"Bainimid úsáid as fianáin lena chinntiú go bhfeabhsaítear d’eispéireas brabhsála. Tá gá le fianáin riachtanacha chun tacú le gnéithe bunriachtanacha de shuíomh gréasáin na Comhairle. Cuidíonn na fianáin roghnacha linn tuarascálacha staidrimh anaithnide, comhiomlánaithe a tháirgeadh chun freastal níos fearr ar do chuid riachtanas.
An Chomhairle Fostaíochta, Beartais Shóisialta, Sláinte agus Gnóthaí Tomhaltóirí
An Chomhairle Fostaíochta, Beartais Shóisialta, Sláinte agus Gnóthaí Tomhaltóirí, 6-7 Nollaig 2021
Na príomhthorthaí
Fostaíocht agus gnóthaí sóisialta (Dé Luain, an 6 Nollaig)
Tháinig an Chomhairle ar chur chuige ginearálta i leith dréachtdlí de chuid an Aontais maidir le pá íosta agus i leith treoir atá beartaithe maidir le trédhearcacht pá. Ghlac sí conclúidí chomh maith maidir le hobair inbhuanaithe ó thús go deireadh saoil agus maidir le tionchar na hintleachta saorga ar an gcomhionannas inscne i margadh an tsaothair.
Pá íosta
Chomhaontaigh an Chomhairle a seasamh maidir le togra ón gCoimisiún le haghaidh dlí de chuid an Aontais maidir le pá íosta leordhóthanach san Aontas. Ar mhaithe le dálaí oibre agus maireachtála daoine a fheabhsú, bunaítear leis an dréachtdlí seo creat chun leibhéil leordhóthanacha pá íosta reachtúil a chur chun cinn, cómhargáil maidir le socrú pá a chur chun cinn agus feabhas a chur ar rochtain éifeachtach ar chosaint pá íosta na n-oibrithe sin atá i dteideal pá íosta.
Ós rud é gur gnách go mbíonn sciar níos lú d'oibrithe ar phá íseal agus pá íosta níos airde ag tíortha ag a bhfuil cumhdach ard cómhargála ná tíortha ag a bhfuil cumhdach íseal cómhargála, chomhaontaigh na hairí gur cheart do thíortha cumas na gcomhpháirtithe sóisialta dul i mbun cómhargála a neartú.
Leis an gcur chuige ginearálta seo, mar a thugtar air, ar thángthas air, tugtar sainordú d'uachtaránacht na Comhairle don chaibidlíocht le Parlaimint na hEorpa (a chomhaontaigh a seasamh ag deireadh mhí na Samhna).
Ba cheart pá leordhóthanach a bheith ag gabháil leis an obair. Ní féidir linn glacadh leis go bhfuil daoine ann a thugann a gcuid fuinnimh ar fad don obair ach atá fós ag maireachtáil faoi bhochtaineacht agus gan é a bheith d'acmhainn acu caighdeán cuibhiúil maireachtála a bhaint amach. Céim mhór chun tosaigh a bheidh sa dlí seo chun an sprioc sin a bhaint amach.
Janez Cigler Kralj, Aire Saothair, Teaghlaigh, Gnóthaí Sóisialta agus Comhdheiseanna na Slóivéine
Chomhaontaigh an Chomhairle a seasamh i ndáil le dréachtdlí maidir le trédhearcacht pá a chuideoidh chun an bhearna phá idir na hinscní a dhúnadh. Is é is aidhm don dlí atá beartaithe cumhacht a thabhairt d'oibrithe a gceart chun pá comhionann ar obair chomhionann nó obair ar comhionann a luach idir fir agus mná a fhorfheidhmiú trí shraith beart ceangailteach maidir le trédhearcacht pá. I measc na mbeart chun trédhearcacht pá a fheabhsú tá na nithe seo a leanas:
ní mór d'fhostóirí an leibhéal nó an raon pá tosaigh a íocfar leis an oibrí amach anseo a chur in iúl
ní mór d'fhostóirí rochtain a thabhairt dá bhfostaithe ar na critéir – ar critéir oibiachtúla iad atá neodrach i dtaobh inscne – a úsáidtear chun a bpá agus a ndul chun cinn gairme a shainiú
Tá sé de cheart ag oibrithe agus a n-ionadaithe eolas a fháil faoina leibhéal pá aonair agus faoi mheánleibhéil phá na n-oibrithe a dhéanann an obair chéanna nó obair ar comhionann a luach, arna mhiondealú de réir inscne
A luaithe a bheidh a seasamh críochnaitheach glactha ag Parlaimint na hEorpa, déanfaidh an Chomhairle agus an Pharlaimint téacs comhchoiteann a chaibidil.
