"Bainimid úsáid as fianáin lena chinntiú go bhfeabhsaítear d’eispéireas brabhsála. Tá gá le fianáin riachtanacha chun tacú le gnéithe bunriachtanacha de shuíomh gréasáin na Comhairle. Cuidíonn na fianáin roghnacha linn tuarascálacha staidrimh anaithnide, comhiomlánaithe a tháirgeadh chun freastal níos fearr ar do chuid riachtanas.
D’fhormheas an Chomhairle na Conclúidí ón gComhairle maidir le hEoraip aeráid-díonach a ghaibhniú – Straitéis nua an Aontais maidir le hOiriúnú don Athrú Aeráide.
Leagtar amach sa straitéis nua maidir le hoiriúnú don athrú aeráide fís fhadtéarmach faoi cé mar is féidir leis an Aontas, faoi 2050, a bheith inashochaí aeráid-díonach a bheidh in oiriúint go hiomlán do thionchair dhosheachanta an athraithe aeráide.
Ní bagairt i dtaobh an ama atá le teacht an t-athrú aeráide - tá an t-athrú ag tarlú i láthair na huaire. Ní mór dúinn a bheith níos ullmhaithe d'iarmhairtí an athraithe aeráide ar shláinte an duine, ar an gcomhshaol agus ar an ngeilleagar. Cuireann conclúidí an lae inniu tús le gníomhaíocht oiriúnúcháin fheabhsaithe. Dírítear sa straitéis nua ar shonraí níos fearr, agus ar úsáid níos fearr a bhaint as na sonraí atá ann cheana féin, ar réitigh dhúlra-bhunaithe a chur chun cinn, ar dhálaí airgeadais agus eacnamaíocha a chomhtháthú agus dlús a chur leis an ngníomhaíocht ar an leibhéal idirnáisiúnta. Bhí an aeráid ar cheann dá príomhthosaíochtaí ag Uachtaránacht na Portaingéile agus is cúis áthais dúinn gur thacaigh an Chomhairle le straitéis nua an Aontais maidir le hoiriúnú don athrú aeráide a chabhróidh leis an Aontas Eorpach, in éineacht leis an Dlí Aeráide Eorpach a comhaontaíodh le déanaí, a bheith ina shochaí aeráid-díonach aeráidneodrach sna blianta amach romhainn.
João Pedro Matos Fernandes, Aire na Portaingéile um an gComhshaol agus um Ghníomhú ar son na hAeráide
Leis na conclúidí ón gComhairle, formhuinítear aidhmeanna na straitéise seo na gníomhaíochtaí oiriúnaithe a dhoimhniú agus a leathnú, agus béim níos láidre á leagan ar eolas, ar chúrsaí airgeadais agus eacnamaíocha, ar réitigh dhúlra-bhunaithe, ar an ngné idirnáisiúnta agus ar ról don árachas.
Bhreithnigh airí an Aontais an dul chun cinn a rinneadh ar an togra le haghaidh rialachán maidir le ceallraí agus ceallraí dramhaíola a thíolaic an Coimisiún an 10 Nollaig 2020.
Is de phríomhghnéithe an aistrithe chuig fuinneamh glan ceallraí. Is é is aidhm don togra reachtaíocht an Aontais maidir le ceallraí agus ceallraí dramhaíola a nuashonrú agus, trína bhíthin sin, tionchar comhshaoil agus sóisialta na gceallraí a laghdú ag gach céim de shaolré na gceallraí – idir ábhair foinsithe agus táirgeadh, úsáid, athchúrsáil agus diúscairt.
A bhuí leis an togra, ailínítear an reachtaíocht atá ann faoi láthair leis an gComhaontú Glas don Eoraip, cuirtear an geilleagar ciorclach chun cinn, agus dírítear ar ardleibhéal cosanta a chinntiú don tsláinte agus don chomhshaol. Is é is aidhm dó freisin aghaidh a thabhairt ar neamhréitigh sa mhargadh inmheánach de dheasca rialacha neamhchothroma agus faisnéis neamhchothrom, trí chothrom iomaíochta a chruthú do cheallraí trí bhíthin sraith choiteann de rialacha atá níos soiléire.
