Skip to content
  • An Chomhairle Comhshaoil

Físchomhdháil neamhfhoirmiúil na n-airí comhshaoil, 18 Márta 2021

Na príomhthorthaí

Straitéis an Aontais maidir le hoiriúnú don athrú aeráide

Bhí malartú tuairimí ag na hairí ar dtús faoi straitéis an Aontais maidir le hoiriúnú don athrú aeráide. Leagtar amach sa straitéis fís fhadtéarmach chun go mbeidh an tAontas ina shochaí a bheidh aeráid-díonach agus a bheidh in oiriúint go hiomlán do thionchair dhosheachanta an athraithe aeráide faoi 2050. Beidh an treoir a chuir na hairí ar fáil mar ionchur do na dréachtchonclúidí ón gComhairle.

An Dlí Aeráide Eorpach

Chuir an uachtaránacht na hairí ar an eolas faoi staid na himeartha sa chaibidlíocht idir Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle maidir leis an togra i ndáil le Dlí Aeráide Eorpach.

Is é is aidhm don dlí aeráide Eorpach cuspóir sin na haeráidneodrachta faoi 2050 a chur isteach i reachtaíocht an Aontais. An 17 Nollaig, tháinig airí comhshaoil an Aontais ar chur chuige ginearálta i ndáil leis an togra ón gCoimisiún le haghaidh dlí aeráide Eorpach, ina bhfuil sprioc nua de chuid an Aontais maidir le laghdú 55% ar a laghad a dhéanamh ar astaíochtaí gás ceaptha teasa faoi 2030, i bhfianaise na treorach a fuarthas ón gComhairle Eorpach an 11 Nollaig. Is ionann an cur chuige ginearálta agus sainordú caibidlíochta na Comhairle sna cruinnithe tríthaobhacha leis an bParlaimint.

Thionóil an Chomhairle agus Parlaimint na hEorpa ceithre chruinniú thríthaobhacha go dtí seo chun teacht ar chomhaontú polaitiúil, agus tá siad á n-ullmhú féin faoi láthair don chúigiú cruinniú.

João Pedro Matos Fernandes, Aire na Portaingéile um an gComhshaol agus um Ghníomhú ar son na hAeráide
Bhí deis agam inniu tuairimí a mhalartú le mo chomh-airí comhshaoil faoi staid na himeartha sa chaibidlíocht le Parlaimint na hEorpa maidir leis an Dlí Aeráide Eorpach. Tá dul chun cinn mór déanta againn, ach tá go leor saincheisteanna fós gan réiteach, agus is é an straitéis chaibidlíochta atá againn nach mbeidh aon chomhaontú ann go dtí go mbeidh gach rud comhaontaithe. Tá an Dlí Aeráide Eorpach ina thosaíocht dhaingean ag Uachtaránacht na Portaingéile, agus tá sé mar aidhm againn teacht ar chomhaontú leis an bParlaimint a luaithe is féidir. Níl aon am againn le cur amú – tá an tAontas Eorpach tiomanta go láidir a bheith aeráidneodrach faoi 2050, agus is é an Dlí Aeráide Eorpach an chéad chéim ríthábhachtach chun cabhrú linn an cuspóir sin a bhaint amach.
João Pedro Matos Fernandes, Aire na Portaingéile um an gComhshaol agus um Ghníomhú ar son na hAeráide
João Pedro Matos Fernandes, Aire na Portaingéile um an gComhshaol agus um Ghníomhú ar son na hAeráide

An Seimeastar Eorpach a ghlasú

Bhí malartú tuairimí ag na hairí maidir le ról na Saoráide Téarnaimh agus Athléimneachta i gcomhthéacs an Seimeastar Eorpach a ghlasú. Is ionstraim bhunriachtanach é an Seimeastar Eorpach chun beartais eacnamaíocha a chomhordú ar fud an Aontais. Tá an tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta ar cheann de na príomhuirlisí don téarnamh Eorpach ó paindéim COVID-19, agus tá sé deartha le tacú leis an aistriú glas agus leis an aistriú digiteach araon. Phléigh na hairí an chaoi ar féidir leis an dá ionstraim sin a bheith ag comhlánú a chéile.

