Skip to content
  • An Chomhairle Gnóthaí Eacnamaíocha agus Airgeadais

Comhairle na nGnóthaí Eacnamaíocha agus Airgeadais, 06/10/2015, 6 Deireadh Fómhair 2015

Na príomhthorthaí

Is céim chinntitheach í seo chun níos mó trédhearcachta i gcúrsaí cánach a bheith ann” Pierre Gramegna, Aire Airgeadais Lucsamburg agus Uachtarán na Comhairle

Rialuithe maidir le cáin trasteorann  

Tháinig an Chomhairle ar chomhaontú polaitiúil i ndáil le dréacht-treoir lena ndírítear ar thrédhearcacht a mhéadú maidir leis na ráthaíochtaí a thug na Ballstáit do chuideachtaí trasteorann faoin mbealach ina ríomhfar a gcánacha.

Tá an treoir ar cheann de roinnt tionscnamh atá dírithe ar chosc a chur le seachaint cánach corparáide. Leis an treoir, ceanglófar ar na Ballstáit faisnéis maidir le réamhrialuithe cánacha trasteorann, chomh maith le réamhshocruithe praghsála, a mhalartú go huathoibríoch. Beidh na Ballstáit a fhaigheann an fhaisnéis in ann faisnéis bhreise a iarraidh i gcás inarb iomchuí. Agus forbróidh an Coimisiún eolaire ceannais slán, i gcás ina mbeadh an fhaisnéis a mhalartófar á stóráil.  

“Is céim chinntitheach í seo chun níos mó trédhearcachta i gcúrsaí cánach a bhaint amach,” arsa Pierre Gramegna, Aire Airgeadais Lucsamburg agus Uachtarán na Comhairle. “D’éirigh leis an Uachtaránacht an comhaontú sin a fháil go pras. Tá an Eoraip ag léiriú méine láidre le haghaidh tuilleadh cothromais i gcúrsaí cánacha i ngnólachtaí ar fud an domhain.”  

Aontas na Margaí Caipitil  

Phléigh an Chomhairle plean gníomhaíochta lena ndírítear ar Aontas na Margaí Caipitil a bhunú san Aontas Eorpach faoi dheireadh 2019.  

Sa phlean, a mhol an Coimisiún an 30 Meán Fómhair 2015, leagtar amach bearta éagsúla chun margaí caipitil a neartú ionas go meallfar níos mó infheistíochta, lena n-áirítear infheistíocht eachtrach, do chuideachtaí Eorpacha agus do thionscadail bonneagair. Ceann de na príomhaidhmeanna is ea rochtain ar mhaoiniú a fheabhsú do FBManna agus gnólachtaí nuathionscanta na hEorpa, go háirithe sna tionscail nuálacha.  

Chuir an Uachtaránacht in iúl go gcuirfí tús láithreach leis an obair maidir le togra i ndáil le hurrúsú, ceann de na príomhbhearta atá beartaithe.

Comhaid na gcruinnithe

Preaseisiúintí

Faisnéis phreasa

Teagmhálaithe preasa

Murab iriseoir thú, seol d'iarratas chuig an tseirbhís um fhaisnéis don phobal le do thoil.

Creidiúnú agus preasócáidí

Chun eolas ginearálta a fháil faoi chreidiúnú, téigh chuig an leathanach seo le do thoil.

Is iad údaráis rialtais na tíre óstaí a láimhseálfaidh creidiúnú na meán le haghaidh cruinnithe mullaigh idirnáisiúnta a reáchtáiltear lasmuigh den Aontas Eorpach.

Eolas ar thorthaí na hoibre sin le teacht

Cruinnithe eile: An Chomhairle Gnóthaí Eacnamaíocha agus Airgeadais

Féach tuilleadh cruinnithe

An t-athbhreithniú deireanach: an 8 Eanáir 2025