Níl údar ar bith ann go dtuilleann mná i bhfad níos lú ná a gcomhghleacaithe fir i gcónaí. Leis an gcomhaontú ar thángthas air sa Chomhairle, tá céim mhór á tabhairt ag an Aontas chun dul i ngleic le hidirdhealú pá agus chun an bhearna phá idir na hinscní a dhúnadh.
Janez Cigler Kralj, Aire Saothair, Teaghlaigh, Gnóthaí Sóisialta agus Comhdheiseanna na Slóivéine
Tá laghdú ag teacht ar dhaonra na hEorpa atá in aois oibre agus cruthaítear leis seo baol go mbeidh ganntanas lucht saothair ann agus go mbeidh dúshláin roimh na córais cosanta sóisialta atá againn. Dá bhrí sin, ní mór dúinn ár gcuid oibre a dhéanamh níos inbhuanaithe, trí dhálaí maireachtála agus oibre a ligeann do dhaoine dul i mbun oibre agus fanacht i mbun oibre ar feadh saol fada oibre. Is féidir é seo a bhaint amach trí infheistíocht a dhéanamh i bpoist ardcháilíochta, dálaí oibre cothroma, sábháilteacht agus sláinte ceirde, agus uas-sciliú agus athsciliú. D'fhormheas na hairí conclúidí maidir le hobair inbhuanaithe ó thús go deireadh saoil. Iarrann siad ar na Ballstáit - i measc nithe eile - Creat Straitéiseach nua an Aontais Eorpaigh maidir le Sláinte agus Sábháilteacht ag an Obair 2021-2027 a chur san áireamh agus beartais a neartú chun tacú le daoine dul agus athdhul isteach i margadh an tsaothair go tapa.
Tá gníomh de dhíth orainn chun cur i gcoinne na treochta go mbeidh ganntanas i margadh an tsaothair agus daoine ag éirí níos sine. Sin é an fáth gur gá dúinn iarracht a dhéanamh an obair a dhéanamh níos inbhuanaithe. Chabhródh sé seo le daoine a choinneáil i margadh an tsaothair, feidhmiú eacnamaíoch a mhéadú agus borradh a chur faoin gcuimsiú sóisialta.
Janez Cigler Kralj, Aire Saothair, Teaghlaigh, Gnóthaí Sóisialta agus Comhdheiseanna na Slóivéine
Tá tairbhe eacnamaíoch ag baint le hinfheistíocht a dhéanamh sa tsábháilteacht agus sláinte ceirde mar gurb í an tsochaí a íocann na costais as gortuithe agus galair a bhaineann leis an obair, costais ar fiú níos mó ná 3.3% de OTI.
Tionchar na hintleachta saorga ar an gcomhionannas inscne i margadh an tsaothair
D'fhéadfadh tionchar éagsúil a bheith ag an intleacht shaorga ar mhná le hais na bhfear. Mar shampla, is féidir leis an intleacht shaorga a bheith ina cúis le laofacht inscne agus buanú steiréitíopaí. Sin é an fáth go bhfuil sé tábhachtach dearcadh inscne a ghlacadh maidir lena hiarmhairtí do mhargadh an tsaothair. Sna conclúidí uaithi maidir le tionchar na hintleachta saorga ar chomhionannas inscne i margadh an tsaothair, iarrann an Chomhairle ar na Ballstáit na nithe seo a leanas (i measc nithe eile) a dhéanamh:
céimeanna nithiúla a thabhairt chun feabhas a chur ar fheasacht maidir le saincheisteanna comhionannais inscne sa taighde ar an intleacht shaorga agus i ngach earnáil ina ndéantar an intleacht shaorga a cheapadh, a fhorbairt agus a úsáid
a chinntiú, i gcás ina n-úsáidtear an intleacht shaorga chun acmhainní daonna a bhainistiú, go gcuirtear trédhearcacht agus comhionannas inscne chun cinn léi, go háirithe maidir le pá, oiliúint, rochtain ar ardú céime agus dul chun cinn gairme
trédhearcacht algartamach a chinntiú agus aghaidh a thabhairt ar fhadhb na sonraí ionchuir atá claonta go stairiúil in úsáid na hintleachta saorga
An chóir chomhionann, an Seimeastar Eorpach agus i dTreo Eoraip an Chomhionannais
Chuir an uachtaránacht tuarascáil ar dhul chun cinn faoi bhráid na Comhairle maidir le dréacht-treoir i ndáil le cóir chomhionann, togra ó 2008 chun an chosaint ar idirdhealú ar fhorais reiligiúin nó chreidimh, mhíchumais, aoise nó ghnéaschlaonta a leathnú go réimsí lasmuigh den fhostaíocht.