Ceallraí agus ceallraí dramhaíola

Bhí díospóireacht bheartais ag na hairí comhshaoil faoi thogra reachtach maidir le ceallraí agus ceallraí dramhaíola. Is príomhghné den aistriú chuig fuinneamh glan iad ceallraí. Is é is aidhm don togra tionchar comhshaoil agus sóisialta na gceallraí a laghdú le linn gach céime de shaolré na gceallraí – idir ábhair foinsithe agus táirgeadh, úsáid, athchúrsáil agus diúscairt. Ar an gcaoi sin, déantar an reachtaíocht atá ann faoi láthair a chur i gcomhréir leis an gComhaontú Glas don Eoraip, cuireann sé an geilleagar ciorclach chun cinn, agus is é is aidhm dó ardleibhéal cosanta a chinntiú don tsláinte agus don chomhshaol. Tá sé mar aidhm leis an togra freisin aghaidh a thabhairt ar neamhréitigh sa mhargadh inmheánach de dheasca rialacha neamhchothroma agus faisnéis neamhchothrom, trí chothrom iomaíochta a chruthú do cheallraí trí bhíthin sraith choiteann rialacha níos soiléire. Cuirfear na díospóireachtaí san áireamh agus seasamh na Comhairle maidir leis an togra á ullmhú.

Saincheisteanna eile

Faoi aon ghnó eile, thug na hairí comhshaoil dá n-aire an 8ú Clár Gníomhaíochta don Chomhshaol (CGC) a bheidh mar threoir uileghabhálach do bheartas comhshaoil na hEorpa go dtí 2030. An 17 Márta, d’fhormheas ambasadóirí Bhallstáit an Aontais sainordú a bheidh mar sheasamh ag an gComhairle chun tús a chur leis an gcaibidlíocht le Parlaimint na hEorpa maidir leis an 8ú Clár Gníomhaíochta don Chomhshaol.

Chuir an uachtaránacht na hairí ar an eolas faoi formheas na gconclúidí ón gComhairle an 12 Márta maidir le Straitéis Ceimiceáin an Aontais don Inbhuanaitheacht: Déanaimis beart de réir briathair. Sna conclúidí uaithi, iarrann an Chomhairle ar an gCoimisiún na gníomhaíochtaí a leagtar amach sa straitéis a chur chun feidhme a luaithe is féidir, lena n-áirítear leasuithe spriocdhírithe chun reachtaíocht an Aontais maidir le ceimiceáin a shruthlíniú, substaintí ar díol imní iad a ionadú agus a íoslaghdú, agus deireadh a chur de réir a chéile leis na ceimiceáin is díobhálaí a mbaintear úsáid neamhriachtanach astu sa tsochaí.

Chuir an Coimisiún agus an uachtaránacht na hairí ar an eolas faoin gcúigiú cruinniú de chuid Chomhthionól Comhshaoil na Náisiún Aontaithe (UNEA-5) a tionóladh in Nairobi an 22 agus an 23 Feabhra 2021.

Chuir an Coimisiún na hairí ar an eolas faoin dul chun cinn atá déanta le straitéis foraoise an Aontais, atá á hullmhú faoi láthair.

Chuir an Coimisiún na hairí ar an eolas freisin faoin Teachtaireacht uaidh maidir leis an athbhreithniú ar an mbeartas trádála, a glacadh le déanaí agus a chuireann an inbhuanaitheacht i gcroílár an bheartais trádála den chéad uair.

Comhaid na gcruinnithe

Doiciméid toraidh

Faisnéis phreasa

Teagmhálaithe preasa

Murab iriseoir thú, seol d'iarratas chuig an tseirbhís um fhaisnéis don phobal le do thoil.

Creidiúnú agus preasócáidí

Chun eolas ginearálta a fháil faoi chreidiúnú, téigh chuig an leathanach seo le do thoil.

Is iad údaráis rialtais na tíre óstaí a láimhseálfaidh creidiúnú na meán le haghaidh cruinnithe mullaigh idirnáisiúnta a reáchtáiltear lasmuigh den Aontas Eorpach.

Eolas ar thorthaí na hoibre sin le teacht

Cruinnithe eile: An Chomhairle Comhshaoil

Féach tuilleadh cruinnithe

An t-athbhreithniú deireanach: an 15 Eanáir 2025