- An Grúpa Euro
An Grúpa Euro, 07/09/2018, 7 Meán Fómhair 2018
Na príomhthorthaí
Tionóladh cruinniú an Ghrúpa Euro in dhá fhormáid: gnáthchruinniú d'airí an limistéir euro agus cruinniú na n-airí as 27 mBallstát de chuid an Aontais chun plé a dhéanamh ar shaincheisteanna a bhaineann le neartú an Aontais Eacnamaíoch agus Airgeadaíochta.
9:00 – Cruinniú an Ghrúpa Euro sa ghnáthfhormáid
Malartú tuairimí le Cathaoirleach Choiste na Parlaiminte Eorpaigh um Ghnóthaí Eacnamaíochta agus Airgeadaíochta
Rinne an Grúpa Euro tuairimí a mhalartú le Roberto Gualtieri, Cathaoirleach Choiste na Parlaiminte Eorpaigh um Ghnóthaí Eacnamaíochta agus Airgeadaíochta (Coiste ECON) maidir le hionchas eacnamaíoch an limistéir euro agus na dúshláin atá roimh an limistéar sin.
Is minic Uachtarán an Ghrúpa Euro i láthair ag Coiste ECON agus idirphlé eacnamaíoch ar siúl maidir le tosaíochtaí oibre agus beartais an Ghrúpa Euro. Ar thionscnamh an Uachtaráin Centeno, tugadh cuireadh do Chathaoirleach an Choiste um Ghnóthaí Eacnamaíochta agus Airgeadaíochta (Coiste ECON), ar coiste de chuid Pharlaimint na hEorpa é, tuairimí a mhalartú go sonrach d'fhonn an idirphlé idir Parlaimint na hEorpa agus an Grúpa Euro a neartú a thuilleadh.
Plé téamach ar éifeachtacht leithdháilte i margadh an tsaothair agus i margadh na dtáirgí
Phléigh an Grúpa Euro éifeachtacht leithdháilte i margadh an tsaothair agus i margadh na dtáirgí ar bhonn anailíse ón gCoimisiún. Cuirfear feabhas ar theacht aniar eacnamaíoch tíre más féidir léi acmhainní a leithdháileadh go héifeachtach i margaí an tsaothair agus na dtáirgí, agus dá bhrí sin is ábhartha an plé sin don limistéar Euro.
Ina theannta sin, thug na hairí éisteacht do chur i láthair ó Christopher Antoniou Pissarides, ollamh le heacnamaíocht i Scoil Eacnamaíochta Londan agus buaiteoir dhuais Nobel. Thug an tOllamh Pissarides caint uaidh ar thionchar na hintleachta saorga agus an uathoibrithe ar mhargadh an tsaothair.
- Éifeachtacht leithdháilte sa limistéar euro – Nóta ón gCoimisiún
- Dúshláin i margadh an tsaothair san Aontas Eorpach – cur i láthair ó Christopher Antoniou Pissarides
An Phortaingéil: An 8ú misean faireachais iarchláir
Cuireadh an Grúpa Euro ar an eolas faoi na príomhthorthaí a tháinig chun cinn tar éis an 8ú misean faireachais iarchláir go dtí an Phortaingéil, a bhí ar siúl ón 5 Meitheamh go dtí an 12 Meitheamh 2018.
Is é príomhchuspóir an fhaireachais iarchláir a mheas an féidir le tír iasachtaí arna ndeonú faoin gclár roimhe sin a aisíoc. Tiocfaidh críoch leis nuair a aisíocfar ar a laghad 75 % de na hiasachtaí.
- Ráiteas ón gCoimisiún Eorpach agus ón mBanc Ceannais Eorpach ar thabhairt i gcrích an 8ú misean faireachais iarchláir chuig an bPortaingéil
- Cúnamh airgeadais don Phortaingéil: Faireachas iarchláir (an Coimisiún Eorpach)
10.30 - Cruinniú de 27 mBallstát
AEA a dhoimhniú - obair leantach ar an gCruinniú Mullaigh Euro, lena n-áirítear saincheisteanna a bhaineann leis an gcúlstop coiteann fioscach
Phléigh na hairí an obair leantach ar Chruinniú Mullaigh Euro an Mheithimh 2018, nuair a comhaontaíodh go ndéanfadh an Grúpa Euro tuilleadh plé faoi gach mír a luadh sa litir ón Uachtarán Centeno an 25 Meitheamh maidir le neartú AEA. Chomhaontaigh an Grúpa Euro go mbreathnófaí níos géire ar na hábhair seo ar bhealach córasach ag ceann de na cruinnithe a bheidh aige amach anseo mar ullmhúchán do Chruinniú Mullaigh Euro mhí na Nollag.
Ag an gcruinniú sin, phléigh an Grúpa Euro go sonrach saincheisteanna a bhain leis an gcúlstop coiteann fioscach don chiste réitigh aonair (SRF). Comhaontaíodh, ag Cruinniú Mullaigh Euro mhí an Mheithimh 2018, go gcuirfeadh SCE an cúlstop coiteann fioscach ar fáil don chiste réitigh aonair agus go n-ullmhódh an Grúpa Euro na téarmaí tagartha maidir leis seo faoi mhí na Nollag 2018.
Comhaid na gcruinnithe
Doiciméid ullmhúcháin
Preaseisiúintí
Faisnéis phreasa
Teagmhálaithe preasa
-
Johannes Kleis Spokesperson for Eurogroup President
- +32 478 83 26 64
- +32 2 281 75 32
Murab iriseoir thú, seol d'iarratas chuig an tseirbhís um fhaisnéis don phobal le do thoil.
Creidiúnú agus preasócáidí
Chun eolas ginearálta a fháil faoi chreidiúnú, téigh chuig an leathanach seo le do thoil.
Is iad údaráis rialtais na tíre óstaí a láimhseálfaidh creidiúnú na meán le haghaidh cruinnithe mullaigh idirnáisiúnta a reáchtáiltear lasmuigh den Aontas Eorpach.
Eolas ar thorthaí na hoibre sin le teacht
- Cláraigh chun ár bhfoláirimh ríomhphoist a fháil chun an t-eolas is déanaí a fháil faoin gcruinniú seo agus faoi chruinnithe comhchosúla.
- Lean@EUCouncilPress chun an scéala is déanaí a fháil ón seomra preasa.
- Haischlib X: #EUROGROUP
Cruinnithe eile: An Grúpa Euro
Cruinnithe roimhe seo
Cruinnithe a bheidh ann amach anseo
An t-athbhreithniú deireanach: an 13 Eanáir 2025