Bhí malartú tuairimí ag na hairí faoin teachtaireacht ón gCoimisiún maidir le plean gníomhaíochta an Aontais i ndáil leis an truailliú nialasach.
Ina cháil mar phríomhghné den Chomhaontú Glas don Eoraip, leagtar amach sa phlean gníomhaíochta fís maidir le truailliú nialasach a bhaint amach san Aontas faoi 2050. Tá sé mar aidhm ag an treochlár sin truailliú san aer, san uisce agus san ithir a laghdú agus timpeallacht saor ó thocsain a chruthú. Leagtar amach sa Phlean Gníomhaíochta príomhspriocanna 2030 le haghaidh cineálacha éagsúla truaillithe agus sainítear ann roinnt gníomhaíochtaí agus tionscnamh suaitheanta chun uaillmhian an truaillithe nialasaigh a bhaint amach, lena n-áirítear roinnt tograí reachtacha atá ar siúl agus atá beartaithe.
Chuir an Uachtaránacht na hairí ar an eolas faoi staid na himeartha sa phlé i leith Rialachán Aarhusmaidir le rochtain ar cheartas i ngnóthaí comhshaoil. Tháinig an Chomhairle ar chur chuige ginearálta maidir leis an togra sin an 17 Nollaig 2020. Idir an dá linn, d’eisigh an Coiste um Chomhlíonadh Choinbhinsiún Aarhus a chomhairle maidir leis an togra ón gCoimisiún agus ghlac sé a thorthaí maidir le cás nua a bhaineann le státchabhair. An 4 Meitheamh 2021, cuireadh tús leis an gcaibidlíocht pholaitiúil thríthaobhach idir an Chomhairle agus an Pharlaimint.
Chuir an Uachtaránacht na hairí ar an eolas faoi staid na himeartha sa phlé i leith an togra le haghaidh cinneadh maidir leis an 8ú clár gníomhaíochta don chomhshaol. Beidh an clár gníomhaíochta ina threoir uileghabhálach do bheartas comhshaoil na hEorpa go dtí 2030. Sa togra le haghaidh cinnidh, tógtar ar an gComhaontú Glas don Eoraip agus ar an liosta gníomhaíochtaí atá sonraithe ann. Ghlac an Chomhairle a sainordú caibidlíochta an 17 Márta 2021. Ach a nglacfaidh Parlaimint na hEorpa a seasamh, cuirfidh an Chomhairle agus an Pharlaimint tús leis an gcaibidlíocht thríthaobhach chun teacht ar chomhaontú polaitiúil maidir leis an gcomhad.
Tharraing toscaireacht na hÍsiltíre, agus tacaíocht ón mBeilg agus ó Lucsamburg aici, aird na n-airí ar chalaois a chosc in earnáil na mbithbhreoslaí. Chuir toscaireacht na hÍsiltíre na hairí ar an eolas faoin gComhaontas um Dhícharbónú an Iompair. Chuir toscaireacht na hEastóine na hairí ar an eolas faoi chruinniú atá beartaithe den choinbhinsiún idirnáisiúnta maidir le huisce. Tharraing toscaireacht na Seice, agus tacaíocht aici ón mBulgáir, ón gCipir, ón nGréig, ón Rómáin, ón tSlóvaic agus ón Ungáir, aird na n-airí ar na himpleachtaí a ghabhann le tacsanomaíocht an Aontais don aistriú chuig geilleagar inbhuanaithe. Tharraing toscaireacht na hÍsiltíre, agus tacaíocht ón mBeilg agus ó Lucsamburg aici, aird na n-airí ar an tsaincheist maidir le meath na bpailneoirí a aisiompú.
Ar deireadh, chuir toscaireacht na Slóivéine i láthair clár oibre a hUachtaránachta inteachta.
Is iad údaráis rialtais na tíre óstaí a láimhseálfaidh creidiúnú na meán le haghaidh cruinnithe mullaigh idirnáisiúnta a reáchtáiltear lasmuigh den Aontas Eorpach.