- An Chomhairle Gnóthaí Eacnamaíocha agus Airgeadais
An Chomhairle Gnóthaí Eacnamaíocha agus Airgeadais, 13/07/2018, 13 Iúil 2018
Na príomhthorthaí
Cánachas indíreach
Phléigh an Chomhairle dhá thogra a bhaineann le CBL.
I dtús báire, bhí malartú tuairimí ag na hairí faoi thogra an Choimisiúin maidir leis an "sásra aistrithe táille ginearálaithe", a bhfuil sé mar aidhm leis a chur ar chumas na mBallstát aisiompú ginearálaithe dliteanas CBL a chur i bhfeidhm ar bhonn sealadach. I mí an Mheithimh, chuir an Chomhairle Eorpach i bhfios go láidir gur cheart leanúint den obair ar conas bailiú éifeachtach CBL a áirithiú agus d’iarr sí go ndéanfaí dul chun cinn go pras i ndáil leis na tograí ón gCoimisiún maidir le bearta gearrthéarmacha.
Phléigh na hairí freisin an togra maidir le "r-fhoilseacháin" lena mbeadh na Ballstáit in ann rátaí neamhchaighdeánacha CBL a chur i bhfeidhm ar ríomhfhoilseacháin agus lena bhféadfaidís rialacha CBL a ailíniú idir foirmeacha fisiceacha agus leictreonacha d'fhoilseacháin. Tá an comhad seo ina chuid de na hiarrachtaí móra atá á ndéanamh ag an Aontas cáin bhreisluacha a nuachóiriú don gheilleagar digiteach i gcomhthéacs straitéis an Aontais maidir le margadh aonair digiteach.
Moltaí tír-shonracha
Rinne an Chomhairle a cuid moltaí agus tuairimí le haghaidh 2018 a eisiúint chuig na Ballstáit i ndáil lena mbeartais eacnamaíocha, fostaíochta agus fhioscacha, agus leis sin, cuireadh Seimeastar Eorpach na bliana seo i gcrích. Rinne an Chomhairle Eorpach na moltaí a fhormhuiniú i mí an Mheithimh.
Is é cuspóir foriomlán mholtaí na bliana seo na Ballstáit a spreagadh chun úsáid a bhaint as an móiminteam dearfach eacnamaíoch atá ann faoi láthair d'fhonn athléimneacht a ngeilleagar a neartú a thuilleadh.
Clár na hUachtaránachta
Phléigh an Chomhairle tosaíochtaí Uachtaránacht na hOstaire a mhéid a bhaineann le gnóthaí eacnamaíocha agus airgeadais.
Díreofar na gníomhaíochtaí a dhéanfar go dtí deireadh na bliana 2018 ar an méid seo a leanas:
- an t-aontas baincéireachta a chur i gcrích agus aontas na margaí caipitil a fhorbairt.
- comhordú an bheartais eacnamaíoch a chothú agus a threisiú, trí chobhsaíocht, athléimneacht agus comhlíonadh a neartú faoi chuimsiú an chomhshocraithe cobhsaíochta agus fáis.
- cur le héifeachtúlacht agus cothroime an chánachais.
- a áirithiú go gcuirfear buiséad an Aontais 2019 chun feidhme ar bhealach a chloífidh le prionsabail na bainistíochta fónta agus éifeachtúla airgeadais.
Thairis sin, phléigh na hairí na conclúidí is ábhartha i dtaca leis na saincheisteanna eacnamaíocha agus airgeadais den Chomhairle Eorpach ar an 28-29 Meitheamh 2018 agus chuir siad bailchríoch ar an obair ullmhúcháin roimh chruinniú airgeadais an G20 a bheidh ar siúl ar an 21-22 Iúil in Buenos Aires.
Comhaid na gcruinnithe
Doiciméid ullmhúcháin
Preaseisiúintí
Faisnéis phreasa
Teagmhálaithe preasa
-
Patrick McCullough Press officer
- +32 471 33 38 46
- +32 2 281 91 19
Murab iriseoir thú, seol d'iarratas chuig an tseirbhís um fhaisnéis don phobal le do thoil.
Creidiúnú agus preasócáidí
Chun eolas ginearálta a fháil faoi chreidiúnú, téigh chuig an leathanach seo le do thoil.
Is iad údaráis rialtais na tíre óstaí a láimhseálfaidh creidiúnú na meán le haghaidh cruinnithe mullaigh idirnáisiúnta a reáchtáiltear lasmuigh den Aontas Eorpach.
Eolas ar thorthaí na hoibre sin le teacht
- Cláraigh chun ár bhfoláirimh ríomhphoist a fháil chun an t-eolas is déanaí a fháil faoin gcruinniú seo agus faoi chruinnithe comhchosúla.
- Lean@EUCouncilPress chun an scéala is déanaí a fháil ón seomra preasa.
- Haischlib X: #ECOFIN
Cruinnithe eile: An Chomhairle Gnóthaí Eacnamaíocha agus Airgeadais
Cruinnithe roimhe seo
An t-athbhreithniú deireanach: an 9 Eanáir 2025