Skip to content
  • An Chomhairle Comhshaoil

An Chomhairle Comhshaoil, 05/03/2018, 5 Márta 2018

Na príomhthorthaí

An geilleagar ciorclach

Bhí malartú tuairimí ag na hairí maidir le dhá thionscnamh ón gCoimisiún faoin bPlean Gníomhaíochta don Gheilleagar Ciorclach: an straitéis Eorpach le haghaidh plaisteach i ngeilleagar ciorclach agus ar an gcomhéadan idir ceimiceáin, táirgí agus dramhaíl. Is é is aidhm do na rialacha nua atá molta tionchar diúltach comhshaoil na bplaisteach agus na gcáithníní micreaphlaisteacha, agus na substaintí ceimeacha guaiseacha, faoi seach, a theorannú. Le linn an phlé, dhírigh na hairí ar bhealaigh chun méadú nach beag ar úsáid plaisteach athchúrsáilte a chur chun cinn agus dramhaíl ina bhfuil substaintí ar údar imní iad a aisghabháil go sábháilte.

Ní mór dúinn an comhshaol a chosaint ar an truailliú plaistigh. Caithfear freisin ár bhfarraigí a chosaint ar cháithníní micreaphlaisteacha. Inniu tá bunchéim an-tábhachtach glactha againn i dtreo gealltanais lena bhféadfaimid ár ngealltanas maidir le cosaint a dhéanamh ar an gcomhshaol agus ar shláinte ár gcuid saoránach a chomhlíonadh. Neno Dimov, Aire Comhshaoil agus Uisce na Bulgáire

Éiceanuálaíocht

Le linn an lóin, bhí malartú tuairimí ag na hairí leis an gCoimisinéir Vella maidir leis an éiceanuálaíocht i gcomhthéacs an gheilleagair chiorclaigh.

An Seimeastar Eorpach a ghlasú

Bhí deis ag na hairí a gcuid tuairimí i ndáil leis an Seimeastar Eorpach a mhalartú. Ina theannta sin phléigh siad na gnéithe den Suirbhé Bliantúil Fáis a bhaineann leis an gcomhshaol. Phléigh na hairí freisin conas a d'fhéadfaí dúshláin an chomhshaoil, forbairt inbhuanaithe agus athrú aeráide a léiriú sa Chreat Airgeadais Ilbhliantúil (CAI) i ndiaidh 2020.

Ag meabhrú an cumas atá ag beartas comhshaoil poist agus fás a chur chun cinn trí infheistíochtaí agus airgeadas atá glas agus inbhuanaithe, chuir na hairí béim ar an ngá atá le hionadaíocht iomchuí a dhéanamh ar dhúshláin chomhshaoil.

Ábhair eile ar an gclár oibre

Le linn seisiún poiblí, d'éist an Chomhairle le cur i láthair ón gCoimisiún maidir leis an togra reachtach a bhaineann leis na caighdeáin CO2 do charranna agus veaineanna. Rinneadh an fhaisnéis ó thoscaireacht na Polainne maidir le COP24 agus gníomhaíochta maidir leis an athrú aeráide lena mbaineann a chraoladh beo.

Comhaid na gcruinnithe

Preaseisiúintí

Faisnéis phreasa

Teagmhálaithe preasa

Murab iriseoir thú, seol d'iarratas chuig an tseirbhís um fhaisnéis don phobal le do thoil.

Creidiúnú agus preasócáidí

Chun eolas ginearálta a fháil faoi chreidiúnú, téigh chuig an leathanach seo le do thoil.

Is iad údaráis rialtais na tíre óstaí a láimhseálfaidh creidiúnú na meán le haghaidh cruinnithe mullaigh idirnáisiúnta a reáchtáiltear lasmuigh den Aontas Eorpach.

Eolas ar thorthaí na hoibre sin le teacht

Cruinnithe eile: An Chomhairle Comhshaoil

Féach tuilleadh cruinnithe

An t-athbhreithniú deireanach: an 14 Eanáir 2025