- An Chomhairle Gnóthaí Eacnamaíocha agus Airgeadais
An Chomhairle Gnóthaí Eacnamaíocha agus Airgeadais, 02/10/2018, 2 Deireadh Fómhair 2018
Na príomhthorthaí
Thíolaic an Coimisiún a thogra maidir le ról an Údaráis Baincéireachta Eorpaigh (ÚBE) i ndáil le maoirseacht institiúidí airgeadais an Aontais a neartú, ionas gur fearrde dul i ngleic le sciúradh airgid agus bagairtí maoinithe sceimhlitheoireachta.
Is dlúthchuid dár n-iarrachtaí an comhrac i gcoinne sciúradh airgid agus rioscaí san earnáil airgeadais a laghdú agus an mhuinín a chur an athuair sa chóras airgeadais atá againn. Tá athchóirithe uaillmhianacha curtha i gcrích ag an Aontas Eorpach ach ní mór dúinn anois a chinntiú go ndéanfar iad a fhorfheidhmiú agus a fhaireachán go héifeachtúil ar fud an Aontais Eorpaigh. Hartwig Löger, Aire Cónaidhme Airgeadais na hOstaire, an tír ag a bhfuil Uachtaránacht na Comhairle faoi láthair
Ba dhíol béime ag na hairí a thábhachtaí atá sé rialacha AE maidir le frithsciúradh airgid a chur chun feidhme go cuí agus an comhar idir frithsciúradh airgid agus maoirseoirí stuamachta a fheabhsú d'fhonn creat faireacháin éifeachtúil a chruthú.
Ina theannta sin, ghlac an Chomhairle rialachán maidir le rialuithe níos déine ar airgead tirim a thagann isteach san Aontas nó a imíonn as, rud a fhágann go bhfuil reachtaíocht AE ag teacht leis na caighdeáin idirnáisiúnta is airde dá bhfuil ann d'fhonn sciúradh airgid agus maoiniú sceimhlitheoireachta a chomhrac.
Cánachas indíreach
Tháinig an Chomhairle ar chomhaontú polaitiúil maidir le trí thogra i ndáil le CBL:
- an rialachán maidir le r-fhoilseacháin: tig leis na Ballstáit rátaí CBL neamhchaighdeánacha a chur i bhfeidhm ar fhoilseacháin leictreonacha agus lena bhféadfaidís rialacha CBL a ailíniú idir foirmeacha fisiceacha agus leictreonacha d'fhoilseacháin. Tá an comhad seo ina chuid de na hiarrachtaí móra atá á ndéanamh ag an Aontas cáin bhreisluacha a nuachóiriú don gheilleagar digiteach i gcomhthéacs straitéis an Aontais maidir leis an margadh aonair digiteach.
- Maidir leis an "sásra aistrithe táillí ginearálaithe": tabharfar cead do na Ballstáit is mó atá buailte leis an gcalaois CBL aistriú ginearálaithe dliteanais CBL a chur chun feidhme ar bhonn sealadach; rud a fhágann go mbeidh sé ina réiteach do na Ballstáit sin a bhfuil an chalaois rothlach ina gnás gréasach iontu. Is do sholáthairtí earraí agus seirbhísí os cionn tairseach €17 500 ar a laghad in aghaidh an idirbhirt a bheidh cead ag na Ballstáit an sásra aistrithe táille ginearálaithe a úsáid, go dtí 30 Meitheamh 2022 agus faoi choinníollacha teicniúla dochta.
- réiteach tapa i dtaca le CBL, darb aidhm coigeartú a thabhairt isteach ar rialacha CBL an Aontais d'fhonn saincheisteanna sonracha a leigheas (stoc ar glao, uimhir aitheantais CBL, idirbhearta slabhra, cruthúnas ar an soláthar laistigh den Aontas) go dtí go dtabharfar isteach córas nua CBL.
Anuas air sin, ghlac an Chomhairle bearta an comhar riaracháin a neartú chun dul i ngleic ar bhealach níos éifeachtaí leis na cineálacha is forleithne de chalaois trasteorann.
Ina theannta sin, chuir na hairí bailchríoch ar an obair ullmhúcháin do na cruinnithe idirnáisiúnta (cruinniú airgeadais G20 ar an 11-12 Deireadh Fómhair agus cruinnithe bliantúla CAI ar an 12-14 Deireadh Fómhair a bheidh ar siúl in Bali). Anuas air sin, phléigh na hairí próiseas faireacháin beartas 'an tSeimeastair Eorpaigh' 2018 i bhfianaise chiall cheannaithe 2018.
Comhaid na gcruinnithe
Doiciméid ullmhúcháin
- Cúlra faisnéise
- Clár oibre sealadach, an Chomhairle Gnóthaí Eacnamaíocha agus Airgeadais, 2 Deireadh Fómhair 2018
- Liosta na míreanna "A", plé ar théacsanna reachtacha, an Chomhairle Gnóthaí Eacnamaíocha agus Airgeadais, 2 Deireadh Fómhair 2018
- Liosta na míreanna "A", gníomhaíochtaí neamhreachtacha, an Chomhairle Eacnamaíocha agus Airgeadais, 2 Deireadh Fómhair 2018
Preaseisiúintí
- Calaois CBL: Comhaontaithe ag an gComhairle aistriú ginearálaithe, sealadach dliteanais a cheadú
- 02/10/2018
- CBL: An Chomhairle tagtha ar chomhaontú maidir le réitigh ghearrthéarmacha go dtí go ndéanfar an córas a ollchóiriú
- 02/10/2018
- Rialuithe ar airgead tirim ag teacht isteach san Aontas agus ag dul amach as: Rialachán glactha ag an gComhairle
- 02/10/2018
- Calaois CBL: Bearta glactha ag an gComhairle chun borradh a chur faoin gcomhar riaracháin
- 02/10/2018
- Foilseacháin leictreonacha: Tá an Chomhairle tagtha ar chomhaontú lena gceadófar rátaí laghdaithe CBL a chur i bhfeidhm
- 02/10/2018
- Cánachas: A ngealltanais á gcomhlíonadh ag Lichtinstéin agus Peiriú, Palau bainte den liosta de dhlínsí cánach neamh-chomhoibríocha
- 02/10/2018
Faisnéis phreasa
Teagmhálaithe preasa
-
Patrick McCullough Press officer
- +32 471 33 38 46
- +32 2 281 91 19
Murab iriseoir thú, seol d'iarratas chuig an tseirbhís um fhaisnéis don phobal le do thoil.
Creidiúnú agus preasócáidí
Chun eolas ginearálta a fháil faoi chreidiúnú, téigh chuig an leathanach seo le do thoil.
Is iad údaráis rialtais na tíre óstaí a láimhseálfaidh creidiúnú na meán le haghaidh cruinnithe mullaigh idirnáisiúnta a reáchtáiltear lasmuigh den Aontas Eorpach.
Eolas ar thorthaí na hoibre sin le teacht
- Cláraigh chun ár bhfoláirimh ríomhphoist a fháil chun an t-eolas is déanaí a fháil faoin gcruinniú seo agus faoi chruinnithe comhchosúla.
- Lean@EUCouncilPress chun an scéala is déanaí a fháil ón seomra preasa.
- Haischlib X: #ECOFIN
Cruinnithe eile: An Chomhairle Gnóthaí Eacnamaíocha agus Airgeadais
Cruinnithe roimhe seo
An t-athbhreithniú deireanach: an 9 Eanáir 2025