtach d’iomaíochas, d’athléimneacht, agus d’aistriú glas digiteach gheilleagar an Aontais. Is mó is amhlaidh sin tráth géarchéime amhail paindéim COVID-19.

D’iarr roinnt airí go dtabharfaí tús áite don infheistíocht darb aidhm córas socheacnamaíoch na hEorpa a nuachóiriú agus a uasghrádú chun fás inbhuanaithe a chinntiú agus chun breith suas le hiomaitheoirí idirnáisiúnta. Tá sé ríthábhachtach níos mó infheistíocht phríobháideach a mhealladh i dtreo na hearnála chun méid na hinfheistíochta foriomláine in T&F a mhéadú.

Chuir roinnt airí i bhfios go láidir a thábhachtaí atá comhpháirtíochtaí agus cláir Eorpacha agus gur gá sineirgí idir an taighde agus an t-ardoideachas a neartú.

D’athdhearbhaigh na hairí an sprioc infheistíochta 3% de OTI an Aontais in T&N mar chuspóir atá le baint amach sna blianta amach romhainn.

Ós údar imní do roinnt airí na difríochtaí i measc na mBallstát ó thaobh infheistíochta in T&F ar an leibhéal náisiúnta de, chuir na hairí sin i bhfios go láidir gur gá an bhearna sin a dhúnadh trí chóineasú a dhéanamh i dtreo spriocanna infheistíochta arna gcomhaontú go comhchoiteann. Tá roinnt airí den tuairim, áfach, go bhfuil sé róluath gealltanas a thabhairt i leith spriocanna nua infheistíochta nuair nach eol go fóill an tionchar diúltach foriomlán a bheidh ag géarchéim COVID-19 ar gheilleagair náisiúnta.

Cúlra

Sa teachtaireacht ón gCoimisiún “A new ERA for Research and Innovation” [LET nua don Taighde agus don Nuálaíocht] arna heisiúint an 30 Meán Fómhair 2020, moltar tacar de spriocanna nua infheistíochta in T&F:

  • an sprioc infheistíochta 3% de OTI an Aontais in T&F a athdhearbhú agus í a nuashonrú chun go léireofar tosaíochtaí nua an Aontais.
  • teacht ar chomhaontú maidir le sprioc nua iarrachta poiblí 1.25 % de OTI an Aontais in T&F atá le baint amach faoi 2030 ar bhealach comhordaithe ar an leibhéal Eorpach.
  • teacht ar chomhaontú chun 5% de chistiú poiblí T&F a ghealladh go deonach do chláir chomhpháirteacha agus do chomhpháirtíochtaí Eorpacha faoi 2030.
  • an infheistíocht iomlán in T&F i dtíortha atá ag titim ar gcúl maidir le meáninfheistíocht an Aontais in T&F i gcoibhneas le OTI a mhéadú 50%.

Mar réiteach don phlé a rinneadh ag físchomhdháil an 27 Samhain, chuir comhlachtaí ullmhúcháin na Comhairle bailchríoch ar shraith conclúidí ón gComhairle maidir le todhchaí an Limistéir Eorpaigh Taighde. Táthar ag súil go nglacfaidh an Chomhairle na conclúidí sin go luath trí nós imeachta i scríbhinn.

Aon ghnó eile

a) Staid imeartha na sainchomhad taighde agus nuálaíochta a bhaineann leis an gcéad chreat airgeadais ilbhliantúil eile (go háirithe Fís Eorpach agus an Institiúid Eorpach um Nuálaíocht agus Teicneolaíocht)

I seisiún poiblí, chuir an Uachtaránacht na hairí ar an eolas faoin dul chun cinn a rinneadh go dtí seo sa chaibidlíocht le Parlaimint na hEorpa maidir le Fís Eorpach agus leis an Institiúid Eorpach um Nuálaíocht agus Teicneolaíocht (EIT). Is í an mhoill ar ghlacadh deiridh chomhaontú an Chreata Airgeadais Ilbhliantúil is cúis le moill den chineál céanna i gcás na gcomhad sin. Tugadh ar aird go leanfaí leis na cruinnithe tríthaobhacha i mí na Nollag d’fhonn teacht ar chomhaontú polaitiúil maidir le Fís Eorpach (ar a laghad) le Parlaimint na hEorpa faoi dheireadh na bliana.

b) An dul chun cinn a rinneadh le déanaí maidir leis an Eolaíocht Oscailte: an Néal Eorpach maidir leis an Eolaíocht Oscailte agus an tArdán um Beartas Eolaíochta Oscailte

Chuir an Uachtaránacht agus an Coimisiún na hairí ar an eolas faoi staid na himeartha i ndáil leis an Néal Eorpach maidir leis an Eolaíocht Oscailte (EOSC) agus an obair a rinne grúpa comhairleach Ardán an Choimisiúin um Beartas Eolaíochta Oscailte (OSPP) a tugadh i gcrích le déanaí. Tugadh ar aird go raibh ról lárnach ag EOSC sa ghéarchéim COVID-19 trí luas a chur le rochtain ar shonraí taighde agus iad a roinnt tríd an ardán sonraí COVID-19 Eorpach a bunaíodh le déanaí. Tá seirbhísí an Choimisiúin, mar aon le rialachas EOSC, ag ullmhú comhpháirtíocht Eorpach nua faoin gclár Fís Eorpach chun tacú le EOSC ó 2021 ar aghaidh.

