- An Chomhairle Fostaíochta, Beartais Shóisialta, Sláinte agus Gnóthaí Tomhaltóirí
An Chomhairle um Fhostaíocht, Beartas Sóisialta, Sláinte agus Gnóthaí Tomhaltóirí, 16-17/06/2016, 16-17 Meitheamh 2016
Na príomhthorthaí
Fostaíocht agus an Beartas Sóisialta
Bhí díospóireacht bheartais ag an gComhairle maidir leis na gnéithe sin den Seimeastar Eorpach do 2016 a bhaineann leis an bhfostaíocht agus leis an mbeartas sóisialta agus d’fhormheas sí moltaí tír-shonracha .
Ghlac an Chomhairle conclúidí maidir le comhionannas inscne agus maidir le comhionannas LGBTI.
Tá an comhar Eorpach ríthábhachtach sa chomhrac i gcoinne na homafóibe domhanda agus chun cearta na mban a chur chun cinn. Tá sé tábhachtach go gcuirfidh an Eoraip a seasamh in iúl. Is cearta an duine iad na cearta atá ag an lucht aerach agus ag na mná, gan teorainneacha.” A dúirt Leas-Phríomh-Aire agus Aire Gnóthaí Sóisialta agus Fostaíochta na hísiltíre, Lodewijk Asscher
Dúirt Uachtarán na Comhairle, Leas-Phríomh-Aire agus Aire Gnóthaí Sóisialta agus Fostaíochta na hÍsiltíre, an tUasal Lodewijk Asscher: “Tá an comhar Eorpach ríthábhachtach sa chomhrac i gcoinne na homafóibe domhanda agus chun cearta na mban a chur chun cinn. Tá sé tábhachtach go gcuirfidh an Eoraip a seasamh in iúl. Is cearta an duine iad na cearta atá ag an lucht aerach agus ag na mná, gan teorainneacha. Tá ag gach duine an ceart féiniúlacht ar bith a chothú beag beann ar chúlra nó ar áit tionscnaimh. Tá sé thar a bheith tábhachtach go mbeadh fís Eorpach choiteann agus aidhm Eorpach choiteann againn anois lena áirithiú go ndéanfar comhghníomhaíocht i gcoinne tíortha agus eagraíochtaí a sháraíonn comhionannas inscne nó cearta na mban, na bhfear aerach, na leispiach agus na ndaoine déghnéasacha, transinscneacha agus idirinscneacha.”
- Conclúidí ón gComhairle maidir leis an gcomhionannas inscne
- Conclúidí ón gComhairle maidir le comhionannas leispiach, aerach, déghnéasach, trasinscneach agus idirghnéasach (LGBTI)
Thug an Chomhairle dá haire tuarascálacha dul chun cinn maidir lehinrochtaineacht ar earraí agus seirbhísí, carcanaiginí nó só-ghineacha ar an láthair oibre, an chóir chomhionann agus maidir leis na treoracha le haghaidh oibrithe a phostú. Maidir le hoibrithe a phostú, chuir an Coimisiún in iúl do na Ballstáit an staid mar atá i gcás nós imeachta an chárta bhuí.
- Tuarascáil ar dhul chun cinn i ndáil leis an Treoir inrochtaineachta do tháirgí agus seirbhísí
- Tuarascáil ar dhul chun cinn i ndáil le hoibrithe a chosaint ar rioscaí a bhaineann le bheith faoi lé carcanaiginí nó só-ghiniginí ar an láthair oibre
- Tuarascáil ar dhul chun cinn i ndáil leis an Treoir maidir le cóir chomhionann
- Tuarascáil ar dhul chun maidir le hoibrithe a phostú
Thug an Chomhairle dá haire freisin comhaontú earnála na gcomhpháirtithe sóisialta ar leibhéal an Aontais i ndáil le Coinbhinsiún na hEagraíochta Idirnáisiúnta Saothair maidir le hobair san iascaireacht.
Chuir an Coimisiún pacáiste na scileanna nuafaoi bhráid na Comhairle.
Ghlac an Chomhairle conclúidí maidir leis an idirphlé sóisialta agus maidir leis an gcomhrac i gcoinne na bochtaineachta agus maidir leis an eisiamh sóisialta.
