- Preaseisiúint
- 17 Meitheamh 2016
- 16:30
Conclúidí ón gComhairle maidir le treochlár chun an taontas baincéireachta a chomhlánú
DÉANANN COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH AN MÉID SEO A LEANAS:
1. MEABHRAÍONN SÍ go ndearnadh dul chun cinn mór tábhachtach le blianta beaga anuas de luas éachtach i ndáil leis an aontas baincéireachta a chur ar bun. Tar éis measúnú cuimsitheach a dhéanamh ar na hinstitiúidí suntasacha creidmheasa go léir atá san aontas baincéireachta, bunaíodh an Sásra Réitigh Aonair ina iomláine sa bhliain 2014 agus anois, sa bhliain 2016, tá an Sásra Réitigh Aonair iomlán oibríochtúil.
2. Ina theannta sin, MEABHRAÍONN SÍ go ndearna beagnach gach aon Bhallstát na forálacha dlíthiúla ábhartha chun an leabhar rialacha aonair a thrasuí agus a chur chun feidhme sa dlí náisiúnta. Áirithítear, leis sin, go bhfuil rialáil atá níos comhsheasmhaí agus maoirseacht ar ardchaighdeán á déanamh ar fud an Aontais trí bhíthin an méid seo a leanas: ceanglais stuamachta atá níos láidre, a tugadh isteach faoin Treoir maidir le Ceanglais Chaipitil agus faoin Rialachán maidir le Ceanglais Chaipitil; creat nua do bhainc maidir le téarnamh agus réiteach, a bunaíodh faoin Treoir maidir le Téarnamh agus Réiteach na mBanc; feidhmiú na scéimeanna náisiúnta ráthaíochta taiscí (SRTanna), a feabhsaíodh leis an Treoir maidir le Scéimeanna Ráthaíochta Taiscí (TSRT).
3. Maidir le CRA, ATHDHEARBHAÍONN SÍ gur tháinig na Ballstáit rannpháirteacha ar chomhaontú ar an 8 Nollaig 2015 maidir le Comhaontú comhchuibhithe Saoráide Iasachta leis an mBord Réitigh Aonair, lena gcuirtear línte creidmheasa náisiúnta ar fáil don Bhord Réitigh Aonair chun tacú le rannáin náisiúnta CRA i gcás ina bhféadfadh easnaimh chistiúcháin a bheith sa rannán sin tar éis cásanna maidir le bainc a réiteach le linn na hidirthréimhse. Na Ballstáit go léir nár shínigh an Comhaontú Saoráide Iasachta leis an mBord Réitigh Aonair go fóill, tá siad tiomanta é a shíniú a luaithe is féidir agus tráth nach deireanaí ná Meán Fómhair 2016.
4. MEASANN SÍ, maidir leis an méid a baineadh amach, in éineacht leis na bearta ón mBanc Ceannais Eorpach agus le bearta náisiúnta, gur chuir siad go mór leis an gcobhsaíocht airgeadais, leis an ilroinnt ar na margaí airgeadais a iompú droim ar ais, leis an mbaol morálta a mhaolú agus leis an riosca do rannpháirtíocht acmhainní poiblí airgeadais a laghdú ar an dóigh sin.
5. Ag tógáil di ar an dul chun cinn tábhachtach atá déanta, agus i gcomhthéacs an tAontas Eacnamaíoch agus Airgeadais a dhoimhniú, ATHDHEARBHAÍONN SÍ an tábhacht a bhaineann leis an aontas baincéireachta d’fhonn bailchríoch a chur air.
6. AITHNÍONN SÍ gur gá, chun na críche sin, bearta breise a ghlacadh i ndáil le rioscaí a laghdú agus a chomhroinnt san earnáil airgeadais, san ord iomchuí, d’fhonn aghaidh a thabhairt ar roinnt de na dúshláin atá fós ann.
7. LEAGANN SÍ BÉIM ar thábhacht na hoibre atá á déanamh ag roinnt institiúidí ar leibhéal an aontais baincéireachta, ar leibhéal AE28 agus ar an leibhéal idirnáisiúnta, go háirithe obair an Choimisiúin chun an méid seo a leanas a dhéanamh:
a) leasuithe ar an gcreat reachtach a mholadh chun an caighdeán maidir leis an acmhainneacht iomlán ionsúite caillteanais a chur chun feidhme agus athbhreithniú a dhéanamh ar an gceanglas íosta le haghaidh cistí dílse agus dliteanais incháilithe. Féachfaidh an Chomhairle le rialacha comhsheasmhacha agus méideanna leordhóthanacha a áirithiú do na maoláin atá in-fhortharrthála a chuireann leis an bpróiseas réitigh ordúil agus éifeachtúil i gcomhréir leis an Treoir maidir le téarnamh agus réiteach na n-institiúidí creidmheasa uile arbh í an tarrtháil inmheánach a bheadh mar straitéis réitigh bhailíochtaithe ina leith.
b) togra a chur ar aghaidh maidir le cur chuige coiteann i leith ordlathas creidiúnaithe an bhainc, chun deimhneacht dhlíthiúil a fheabhsú i gcás réitigh.
