"Bainimid úsáid as fianáin lena chinntiú go bhfeabhsaítear d’eispéireas brabhsála. Tá gá le fianáin riachtanacha chun tacú le gnéithe bunriachtanacha de shuíomh gréasáin na Comhairle. Cuidíonn na fianáin roghnacha linn tuarascálacha staidrimh anaithnide, comhiomlánaithe a tháirgeadh chun freastal níos fearr ar do chuid riachtanas.
an Chomhairle Comhshaoil, 23 Deireadh Fómhair 2020
Na príomhthorthaí
Dlí aeráide na hEorpa
Tháinig an Chomhairle ar chomhaontú maidir le cur chuige ginearálta páirteach maidir leis an dlí aeráide Eorpach. Is é is aidhm dó an cuspóir Aontas aeráidneodrach a bheith ann faoi 2050 a leagan síos sa reachtaíocht, rud a d’fhormhuinigh an Chomhairle Eorpach i mí na Nollag 2019.
Tá an tAontas tiomanta go hiomlán do bheith aeráidneodrach faoi 2050. Cé gur fhógair an Chomhairle Eorpach go bhfillfeadh sí ar an sprioc maidir le hastaíochtaí gás ceaptha teasa a laghdú do 2030 ag an gcruinniú a bheidh aici i mí na Nollag d'fhonn teacht ar chomhaontú maidir le sprioc nua, is díol sásaimh dom a fhógairt go rabhamar in ann teacht ar chomhaontú idir na Ballstáit maidir le codanna móra den togra i ndáil leis an dlí aeráide Eorpach. Tá sé tábhachtach go ndéanfaimid a oiread dul chun cinn is féidir leis an bpíosa reachtaíochta fíorthábhachtach seo. An tseachtain seo caite, d’iarr an Chomhairle Eorpach ar an gComhairle an obair ar an gclár oibre seo a thabhairt ar aghaidh; bhíomar ábalta garsprioc thábhachtach a bhaint amach i ndáil leis an togra maidir leis an dlí aeráide Eorpach.
Svenja Schulze, Aire Cónaidhme Comhshaoil, Caomhnaithe Dúlra agus Sábháilteachta Núicléiche na Gearmáine
A climate neutral EU... what does it mean?
The Council agreed that the Union-wide 2050 climate-neutrality objective should be pursued by all member states collectively. It stressed the importance of promoting both fairness and solidarity among member states and cost-effectiveness in achieving the climate neutrality objective.
Ghlac na hairí comhshaoil agus aeráide conclúidí maidir leis an mbithéagsúlacht, lena ndéantar cuspóirí straitéis bithéagsúlachta an Aontais do 2030 a fhormhuiniú, arb é is aidhm di an bhithéagsúlacht a chur ar chosán an téarnaimh. Is cúis mhór imní do na Ballstáit ráta domhanda chailliúint na bithéagsúlachta agus aithníonn siad gur gá dlús a chur leis na hiarrachtaí atá á ndéanamh trí aghaidh a thabhairt ar na nithe sin a spreagann go díreach agus go hindíreach cailliúint na bithéagsúlachta agus an dúlra, amhail róshaothrú acmhainní nádúrtha, athrú aeráide, truailliú, speicis choimhthíocha ionracha agus an tslí ina n-úsáidimid talamh agus farraige. Athdhearbhaíonn na Ballstáit an glao chun na cuspóirí sin a chomhtháthú go hiomlán in earnálacha eile amhail an talmhaíocht, an iascach agus an fhoraoiseacht agus chun bearta an Aontais a chur chun feidhme go comhleanúnach sna réimsí sin.
Léirigh paindéim COVID-19 arís dúinn tábhacht bhunúsach na n-éiceachóras agus na bithéagsúlachta dár sláinte agus dár gcobhsaíocht eacnamaíoch agus shóisialta. Is í an bhithéagsúlacht ár n-árachas saoil: soláthraíonn sé aer agus uisce glan, bia, ábhar tógála agus éadaí. Cruthaíonn sí poist agus slite beatha. Nuair a scriostar an dúlra, tá an baol ann freisin go dtarlódh ráigeanna galair agus paindéimí. Is den ríthábhacht é an bhithéagsúlacht a shábháil agus an dúlra a chaomhnú ar mhaithe le galair thógálacha nua a chosc. Mar Uachtarán na Comhairle, tá áthas orm gur thángamar ar chomhaontú d’aon toil maidir le dlús a chur lenár n-iarrachtaí aghaidh a thabhairt ar chailliúint na bithéagsúlachta.
Svenja Schulze, Aire Cónaidhme Comhshaoil, Caomhnaithe Dúlra agus Sábháilteachta Núicléiche na Gearmáine
Tugtar treoir pholaitiúil sna conclúidí a glacadh inniu i ndáil le cur chun feidhme na straitéise agus athdhearbhaítear leo a thiomanta atá an tAontas ceannaireacht a ghlacadh trí dhea-shampla maidir le dul i ngleic leis an ngéarchéim dhomhanda bithéagsúlachta agus le creat bithéagsúlachta domhanda uaillmhianach nua de chuid na Náisiún Aontaithe a fhorbairt ag Comhdháil na Náisiún Aontaithe maidir leis an mBithéagsúlacht in 2021.
Chuir toscaireacht na Polainne i láthair an moladh atá aici maidir le feabhsuithe ar chóras trádála astaíochtaí an Aontas chun dlús a chur leis an aistriú i dtreo neodracht aeráide san Aontas. Chuir toscaireacht na hÍsiltíre na hairí ar an eolas faoin gcruinniú mullaigh maidir leis an oiriúnú don aeráid atá beartaithe don 25 Eanáir 2021.
Chuir toscaireacht na Liotuáine na hairí ar an eolas faoin ochtú seisiún den chruinniú a bheidh ag na páirtithe don Choinbhinsiún maidir le measúnacht tionchair timpeallachta i gcomhthéacs trasteorann (Espoo MOP-8) atá beartaithe don 8 Nollaig go dtí an 11 Nollaig 2020. Chuir toscaireacht na hÍsiltíre na hairí ar an eolas faoin bhfóram domhanda um an ngeilleagar ciorclach atá beartaithe don 15 Aibreán 2021.
Ar deireadh, thíolaic an Coimisiún Eorpach do na hairí a theachtaireacht maidir le straitéis cheimiceán an Aontais don inbhuanaitheacht, a theachtaireacht maidir le rochtain ar cheartas in ábhair chomhshaoil sna Ballstáit, a togra reachtach reatha le haghaidh rialachán lena leasaítear rialachán Aarhus mar aon lena chinneadh maidir leis an 8ú clár gníomhaíochta don chomhshaol.
Is iad údaráis rialtais na tíre óstaí a láimhseálfaidh creidiúnú na meán le haghaidh cruinnithe mullaigh idirnáisiúnta a reáchtáiltear lasmuigh den Aontas Eorpach.