Skip to content
  • An Chomhairle Fostaíochta, Beartais Shóisialta, Sláinte agus Gnóthaí Tomhaltóirí

An Chomhairle um Fhostaíocht, Beartas Sóisialta, Sláinte agus Gnóthaí Tomhaltóirí, 01/12/2014, 1 Nollaig 2014

Pléann an Chomhairle an tsábháilteacht agus an nuálaíocht i gcás feistí leighis

Ag teacht le chéile dóibh sa Bhruiséil an 1 Nollaig, phléigh na hAirí sláinte dréacht-reachtaíocht a fhéachann chun sábháilteacht na bhfeistí leighis agus in vitro a fheabhsú san Aontas.

Feistí leighis agus in vitro san Aontas

Tá os cionn 500 000 feiste leighis agus in vitro ar an margadh.

Fostaítear os cionn 500 000 duine san earnáil i 25 000 comhlacht nó mar sin, ar micrifhiontair agus fiontair bheaga agus mheánmhéide an chuid is mó acu.

Saothraítear beagnach EUR 100 billiún i ndíolacháin bhliantúla ar an margadh Eorpach agus déanann na cuideachtaí sin infheistíocht mhór i dtaighde agus i bhforbairt. Déantar thart ar 6-8% de dhíolacháin bhliantúla na bhfeistí leighis agus 10% de dhíolacháin bhliantúla na bhfeistí in vitro a athinfheistiú sa taighde gach bliain.   

Feistí leighis

Phléigh na hAirí an dul chun cinn i gcainteanna faoi 2 dhréacht-rialachán maidir le feistí leighis agus feistí leighis in vitro, a chuir an Coimisiún Eorpach síos ar an gclár.

Leis an reachtaíocht atá beartaithe, tá sé i gceist na rialacha a nuachóiriú chun nuálaíocht a spreagadh agus chun a chinntiú go bhfuil feistí sábháilte agus gur féidir iad a thrádáil ar fud an Aontais. Féachtar le grinnscrúdú na bhfeistí a fheabhsú sula gcuirtear ar an margadh iad agus féachtar le faireachán níos daingne a dhéanamh orthu nuair a chuirtear ar fáil iad.  Cumhdaítear leis an dréacht-reachtaíocht raon leathan táirgí: ó ghreimlíní agus tástálacha le haghaidh toirchis go meaisíní x-ghathaithe agus táirgí diagnóiseacha in vitro.

Sa tuarascáil ar dhul chun cinn, a dhréachtaigh Uachtaránacht na hIodáile, léirítear na saincheisteanna a chaithfear a phlé tuilleadh chun teacht ar sheasamh na Comhairle. Áirítear leo sin:

  • córas shainaitheantas feistí uathúla lena mbeadh sé níos éasca táirgí fabhtacha a aisghairm agus lena bhféadfaí dul i ngleic le feistí góchumtha
  • 'comhlachtaí dá dtugtar fógra', mar a thugtar orthu, amhail saotharlann nó údarás caighdeán náisiúnta, a dhéanann seiceáil an bhfuil na caighdeáin infheidhme á gcomhlíonadh ag feistí
  • an ról atá ag an ngrúpa comhordaithe feistí leighis, a bheartaítear go mbeidh baint aige le feistí ard-riosca a mheas sula gcuirtear ar an margadh iad
  • faireachas iarmhargaidh

Mar thoradh ar na díospóireachtaí, tá sé i gceist ag an Uachtaránacht téacs a dhréachtú a fhéadfaidh Uachtaránacht na Laitvia a úsáid, ó mhí Eanáir ar aghaidh, chun an obair ar an togra a thabhairt chun críche.