An tSláinte
Feistí leighis
Ba mhór ag an gComhairle an comhaontú polaitíochta ar thángthas air le Parlaimint na hEorpa maidir le rialacha nua an Aontais le haghaidh feistí leighis agus feistí leighis diagnóiseacha in vitro. Ghabh na hAirí buíochas leis an Uachtaránacht as a cuid iarrachtaí agus dúirt siad go bhfuil siad ag tnúth le glacadh an dá rialachán nua, rud atá beartaithe do dheireadh na bliana. “Tána rialacha nua de chuid an Aontais tábhachtach d’othair agus do chuideachtaí: cuidíonn siad lena áirithiú go bhfuil feistí leighis sábháilte agus go gcuireann siad ar chumas na n-othar leas a bhaint as réitigh nuálacha do chúram sláinte in am trátha. Lena chois sin, cuireann siad leis an bhfás a chur chun cinn agus le poist a chruthú san Aontas tríd an gcreat ceart dlíthiúil a thabhairt do mhonaróirí na feistí atá de dhíth ar othair a tháirgeadh", a dúirt Aire Sláinte na hÍsiltíre agus Uachtarán na Comhairle Edith Schippers.
Frithsheasmhacht in aghaidh ábhair fhrithmhiocróbacha
Ghlac an Chomhairle conclúidí lena n-iarrtar ar na Ballstáit agus ar an gCoimisiún dlús a chur lena gcuid iarrachtaí i gcoinne frithsheasmhacht in aghaidh ábhair fhrithmhiocróbacha.
Le tríocha bliain anuas, níor forbraíodh aon phríomh-chineálacha nua antaibheathach. Ní bhaineann frithsheasmhacht in aghaidh antaibheathach leis an todhchaí amháin óir is ann anois di ar fud an domhain” a dúirt Aire Sláinte na hÍsiltíre Edith Schippers
Is cúis le 700 000 bás gach bliain ar fud an domhain agus 25 000 bás san Eoraip í an fhrithsheasmhacht in aghaidh ábhair fhrithmhiocróbacha toisc go gcoisceann sí cóireáil éifeachtach a dhéanamh ar ionfhabhtuithe. D’iarr an Chomhairle ar na Ballstáit pleananna gníomhaíochta náisiúnta a chur i dtoll a chéile roimh lár na bliana 2017. Ba cheart a áireamh sna pleananna sin spriocanna intomhaiste i dtaca le hionfhabhtuithe i ndaoine agus in ainmhithe a laghdú, chomh maith le húsáid ábhar frithmhiocróbach a laghdú in earnáil shláinte an duine agus san earnáil tréidliachta araon. D’iarr an Chomhairle freisin go mbeidh ann do phlean nua gníomhaíochta AE i dtaca le frithsheasmhacht in aghaidh ábhair fhrithmhiocróbacha agus é bunaithe ar chur chuige an aon sláinte amháin ina gcuimsítear na réimsí uile ábhartha , eadhon, cógas tréidliachta agus cógas le haghaidh an duine, earnáil an chomhshaoil agus earnálacha eile. Ba cheart go mbeadh an plean gníomhaíochta sin ina chabhair ó thaobh céimeanna breise a ghlacadh chun cosc a chur ar ionfhabhtuithe agus leis an gcéad chéim eile a leagan amach maidir le forbairt antaibheathach nua. “Le tríocha bliain anuas, níor forbraíodh aon phríomh-chineálacha nua antaibheathach”, a dúirt Edith Schippers, agus dúirt sí chomh maith: “Ní bhaineann frithsheasmhacht in aghaidh antaibheathach leis an todhchaí amháin óir is ann anois di ar fud an domhain.”
An córas cógaisíochta
Ghlac an Chomhairle conclúidí lena n-iarrtar bearta chun a áirithiú go mbeidh rochtain ag othair ar chógais riachtanacha ar phraghsanna inacmhainne. Mar gheall ar chlistí sa mhargadh in earnáil na cógaisaíochta, is baolach nach mbeidh rochtain i gcónaí ag othair ar chógais thábhachtacha toisc praghsanna fíor-arda, toisc aistarraingt cógas iarphaitinne agus toisc nach gcuirtear gach táirge nua ar na margaí náisiúnta uile i gcónaí. D’iarr an Chomhairle ar na Ballstáit a machnamh a dhéanamh ar chomhoibriú go deonach le go dtabharfar aghaidh ar an bhfadhb sin. Iarradh ar an gCoimisiún mionanailís a dhéanamh ar reachtaíocht reatha an Aontais i dtaca le cógaisíocht, ar na dreasachtaí a bhaineann léi agus ar an éifeacht a bhíonn acu ar infhaighteacht, inrochtaineacht agus nuálaíocht. “Is gá cúram leighis a bheith inacmhainne san fhadtéarma. Ba cheart, dá bhrí sin, go mbeadh cothromaíocht idir na praghsanna a íocann muid as cógais agus na costais forbartha agus táirgthe ar láimh amháin, agus an luach don tsochaí ar an láimh eile", a dúirt Edith Schippers.