c) leasuithe ar an Rialachán maidir le Ceanglais Chaipitil/an Treoir maidir le Ceanglais Chaipitil a mholadh mar chuid de chleachtadh foriomlán athbhreithniúcháin, a mbeadh an méid seo a leanas mar thoradh air:
i. comhchuibhiú nó sonrú breise a dhéanamh ar na roghanna agus discréidí náisiúnta atá ag na Ballstáit, rud a d’fhéadfadh cur leis an gcuspóir maidir leis an ilroinnt ar airgeadas a laghdú;
ii. athchóirithe Basel nár cuireadh chun feidhme go fóill a chur chun feidhme agus a bhailchríochnú, lena n-áirítear cóimheas giarála a thabhairt isteach, a d’fhéadfaí a shocrú, b’fhéidir, níos airde ná 3 % i gcás bainc shistéamacha, agus cóimheas glanchistiúcháin chobhsaí a thabhairt isteach, leis;
d) togra reachtach a mholadh maidir le comhchuibhiú íosta i réimse dhlí na dócmhainneachta i gcomhthéacs aontas na margaí caipitil, rud a d’fhéadfadh cuidiú le leibhéil na n-iasachtaí neamhthuillmheacha a bheidh ann amach anseo a laghdú freisin;
e) tuilleadh oibre a dhéanamh maidir le scrúdú a dhéanamh ar cé acu a d’fhéadfaí cur le cobhsú institiúide sa tréimhse roimh idirghabháil a dhéanamh agus ina diaidh ag na húdaráis ábhartha, trí na rialacha a chomhchuibhiú agus trí uirlisí moratorium a chur i bhfeidhm, agus maidir le scrúdú a dhéanamh ar an mbealach a bhféadfaí an méid sin a dhéanamh.
8. Sa chomhthéacs sin, AIBHSÍONN SÍ na céimeanna tábhachtacha seo a leanas:
a) Maidir leis na tograí baincéireachta ón gCoimisiún a leagtar amach faoi mhír 7, iarrann an Chomhairle ar an gCoimisiún iad a chur chun cinn a luaithe is féidir agus tráth nach déanaí ná deireadh na bliana 2016. Ar an mbonn sin, tosóidh an Chomhairle láithreach ar an obair theicniúil ar mhaithe le cur chun feidhme gasta. Leagann an Chomhairle béim ar a thábhachtaí atá sé sonraíochtaí Eorpacha a mheá nuair a chuirtear caighdeáin rialála dhomhanda chun feidhme, lena n-áirítear caighdeáin Basel, san Aontas Eorpach;
b) Maidir leis an socrú coiteann tacaíochta don chiste aonair réitigh, tugann an Chomhairle dá haire go bhfuil sé de rún ag na Ballstáit tús a chur leis an obair i Meán Fómhair 2016 nuair a dhéanfaidh gach Ballstát rannpháirteach an treoir maidir le téarnamh agus réiteach a thrasuí go hiomlán, má dhéanann. Sa chomhthéacs sin, féachfaidh an Chomhairle ar na socruithe um maoiniú idirlinne a bhunú freisin, agus í ag tabhairt dá haire go bhfuil rún daingean ag na Ballstáit atá rannpháirteach a síniú a chur leis an gComhaontú Saoráide Iasachta faoin taca sin. Athdhearbhaíonn siad gur gá go mbeidh an socrú coiteann tacaíochta ag feidhmiú go hiomlán ar a dhéanaí ag deireadh na hidirthréimhse. Nuair a bheidh an obair críochnaithe, féadfar a chinneadh, i gcomhréir leis na bearta laghdaithe riosca a luaitear i mír (a), go bhféadfadh an socrú tacaíochta sin a bheith i mbun oibríochta roimh dheireadh na hidirthréimhse;[1]
c) Maidir le láimhseáil rialála na neamhchosaintí flaithiúnais, tá an Chomhairle sásta feitheamh ar thorthaí Choiste Basel. Tar éis na hoibre a rinne Coiste Basel machnóidh an Chomhairle Eorpach na chéad chéimeanna eile a d’fhéadfadh a bheith ann sa chomhthéacs Eorpach;
d) Maidir le Scéim Eorpach Árachais Taiscí (SEÁT), leanfaidh an Chomhairle ar aghaidh leis an obair chuiditheach ar an leibhéal teicniúil. Cuirfear tús leis an idirbheartaíocht ar an leibhéal polaitiúil, a luaithe a bheidh dóthain dul chun cinn breise déanta ar na bearta maidir le laghdú riosca, mar a luaitear thuas. Sa chomhthéacs sin, tugann an Chomhairle dá haire go bhfuil sé beartaithe ag na Ballstáit dul i muinín an chomhaontaithe idir-rialtasaigh ach a mbeidh tús curtha le hidirbheartaíocht pholaitiúil ar SEÁT;
e) Déanfaidh an Chomhairle measúnú ar bhonn bliantúil ar an dul chun cinn a rinneadh ar na bearta thuasluaite maidir leis an aontas baincéireachta a thabhairt chun críche.
9. ATHDHEARBHAÍONN SÍ go bhfuiltear fós i mbun plé ar leibhéal AE28 ar bhearta atá ábhartha maidir leis na Ballstáit go léir, chun a áirithiú go mbeidh an t-aontas baincéireachta ar fáil do gach aon Bhallstát agus d’fhonn an margadh aonair a chaomhnú laistigh den Aontas.
[1] Beidh na socruithe a bhaineann le tacaíocht an chiste aonair réitigh neodrach go fioscach thar an meántéarma, déanfar cóir chomhionann a áirithiú leo ar fud na mBallstát uile atá rannpháirteach agus ní thabhóidh siad aon chostais ar na Ballstáit nach bhfuil rannpháirteach san aontas baincéireachta.
Féach ar leathanach na gcruinnitheTeagmhálaithe preasa
- Lidija Tisma
- +32 2 281 79 14
- +32 476 77 01 96
Murab iriseoir thú, seol d'iarratas chuig an tseirbhís um fhaisnéis don phobal le do thoil.