Bhí díospóireacht bheartais ag na hairí freisin maidir le Seimeastar Eorpach 2022, agus ina dhiaidh sin chuir an Coimisiún roinnt suirbhéanna, tuarascálacha agus moltaí i láthair a bhaineann leis an Seimeastar Eorpach bliantúil, go háirithe an tuarascáil faoin sásra foláirimh maidir leis an suirbhé bliantúil fáis do 2022, an dréacht-tuarascáil chomhpháirteach ar fhostaíocht agus na dréachtmholtaí maidir le beartas eacnamaíoch an limistéir euro.
D'fhormhuinigh na hairí freisin príomhtheachtaireachtaí an athbhreithnithe ón gCoiste Fostaíochta faoin Ráthaíocht don Aos Óg. Is gealltanas ó Bhallstáit uile an Aontais í an Ráthaíocht don Aos Óg chun a ráthú go bhfaighidh gach duine óg faoi bhun 30 bliain d'aois tairiscint ardchaighdeáin ar fhostaíocht, ar oideachas leanúnach, ar phrintíseacht nó ar thréimhse oiliúna.
Chuir cathaoirleach an Choiste um Chosaint Shóisialta na hairí ar an eolas ar deireadh maidir leis na pleananna náisiúnta faoin moladh ón gComhairle maidir le rochtain ar chosaint shóisialta d'oibrithe agus do dhaoine féinfhostaithe. Is comhlachtaí ullmhúcháin iad an Coiste Fostaíochta agus an Coiste um Chosaint Shóisialta don Chomhairle um fhostaíocht agus um beartas sóisialta.
Ghlac an Chomhairle rialachán cur chun feidhme lena gcuirtear chun feidhme Rialachán (AE) Uimh. 208/2014 a bhaineann le bearta sriantacha atá dírithe ar dhaoine, eintitis agus comhlachtaí áirithe i bhfianaise na staide san Úcráin, agus ar an gcaoi sin, déantar duine amháin a dhíliostú.
Chuir an uachtaránacht faisnéis ar fáil freisin maidir le staid na himeartha i ndáil le roinnt tograí reachtacha: rialachán maidir le comhordú na gcóras slándála sóisialta, treoir maidir le carcanaiginí agus só-ghineacha ag an obair agus treoir maidir le cothromaíocht inscne ar bhoird chuideachtaí.
Chuir an Coimisiún Eorpach na toscaireachtaí ar an eolas freisin maidir lena thionscnamh ALMA, scéim soghluaisteachta trasteorann don aos óg do dhaoine óga faoi mhíbhuntáiste idir 18 agus 30 bliain d'aois nach bhfuil i mbun fostaíochta, oideachais ná oiliúna, agus thug sé an t-eolas is deireanaí maidir leis an nGrúpa Ardleibhéil maidir le todhchaí na cosanta sóisialta agus an stáit leasa.
Áiríodh le pointí breise ‘gnó eile’ faisnéis ó thoscaireacht na Slóivéine maidir lena comhdhálacha uachtaránachta chomh maith le faisnéis ó thoscaireacht na Fraince maidir le clár oibre na huachtaránachta inteachta.
An tSláinte (Dé Máirt, an 7 Nollaig)
Bhí malartú tuairimí ag na hairí maidir leis na freagairtí atá á dtabhairt faoi láthair agus a thabharfar amach anseo ar phaindéim COVID-19 agus d'fhormheas siad conclúidí maidir leis an Aontas Sláinte Eorpach a neartú.