Bia a fheabhsú
Ghlac an Chomhairle conclúidí lena ndírítear ar chabhrú le tomhaltóirí bia sláintiúil a roghnú go héasca. D’iarr na hAirí go mbeadh leibhéil níos ísle salainn, saillte sáithithe, siúcraí breise agus fuinnimh sa bhia agus go mbeadh teacht ar sciartha beaga bia. Iarradh ar na Ballstáit pleananna gníomhaíochta náisiúnta a ullmhú i dtaca le táirgí bia a fheabhsú d’fhonn an rogha shláintiúil a dhéanamh níos éasca do thomhaltóirí faoi 2020. Iarradh ar an gCoimisiún measúnú a dhéanamh ar na tagarmharcanna atá ann cheana i dtaca le leibhéil níos ísle salainn agus saillte sáithithe a bhaint amach agus iarradh air tacú le forbairt tagarmharcanna féideartha nua dála mar a forbraíodh le déanaí don siúcra.
Beoshruthú, físeáin agus grianghraif
Comhaid na gcruinnithe
Doiciméid toraidh
- Toradh chruinniú na Comhairle
- Clár táscach oibre - an Chomhairle Fostaíochta, Beartais Shóisialta, Sláinte agus Gnóthaí Tomhaltóirí,16-17 Meitheamh 2016
- Liosta míreanna A, plé ar théacsanna reachtacha, an Chomhairle Fostaíochta, Beartais Shóisialta, Sláinte agus Gnóthaí Tomhaltóirí,16-17 Meitheamh 2016
- Liosta míreanna A, gníomhaíochtaí neamhreachtacha, an Chomhairle Fostaíochta, Beartais Shóisialta, Sláinte agus Gnóthaí Tomhaltóirí,16-17 Meitheamh 2016
- Clár oibre sealadach, an Chomhairle Fostaíochta, Beartais Shóisialta, Sláinte agus Gnóthaí Tomhaltóirí, 16-17 Meitheamh 2016
- Cúlra faisnéise
- Liosta na rannpháirtithe
Preaseisiúintí
- Conclúidí ón gComhairle maidir leis an gcothromaíocht a fheabhsú sna córais chógaisíochta san Aontas agus ina chuid Ballstát
- 17/06/2016
- Conclúidí ón gComhairle maidir leis na chéad chéimeanna eile faoi chur chuige na ‘Sláinte Aonair’ chun an fhrithsheasmhacht in aghaidh ábhair fhrithmhiocróbacha a chomhrac
- 17/06/2016
- Conclúidí ón gComhairle maidir le feabhsú táirgí bia
- 17/06/2016
- Conclúidí ón gComhairle maidir le comhionannas leispiach, aerach, déghnéasach, trasinscneach agus idirghnéasach (LGBTI)
- 16/06/2016
- Conclúidí ón gComhairle maidir leis an gcomhionannas inscne
- 16/06/2016
- Inland waterway vessels: Council adopts directive on uniform technical requirements
- 16/06/2016
Faisnéis phreasa
Teagmhálaithe preasa
-
Emma O'Driscoll Press officer
- +32 475 88 48 33
- +32 2 281 48 10
Murab iriseoir thú, seol d'iarratas chuig an tseirbhís um fhaisnéis don phobal le do thoil.
Creidiúnú agus preasócáidí
Chun eolas ginearálta a fháil faoi chreidiúnú, téigh chuig an leathanach seo le do thoil.
Is iad údaráis rialtais na tíre óstaí a láimhseálfaidh creidiúnú na meán le haghaidh cruinnithe mullaigh idirnáisiúnta a reáchtáiltear lasmuigh den Aontas Eorpach.
Eolas ar thorthaí na hoibre sin le teacht
- Cláraigh chun ár bhfoláirimh ríomhphoist a fháil chun an t-eolas is déanaí a fháil faoin gcruinniú seo agus faoi chruinnithe comhchosúla.
- Lean@EUCouncilPress chun an scéala is déanaí a fháil ón seomra preasa.
- Haischlib X: #EPSCO
Cruinnithe eile: An Chomhairle Fostaíochta, Beartais Shóisialta, Sláinte agus Gnóthaí Tomhaltóirí
Cruinnithe roimhe seo
Cruinnithe a bheidh ann amach anseo
An t-athbhreithniú deireanach: an 8 Eanáir 2025