- An Chomhairle Gnóthaí Eacnamaíocha agus Airgeadais
An Chomhairle Gnóthaí Eacnamaíocha agus Airgeadais, 17/5/2019, 17 Bealtaine 2019
Na príomhthorthaí
An cánachas digiteach sa chomhthéacs idirnáisiúnta
D'fhonn ullmhúchán a dhéanamh do dhíospóireachtaí OECD agus G20 atá ar na bacáin, phléigh na hairí athchóirithe atá á ndéanamh ar an gcánach idirnáisiúnta faoi láthair.
Cuirfidh an Uachtaránacht na tuairimí a chuir na hairí in iúl san áireamh agus ullmhúchán á dhéanamh aici do chruinnithe mhí an Mheithimh a bheidh ar siúl in Fukuoka. Measfar go ndéanfaidh OECD tuairisc a thabhairt ann ar an dul chun cinn atá déanta chun athchóiriú a dhéanamh ar an gcánachas corparáideach idirnáisiúnta. Tá sé ar intinn ag Cathaoirleach ECOFIN an méid a d'eascair as plé ECOFIN a chur i láthair ag cruinniú G20.
Rinne na hairí na deiseanna a mheas caibidlíocht a ullmhú in OECD maidir leis an díospóireacht idirnáisiúnta atá ar bun faoi na réitigh chuimsitheacha fhadtéarmacha agus aghaidh á tabhairt ar na dúshláin a bhaineann leis an gcánachas sa gheilleagar digitithe agus ar na saincheisteanna níos leithne a bhaineann le leithdháileadh cearta chun cánachais agus le hiomaíocht cánach.
Dleacht mháil
Phléigh an Chomhairle bearta chun feabhas a chur ar an timpeallacht ghnó d'earraí a bhíonn faoi réir dleacht mháil, go háirithe alcól agus deochanna alcólacha, trí iomaíocht chóir a áirithiú agus an t-ualach riaracháin ar chuideachtaí a laghdú.
Bhí malartú tuairimí ag an gComhairle faoi na tograí seo a leanas:
- an treoir maidir le struchtúir na dleachta máil ar alcól agus ar dheochanna alcólacha.
- an treoir maidir le socruithe ginearálta do dhleacht mháil
- an treoir maidir le comhar riaracháin i ndáil le hábhar na gclár leictreonach
Ainneoin go bhfuil dul chun cinn nach beag déanta sa chaibidlíocht, níor tháinig na hairí ar chomhaontú críochnaitheach faoin bpacáiste beart. Leanfaidh an Chomhairle de bheith ag obair ar an leibhéal teicniúil d'fhonn teacht ar chomhréiteach a bheidh inghlactha ag na Ballstáit go léir, a luaithe is féidir.
Tá dleachtanna máil ina gcánacha indíreacha ar dhíol nó ar úsáid táirgí ar leith, amhail alcól, tobac agus fuinneamh. Is í an tír dá n-íoctar na cánacha sin a fhaigheann an t-ioncam iomlán uathu. Ó 1992 i leith, tá rialacha coiteanna i bhfeidhm ag tíortha an Aontais chun a áirithiú go gcuirtear dleachtanna máil i bhfeidhm ar an mbealach céanna agus ar na táirgí céanna ar fud an Aontais.
An Seimeastar Eorpach in 2019
Faoi chuimsiú an tseimeastair Eorpaigh don bhliain 2019, ghlac an Chomhairle conclúidí maidir le torthaí na ngrinn-athbhreithnithe agus le cur chun feidhme mholtaí tír-shonracha 2018.
- Conclúidí ón gComhairle maidir le grinn-athbhreithnithe agus le cur chun feidhme mholtaí tír-shonracha 2018
- Leathanach gréasáin an Choimisiúin ar thuarascála tíortha don seimeastar Eorpach 2019
Liosta an Aontais de dhlínsí neamhchomhoibríocha
Chinn an Chomhairle inniu, gan é a phlé, Arúba, Barbadós agus Beirmiúda a bhaint de liosta an Aontais de dhlínsí neamh-chomhoibríocha.
Comhaid na gcruinnithe
Doiciméid ullmhúcháin
Doiciméid toraidh
Preaseisiúintí
An tSiria: Smachtbhannaí athnuaite ag an Aontas in aghaidh an réimis go ceann bliana - 17/05/2019
Cibir-ionsaithe: An Chomhairle anois in ann smachtbhannaí a fhorchur - 17/05/2019
Cánachas: Arúba, Barbadós agus Beirmiúda bainte de liosta an Aontais de dhlínsí neamh-chomhoibríocha - 17/05/2019
Na Balcáin Thiar agus an Tuirc: Conclúidí comhpháirteacha ón idirphlé eacnamaíoch agus airgeadais ar an 17 Bealtaine 2019 - 17/05/2019
Faisnéis phreasa
Teagmhálaithe preasa
-
Patrick McCullough Press officer
- +32 471 33 38 46
- +32 2 281 91 19
Murab iriseoir thú, seol d'iarratas chuig an tseirbhís um fhaisnéis don phobal le do thoil.
Creidiúnú agus preasócáidí
Chun eolas ginearálta a fháil faoi chreidiúnú, téigh chuig an leathanach seo le do thoil.
Is iad údaráis rialtais na tíre óstaí a láimhseálfaidh creidiúnú na meán le haghaidh cruinnithe mullaigh idirnáisiúnta a reáchtáiltear lasmuigh den Aontas Eorpach.
Eolas ar thorthaí na hoibre sin le teacht
- Cláraigh chun ár bhfoláirimh ríomhphoist a fháil chun an t-eolas is déanaí a fháil faoin gcruinniú seo agus faoi chruinnithe comhchosúla.
- Lean@EUCouncilPress chun an scéala is déanaí a fháil ón seomra preasa.
- Haischlib X: #ECOFIN
Cruinnithe eile: An Chomhairle Gnóthaí Eacnamaíocha agus Airgeadais
Cruinnithe roimhe seo
An t-athbhreithniú deireanach: an 9 Eanáir 2025