- An Chomhairle Fostaíochta, Beartais Shóisialta, Sláinte agus Gnóthaí Tomhaltóirí
An Chomhairle um Fhostaíocht, Beartas Sóisialta, Sláinte agus Gnóthaí Tomhaltóirí, 11/12/2014, 11 Nollaig 2014
EURES, i mbeagán focal
Líonra le haghaidh comhair idir an Coimisiún agus seirbhísí fostaíochta poiblí san Eoraip é EURES, a cuireadh ar bun i 1993. Tá sé ann chun folúntais agus iarratais ar phoist a roinnt, agus chun faisnéis a roinnt freisin faoi choinníollacha maireachtála agus faoi choinníollacha oibre.
Is éard atá in EURES láithreán gréasáin agus líonra de thuairim is 900 comhairleoir fostaíochta sna tíortha uile atá rannpháirteach: 28 mBallstát an Aontais, an Íoslainn, Lichtinstéin, an Iorua agus an Eilvéis.
Láimhseálann sé tuairim is 150 000 socrúchán gach bliain.
EURES
Ag teacht le chéile dóibh sa Bhruiséil an 11 Nollaig, tháinig na hAirí fostaíochta ar chomhaontú maidir leis an athchóiriú ar an líonra Eorpach le haghaidh seirbhísí fostaíochta, EURES, chun seirbhísí feabhsaithe a chur ar fáil ar fud na hEorpa i dtaca le cuardach post agus le hearcaíocht.
Is é is aidhm don athchóiriú sin borradh a chur faoi shoghluaisteacht an lucht saothair laistigh den Aontas. Leis an líonra athchóirithe, thiocfadh méadú ar líon na bhfolúntas agus ar líon na CVanna ó dhaoine atá ag lorg post, atá ar fáil ar EURES. Bheithfí in ann freisin scileanna na ndaoine sin atá ag lorg post a mheaitseáil go huathoibríoch leis na folúntais atá ann.
Beidh an mheaitseáil sin bunaithe ar an Aicmiú Eorpach scileanna agus inniúlachtaí, atá á fhorbairt ag an gCoimisiún Eorpach faoi láthair. Leis an gcomhaontú ar tháinig an Chomhairle air, beidh an deis ag na Ballstáit bheith páirteach i nglacadh agus i nuashonrú an "aicmiúcháin", rud nach raibh i gceist ar dtús.
Sa téacs comhaontaithe, cuireann an Chomhairle ar chumas na seirbhísí fostaíochta príobháidí bheith páirteach in EURES, ar choinníoll go leanann siad an nós imeachta maidir le ligean isteach, atá leagtha síos ag na Ballstáit, agus ar choinníoll go gcuireann siad na seirbhísí lárnacha go léir a éilítear faoin reachtaíocht ar fáil. Ach bhí na hAirí ar aon intinn áfach, gur cheart go mbeadh ról pribhléideach ag seirbhísí fostaíochta poiblí sa líonra, ar aon dul leis an ról speisialta atá acu agus leis na hoibleagáidí speisialta atá orthu.
Níor tháinig Parlaimint na hEorpa, ar comhreachtóir í in éineacht leis an gComhairle i dtaca leis an dréachtdlí seo, ar chomhaontú fós maidir lena seasamh.
Cearta na maraithe
Tháinig na hAirí ar chomhaontú faoin athchóiriú ar chearta oibrithe do mharaithe. Is é is aidhm don athchóiriú maraithe a áireamh faoi raon feidhme rialacha saothair an Aontais ionas go mbeidh na cearta céanna acu is atá ag oibrithe ar an mórthír i gcás go scaoilfí leo nó i gcás atheagrú gnó.
Trí fheabhas a chur ar phoist mara, táthar ag iarraidh, leis na rialacha nua, an meath i líon na n-ógánach Eorpach a théann i mbun gairmeacha mara a chur droim ar ais agus oibrithe oilte a choimeád sa ghairm.
Tá sé i gceist freisin an cás dlíthiúil atá ann faoi láthair a réiteach, cás a fhágann nach gcaitear ar an dóigh chéanna leis an gcatagóir céanna oibrithe sna Ballstáit éagsúla. I láthair na huaire, braitheann sé an gcuirtear na díolúintí agus na maoluithe a cheadaítear faoin reachtaíocht atá ann cheana i bhfeidhm nó nach gcuirtear. Is beag leas a bhain formhór na mBallstát as na díolúintí sin, má bhain in aon chor fiú.
Tá a seasamh ar an gcéad léamh maidir leis an dréachtdlí le socrú fós ag Parlaimint na hEorpa.
Ábhair thábhachtacha eile atá ar an gclár
Fostaíocht don aos óg
Phléigh an Chomhairle bealaí a bhféadfaí dul i ngleic leis an dífhostaíocht i measc daoine óga. Bhí an díospóireacht bunaithe ar thrí shaincheist:
- an t-aistriú ón scoil go dtí an obair a éascú do dhaoine óga
- na dúshláin a bhaineann leis an ráthaíocht don aos óg a chur i bhfeidhm, scéim faoina bhfuil sé i gceist daoine óga a chur ar ais ag obair nó ag staidéar laistigh de cheithre mhí tar éis dóibh post a chailliúint nó an t-oideachas a fhágáil
- bealaí a bhféadfaí an bearna a líonadh idir margadh an tsaothair agus córais gairmoideachais agus gairmoiliúna
Mná ar bhoird na gcuideachtaí
Phléigh na hAirí freisin an dréacht-treoir faoina ndéanfar iarracht a áirithiú gur mná a bheadh ar 40% de chomhaltaí neamhfheidhmiúcháin ar bhoird chuideachtaí faoi 2020.
Sa dréachtdlí atá faoi chaibidil, ní fhoráiltear do chuótaí éigeantacha maidir le mná, ach tugtar isteach, ina ionad sin, sásraí córa roghnúcháin.
Ní raibh ar chumas na Comhairle teacht ar chomhaontú maidir leis an dréacht-treoir.
Comhaid na gcruinnithe
Doiciméid toraidh
Faisnéis phreasa
Teagmhálaithe preasa
-
Emma O'Driscoll Press officer
- +32 475 88 48 33
- +32 2 281 48 10
Murab iriseoir thú, seol d'iarratas chuig an tseirbhís um fhaisnéis don phobal le do thoil.
Creidiúnú agus preasócáidí
Chun eolas ginearálta a fháil faoi chreidiúnú, téigh chuig an leathanach seo le do thoil.
Is iad údaráis rialtais na tíre óstaí a láimhseálfaidh creidiúnú na meán le haghaidh cruinnithe mullaigh idirnáisiúnta a reáchtáiltear lasmuigh den Aontas Eorpach.
Eolas ar thorthaí na hoibre sin le teacht
- Cláraigh chun ár bhfoláirimh ríomhphoist a fháil chun an t-eolas is déanaí a fháil faoin gcruinniú seo agus faoi chruinnithe comhchosúla.
- Lean@EUCouncilPress chun an scéala is déanaí a fháil ón seomra preasa.
- Haischlib X: #EPSCO
Cruinnithe eile: An Chomhairle Fostaíochta, Beartais Shóisialta, Sláinte agus Gnóthaí Tomhaltóirí
Cruinnithe roimhe seo
Cruinnithe a bheidh ann amach anseo
An t-athbhreithniú deireanach: an 8 Eanáir 2025