- An Chomhairle Gnóthaí Eacnamaíocha agus Airgeadais
An Chomhairle Gnóthaí Eacnamaíocha agus Airgeadais, 22/06/2018, 22 Meitheamh 2018
Na príomhthorthaí
Chuir an Chomhairle clabhsúr ar an nós imeachta um easnamh iomarcach le haghaidh na Fraince, agus é deimhnithe aici go bhfuil easnamh na tíre sin anois faoi bhun 3% de OTI, eadhon luach tagartha an Aontais.
Mar thoradh air sin, tá 23 as 24 nós imeachta a bhí ar oscailt nuair a bhí géarchéim an euro faoi lán seoil dúnta anois.
As seo amach, beidh an Fhrainc faoi réir ghéag choisctheach leabhar rialacha fioscacha an Aontais.
D’eisigh an Chomhairle moltaí chuig don Ungáir agus don Rómáin lena n-iarrtar orthu dialltaí suntasacha a cheartú óna gcuid cuspóirí buiséadacha meántéarmacha. Dar léi, theip ar an Rómáin, go dtí seo, dul i mbun gníomhaíochta éifeachtaí.
Tháinig an Chomhairle ar chomhaontú maidir le bearta chun comhar riaracháin a neartú d'fhonn cosc ar chalaois CBL a fheabhsú.
“Tá sé ríthábhachtach go gcuirfí feabhas ar chomhar idir ár n-údarás riaracháin cánach d’fhonn dul i ngleic le calaois chánach”, arsa Vladislav Goranov, Aire Airgeadais na Bulgáire, an tír a bhfuil uachtaránacht na Comhairle aici faoi láthair. “Tá ardmhéideanna do-ghlactha ioncam CBL á gcailliúint agus cuideofar tríd an treoir seo leis an bhfadhb sin a réiteach.”
Leis an rialachán a bheartaítear, tugtar aghaidh ar na cineálacha is forleithne de chalaois trasteorann. Cuirtear borradh leis faoi mhalartú faisnéise, neartaítear líonra cánach Eurofisc agus tugtar isteach ionstraimí nua le haghaidh comhair i measc na mBallstát.
Ghlac an Chomhairle treoir freisin lena ndéantar an t-íosráta caighdeánach CBL ina ghné bhuan den chóras CBL, agus d’fhormheas sí comhaontú arb é is aidhm dó borradh a chur faoi chomhar CBL leis an Iorua.
Comhaid na gcruinnithe
Doiciméid ullmhúcháin
Preaseisiúintí
- Iarrtha ar an Ungáir agus ar an Rómáin diallta buiséadacha suntasacha a cheartú
- 22/06/2018
- Easnamh na Fraince atá faoi bhun 3% den olltáirgeacht intíre (OTI), clabhsúr curtha ar an nós imeachta
- 22/06/2018
- Beartais eacnamaíocha agus beartais fhioscacha: Moltaí tír-shonracha formheasta
- 22/06/2018
- Comhpháirtíocht amach anseo idir an tAontas agus Grúpa na Stát san Afraic, i Muir Chairib agus san Aigéan Ciúin: Sainordú caibidlíochta glactha ag an gComhairle
- 22/06/2018
- Calaois CBL: Comhaontú maidir le bearta chun borradh a chur faoi chomhar riaracháin
- 22/06/2018
- Íosráta caighdeánach CBL socraithe go buan ag 15%
- 22/06/2018
- Calaois CBL: Comhaontú comhair leis an Iorua formheasta ag an Aontas
- 22/06/2018
Faisnéis phreasa
Teagmhálaithe preasa
-
Patrick McCullough Press officer
- +32 471 33 38 46
- +32 2 281 91 19
Murab iriseoir thú, seol d'iarratas chuig an tseirbhís um fhaisnéis don phobal le do thoil.
Creidiúnú agus preasócáidí
Chun eolas ginearálta a fháil faoi chreidiúnú, téigh chuig an leathanach seo le do thoil.
Is iad údaráis rialtais na tíre óstaí a láimhseálfaidh creidiúnú na meán le haghaidh cruinnithe mullaigh idirnáisiúnta a reáchtáiltear lasmuigh den Aontas Eorpach.
Eolas ar thorthaí na hoibre sin le teacht
- Cláraigh chun ár bhfoláirimh ríomhphoist a fháil chun an t-eolas is déanaí a fháil faoin gcruinniú seo agus faoi chruinnithe comhchosúla.
- Lean@EUCouncilPress chun an scéala is déanaí a fháil ón seomra preasa.
- Haischlib X: #ECOFIN
Cruinnithe eile: An Chomhairle Gnóthaí Eacnamaíocha agus Airgeadais
Cruinnithe roimhe seo
An t-athbhreithniú deireanach: an 9 Eanáir 2025