"Bainimid úsáid as fianáin lena chinntiú go bhfeabhsaítear d’eispéireas brabhsála. Tá gá le fianáin riachtanacha chun tacú le gnéithe bunriachtanacha de shuíomh gréasáin na Comhairle. Cuidíonn na fianáin roghnacha linn tuarascálacha staidrimh anaithnide, comhiomlánaithe a tháirgeadh chun freastal níos fearr ar do chuid riachtanas.
Le cead uaitse, úsáidfimid fianáin le sonraí comhlánaithe anaithnide a tháirgeadh maidir le brabhsáil agus iompraíocht na gcuairteoirí ar ár suíomh gréasáin. Úsáidfimid na sonraí sin chun feabhas a chur ar an eispéireas agat ar ár suíomh.
An Chomhairle Gnóthaí Eacnamaíocha agus Airgeadais
An Chomhairle Gnóthaí Eacnamaíocha agus Airgeadais, 14/6/2019, 14 Meitheamh 2019
Na príomhthorthaí
An Comhshocrú Cobhsaíochta agus Fáis
Chuir an Chomhairle clabhsúr ar an nós imeachta um easnamh iomarcach le haghaidh na Spáinne, agus é deimhnithe aici go bhfuil easnamh na tíre sin anois faoi bhun 3 % de OTI, eadhon luach tagartha an Aontais.
Mar thoradh air sin, is dúnta anois atá gach nós imeachta a bhí ar oscailt nuair a bhí géarchéim an euro faoi lán seoil.
As seo amach, beidh an Spáinn faoi réir ghéag choisctheach leabhar rialacha fioscacha an Aontais.
D’eisigh an Chomhairle cinntí maidir leis an Ungáir agus an Rómáin freisin, atá faoi réir nós imeachta diallta shuntasaigh, ina ndearbhaítear nach ndearnadh gníomhartha éifeachtacha, agus d’eisigh sí moltaí nua maidir le bearta a ghlacadh chun na diallais a cheartú.
Ina theannta sin, phléigh na hairí saincheisteanna ábhartha a dtugtar aghaidh orthu sna moltaí tírshonracha a thíolaic an Coimisiún ar an 5 Meitheamh, in oirchill an phlé a bheidh ag an gComhairle Eorpach ar an 20-21 Meitheamh.
Pláinéad Glan do Chách
Phléigh na hairí an teachtaireacht ón gCoimisiún maidir le fís straitéiseach fhadtéarmach do gheilleagar aeráidneodrach.
San aistriú i dtreo geilleagar aeráidneodrach faoi 2050, beidh gá le hinfheistíochtaí suntasacha, lena n-áirítear sna córais fuinnimh, sa bhonneagar agus i bhfoirgnimh. Is léir nach leor an t-airgead poiblí amháin chun na riachtanais infheistíochta uile a mhaoiniú. Sin an fáth ar gá dúinn straitéisí infheistíochta a spreagadh a chuideoidh linn cuspóirí Chomhaontú Pháras a bhaint amach.
Eugen Teodorovici, Aire Airgeadais na Rómáine
Sa díospóireacht, díríodh ar ghnéithe de theachtaireacht an Choimisiúin a bhaineann le hinfheistíocht agus le maoiniú agus aithníodh gur gá infheistíochtaí suntasacha a dhéanamh chun go ndéanfar an t-aistriú. Tugtar le fios sna meastacháin gur gá méadú a dhéanamh ar an méid infheistíochta bliantúla reatha, atá thart ar 2 % de OTI, go beagnach 3% nó EUR 500 billiún in aghaidh na bliana thar an tréimhse 2031-2050.
Príomhphointí ón gComhairle Gnóthaí Eacnamaíocha agus Airgeadais, a bhí ar siúl i Lucsamburg ar an 14 Meitheamh 2019
Cáin ar idirbhearta airgeadais
Na Ballstáit atá rannpháirteach sa chomhar feabhsaithe, thug siad an Chomhairle cothrom le dáta faoi staid na himeartha maidir leis an gcáin ar idirbhearta airgeadais (FTT), ar bhonn nóta ón nGearmáin.
Léirigh na Ballstáit rannpháirteacha go bhfuil plé ar bun acu faoi rogha i leith FTT atá bunaithe ar shamhail na Fraince den cháin sin agus faoi fhrithpháirtiú ionchasach na n-ioncam i measc na mBallstát rannpháirteach mar ranníocaíocht le buiséad an Aontais.
Cé go nglacann na Ballstáit uile páirt sa phlé, is amhlaidh, chun go nglacfar an treoir, a bheidh gá le comhaontú d’aon toil ó na tíortha rannpháirteacha laistigh den Chomhairle tar éis dul i gcomhairle le Parlaimint na hEorpa.
Níl an acmhainn seo ar fáil faoi láthair ach amháin sa teanga (sna teangacha) seo a leanas:
Ina theannta sin, ghlac an Chomhairle tuarascáil don Chomhairle Eorpach maidir le saincheisteanna cánach, chomh maith le tuarascáil agus conclúidí maidir leis an obair arna déanamh ag an Meitheal um an gCód Iompair maidir le cánachas gnó.
Níl an acmhainn seo ar fáil faoi láthair ach amháin sa teanga (sna teangacha) seo a leanas:
D’fhormhuinigh an Chomhairle tuarascáil ar dhul chun cinn a d’ullmhaigh Uachtaránacht na Rómáine faoi staid na himeartha i ndáil leis an aontas baincéireachta. Ina theannta sin, thíolaic an Coimisiún a thuarascáil maidir le cur chun feidhme an phlean gníomhaíochta i ndáil le hiasachtaí neamhthuillmheacha.
Gan phlé, ghlac an Chomhairle rialachán freisin lena mbunaítear “táirge pinsin phearsanta uile-Eorpach” agus rialacha nua lena n-éascaítear dáileadh trasteorann cistí infheistíochta.
Is iad údaráis rialtais na tíre óstaí a láimhseálfaidh creidiúnú na meán le haghaidh cruinnithe mullaigh idirnáisiúnta a reáchtáiltear lasmuigh den Aontas Eorpach.