COVID-19
I bhfianaise na staide eipidéimeolaíche san Aontas arb údar imní nó údar mór imní í agus bhrath an athraithigh Omicron, bhí malartú tuairimí ag na hairí i ndáil leis an staid reatha maidir le COVID-19. Go háirithe, thug siad aghaidh ar bhearta chun srian a chur le leathadh an athraithigh Omicron, chun am breise a cheadú chun tuilleadh eolais a fháil, an gá le cur chuige coiteann maidir le bailíocht deimhnithe vacsaínithe COVID-19 i bhfianaise teanndáileoga a thabhairt, leathadh amach na dteanndáileog, vacsaíní do dhaoine fásta agus do leanaí agus soláthar teiripeacha COVID-19.
Chuir na hairí in iúl a thábhachtaí atá sé leanúint den chomhar agus de thuairimí a roinnt maidir le COVID-19 a chomhrac agus leanúint den phlé maidir le vacsaíniú i gcoitinne, teanndáileoga agus leanaí a vacsaíniú. Chuir a lán daoine béim ar a thábhachtaí atá sé an drogall roimh an vacsaíniú a chomhrac ós rud é gurb é an vacsaíniú an bealach is fearr le saoránaigh an Aontais a chosaint.
Chuir roinnt tíortha béim freisin ar an ngá atá le dlús a chur leis an tástáil agus an seicheamhú, go háirithe i bhfianaise Omicron agus athraithigh nua a d'fhéadfadh a bheith ann. Ba dhíol sásaimh do go leor Ballstát an soláthar comhpháirteach teiripeach ar leibhéal an Aontais.
Leis an mborradh in ionfhabhtuithe, ospidéil a bhfuil an iomarca brú orthu agus anois athraitheach nua a bheith braite a d'fhéadfadh a bheith níos tógálaí, tá gá le gníomhaíocht dhiongbháilte agus chomhordaithe.. Le vacsaíní leanúnacha, teanndáileoga, infhaighteacht teiripeach agus comhordú an deimhnithe vacsaínithe, tiocfaimid slán as an tráth deacair seo den phaindéim.
Janez Poklukar, Aire Sláinte na Slóivéine
Níl an acmhainn seo ar fáil faoi láthair ach amháin sa teanga (sna teangacha) seo a leanas:
Thug paindéim COVID-19 le fios a thábhachtaí atá sé go mbeidh an tAontas agus na Ballstáit ullamh d'éigeandálaí sláinte agus go ndéanfaidh siad comhordú níos fearr nuair a chaithfear aghaidh a thabhairt ar ghéarchéim trasteorann sláinte.
Sna conclúidí uaithi maidir leis an Aontas Sláinte Eorpach a neartú, a d'fhormheas na hairí, cuireann an Chomhairle béim ar an ngá atá le hinfheistíochtaí straitéiseacha i gcórais sláinte agus le comhoibriú níos fearr go hinmheánach agus le tíortha eile. Cé gur léirigh córais sláinte Eorpacha, faoi bhrú ollmhór phaindéim COVID-19, a gcumas nuáil, is mian leis an Aontas, mar sin féin, leas a bhaint as na ceachtanna a foghlaimíodh le linn na géarchéime agus dálaí níos fearr a chruthú chun freagairt ar dhúshláin amach anseo (amhail an fhrithsheasmhacht fhrithmhiocróbach atá ag dul i méid). Léirítear sna conclúidí ceithre phríomhréimse mar thosaíochtaí chun an tAontas Sláinte Eorpach a neartú: réitigh nuálacha do chórais sláinte athléimneacha, inrochtaineacht agus infhaighteacht i ndáil le táirgí íocshláinte agus feistí leighis, sláinte dhomhanda agus sárú na hailse.
Chuir an uachtaránacht na hairí ar an eolas freisin maidir leis an toradh rathúil a bhí ar an gcaibidlíocht maidir le dhá thogra reachtacha chun an tAontas Sláinte Eorpach seo a thógáil:
ról treisithe don Ghníomhaireacht Leigheasra Eorpach in ullmhacht agus bainistiú géarchéimeanna do tháirgí íocshláinte agus d'fheistí leighis
sainordú nuashonraithe don ECDC ar mhaithe le hobair ECDC a neartú i réimsí an fhaireachais, an luathrabhaidh, na hullmhachta agus na freagartha
Fiú más amhlaidh go bhfuil staid thromchúiseach romhainn amach maidir le COVID-19, ní mór dúinn féachaint chun cinn. Is mithid dúinn ullmhú don am atá le teacht agus a chinntiú go mbeimid ullmhaithe ar bhealach níos fearr. I ndáil leis sin, bainfidh ríthábhacht leis an méid atá bainte amach againn le déanaí chun dlús a chur le hacmhainneacht na Gníomhaireachta Leigheasra Eorpaí agus an Lárionaid Eorpaigh um Ghalair a Chosc agus a Rialú.
