Skip to content
  • An Chomhairle Comhshaoil

An Chomhairle Comhshaoil, 5 Márta 2020

Príomhthorthaí

Comhaontú Glas don Eoraip

Bhí malartú tuairimí ag an gComhairle maidir leis an gComhaontú Glas don Eoraip. D’oibrigh na hairí comhshaoil agus aeráide ar na céimeanna nithiúla is gá i dtreo is go mbeidh an tAontas in ann a chuspóir maidir le haeráidneodracht a bhaint amach faoi 2050. Phléigh na hairí réimsí tosaíochta, spreag siad geilleagar a bheadh níos éifeachtúla ó thaobh acmhainní de, agus chuir siad in iúl go dtacaíonn siad le haistriú cothrom chuig aeráidneodracht.

Tomislav Ćorić, Aire Comhshaoil agus Fuinnimh na Cróite
Is cúis áthais dom gur ghlacamar inniu le straitéis fhadtéarmach an Aontais a cuireadh faoi bhráid Chreat-Choinbhinsiún na Náisiún Aontaithe ar an Athrú Aeráide (UNFCCC). Tá sé tábhachtach go n-urramófar na gealltanais a thugamar faoi Chomhaontú Pháras. Is mian linn daoine eile a spreagadh chun a gcuid straitéisí fadtéarmacha a thíolacadh in am. Is ceannródaí domhanda é an tAontas ó thaobh gníomhú ar son na haeráide de. I mí na Nollag, leag an Chomhairle Eorpach amach treo nua don Aontas: go mbeidh an tAontas aeráidneodrach faoi 2050. Bhíomar in ann dul chun cinn maith a dhéanamh inniu maidir leis an gComhaontú Glas don Eoraip.
Tomislav Ćorić, Aire Comhshaoil agus Fuinnimh na Cróite
Tomislav Ćorić, Aire Comhshaoil agus Fuinnimh na Cróite
D’oibrigh an Chomhairle ar na céimeanna nithiúla is gá chun astaíochtaí glan nialasacha san Aontas a bhaint amach

Straitéis aeráide fhadtéarmach an Aontais a chur faoi bhráid na Náisiún Aontaithe

Ghlac an Chomhairle an aighneacht a chuir an tAontas chuig UNFCCC maidir le straitéis fhadtéarmach an Aontais agus a Bhallstáit i ndáil le hastaíochtaí gás ceaptha teasa ísle a fhorbairt. Tá an tAontas agus a Bhallstáit tiomanta go hiomlán do Chomhaontú Pháras agus a chuid spriocanna fadtéarmacha.

Trí chlaochlú sóisialta agus eacnamaíoch uaillmhianach a chomhaontú agus a chur i gcrích, tá sé mar aidhm ag an Aontas agus a Bhallstáit gníomhú domhanda ar son na haeráide a spreagadh, agus a léiriú nach amháin go bhfuil sé ríthábhachtach dul i dtreo na haeráidneodrachta ach go bhfuil sé sin indéanta agus inmhianaithe freisin.

Cáilíocht an aeir

Ghlac an Chomhairle conclúidí maidir le cáilíocht an aeir. Is é an truailliú aeir an chúis chomhshaoil is tábhachtaí fós atá le fadhbanna sláinte san Aontas, agus meastar é a bheith ina chúis le breis is 400,000 bás anabaí gach aon bhliain.

Mheas an Chomhairle go bhfuil na caighdeáin cháilíochta aeir sean-bhunaithe, go háirithe na teorainnluachanna, éifeachtach agus go bhfuil siad riachtanach i gcónaí chun sláinte na saoránach a chosaint. Chuir an Chomhairle i bhfios go láidir, áfach, go bhféadfaí feabhas a chur ar an gcreat reachtach chun cáilíocht mhaith an aeir a áirithiú ar fud an Aontais.

