Skip to content
  • An Chomhairle Comhshaoil

An Chomhairle Comhshaoil, 04/10/2019, 4 Deireadh Fómhair 2019

Na príomhthorthaí

Na príomhphointí ón gComhairle Comhshaoil a bhí ar siúl i Lucsamburg ar an 4 Deireadh Fómhair 2019.

An t-athrú aeráide

Ghlac an Chomhairle Comhshaoil conclúidí maidir leis an athrú aeráide, a comhaontaíodh d'aon ghuth, ina leagtar amach seasamh an Aontais do chruinnithe na Náisiún Aontaithe maidir leis an athrú aeráide (COP25) in Santiago de Chile, i mí na Nollag 2019. Ansin bhí díospóireacht bheartais ag na hairí faoi fhís straitéiseach fhadtéarmach an Aontais do gheilleagar aeráidneodrach.

Krista Mikkonen, Aire Comhshaoil agus Athraithe Aeráide na Fionlainne
Ní fhanfaidh an aeráid linn – tá géarghá le hastaíochtaí gás ceaptha teasa a laghdú. Inniu, chaitheamar an chuid ba mhó den Chomhairle Comhshaoil ar an athrú aeráide. D'iarr cinn stáit agus rialtais an Aontais orainn i mí an Mheithimh, an obair a thabhairt chun cinn chun aistriú chuig Aontas aeráidneodrach a chinntiú. Bhí pléití an lae inniu ina gcuidiú chun an bealach a réiteach do na Ballstáit uile tacú le haistriú costéifeachtach, cóir agus cothrom. Agus sinn i mbun na huachtaránachta, tacaímid go láidir leis an aidhm straitéis an Aontais maidir leis an aeráidneodracht faoi 2050 a thabhairt i gcrích faoi dheireadh na bliana seo. Tá rún daingean ag an Aontas leanúint de cheannaireacht a léiriú.
Krista Mikkonen, Aire Comhshaoil agus Athraithe Aeráide na Fionlainne
Krista Mikkonen, Aire Comhshaoil agus Athraithe Aeráide na Fionlainne
Phléigh na hairí comhshaoil straitéis aeráide fhadtéarmach an Aontais agus tháinig siad ar chomhaontú faoi sheasamh an Aontais do COP25.

Tuilleadh ciorclaíochta – Aistriú chuig sochaí inbhuanaithe

San iarnóin, ghlac an Chomhairle conclúidí cuimsitheacha darb aidhm dlús a chur leis an aistriú chuig geilleagar ciorclach. Chomhaontaigh na hairí comhshaoil d'aon ghuth go bhfuil gá le tuilleadh iarrachtaí uaillmhianacha chun aistriú córasach chuig sochaí inbhuanaithe a spreagadh.

Is gnéithe éagsúla den fhadhb chéanna iad an ró-thomhaltas, an téamh domhanda agus cailliúint na bithéagsúlachta. Cuirtear réitigh ar fáil leis an ngeilleagar ciorclach. Is féidir le cur chuige slabhra luacha agus le smaointeoireacht saolré cuidiú linn ár ngeilleagair a athdhearadh, arb é is aidhm leis sochaí aeráidneodrach chóir a bhaint amach. Krista Mikkonen, Aire Comhshaoil agus Athraithe Aeráide na Fionlainne
D'aontaigh an tAontas céimeanna breise a thabhairt chun an inbhuanaitheacht agus an athchúrsáil a mhéadú agus an dramhaíl a laghdú.

An 8ú Clár Gníomhaíochta don Chomhshaol

Ghlac an Chomhairle conclúidí maidir leis an 8ú Clár Gníomhaíochta don Chomhshaol, ina gcuirtear treoir pholaitiúil ar fáil i dtaca le beartais an Aontais don chomhshaol agus don athrú aeráide don tréimhse 2021-2030.

Míreanna eile

Chuir Uachtaránacht na Fionlainne na hairí ar an eolas faoi staid na himeartha i ndáil le togra reachtach maidir le fíorastaíochtaí. Bhí pointe faisnéise ann freisin faoin tacsanomaíocht i dtaca le maoiniú inbhuanaithe. Chuir toscaireacht na Danmhairge pointe faisnéise i láthair faoin aistriú chuig flít carranna atá saor ó astaíochtaí.

Thug an Coimisiún an t-eolas is déanaí do na hairí faoin teachtaireacht uaidh maidir le dlús a chur le gníomhaíocht an Aontais chun foraoisí an domhain a chosaint agus a athbhunú. Chuir an Uachtaránacht agus an Coimisiún na hairí ar an eolas faoi na hiarrachtaí chun cosaint níos fearr a thabhairt do speicis fiadhúlra ag COP18 don Choinbhinsiún maidir le Trádáil Idirnáisiúnta i Speicis Fauna agus Flora Fiáine i mBaol (CITES). Ar deireadh, thug toscaireacht na Portaingéile an t-eolas is déanaí do na hairí faoi chruinniú idirphlé ardleibhéil den Ardán Uisce idir an tSín agus an Eoraip atá ar na bacáin.

Comhaid na gcruinnithe

Doiciméid ullmhúcháin

Preaseisiúintí

Faisnéis phreasa

Teagmhálaithe preasa

Murab iriseoir thú, seol d'iarratas chuig an tseirbhís um fhaisnéis don phobal le do thoil.

Creidiúnú agus preasócáidí

Chun eolas ginearálta a fháil faoi chreidiúnú, téigh chuig an leathanach seo le do thoil.

Is iad údaráis rialtais na tíre óstaí a láimhseálfaidh creidiúnú na meán le haghaidh cruinnithe mullaigh idirnáisiúnta a reáchtáiltear lasmuigh den Aontas Eorpach.

Eolas ar thorthaí na hoibre sin le teacht

Cruinnithe eile: An Chomhairle Comhshaoil

Féach tuilleadh cruinnithe

An t-athbhreithniú deireanach: an 15 Eanáir 2025