Janez Poklukar, Aire Sláinte na Slóivéine
An 16 Meán Fómhair 2021, sheol an Coimisiún Eorpach an tÚdarás Eorpach um Ullmhacht agus Freagairt i dtaca le hÉigeandáil Sláinte (HERA). Meastar go gcinnteoidh HERA go bhforbrófar, go dtáirgfear agus go ndáilfear cógais, vacsaíní agus frithbhearta leighis eile (e.g. lámhainní agus maisc). Tá HERA á chomhlánú ag rialachán atá beartaithe ón gComhairle maidir leis an gcreat éigeandála i ndáil le frithbhearta leighis. Cuirfidh sé, i measc nithe eile, creat ar bun chun a chinntiú go mbeidh fáil ar fhrithbhearta leighis a bhfuil baint acu le géarchéim i gcás éigeandáil sláinte poiblí, faireachán ar an slabhra soláthair agus maoiniú éigeandála.
In oirchill na Comhairle Fostaíochta, Beartais Shóisialta, Sláinte agus Gnóthaí Tomhaltóirí, bhí go leor cruinnithe ag an uachtaránacht maidir leis an dréachtdlí ar an leibhéal teicniúil agus chuir sí roinnt tograí comhréitigh i láthair. Sa mhalartú tuairimí a bhí acu, thagair go leor airí don fhoghlaim ón bpaindéim leanúnach agus don ghá le freagairt go tapa agus le chéile chun saoránaigh an Aontais a chosaint. Moladh soláthar comhpháirteach vacsaíní COVID-19 mar scéal rathúil sa chomhthéacs seo.
D'fhonn an plé a thabhairt i gcrích maidir leis an rialachán atá beartaithe ón gComhairle, chuir na toscaireachtaí béim ar an méid a leanas:
an gá atá le cumais freagartha chomhpháirteacha ar leibhéal an Aontais chun a chinntiú go mbeidh frithbhearta leighis leordhóthanacha, sábháilte, éifeachtacha agus inacmhainne ar fáil chomh tapa agus is féidir le linn géarchéim sláinte poiblí
ní féidir an tábhacht a bhaineann le comhar le húdaráis lasmuigh den Aontas mar fhreagairt rathúil ar bhagairtí sláinte a theorannú do ghníomhaíocht an Aontais
ról neamhspleáchas an Aontais i soláthar frithbhearta leighis agus rannpháirtíocht saoráidí táirgthe, eolais agus acmhainní as gach cearn den Aontas
ról iomchuí do na Ballstáit i rialachas HERA agus go bhfuil sé ábhartha go mbeadh struchtúir inoibrithe ann
Níl an acmhainn seo ar fáil faoi láthair ach amháin sa teanga (sna teangacha) seo a leanas:
Chomh maith leis an nuashonrú a rinneadh ar an gcaibidlíocht maidir le tabhairt i gcrích shainorduithe sínte EMA agus ECDC, chuir an uachtaránacht na hairí ar an eolas faoi staid na himeartha maidir le rialachán i ndáil le bagairtí tromchúiseacha trasteorann ar an tsláinte agus ar fheistí leighis diagnóiseacha in vitro.
Chuir an Coimisiún na hairí ar an eolas freisin faoi thuarascáil ar chur chun feidhme rialacháin a bhaineann le táirgí bithicídeacha agus straitéis chógaisíochta don Eoraip. Chuir an uachtaránacht agus an Coimisiún na toscairí ar an eolas faoi Phlean Sáraithe Ailse na hEorpa, seisiún speisialta an Chomhthionóil Dhomhanda Sláinte maidir le hullmhacht agus freagairt i ndáil le paindéimí agus Creat-Choinbhinsiún EDS maidir le Rialú Tobac - an naoú seisiún de Chomhdháil na bPáirtithe.
Chuir toscaireacht na Fraince eolas ar fáil faoi chlár oibre na huachtaránachta inteachta.
Níl an acmhainn seo ar fáil faoi láthair ach amháin sa teanga (sna teangacha) seo a leanas:
Is iad údaráis rialtais na tíre óstaí a láimhseálfaidh creidiúnú na meán le haghaidh cruinnithe mullaigh idirnáisiúnta a reáchtáiltear lasmuigh den Aontas Eorpach.