Vacsaíniú

I gconclúidí maidir le vacsaínithe mar uirlis éifeachtach don tsláinte phoiblí, d'iarr an Chomhairle ar na Ballstáit an méid a leanas a dhéanamh:

  • pleananna vacsaínithe a fheabhsú ina dtíortha féin
  • a chinntiú go ndéantar meastóireachtaí ar vacsaíní ar bhealach trédhearcach
  • na vacsaíní cearta a thairiscint do ghrúpaí riosca  

Iarradh freisin dul i mbun taighde agus nuálaíochta chun vacsaíní nua a fhorbairt. Ar an dul céanna, iarradh ar an gCoimisiún Eorpach maoiniú AE a chur ar fáil chuige sin.

Sábháilteacht othar agus an nuálaíocht

I sraith conclúidí maidir le sábháilteacht othar agus an nuálaíocht chun tairbhe othar, d'iarr na hAirí ar na Ballstáit an méid a leanas a dhéanamh:

  • oideachas agus oiliúint foirne cúraim sláinte maidir le sábháilteacht othar a chur chun cinn
  • tuairisciú saor ó mhilleán ó fhoirne cúraim sláinte agus ó othar agus láimhseáil earráidí saor ó mhilleán a fhorbairt
  • cláir chun galair a chosc a neartú
  • othair agus a dteaghlaigh a spreagadh chun a dtuairimí maidir lena gcóir leighis a chur in iúl     

Iarradh freisin dlús a chur leis na nósanna imeachta maidir le measúnú agus formheas leigheasanna nua.

Athbhreithniú ar Eoraip 2020

Phléigh na hAirí an bealach ar féidir le hinfheistíochtaí i gcórais cúraim sláinte cabhrú le spriocanna na straitéise 'Eoraip 2020' a bhaint amach. Leis an straitéis, a seoladh in 2010, leagadh amach cúig sprioc maidir le poist, laghdú bochtaineachta, leis an oideachas, leis an nuálaíocht agus le haeráid agus fuinneamh, atá le baint amach faoin mbliain 2020. 

Mhol roinnt Airí gur cheart léiriú níos fearr a dhéanamh ar dhea-shláinte na n-Eorpach agus spriocanna na straitéise, amhail fostaíocht agus taighde, á mbaint amach. Mar sin féin, níor thacaigh na hAirí leis an smaoineamh maidir le sprioc sonrach nua a chruthú a bhaineann leis an sláinte.      

Bhain plé na nAirí le roinnt saincheisteanna:

  • bealaí chun infheistiú i gcórais cúraim sláinte
  • an gá atá le níos mó gníomhaíochta chun dul i ngleic leis na héagsúlachtaí i bhfeidhmíocht na gcórais sláinte náisiúnta

Cuirfear san áireamh an toradh a bhí ar phlé na nAirí sa tuarascáil a chuirfidh Uachtaránacht na hIodáile faoi bhráid an chruinnithe a bheidh ag ceannairí an Aontais ag an gcruinniú mullaigh i mí na Nollag. Tabharfaidh an tuarascáil treoir don Choimisiún Eorpach maidir le cur chun feidhme na straitéise a fheabhsú.  

Sheol an Coimisiún comhairliúchán poiblí maidir le hathbhreithniú na straitéise i mí Bealtaine agus táthar ag súil go ndéanfaidh sé tograí sonracha a thíolacadh go luath in 2015. 

Faisnéis phreasa

Teagmhálaithe preasa

Murab iriseoir thú, seol d'iarratas chuig an tseirbhís um fhaisnéis don phobal le do thoil.

Creidiúnú agus preasócáidí

Chun eolas ginearálta a fháil faoi chreidiúnú, téigh chuig an leathanach seo le do thoil.

Is iad údaráis rialtais na tíre óstaí a láimhseálfaidh creidiúnú na meán le haghaidh cruinnithe mullaigh idirnáisiúnta a reáchtáiltear lasmuigh den Aontas Eorpach.

Eolas ar thorthaí na hoibre sin le teacht

Cruinnithe eile: An Chomhairle Fostaíochta, Beartais Shóisialta, Sláinte agus Gnóthaí Tomhaltóirí

Féach tuilleadh cruinnithe

An t-athbhreithniú deireanach: an 8 Eanáir 2025