Tá an dara sainordú, lena gcumhdaítear an tréimhse ó Bhealtaine 2018 go Bealtaine 2020, tugtha i gcrích ag OSPP. Dhírigh sé ar na réimsí dúshlánacha a bhaineann le córas luach saothair agus dreasachtaí le haghaidh eolaíocht oscailte, ar eolaíocht na saoránach, agus ar tháscairí le haghaidh rannpháirtíocht taighdeoirí.

c) Comhpháirtíochtaí institiúidithe Eorpacha: staid na himeartha

Chuir an Coimisiún na hairí ar an eolas faoin dul chun cinn atá déanta maidir leis an bpacáiste de thograí reachtacha do chomhpháirtíochtaí institiúideacha Eorpacha atá ar na bacáin (i.e. comhpháirtíochtaí poiblí-príobháideacha a bhunaítear ar bhonn Airteagal 187 CFAE agus comhpháirtíochtaí poiblí-poiblí a bhunaítear ar bhonn Airteagal 185 CFAE).

Tugadh ar aird go bhfuil an Coimisiún ag druidim le bailchríoch a chur ar an dá thogra reachtacha seo a leanas:

  • togra le haghaidh rialachán ón gComhairle lena mbunaítear naoi gcomhghnóthas (bunaithe ar Airteagal 187 CFAE) faoin bhFís Eorpach – bunghníomh aonair (SBA);
  • togra le haghaidh cinneadh ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir leis an gcomhpháirtíocht méadreolaíochta (bunaithe ar Airteagal 185 CFAE).

d) An tuairim eolaíoch chomhpháirteach is déanaí maidir le hullmhacht agus bainistiú paindéime a fheabhsú

Thug an Coimisiún tuairisc ar an tuairim eolaíoch is déanaí a d’ullmhaigh grúpa saineolaithe (lena n-áirítear Grúpa na bPríomh-Chomhairleoirí Eolaíocha don Choimisiún Eorpach, an Grúpa Eorpach um Eitic san Eolaíocht agus sna Nuatheicneolaíochtaí, agus an tOllamh Peter Piot ina cháil mar chomhairleoir speisialta ag Uachtarán an Choimisiúin) maidir le hullmhacht agus bainistiú paindéime. Tugadh ar aird go raibh sraith moltaí sa tuairim, lena ndírítear ar an méid seo a leanas:

  • paindéimí atá ag teacht chun cinn a chosc agus a réamh-mheas,
  • feabhas a chur ar an gcomhordú ar fud na mBallstát agus ar an leibhéal idirnáisiúnta,
  • córais ullmhachta agus bainistithe géarchéime a neartú,
  • cearta bunúsacha a chaomhnú agus an ceartas sóisialta a neartú, agus
  • bealaí maireachtála dlúthpháirtíocht-bhunaithe agus inbhuanaithe a aimsiú.

e) Clár oibre na huachtaránachta inteachta

Thíolaic uachtaránacht inteachta na Portaingéile don Chomhairle a cuid tosaíochtaí i réimse an taighde agus na nuálaíochta don chéad leath de 2021. Tugadh faoi deara go ndíreoidh an obair ar dhá phríomhsprioc, eadhon téarnamh athléimneach a ullmhú trí Limistéar Eorpach Taighde athnuaite agus a bheith ar thús cadhnaíochta sa chlaochlú glas agus digiteach bunaithe ar T&N;

Comhaid na gcruinnithe

Doiciméid ullmhúcháin

Faisnéis phreasa

Teagmhálaithe preasa

Murab iriseoir thú, seol d'iarratas chuig an tseirbhís um fhaisnéis don phobal le do thoil.

Creidiúnú agus preasócáidí

Chun eolas ginearálta a fháil faoi chreidiúnú, téigh chuig an leathanach seo le do thoil.

Is iad údaráis rialtais na tíre óstaí a láimhseálfaidh creidiúnú na meán le haghaidh cruinnithe mullaigh idirnáisiúnta a reáchtáiltear lasmuigh den Aontas Eorpach.

Eolas ar thorthaí na hoibre sin le teacht

Cruinnithe eile: An Chomhairle Iomaíochais

Féach tuilleadh cruinnithe

An t-athbhreithniú deireanach: an 14 Eanáir 2025