- Comhairle an Aontais Eorpaigh
- Preaseisiúint
- 21 Márta 2017 10:30
Trédhearcacht fheabhsaithe maidir le conarthaí idirnáisiúnta fuinnimh: breis cinnteachta maidir le slándáil fuinnimh
Ghlac an Chomhairle cinneadh inniu, gan díospóireacht, maidir le sásra malartaithe faisnéise a bhunú i ndáil le comhaontuithe idir-rialtasacha agus ionstraimí neamhcheangailteacha idir na Ballstáit agus tríú tíortha i réimse an fhuinnimh.
Is é is aidhm don chinneadh, easnaimh sa sásra malartaithe faisnéise maidir le conarthaí fuinnimh, mar atá, a chur ina gceart chun trédhearcacht agus comhsheasmhacht chaidreamh seachtrach an Aontais i ndáil le fuinneamh a fheabhsú agus chun seasamh caibidlíochta an Aontais a neartú i leith tríú tíortha.
Tar éis trí cinn de chruinnithe tríthaobhacha ag deireadh 2016, thángthas ar chomhaontú maidir leis na príomh-shaincheisteanna seo a leanas:
- an sainmhíniú ar chomhaontú idir-rialtasach: “eagraíochtaí idirnáisiúnta” agus “idirthuras” á gcur leis
- raon feidhme mheasúnú ex ante an Choimisiúin ar na comhaontuithe idir-rialtasacha: cumhdófar leis gás agus ola, le gnáthchlásal athbhreithnithe
- mura mbeidh na Ballstáit ag teacht leis an tuairim ón gCoimisiún sa mheasúnú ex ante uaidh, ba cheart dóibh a gcuid cúiseanna a mhíniú i scríbhinn
- ionstraimí neamhcheangailteacha: faoi réir fógra ex post a thabhairt
Nuair a bheidh an gníomh reachtach sínithe ag Uachtarán Pharlaimint na hEorpa agus ag Uachtarán na Comhairle, foilseofar in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh é.
Tiocfaidh sé i bhfeidhm le linn 2017 agus, mar aon leis an rialachán maidir le slándáil an tsoláthair gáis, beidh príomhról ag roinnt leis i gcur chun feidhme ghné slándála straitéis an Aontais Fuinnimh.
“Tá áthas orainn an gníomh reachtach tábhachtach seo a ghlacadh le linn ár nUachtaránachta, an chéad ghníomh den sórt sin faoin Aontas Fuinnimh. Is mian linn buíochas a ghabháil le hUachtaránacht na Slóvaice as a cuid oibre ullmhúcháin uile agus as an gcomhaontú polaitiúil ar tháinig sí air le Parlaimint na hEorpa le linn a hUachtaránachta. Leis an gcinneadh sin, cuirfear le trédhearcacht sa chaibidlíocht le tríú tíortha maidir le comhaontuithe fuinnimh, agus é á áirithiú go mbeidh comhaontuithe den sórt sin ag teacht go hiomlán le dlí an Aontais, agus ag cuidiú, ar an mbealach sin, leis an tslándáil fuinnimh.”
Konrad Mizzi, Aire Fuinnimh Mhálta
Cúlra
Mar chuid den “Phacáiste Geimhridh” a thíolaic sé i mí Feabhra 2016, mhol an Coimisiún go scrúdódh sé comhaontuithe idirnáisiúnta i réimse an fhuinnimh sula síneodh na Ballstáit iad. Rinne sé an argóint go bhfuil sé fíordheacair nó dodhéanta fiú do Bhallstát comhaontú idir-rialtasach a chaibidil le tríú tír an athuair i gcás go bhfaightear nach bhfuil forálacha áirithe de chomhaontú idir-rialtasach ag luí le dlí an Aontais (amhail an Tríú Pacáiste Fuinnimh, dlí na hiomaíochta, rialacha soláthair phoiblí).
Rinneadh na Conclúidí ón gComhairle Eorpach ó mhí an Mhárta 2015, inar iarradh go mbeadh gach comhaontú a bhaineann le gás a cheannach ó sholáthraithe seachtracha go hiomlán i gcomhréir le dlí an Aontais, a chur san áireamh sa togra freisin.
Tháinig an Chomhairle ar chomhaontú ginearálta i mí Mheithimh na bliana 2016 agus tháinig sí ar chomhaontú neamhfhoirmiúil le Parlaimint na hEorpa ar an 7 Nollaig 2016, ar comhaontú é a dhearbhaigh Coreper.
- Cinneadh maidir le comhaontuithe idir-rialtasacha idir Ballstáit agus tríú tíortha i réimse an fhuinnimh
- Togra ón gCoimisiún maidir le comhaontuithe idir-rialtasacha idir Ballstáit agus tríú tíortha i réimse an fhuinnimh
- Cur chuige ginearálta na Comhairle maidir le comhaontuithe idir-rialtasacha idir Ballstáit agus tríú tíortha i réimse an fhuinnimh
- Toradh chruinniú na Comhairle
- Stráitéis an Aontais Fuinnimh
- Cruinniú na Comhairle Eorpaí, an 19-20 Márta, 2015
Teagmhálaithe preasa
-
Niels Timmermans Press officer
- +32 470 18 22 47
- +32 2 281 32 65
- @timmermansniels
Murab iriseoir thú, seol d'iarratas chuig an tseirbhís um fhaisnéis don phobal le do thoil.
An t-athbhreithniú deireanach: an 14 Eanáir 2024