"Bainimid úsáid as fianáin lena chinntiú go bhfeabhsaítear d’eispéireas brabhsála. Tá gá le fianáin riachtanacha chun tacú le gnéithe bunriachtanacha de shuíomh gréasáin na Comhairle. Cuidíonn na fianáin roghnacha linn tuarascálacha staidrimh anaithnide, comhiomlánaithe a tháirgeadh chun freastal níos fearr ar do chuid riachtanas.
Le cead uaitse, úsáidfimid fianáin le sonraí comhlánaithe anaithnide a tháirgeadh maidir le brabhsáil agus iompraíocht na gcuairteoirí ar ár suíomh gréasáin. Úsáidfimid na sonraí sin chun feabhas a chur ar an eispéireas agat ar ár suíomh.
Físchomhdháil na n-airí comhshaoil, 23 Meitheamh 2020
Na príomhthorthaí
Bhí díospóireacht bheartais ag airí comhshaoil agus aeráide an Aontais faoin méid a chuireann beartais chomhshaoil agus aeráide leis an téarnamh ó phaindéim COVID-19.
Ba dhíol sásaimh do na hairí an plé tábhachtach sin agus d’aontaigh siad gur cheart go dtreoródh an Comhaontú Glas don Eoraip an téarnamh chun an fás glas agus athléimneacht san Aontas a chothú.
Le linn an phlé, iarradh ar na hairí freagra a thabhairt ar na ceisteanna seo a leanas:
Conas is fearr is féidir le bearta – ó thionscnaimh de chuid an Chomhaontaithe Ghlais don Eoraip a cuireadh i láthair le déanaí, amhail an plean gníomhaíochta don gheilleagar ciorclach agus an straitéis bhithéagsúlachta – cabhrú leis an téarnamh ó ghéarchéim COVID-19, le cothú na hathléimneachta, agus le hEoraip a chruthú a bheidh níos inbhuanaithe agus a sheasfaidh an aimsir?
Conas is féidir a chinntiú agus an plean téarnaimh á chur chun feidhme go mbeidh timpeallacht infheistíochta chobhsaí réamhbhreathnaitheach ann a spreagfaidh an fás glas agus poist, rudaí a choimeádfaidh an tAontas ar an mbóthar ceart chun Eoraip a bheidh neodrach ó thaobh díobháil aeráide de faoi 2050 a bhaint amach mar a bhí beartaithe?
Teastaíonn uainn geilleagar nua-aimseartha, glan agus sláintiúil a thógáil, a bheidh ina chuidiú chun slí bheatha don chéad ghlúin eile a chinntiú. Féadfaidh an plean téarnaimh geilleagar na hEorpa a athbheochan tar éis ghéarchéim COVID-19, agus ag an am céanna inbhuanaitheacht agus gníomhú ar son na haeráide san Eoraip a spreagadh. Sin an chúis go raibh plé an lae inniu chomh tábhachtach sin. Ba cheart d'infheistíochtaí poiblí sa téarnamh tar éis ghéarchéim COVID-19 an mionn glas “Ná déan dochar” a urramú agus ba cheart dúinn ár ndícheall a dhéanamh lena chinntiú go mbeidh an tacaíocht airgeadais ag teacht le cuspóirí aeráide agus comhshaoil an Aontais.
Tomislav Ćorić, Aire Comhshaoil agus Fuinnimh na Cróite
Leag na hairí béim ar roinnt pointí, amhail na pointí seo a leanas:
Na naisc idir na tionscnaimh sa Chomhaontú Glas don Eoraip agus an gá atá le haghaidh a thabhairt orthu ar bhealach comhleanúnach.
An gá atá le hacmhainní leordhóthanacha don aistriú glas faoin bplean téarnaimh agus faoi CAI.
An tábhacht a bhaineann le cuspóir an Aontais aeráidneodracht a bhaint amach faoi 2050 chun timpeallacht chobhsaí infheistíochta a sholáthar a thacaíonn le haidhmeanna an Chomhaontaithe Ghlais, amhail fuinneamh glan, athchóiriú foirgneamh, nuálaíocht agus oiriúnú; sa chomhthéacs sin, leag roinnt airí béim ar an ngá atá leis an bprionsabal “Ná déan dochar” a chur i bhfeidhm agus leag cuid eile acu béim ar an ngá atá le sainiúlachtaí náisiúnta nó áitiúla a chur san áireamh.
A thábhachtaí atá straitéis bhithéagsúlachta don téarnamh inbhuanaithe agus an ról atá ag caomhnú an dúlra agus athchóiriú éiceachóras chun athléimneacht a chothú agus paindéimí amach anseo a chosc.
An gá atá leis an mbithéagsúlacht a chomhtháthú go hiomlán in earnálacha eile amhail an talmhaíocht, an t-iascach agus an fhoraoiseacht agus cur chun feidhme comhleanúnach bhearta an Aontais sna réimsí sin a chinntiú.
An geilleagar ciorclach, agus béim á leagan ar an athchúrsáil, ar bheartas maidir le táirgí inbhuanaithe agus ar ghníomhaíocht bhreise maidir le plaistigh, chomh maith le nasc leis an straitéis atá le teacht maidir le ceimiceáin. Labhair go leor airí amach faoin tslí gur féidir leis an ngeilleagar ciorclach borradh a chur faoi chruthú post go háitiúil agus athléimneacht a mhéadú trí spleáchas na hEorpa ar allmhairí a laghdú. Luadh chomh maith a thábhachtaí atá sé margadh dea-fheidhmiúil a chruthú d’amhábhair thánaisteacha.
An straitéis “Ón bhFeirm go dtí an Forc” agus an fheirmeoireacht orgánach.
Faoi aon ghnó eile, thíolaic uachtaránacht inteachta na Gearmáine a clár oibre i réimse an chomhshaoil agus na haeráide don dara leath de 2020.
Ba é Tomislav Ćorić, Aire Comhshaoil agus Fuinnimh na Cróite, a bhí ina chathaoirleach ar an gcruinniú. Ba iad Frans Timmermans, Leas-Uachtarán an Choimisiúin agus an Coimisinéir Virginijus Sinkevičius, a rinne ionadaíocht thar ceann an Choimisiúin.
Is iad údaráis rialtais na tíre óstaí a láimhseálfaidh creidiúnú na meán le haghaidh cruinnithe mullaigh idirnáisiúnta a reáchtáiltear lasmuigh den Aontas Eorpach.