Skip to content
  • An Chomhairle Gnóthaí Eacnamaíocha agus Airgeadais

An Chomhairle Gnóthaí Eacnamaíocha agus Airgeadais, 09/07/2019, 9 Iúil 2019

Na príomhthorthaí

Clár oibre Uachtaránacht na Fionlainne

Chuir an Fhionlainn, a ghlac seilbh reatha na hUachtaránachta rothlaí ar an 1 Iúil, a cuid tosaíochtaí dá tréimhse uachtaránachta maidir le gnóthaí eacnamaíocha agus airgeadais i láthair.

Tá aon ábhar amháin againn ar bharr ár gcláir uachtaránachta: an t-athrú aeráide. Caithimid a bheith réalaíoch faoin dúshlán atá roimh an domhan agus uaillmhianach faoin t-slí gur féidir dul i ngleic leis. Sin an fáth, le linn ár nUachtaránachta, go gcuirfimid fás agus tionscnaimh inbhuanaithe chun tosaigh inár gclár oibre chun an t-aistriú i dtreo geilleagair ísealcharbóin a éascú. Mika Lintilä, Aire Airgeadais na Fionlainne

Le linn Uachtaránacht na Fionlainne, is iad seo a leanas tosaíochtaí an chláir:

  • Gníomhaíocht fheabhsaithe maidir leis an athrú aeráide
  • Margaí airgeadais a bheith dea-fheidhmiúil agus níos láidre.
  • Comhordú na mbeartas eacnamaíoch a shimpliú
  • Córas cánachais simplí éifeachtach
  • Breisluach ollstruchtúr airgeadais Eorpach don fhorbairt a uasmhéadú
  • Bainistiú fónta airgeadais maidir le buiséad an Aontais
Príomhphointí ón gComhairle Gnóthaí Eacnamaíocha agus Airgeadais a tionóladh sa Bhruiséil ar an 9 Iúil 2019

Acmhainní dílse

Rinne na hairí machnamh ar staid na himeartha sa phlé a bhí acu maidir leis an bpacáiste reachtach i ndáil le hacmhainní dílse i gcomhthéacs an chreata airgeadais ilbhliantúil don tréimhse 2021-2027.

I mí Bealtaine 2018, mhol an Coimisiún an córas reatha d'acmhainní dílse an Aontais a nuachóiriú, lena n-áirítear trí thrí acmhainn dhílis nua: íocaíocht atá bunaithe ar dhramhaíl phlaisteach, sciar na bhfáltas ó chóras trádála astaíochtaí agus sciar den chomhbhonn comhdhlúite don cháin chorparáide.

Mheas an Chomhairle go háirithe go bhféadfaí foinsí nua ioncaim a chruthú taobh amuigh de na cinn bhunaidh a mhol an Coimisiún ina thogra. Thug an Coimisiún le fios go bhfuil sé réidh leis na staidéir theicniúla go léir a bhfuil gá leo a sholáthar.

Leanfar den obair theicniúil ar an ábhar i bhfianaise an phlé a rinne an Chomhairle Eorpach ar an gcreat airgeadais ilbhliantúil ag an gcruinniú a bhí aici i mí Dheireadh Fómhair.

Uachtaránacht BCE

Ghlac an Chomhairle moladh don Chomhairle Eorpach ar ainmniúchán Christine Lagarde mar an chéad uachtarán eile ar an mBanc Ceannais Eorpach.

Leis an moladh sin, déantar an comhaontú ar thángthas air ag an gComhairle Eorpach ar an 2 Iúil chun tacú le Christine Lagarde mar iarrthóir don phost a chur ar bhonn foirmiúil.

Táthar ag súil go ndéanfaidh an Chomhairle Eorpach cinneadh foirmiúil maidir leis an gceapachán i mí Dheireadh Fómhair, tar éis dul i gcomhairle le Parlaimint na hEorpa agus le Comhairle Rialaithe BCE.

Tiocfaidh an tUachtarán nua i gcomharbas ar Mario Draghi, a rachaidh a théarma oifige in éag ar an 31 Deireadh Fómhair 2019, ar feadh téarma neamh-inathnuaite 8 mbliana.

Moltaí tír-shonracha

Rinne an Chomhairle a cuid moltaí agus tuairimí le haghaidh 2019 a eisiúint chuig na Ballstáit i ndáil lena mbeartais eacnamaíocha, fostaíochta agus fhioscacha, agus leis sin, tugadh Seimeastar Eorpach na bliana seo i gcrích. Rinne an Chomhairle Eorpach na moltaí a phlé i mí an Mheithimh agus rinne Comhairle EPSCO iad a fhormheas ar an 8 Iúil.

Is é cuspóir foriomlán na moltaí na Ballstáit a spreagadh a n-acmhainneacht fáis a mhéadú trína ngeilleagair a nuachóiriú agus a n-athléimneacht a neartú a thuilleadh.

In ainneoin na n-éiginnteachtaí domhanda agus coinníollacha nach bhfuil chomh fabhrach, tuartar go bhfásfaidh geilleagair uile na mBallstát in 2020 agus tá an dífhostaíocht ag an leibhéal is ísle riamh. Sa chomhthéacs sin, díríonn na moltaí tír-shonracha ar athchóirithe struchtúracha éifeachtacha a chur chun feidhme, borradh a chur faoi straitéisí infheistíochta agus beartais stuama fhioscacha a spreagadh.

Comhaid na gcruinnithe

Doiciméid ullmhúcháin

Preaseisiúintí

Faisnéis phreasa

Teagmhálaithe preasa

Murab iriseoir thú, seol d'iarratas chuig an tseirbhís um fhaisnéis don phobal le do thoil.

Creidiúnú agus preasócáidí

Chun eolas ginearálta a fháil faoi chreidiúnú, téigh chuig an leathanach seo le do thoil.

Is iad údaráis rialtais na tíre óstaí a láimhseálfaidh creidiúnú na meán le haghaidh cruinnithe mullaigh idirnáisiúnta a reáchtáiltear lasmuigh den Aontas Eorpach.

Eolas ar thorthaí na hoibre sin le teacht

Cruinnithe eile: An Chomhairle Gnóthaí Eacnamaíocha agus Airgeadais

Féach tuilleadh cruinnithe

An t-athbhreithniú deireanach: an 9 Eanáir 2025