Meastóireacht ar an reachtaíocht uisce

Bhí malartú tuairimí ag na hairí maidir le seiceáil oiriúnachta ar reachtaíocht uisce an Aontais. Cumhdaíodh roinnt píosaí reachtaíochta sa mheastóireacht beartais seo: an chreat-treoir Uisce, an treoir maidir le caighdeáin na cáilíochta comhshaoil, an treoir screamhuisce agus an treoir maidir le tuilte.

An Seimeastar Eorpach

Phléigh airí an Aontais an bealach chun inbhuanaitheacht an chomhshaoil a ionchorprú níos fearr sa Seimeastar Eorpach.

An Aoine don todhchaí

Thug Uachtaránacht na Cróite cuireadh don ghníomhaí comhshaoil Greta Thunberg teacht os comhair na Comhairle thar ceann na gluaiseachta “Fridays for Future” (An Aoine don Todhchaí).

Tomislav Ćorić, Aire Comhshaoil agus Fuinnimh na Cróite
Táimid buíoch gur ghlac Greta Thunberg leis an gcuireadh a thugamar di chun labhairt leis na hairí inniu mar aoi ag Uachtaránacht na Cróite. Tá an sprioc chéanna againn: is mian linn gníomhú i ndáil leis an athrú aeráide. Tá teachtaireacht agam do dhaoine óga atá ag éileamh gníomhaíochta i gcoinne na héigeandála aeráide. Táimid ag éisteacht libh. Measann go leor daoine óga nach bhfuil an t-aistriú i dtreo aeráidneodrachta ag tarlú tapa go leor. Molaim daoibh dul níos faide agus cur go gníomhach leis an bpolaitíocht aeráide. Táimid, na 27 n-airí comhshaoil agus aeráide, ag obair gach lá chun ár saoránaigh agus an comhshaol a chosaint i gcoinne an athraithe aeráide.
Tomislav Ćorić, Aire Comhshaoil agus Fuinnimh na Cróite
Tomislav Ćorić, Aire Comhshaoil agus Fuinnimh na Cróite

Saincheisteanna eile

Thíolaic an Coimisiún a thogra maidir le Dlí Aeráide Eorpach agus Sásra um Aistriú Cóir faoin gComhaontú Glas don Eoraip. Thíolaic an Coimisiún a theachtaireacht freisin maidir le Plean Infheistíochta an Chomhaontaithe Ghlais don Eoraip.

Le linn an lóin, phléigh na hairí an taidhleoireacht aeráide i láthair Marc Vanheukelen, Ambasadóir Taistil SEGS don Taidhleoireacht Aeráide.

Chuir toscaireacht na Polainne na hairí ar an eolas maidir le ceantáil iomlán a chur chun feidhme d’earnáil na heitlíochta faoi Scéim an Aontais maidir le Trádáil Astaíochtaí (ETS). Chuir toscaireacht na Portaingéile na hairí ar an eolas faoin Siompóisiam Ardleibhéil maidir le hUisce (Liospóin, 2 Meitheamh 2020). Ar deireadh, chuir an Coimisiún Eorpach na toscaireachtaí ar an eolas faoi fhoghabháil na ndeilfeanna coiteanna, na muca cuain agus na speiceas eile atá faoi chosaint i dtrealamh iascaireachta.

Comhaid na gcruinnithe

Doiciméid ullmhúcháin

Preaseisiúintí

Faisnéis phreasa

Teagmhálaithe preasa

Murab iriseoir thú, seol d'iarratas chuig an tseirbhís um fhaisnéis don phobal le do thoil.

Creidiúnú agus preasócáidí

Chun eolas ginearálta a fháil faoi chreidiúnú, téigh chuig an leathanach seo le do thoil.

Is iad údaráis rialtais na tíre óstaí a láimhseálfaidh creidiúnú na meán le haghaidh cruinnithe mullaigh idirnáisiúnta a reáchtáiltear lasmuigh den Aontas Eorpach.

Eolas ar thorthaí na hoibre sin le teacht

Cruinnithe eile: An Chomhairle Comhshaoil

Féach tuilleadh cruinnithe

An t-athbhreithniú deireanach: an 15 Eanáir 2025